Filí Bhaile na mBroghach

le Peadar Mac an Iomaire

Aiste é seo a foilsíodh in Biseach 2008

‘Fágtar ag an bhFilí é,’ nó ‘sin é an chaoi ar chuir an Filí é,’ a chloisfeá go minic ó mhuintir na háite seo againne agus iad i ngeoin chomhrá le chéile ag geata an tséipéil, ag crosbhóthar, ar foscadh ar an bportach ón mbáisteach, ag líonadh leoraí móna, nó ag déanamh uaighe i reilig anFilí Bhaile na mBroghach Chnoic. Taispeánann an méid sin an meas atá ar Sheosamh Ó Donnchadha (Joe Shéamais Sheáin) mar fhile, agus an mhuinín atá ag a phobal féin as lena gcuid smaointe a chur i bhfocail. Ba mhór an chomaoin ar bhainis nó ar chéilí tí an Filí a bheith i láthair le cúpla ceann dá chuid dánta a rá.

Nuair a tháinig téipthaifeadáin sa saol, tosaíodh ag taifeadadh teachtaireachtaí, amhrán, ceoil, agus eile, le cur go Meiriceá. Bhíodh práinn faoi leith as téip a mbíodh glór an Fhílí ag rá a dhánta féin le cloisteáil uirthi. Is é an t-údar atá leis sin go bhfuil úsáid shóisialta i bhfilíocht Ioe Shéamais Sheáin do phobal Chois Fharraige. Is don phobal sin a cumadh í, agus tá an pobal mar phátrún ag an bhFilí le haitheantas a thabhairt dó as a bhfuil cumtha aige agus lena ghríosadh le tuilleaclh dánta a dhéanamh.

I mBaile na mBroghach, i gCois Fharraige, Contae na Gaillimhe, a rugadh an Filí sa mbliain 1908. B’as an mbaile sin a athair, Séamas Sheáin, agus b’as an mbaile ó dheas de, Baile na hAbhann, a mháthair, Nóra Ní Chualáin. Tá Baile na mBroghach ar an teorainn idir an sliabh agus na garranta agus is minic le muintir an bhaile sin, a bheith cleachtach ar shaol an chladaigh agus ar shaol an tsléibhe in éineacht. Bhí an saol crua go maith an t-am a raibh an Filí ag éirí suas, cé go raibh cáil ar mhuintir Bhaile na mBroghach a bheith níos cleisiúla ná muintir bhailte eile de bharr fairsinge sléibhe a bheith acu le stoc a thógáil air. Dhá mhíle bealaígh a bhí ar an bhFilí siúl chuig an scoil.

Deir sé féin nach é go leor Gaeilge a bhí á múineadh sa scoil an uair sin agus gur trí Bhéarla a dhéantaí an mhúinteoireacht ach go gcaithfeadh an máistir roinnt Gaeilge a úsáid le go dtuigfí é. Ní mórán foinn a bhíodh ar ghasúir dul ar scoil agus ba mhinic leo píosaí fada den bhliain a chaitheamh ag maidhtseáil. Is cuimhneach leis an bhFilí carranna na nDúchrónach a fheiceáil ag dul thart agus an máistir ag rá leis na gasúir gan a bheith ag breathnú amach trí na fuinneoga orthu. B’in iad na chéad charranna a chonaic sé riamh. Capall a bhíodh ag tarraingt charr an phoist an uair sin agus bhí na bóithre an-dona. Sa scoil a d’fhoghlaim an Filí scríobh agus léamh Gaeilge agus Béarla. Ba phaiteanta ag scríobh agus ag léamh Gaeilge ná Béarla é. Nuair a d’fhág sé an scoil, deir sé féin nach raibh mórán cúise leis le Béarla, ach go raibh sé an-éasca aige leabhair Bhéarla a thuiscint. Ar na leabhair Ghaeilge a bhí ann an t-am sin bhí Stair na hÉireann le Mícheál Breathnach, agus caithfidh sé go raibh suim faoi leith ag an bhFilí sa mBreathnach de bharr go mba iarscoláire de chuid na scoile an Breathnach agus go raibh an-cháil air le foghlaim sa bparóiste agus ar fud shaol na Gaeilge faoin am sin. Ina theannta sin, bhí gaol ag an bhFilí leis. Gaeilge arnháin a bhí le cloisteáil ag an bhFilí sa mbaile. Chaitheadh na gasúir na tráthnónta ag cúnamh le sibiléaracht tímpeall an tí, nó ag obair sa ngarraí nó ar an bportach. Ón am a raibh an Filí ina stócach, théadh sé ar cuairt i dtithe an bhaile nó ag imirt cártaí i gcaitheamh an áirneáin. Tá sé ráite aige féin nár chuala sé aon scéal fiannaíochta á inseacht i dtithe cuarta, ach murar chuala is cinnte gur chuala sé faoi thamhnacha sléibhe, faoi fhir mhóra ar nós Scorach Ghlionnáin, faoi ghníomhartha gaisce a rinne na seandaoine, agus cár fhág mé scéalta faoi thaíbhsí, faoi shliabh gortach, faoi fhóidín mearaí, faoin dul amú, agus faoi phisreoga. Le scéal fada a dhéanamh gearr, ba iad na tithe cuarta, na tithe tórraimh, cruinnithe ag crosbhóithre agus ag geata an tséipéil, a mhúín béaloideas Chois Fharraige don Fhilí agus do na céadta leis. Bhí sé de cháil riamh ar mhuintir Bhaile na mBroghach a bheith an-tráthúil ag caint. Cé nach ndeachaigh an Filí le tráthúlacht ina chuid filíochta, chuidigh an tráthúlacht leis lena intinn a aibiú, agus leis an bhfocal ceart a chur san áit cheart.

Saol Crua

Bhí an saol go dona sa taobh seo tíre tar éis an chéad chogaidh mhóir agus bhí obair fíorghann. Bhí anró ag baint le hobair an chladaigh agus le hearrach, le fómhar, agus le móin, agus gan mórán dá bharr ina dhiaidh sin. Théadh spailpíní ar an Achréidh ag baint agus ag piocadh na bhfataí gach uile fhómhair. Thug an Filí aghaidh ar an Achréidh agus é timpeall scór bliain d’aois. Deir sé féin go raibh an Ghaeilge láidir ar Achréidh na Gaillimhe an uair sin. Thoir ansiúd a bhí sé oíche na Stoirme Móire i 1927; an oíche ar bádh naonúr ógfhear as an gCladach Dubh. Ba í an tubaíste ar an gCladach Dubh a thaispeáin don saol go raibh file i mBaile na mBroghach mar ba é an dán úd an chéad dán poiblí a rinne Joe Shéamais Sheáin agus gan é scór bliain d’aois. Chaith sé an chéad deich mbliana eile ag obair sa mbaile, ag fáil corr phíosa oibre ar na bóithre, agus ag dul ar an Achréidh corr fhómhar. Cé go raibh aird aige i gcónaí ar obair láimhe, bhí a sheacht n-oiread suime aige i leabhair. Bhíodh sé ag léamh leabhar ar stair, ar litríocht, agus ar an nádúr. Bhí sé de chaitheamh aimsire aige, freisin, a bheith ag iascach ar an abhainn agus ar na locha a bhí suas óna theach féin. Thug seo, agus na píosaí a chaith sé ag fiach sna garranta agus ar an sliabh, deis dó a bheith ag cuimhneamh ar féin agus ag ceapadh filíochta. Deich mbliana fichead a bhí an Filí nuair a chuaigh sé go Sasana i 1938. Bhí contúirt cogaidh ann agus tháiníg sé abhaile arís, ach nuair nach raibh an cogadh ag tosú, bhuail sé anonn arís i 1939, agus ní raibh sé i bhfad thall gur thosaigh an cogadh. Ba i Sasana a chaith sé na chéad trí bliana den chogadh. Théadh sé anonn agus anall idir sin agus deireadh na gcaogaidí, tráth ar fhan sé sa mbaile ar fad.

Cumadóirí

Is beag paróiste i gConamara nach bhfuil ar a laghad cúpla duine ann a chumann amhráin, dánta, nó agallaimh bheírte, agus aird na ndaoine tarraingthe orthu dá bharr. Chomh fada le mo bharúil, níor oibrigh ceachtar acu sin an oiread tionchair ar an bpobal agus a d’oibrigh Filí Bhaile na mBroghach. Is é mo bharúil go bhfuil an áit chéanna tugtha d’Fhilí Bhaile na mBroghach ag a chomharsana a d’éirigh suas lena linn agus a tugadh d’fhilí eile Gaeilge ó aimsir Chath Chionn Sáile. Tá daoine ann a chreideann go bhfuil fios ag an bhFilí de bharr cuid de na rudaí atá luaite aige ina chuid dánta. Ceapann tuilleadh go bhfuil cumhacht osnádúrtha éigin aige de bharr an chaoi a bhfuil sé in ann an chaínt atá sna dánta a chur i ndiaidh chéile. Duine ar bith dá leithéid, bheadh ómós dó agus tá ómós don Fhilí agus, freisin, cé go bhféachfaí ar Joe mar chomharsa an-mhaith – mar dhuine oibleagáideach – ach mar fhile, bhíodh an scéin chéanna roimhe agus a bhíodh roimh shagart nó roimh bhean feasa.

Deich gcinn fhichead de phíosaí filíochta atá sa gcnuasach seo. Tá beagán acu foilsithe cheana in Ar Aghaidh, in Leic an Teaghlaigh, in Tús an Phota, in Scéala Éireann, agus in Biseach. Cé gur cuireadh ar pháipéar aon cheann déag díobh, is iad na cinn nár foilsíodh go dtí seo na cinn is mó a fuair éisteacht ar bhainseacha, ag céilíocha, agus ag imeachtaí sóisialta eile. Cosúil le go leor d’fhilí na Gaeilge, níor scríobh Seosamh Ó Donnchadha aon cheann dá chuid dánta riamh. Deir sé féin nach feasach dó gur fhoghlaim mórán a chuid dánta, ach is minic a chloistear sleachta astu á n-aithris le haghaidh argóintí a chruthú nó a bhréagnú nó lena chumas mar fhile a léiriú.

Ceapaim féin gur chum an Filí trí cínn ar a laghad de na dánta atá sa gcnuasach seo mar gur cheap sé dualgas a bheith air sin a dhéanamh. Ba mhór a ghoill an bá sa gCladach Dubh ar phobal Chonamara i 1927. Ina

bhealach féin, caithfidh sé go raibh sé gach uile orlach chomh dona agus a bhí an mí-ádh a bhuail muintir Eanach Dhúin in 1828. Thóg an Filí ar féin smaointe an phobail a chur i véarsaí le nach ndéanfaí dearmad go héasca ar an mí-ádh seo. Nuair a thárla tubaiste eile dá leithéid sa gceantar céanna i 1978, iarradh ar an bhFilí an dán seo a rá arís ar Raidió na Gaeltachta. Dánta caointe an péire eile freisin a dtuigtear domsa gur dánta dualgais iad: an dán ar an Athair Mícheál Ô Gríofa a mharaigh na Dúchrónaigh i 1920, agus an dán ar Mhícheál Breathnach a fuair bás le heitinn sa mbliain 1908. Sa dá dhán seo léiríonn an Filí a thuiscint ar an nádúr agus ar an dúlra. Seo dhá véarsa as an dán ‘An tAthair Mícheál Ó Gríofa’:

Nach ins an ngleann fealltach seo a rinneadh an mí-ádh.

Is beidh caint ar an ngníomh sin in Éirinn go deo.

Is ann a maraíodh un sagart, an tAthair Mícheál Ó Gríofa,

Ar uair an mheáin oíche, naoi gcéad déag agus scór.

A Dhia is a Chríosta, nach ba fuar fliuch an oíche í,

Sinneán crua gaoithe ag ropadh roimhe ar an mbóthar,

Fuaim uaigneach na cíbe a chuirfeadh uamhain ar do chroí,

‘Gus néalta trom geimhridh os cionn Pholl na Cló.

 

Tá cur síos an-chruinn ar na Dúchrónaigh aige. Cuimhnigh go dtugadh sé féin faoi deara iad ag dul thart nuair a bhí sé ag dul ar scoil.

 

Mar scaipeas na faolchoin trí státaí na Báltach,

Nuair a ruaigeas an cál iad ag soláthar a lóin,

B’amhlaidh Dúchrónaigh in Éirinn an tráth sin,

Ag creachadh gach áras, ag loscadh is ag dó.

 

Tá cuid mhaith den stíl chéanna sa dán ‘An tAthair Mícheál Ó Gríofa’ agus atá sa dán ‘Mícheál Breathnach.’ Labhraíonn an Filí leis an marbhán sa dá chás agus creideamh aige sa gcéad saol eile. Deir sé faoin mBreathnach sa véarsa deiridh:

Is nuair nach bhfuil gair a’inn é a fheiceáil sa mbóithrín

Ag teacht don tráthnóna nó le éirí an lae,

Ó, cuirfimid beannacht le anam an leonlaoich,

Is go bhfeicfear arís é ar dheasláimh Mhic Dé.

Ba mhaith uaidh fuaimeanna an chladaigh agus na spéire a chur i bhfocail sa dán céanna.

Tá tonnta na mara ag bualadh is ag clascairt

I bhfoisceacht chúig acra de do leaba, a dhea-Ghaeil,

Ach céadfaraor chrua dheacrach, eisean nach n-airíonn

Fuaim torann na gcladaí ná tóirneach ón spéir …

Ní airíonn tú torann na srutháinte ag gluaiseacht

Le fána na gcnoc i do thír dhúchais féin;

Ní airíonn tú crónán na gaoithe ag séideadh;

Ní airíorm tú géimneach na mbó ar an bhféar.

 

Is marbhnaí na dánta seo a bhfuil cosúlachtaí acu leis na dánta a scríobhadh filí faoina bpátrúin sa tseanaimsir, ach, mar a dúirt mé cheana, ba é pobal Chois Fharraige pátrún Fhilí Bhaile na mBroghach. Chuir an Filí véarsaí os ár gcomhair nach raibh focail ar sliobarna astu. Rinne sé cur síos ghrinn ar thréithe daoine, agus thug sin sólás dá lucht éisteachta.

Is álainn na dánta ‘Abhainn an Chnoic,’ ‘Maidin Bhealtaine,’ agus ‘Sléibhte Chonamara.’ Thaispeáin an Filí a chuid eolais ar an dúlra agus a shuim in éanacha agus in áiteanna sna trí dhán seo. Thaispeáin sé freisin cé chomh grinn agus a bhí sé. Caithfidh sé gur iomaí duine as Conamara i gcathracha Shasana nó Mheiriceá ar bhreá leo a bheith in ann na smaointe seo thíos a chur i bhfocail:

Tá nósa na cathrach, a béas is a bealach,

Ag ithe is ag gearrudh mo chroí istigh i mo lár,

Is an ceiliúr a chleacht mé go siamsúil ag baile,

Ní chloisfidh mé feasta é, mo chreach is mo chrá!

Dánta Cráifeacha

Tá ar a laghad cúig cinn de dhánta cráifeacha cumtha ag an bhFilí: ‘A Ógánaigh Mheidhreach,’ ‘An Bás,’ ‘An Breithiúnas,’ ‘Aiséirí an Pheacaígh,’ agus ‘An Bheoichte.’ Mhair sé i rith dhá chogadh mhóra, chogadh na saoirse, an chogaidh chathartha, fliú mór 1918, agus i rith thréimhse na heitinne. Chuir na cogaíocha agus an Gorta Mór scéin sna daoine agus tá smaointe na Críostaíochta faoin mbás curtha aige os ár gcomhair. Tá smaointe agus dearcadh an phobail faoin mbás curtha aige i liodán focal agus, freisin, tá fíochmhaireacht an bháis, agus an bás mar áis cothromaíochta ar aicmí uile an phobail, léirithe go han-mhaith aige. Sa dán ar an mbás deir sé:

Nach muid atá teann ar an saol seo féin

‘S gan ionainn, mo léan, ach mar a bheadh ceo.

Ar ghluaiseacht don anam, gan filleadh le scéal,

Tiocfaidh fuacht ar an gcorp nuch dtéifear go deo.

‘S athróidh an snua is an lasadh ina n-éadan

‘S dúnfar a súile ar theacht don bhás.

Stopfaidh a gcuid cuisleacha gan bheith ag léimneach;

Stadfaidh a gcuid gruaige gan a bheith ag fás.

 

Dá mhéid suime a chuir daoine sa dán sin ‘An Bás,’ is mó i bhfad a cuireadh sa dán ‘Lá an Bhreithiúnais.’ Bíonn faitíos ar dhaoine roimh an mbás, ach bíonn i bhfad níos mó faitís orthu roimh an mBreithiúnas. Thóig an Filí de dhualgas air féin na smaointe a bhí ag snámh in intinn an phobail agus na sagart a chur i bhfilíocht, agus d’fhéadfaí a rá faoin dán seo gur mó cluais a tugadh dó ná d’aon tseanmóir a tugadh i Séipéal an Chnoic ón am ar cumadh é. Bhí bua ag an bhFilí samhlacha soiléire a chur i láthair an lucht éisteachta. Chuirfeadh seo dearcadh André Malraux i gcuimhne do dhuine, is é sin go bhfuil an ealaín ag tógáil áit an chreidimh in intinn daoine. Cheapfainn féin gurb é mian an Fhilí go gcuimhneofaí ar ‘Lá an Bhreithiúnais’ mar dhán a raibh teagasc na heaglaise agus dearcadh gínearálta an phobail fite fuaite ann mar phíosa filíochta.

Is tiocfaidh Mac Muire lá an chuntais,

Le breithiúnas a thabhairt ar an saol,

Is lasfaidh an fharraige bhrónach,

Is silfidh gach dlúthcharraig deoir.

 

Ina chuntas ar na daoine a bheas os comhair Dé Lá an Bhreithiúnais deir sé:

Págánaigh, polaiteoirí, is Críostaithe;

Daoine a fuair bás leis an ól;

Daoine nár chomhlíon na haitheanta;

Is treibhe nár baisteadh go fóill.

 

Beidh an chumhacht uilig caillte ag na huaisle ann,

‘S ní gheobhaidh siad í go héag;

Beidh an fear bocht chomh neamhspleách le rí ann –

Sin briathar atá ráite gan bhréag.

 

Is iomaí caint sa mbéaloideas ar an mbás agus ar dhaoine a bheith ag teacht ar ais le cúiteamh a dhéanamh ina gcuid peacaí, ag iarraidh pardúin ar dhaoine atá fós beo. Sin é an t-ábhar atá curtha i bhfilíocht ag an bhFilí san agallamh ‘Aíséirí an Pheacaígh.’ Tá triúr ag caint sa dán seo: an File féin, an Marbhán, agus an Glór ag geataí na bhFlaitheas. Is dán é seo a d’fhéadfaí a chur i gcomparáid le Cré na Cille. I gcás Chré na Cille, d’fhan na coirp faoin talamh, ach sa dán seo, dhírigh an marbhán aniar agus é os cionn cláir le rá le daoine eile aithrí a dhéanamh. Deir an File:

 Fógraím dea-chomharsanacht ar na mairbh

Agus orthu seo atá beo atá ar bhóthar na bpeaca;

A Rí na Glóire, a cheap neamh agus talamh,

Tabhair dídean dóibh siúd atá ar siochrán fada.

 

Tugann an Marbhán cuntas fada ar a thuras go dtí geataí na bhFlaitheas agus ar an bhfaitíos a bhí air ag dul ann faoi ualach na bpeacaí:

 Nach mba mise un deoraí ar an mórmhuir gharbh,

‘S an bhreith le tabhairt orm nuair a bhuailfinn caladh.

Mar chaith mé an fómhair agus mo shaol ar thalamh,

Is amhlaidh a chóireos Mac Dé mo leaba

I ndeireadh na cúise, is mé múchta marbh

Ag pianta móra nár chóir dom a aithris,

Las solas glórmhar os mo chomhair i m’aice,

Agus labhair an glór, go deas ciúin i m’ainm.

 

Níl ar siúl ag an bhFilí sa dán seo ach aithris ealaíonta ar na scéalta faoin mbás, faoin mbreithíúnas, faoi thaíbhsí, agus faoi dhaoine a thagadh ar ais ag iarraidh maiteanais nó ag déanamh cúitimh in obair a bhí déanta as bealach acu.

Le linn óige Joe i gCois Fharraige, bhí an bás agus an breithíúnas ina scéal mór ag misiún Ord an tSlánaitheora a bhíodh ag freastal ar pharóistí i gConamara. Thart ar an am a raíbh an Filí i mbarr a réime a bhíodh an tAthair Ó Conghaile, nó Misiún Árann, ag dul thart ag seanmóireacht i gConamara. Bhí an-tionchar ag a chuid seanmóireachta ar an bpobal. Bhí sin amhlaidh mar go mba togha cainteora é agus gur thuig sé bealach agus tuiscint na ndaoine thar cionn. Bhain sé úsáid as an gcreideamh a bhí ag na daoine (a) go raíbh cumhacht ag na sagairt, go háirithe ag na mísínéirí; (b) go bhféadfadh an té nach bhfaigheadh bás ar stáid na ngrást a bheith ar seachrán; (c) gur obair an diabhail é an poitín. Mhaireadh cur síos ar Mhisiún Árann ó mhisiún go misiún, agus dhúisigh a chuid seanmóireachta téamaí cainte faoi thaibhsí agus faoi thaispeána nach raibh fadaithe le blianta.

In ‘Aíséirí an Pheacaigh,’ tá an Filí tar éis a chuid cainte féin, caint an Mharbháin, agus caint an Ghlóir seo a chumadh le bheith ina scáthán ar smaointe a bhí ag snámh in intinn an phobail sna ceathrachaidí agus sna caogaidí. Tá sé ráite gur fuineadh agus gur fáisceadh an Cadhnach as an mbéaloideas. Ní raibh ach cúpla bliain ag Máirtín Ó Cadhain ar Fhilí Bhaile na mBroghach agus rugadh agus tógadh iad i bhfoisceacht dhá mhíle go leith dá chéile. Ceann de na scéalta a chreid daoíne le linn óige Joe agus Mháirtín, agus a chreideann roinnt daoíne i gCois Fharraige fós, go mbíodh soilse le feiceáil ar an bhfarraige siar ó Árainn Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag agus go raibh go leor acu ann. Bhí caint mhór go raibh oileán draíochta idir muíd féin agus Árainn, fiú amháin.

Soilse

Tá daoine i gCois Fharraige fós a chreídeann go mbíodh siad féin ag feiceáil soilse ann, ach deir cuid acu anois go mb’fhéidir go mba báid iascaigh a bhíodh ann ach go raibh daoine ag ceapadh an uair sin go mba soilse draíochta iad. Bhíodh na soilse le feiceáil ó thús na hoíche go mbíodh sé suas leis an trí a chlog ar maidin. Chonaic an Filí é féin iad agus deir sé go mbíodh gach uile dhuine a bhreathnaíodh amach á bhfeiceáil an uair sin. Bhíodh caint mhór ar an oileáin seo agus an Filí ina ghasúr. Bhíodh na seandaoine, nuair a thagadh siad le chéile, ag fiafraí meastú céard é féin.

B’fhada leo go dtagadh Oíche Chinn an uair sin nó go dtiocfaidís ag breathnú ar na soilse sin. Dúirt an Filí féin liom go mbíodh rud cosúil leis sin ag na Gréigigh sa tseanaimsir agus go mbídís ag feiceáil soilse ar an bhfarraige. Nuair a d’fheicidís iad thugaidís talamh isteach orthu féin mar go mba chomhartha é go mbeadh sé ina stoirm láidir ann lá arna mháireach. Nuair a chuir an Filí roimhe an tOileán Draíochta a chur i bhfilíocht, ní raibh sé sásta cur síos lom a dhéanamh ar an scéal a chuala sé faoi ná faoin méid a chonaic sé féin. Mar a dúirt mé cheana, ní cuimhneach leis a bheith ag cloisteáil scéalta Fiannaíochta ná rúraíochta ó dhaoine as a bhaile féin ach léigh sé i leabhair iad agus bhí a fhios aige gur bhain siad le saol na Gaeilge, saol a mhuintire féin, agus chuir sé eolas astu ina dhán ‘An tOileán Draíochta’:

 Oíche Chinn un Dá Lá Dhéag,

Thar ar cruthaíodh d’oícheanta faoin spéir,

Sea nochtaítear oileán gléigeal

Go hard i lár an chuain.

Píosa aniar ó Árainn

Sea feictear é an tráth sin,

Is leathuair roimh un lá

Sea íslíonn sé fán tonn …

Arb iúd é tír na hóige

A bhí faoi theas an tsamhraidh i gcónaí,

Is ar fhan Oisín ann go bródúil

I bhfad i ndiaidh na bhFiann?

Nó arbh amhlaidh a ghlac dubhrón

A chéile, Niamh Chinn Óir, ann

Is go bhfuil sí ag teacht ar chóstaí

Le uaigneas ina dhiaidh? ..

Nó arb iúd é an t-oileán Maí Meall

Ar fuadaíodh Connla Tréin ann

Is nár fhill ar ais go hÉirinn

Arís go deo ina dhiaidh,

Is nár chaith sluaite Teamhrach téarma

Dhá thóraíocht ins na réigiúin,

Is nár fhill i dteannta a chéile

An lá a bhí deireadh leis an bhfiach?

 

Seo sampla eile d’Fhilí Bhaile na mBroghach ag tógáil ar an eolas atá ag na daoine agus ag fáil tuilleadh eolais ó fhoinsí eile le cur ina chuid dánta, agus ar an mbealach sin tá an Filí ag gníomhú mar oideachasóir dá phobal. Deir an Filí gur i leabhair a fuair sé an t-eolas atá aige ar na Fianna, agus tá sleachta de ghlanmheabhair aige as na leabhair sin a neartaíonn a chuid cainte. Tá cuid de thoradh a shaothair le feiceáil sa dán atá cumtha aige, ‘Oisín agus Pádraig’:

 Go mbeannaíthear dhuitse, a ghaiscígh aosta,

A Mhic an Rí ba dheise cáil,

De scoth na bhfear nár chlis i gcruatan

Lena gcruachás ná neart a lámh.

A Oisín uasal ba bhinne briathra,

Ba thréine i gcath is ba chliste i ngame,

Aithris anois domsa, gan mhairg,

Cén chaoi a mhair tú i ndiaidh na bhFiann.

Dánta Eile

Tá dán eile cumtha ag an bhFilí a chuireann leis an tuairim gur oideachasóir a phobail é mar déanann sé iarracht Stair na hÉireann a chur i véarsaí sa bpíosa filíochta ar a dtugar ‘An Gairdín Álainn.’ Tá eolas i bhfad is i ngearr ar ‘An tAmhrán Bréagach’ agus ar an scéal a théann leis go raibh breitheamh sásta duine a bhí á chúiseamh a ligean saor dá gcumfadh an duine sin amhrán gan focal fírinne ann. Tá sé ráite gur mhionnaigh bean óg go raibh líne amháin fírinneach sa dán. Deirtear gurb éard a bhí sa líne ag an bhfile ‘Uachtar bainne níor facthas ariamh gan mil’ agus gur mhionnaigh an bhean air gurbh éard a dúirt sé ‘uachtar bainne níor facthas ariamh gan im’. Ní mba le Filí Bhaile na mBroghach bailithe é, scríobh sé féin a Amhrán Bréagach féin. Léiríonn sé arís an-eolas ar áiteanna, ar an nádúr, agus ar stair sa dán seo.

Ní miste a mheabhrú anseo go gcaithfimid a thuiscínt go raibh eolas ag comharsana Joe Shéamais Sheáin ar scéalta agus ar sheanchas a bhain leo féin agus lena sinsir, ach gur fíorbheagán léitheoireachta a dhéanadh a bhformhór de bharr a bheith ag obair ó dhubh go dubh ó Luan go Satharn. Bhí an Filí ag ceangal an eolais a bhí sé a fháil i leabhair leis an mbéaleolas a bhí ag na daoine. Is foinse thábhachtach eolais dánta an Fhilí dá bharr sin.

Deirtear sa taobh seo tíre go raibh i bhfad níos mó eolais ag an seandream faoin dúlra ná atá ag an dream óg, gur thuig siad ó thorann an chladaigh nó ó cheol na habhann an chaoi a mbéadh an aimsir, agus gur thuig siad bealaí éanacha agus ainmhithe níos fearr ná an dream óg. Tá an-eolas go deo ag Filí Bhaile na mBroghach ar an dúlra. Chaith sé cuid mhaith dá shaol ag iascach ar aibhneacha agus ar locha atá idir a bhaile féin agus Uachtar Ard. D’fhéadfaí a rá faoi na chéad cheithre dhán sa gcnuasach seo gur macalla iad ar ghlór duine a bhfuil grá aige dá áit dhúchais agus, cibé áit ar domhan a gcaithfidh sé a shaol, go mbeidh sé ag cuimhneamh ar an mbaile go brách.

Caint Dhomhain

Nuair a léifeadh duine an chaint dhomhain atá curtha le chéile i ndánta creidimh agus i ndánta faoi chogaí, ni rithfeadh sé leis go bhféadfadh an file céanna dánta a scríobh faoi chlampar idir geaingear agus fir oibre ar an mbóthar, nó faoi chaora a imríodh ag imirt cártaí, nó fiú amháin turas a thug fear as Conamara ar an Astráil. Is dánta iad seo a bhfuil fiach agus eachtraí ag baint leo. Is dánta iad a thugann deis don Fhilí muide, a phobal, a chrochadh leis timpeall ar shiúlóid agus eolas a thabhairt dúinn ar áiteanna éagsúla mar a rínne sé sa bhfiach ar an nGráinneach Mór. Sna tríochaidí, ni mórán carranna a bhí ann agus ní bhíodh bealach daoine amach as a bparóiste féin, mórán, ach le dul go Gaillimh nó ar aonach.

Chomh maith le heolas a thabhairt dúinne ar áiteanna, thug sé filíocht dúinn a bhí lom lán le béaloideas. Ina theannta sin, thapaigh sé an deis le heolas a thabhairt faoi Fhianna Éireann agus faoi airm na haimsire. Ní hé amháin sin, ach thug sé léargas dúinn ar intinn na ndaoine an t-am sin is a ndearcadh ar an saol. Is tráchtas ar stair shóisialta an phobail dánta ar nós ‘An Gráinneach Mór,’ ‘Bóthar an Locháin,’ agus ‘An Chaora.’ D’úsáid sé an deis sa dán ‘Bóthar an Locháín,’ mar a rinne go leor filí fadó, le léargas a thabhairt don phobal ar stair na hÉireann.

Sa dán ‘An Gráinneach Mór,’ léiríonn an Filí tréith a bhí ag go leor d’fhilí na seanaimsire – dánta cáinte a dhéanamh faoi dhaoíne nach dtaitníodh leo. Caithfidh sé gur chuimhnigh daoine a chuala an dán seo nárbh fhearr rud a dhéanfaidís ná gan Filí Bhaile na mBroghach a tharraingt orthu féin. Seo sampla de sciolladh filíochta an Fhilí ar an nGráinneach Mór:

 Ní fhéadfadh an t-ádh a bheith ‘dtigh Thomáis uí Ghráinne,

A dúirt muintir na háite atá ina aice,

Mar tá sé róchiontaithe ag sagairt is ag bráthair

De bharr fealtúnas gránna is droch scannall.

Ní dhéanfainnse aon iontas dá dtitfeadh an láimh dhó,

Mar is minic í sáite sa mailís,

Is go bhfuadódh sí an bhráillín den chorp ar an gclár,

Ach gan duine a bheith i láthair lena bhacadh.

An bhó is an chaora, an searrach is an láir,

Má bhíonn siad ar fán uait ar maidin

Gheobhaidh tú a dtuairisc, mais féidir a bhfáil,

Faoi ghlas ins an stábla ag an mbacach.

Smaoinigh ar an ógánach – ‘s é do dhrochnámhaid –

Ná bíodh aon cheo fágtha ina bhealach,

Mar bíonn sé go síoraí ag creachadh na háite

Is tú i do chodladh go sámh ar do leaba.

 

Fiach atá sa dán seo ar Thomás Ó Gráinne, geaingear bóthair as Áth Cinn a bhí ag obair i gConamara i dtús na dtríochaidí. Ní mórán dán eile den chineál seo atá le fáil i bhfilíocht tire. Is tar éis don Fhilí an dán seo a bheith cumtha aige a chuala sé go raibh dán eile ‘Fiach Sheáin Bhradaigh’ cumtha ag Raiftearaí. Is i 1903 a cuireadh an chéad chló ar amhráin agus dánta Raiftearaí agus foilsíodh ‘Fiach Sheáin Bhradaigh’ in eagrán Dheireadh Fómhair/Samhain de An Stoc i 1924. Is san eagrán sin, freisin, a bhí ‘An tAmhrán Bréagach.’

Ba mhinic le muintir Chois Fharraige dul suas trasna an chriathraigh go hUachtar Ard. Cuid de na háiteanna atá luaite ag an bhFilí sa dán ‘An Gráinneach Mór’ is áiteanna iad a bhíodh ar bhéal daoine de bharr a bheith ag taisteal na dtamhnach agus ag fanacht i gcuid de na tithe sléibhe seo corruair. Tá ainmneacha na n-áiteanna seo imithe as cuimhne cuid mhaith den aos óg anois.

Fiach

Ba dhuine é an Filí a raibh cleachtadh aige ar fhiach, cé nár mhaith leis féin giorria ná coinín a mharú, agus de réir mar atá sé ag dul in aois bhí a ghrá do na hainmhithe fiáine seo ag méadú, agus is iad na téarmaí fiaigh a úsáideann daoine a bhíonn ag fiach atá go fairsing sa dán seo. Bhí an laochas, an neart, agus an spreacadh go láidir i bhféitheacha an Fhilí agus tá sé sin le mothú sa dán seo freisin i dteannta le meas ar scafántacht na laochra atá roghnaithe aige don fhiach.

 

Scoith sé an Púirín is barr Shailethúna,

Thug dúshláin gach cú is gach capall,

Uachtar Bhothúna is thart Seanadh Mhóinín,

I measc driseachaí úra agus aiteann.

Déanadh é a choradh thart timpeall na coille,

Is chloisfí i mBoluisce gach béic uaidh.

Dhá bhfeicfeása un buinneán ag dul thart ar na tuláin,

Is Peadar Sheáin Stiofáin á phléatáil.

 

Ach tar éis a ndúirt sé faoin nGráinneach Mór sa dán seo iompaíonn sé thart i ndeireadh an dáin agus seo mar a chríochnaíonn sé:

 

Anois iontóidh mé tharam chun deá-chaint a chleachtadh,

Is déarfaidh muid paidir nó dhó dhó.

Tá an saol anois athraithe is tá an Filí bocht craite,

Ón lá ar thug sé an sack ar an mbóthar dhó.

Go dtabharfa Dia sólás is suímneas dhá anam,

I bPárthas na n-aingeal le glóire.

Is an fhad is sheasfas un teangu i measc Gaeil Chonamara,

Beidh trácht i ngach teaghlach faoin spóirt seo.

 

Nuair a bhí bóthar an Locháin á dhéanamh i dtús na dtríochaidí, tháiníg trioblóid ar an ngeaingear, áit ar tháinig daoine, muintir an bhaile, ag iarraidh saothrú ar an mbóthar agus ní thabharfadh an geaingear aon obair dóibh. Nuair a dhiúltaigh siad dul abhaile, cuireadh fios ar na gardaí lena gcur as an mbealach. Sin a thug deis don Fhilí dán a chumadh ar bhóthar an Locháin a d’fhág an eachtra i gcuimhne na ndaoine ó shin.

 

Éistigí, a bhuachaillí, is tugaidh roinnt spáis dom,

Nó go réiteoidh mé an cás seo atá agam le scríobh,

Is go dtabharfaidh mé seanchas fada agus tráchtas

Ar an gclampar a tharla taobh thiar den Sruthán Buí.

Leanfad na húdair chomh fada agus is léir dhom,

Agus poibleoidh mé un scéal seo i láthair sean agus óg

Gur i mBaile na Féasóige a rinneadh an réabadh

An lá ar chruinnigh le chéile na fir ar an mbóthar.

 

Tá áibhéil uafásach déanta sna dánta ‘An Gráinneach Mór’ agus ‘Bóthar an Locháin,’ ach is áibhéil í a bhfuair daoine sásamh uirthi. Sheasfadh daoine sa sneachta ag éisteacht leis an dá dhán seo agus tugann sé sásamh faoi leith dóibh daoine aitheantais a bheith ainmnithe iontu. Tá eolas stairiúil agus sóisialta le fáil sna dánta sin don ghlúin atá ag éirí suas faoi láthair. Bhí na dánta féin mar chuimhne don ghlúin a d’éirigh suas le linn do na heachtraí seo a bheith ag tarlú.

Is áit mhór le himirt cártaí Cois Fharraige. Déanann an Filí cur síos sa dán ‘An Chaora’ ar imirt cártaí. In aimsir na Nollag gach uile bhliain bhíodh éanacha nó caoirigh á n-imirt sna tithe ósta ach ins na tithe cuarta roimhe sin. D’fhéadfaí a rá faoin dán seo gur aor bog é ar an duine a chuir an chaora á himirt, mar nuair a bhuaigh an Filí agus na páirtithe a bhí aige an chaora bhí sí i bhfad ní ba lú ná mar a bhí siad ag súil go mbeadh sí:

 

D’fhreagair an stáidfhear go múinte,

Is labhair sé go ciúin is go réidh.

‘S éard a dúirt sé gur caora a ghrúigh duais í,

Le meáchan, le tiús, is le méid;

Gur chaith sí seal fada ina chúram

Ar thalamh a bhí plúchta ag an bhféar

Is go raibh buachaillí ceaptha i gcaitheamh an Fhómhair

Dhá cumhduch i ngleanntáin Mhám Éan.

Is leagadh na boird lena chéile,

Is cuireadh gach aon fhear ina shuí

Is roinneadh na cártaí deas éasca,

Is ceapadh an game ar chúig fichead.

Is ansin thosaigh an lascadh is an réabadh

Nó nár airíodh é ag éalú an mheán oích’,

Ach ó ruaigeadh Rí Séamas as Éirinn

Níor facthas an phléatáil mar í.

Leanadh den chath sin go maidin –

Ag liúradh, ag lascadh, is ag gleo –

Is chloisfí gach uaill is gach agall

Taobh thiar de Cheann Caillí gan stró.

 

Tá an-chosúlacht idir na trí véarsaí deirídh sin agus an gnáth chur síos a dhéanfadh fear ar imirt cártaí a mbeadh sé aige. Cé go ndéanann sé clamhsán sa dán seo faoi chomh héadrom is a bhí an chaora a fuair sé, taispeánann sé sa dá véarsa deiridh nach bhfuil sé ach ag déanamh spóirt faoin scéal.

 

Anois ólfaidh muid sláinte ar an gcaora

Is déanfaidh muid siamsa agus greann;

Go bhfága Dia a sláinte is a saol

Ag chuile líon tí dá raibh ann.

Is arís nuair a thiocfas an geimhreadh,

Le cúnamh Mhac Naofa is a Mháthair,

Beidh muid ag imirt na gcaoirigh

Is ólfaidh muid fíon agus leann.

Contae na Mí

Dán eile a dhéanann cur síos ar tharlú is ea ‘Contae na Mí.’ Déanann an Filí cur síos ar an aistir a rinne muiríní as Conamara go Contae na Mí le cónaí ann, ach, freisin, insíonn sé dá phobal cé as a dtáinig siad an chéad lá riamh. Is daoine iad a díbríodh as na taltaí seo agus ba é a gceart a bheith ag dul ar ais ann, a deir sé.

 

Taltaí a sinsir a ruaigeadh iad fré chéile as,

Mar b’éigin dóibh éalú ón léirscrios is ón ár.

 

Seo é an t-aon dán amháin a nochtann an filí a dhearcadh polaitíochta ag an am sin, más é a dhearcadh féin é, nó arbh amhlaidh a luann sé an moladh seo ar Éamon de Valera de bharr gurbh eisean a d’athraigh an scéim a bhí ag Cumann na nGael, le tuilleadh títhe a dhéanamh i Seanadh Phéistín le muiríní a aistriú as áiteanna a raibh brú mór daoine iontu le cladach. Is eagraíocht Ghaeltachta darbh ainm Muintir na Gaeltachta, a bhí an-láidir sna tríochaidí, a chuir brú ar Rialtas Fhianna Fáil gabháltais mhóra i lár tíre a roinnt ar chuid d’fheilméaraí beaga Chonamara.

 

Is molfaidh muid Éamon, fear seasta na tíre,

Is an deá-Ghael is iontaí dá bhfaca muid fós;

Shaorfadh sé Éire ó shlabhraí na daoirse

Ach lántoil na ndaoine a bheith leis ins gach gó.

Molfaidh muid suas é, ár dtaoiseach is ár gcaraid,

A throid is a sheas dúinn in aghaidh clampair is droch dhlí,

Is atá ag déanamh a dhíchill leis na dualanna a ghearradh

Agus muide a fhágáil dealaithe as eangach Sheáin Bhuí.

 

I dteannta leis an dán faoi imeacht na muiríní as Conamara go Contae na Mí, scríobh an Filí dán seasca agus a hocht véarsa ag cur síos ar aistir a rinne Spaílpín as Camas go Darwin san Astráil. Sa dán seo tá cur síos tugtha ar an aistir i long ó chóstaí na hÉireann go dtí an Astráil. Tá léargas tugtha freisin ar dhearcadh phobal Chonamara ar chiníocha eile, ar áiteanna eile agus ar an gcineáltas agus ar an taghad a bhaineann linn mar phobal. Tá léargas ann freisin ar umhlaíocht mhuintir Chonamara do lucht údaráis. D’fhéadfaí cuid den dán seo a chur i gcomparáid le cur síos ó dhaoine as Conamara a thagann abhaile as Meiriceá, as Sasana, nó as áiteanna eile a bhfuil seal caite acu ar imirce iontu. Tá léargas eile tugtha sa dán seo, eolas faoi áiteanna ar an mbealach, faoi chiníocha, faoin ngrian, faoin aimsir, faoin bhfarraige, faoi iasc, faoi éanacha, fiú amháin faoi chrith talún. Seo sampla eile den fhile ag ceangal gnáth chur síos le heolas nua dá phobal.

Filí Feasach

Dúirt mé ar ball go gceaptar go bhfuil fios ag Filí Bhaile na mBroghach, agus go bhfuil cumhacht osnádúrtha eicínt ag baint leis. Ní le Filí Bhaile na mBroghach amháin a bhaineann seo. Bhain sé le filí na seanaimsire. Breathnaíodh ar an bhfile sa tseanaimsir mar dhuine fadbhreathnaitheach a d’fheicfeadh roimhe. Chreid Filí Bhaile na mBroghach go raibh an tréith seo ag baint leis féin nuair a chum sé dán faoin Dara Cogadh Mór roinnt blianta sular thosaigh an cogadh sin. ‘Lá na Fola’ a tugadh ar an bpíosa filíochta siúd agus foilsíodh é i nGearrbhaile 1937. Tháinig cuid mhaith dá raibh sa dán sin isteach fíor. Sa gcéad véarsa tá sé ráite:

 

Nach feasach muid uilig, a chairde,

Go bhfuil lá na fola ag teacht!

Is faoi chomhair an dúnmharú cráite

Tá gach náisiún ag feistiú i gceart.

Mo bhrón! nuair a thiocfas an lá sin

Nach iomaí fear breá a bheas i bpian,

Is a labhrós na focail go dána:

‘Is é mo chrá má rugadh mé ariamh’.

 

Is ag samhlú an tsléachta a bheadh déanta dá dtiocfadh cogadh eile atá an véarsa seo.

 

A Mhuire, nach millteach an sléacht é!

Dearc ar na céadta ar lár,

Is na míoltóga ag luí ar a n-éadan,

A bhí lá de na laethanta faoi bhláth.

An sruth saolta a bhí ina lámha

Is ag rith le gach ball díobh inné,

Tá seisean ag sileadh le fána

Is é sloigthe go mall faoin gcré.

 

Seo an chaoi ar shamhlaigh sé daoine a bheith tar éis an chogaidh:

 

Nuair a ghlacfas na náisiúin a suímreas,

‘S nuair a shocrós an saol mar is cóir,

Nuair a bheas deireadh le plá ins na ríochta,

Is dhá dtrian de na daoine faoin bhfód,

Ó! cloisfear un bhean bhocht ag béiceach,

‘S a croí istigh á réabadh le cumha,

Ag caoineadh i ndiaidh clainne is céile

A leagadh, mo léan géar, ansiúd.

 

Shamhlaigh sé freisin go soiléir an t-anó agus an cruatan a bhainfeadh le cogadh mór:

 

Féach ar na hógánaigh scanraithe,

Is iad ag rith lena n-amam ón bpian!

Féach ar na seandaoine craiplithe

Is iad ag guimhe ar an leaba ar a ndícheall!

Féach ar na máithreacha básaithe

Ar an tsráid is ar an teallach, mo léan!

Agus féach ar na páistí óg fágtha –

Ina ndíleachtaí creachta go héag.

 

Deir Seosamh féin gur cheap muintir Chois Fharraige nach raibh aon chontúirt cogaidh ann sna fichidí ná amach i lár na dtríochaidí mar go raibh Sasana agus Meiriceá fíorchumhachtach. Go deimhin, bhí cuimhne acu ar an gcéad chogadh mór agus ar an gcogadh sa tír seo féin le saoirse a bhaint amach, agus ina dhiaidh sin an cogadh cathartha. Ní raibh an Filí ar aon intinn leo faoi chogadh eile. B’fhacthas dó go dtiocfadh an dara cogadh mór taobh istigh de bheagán blianta. I ‘Lá na Fola’ tugann sé léargas ar an eolas a bhí aige ar airm agus ar ghunnaí. Luaigh sé an meaisínghunna Maxim, meaisínghunna trom Gearmánach a úsáideadh sa gcéad Chogadh Mór agus sa Dara Cogadh Mór. Níor mhór uisce leis an ngunna seo a fhuarú. ‘Vickers’ a thugtaí ar a mhacasamhail sa mBreatain ón gComhlacht Vickers Armstrong agus is é an Vickers freisin a bhí in úsáid in Éirinn. Luann sé an Lewis freisin, gunna mór so-iompair a d’fhéadfaí a fhuarú le haer. Bhíodh an Lewis in úsáid ag trúpaí na hÉireann. Caithfidh sé gur léigh an Filí faoi na hairm seo i bpáipéir nó in irisleabhair. Bheadh an t-eolas freisin acu siúd as an áit a chaith tamall san arm. Seo véarsa ina luaitear airm:

 

Cloisim an Maxim ag gnúsacht,

Ag cur luaidhe ina mhúr uaidh amach,

Is airím ag screadach an Lewis –

Nach minic a ghnóthaigh sé i gcath!

Ó! fagfaidh mé an áit seo, má fhéadaim,

Agus treabhfaidh mé an réimse seo romham,

Agus fágfaidh mé slán ag na tréanfhir,

Nach siúlfaidh an féar go lá an Luain.

 

Fuair an dán seo an-éisteacht in aon áit dár dhúirt an Filí é. Ní hé amháin go raibh go leor le foghlaim as ag pobal na huaire sin, ach tá léargas le fáil ag aos óg an lae inniu nár mhiste dóibh a bheith acu. Éiríonn leis an bhFilí a léiriú sa dán seo go raibh faitíos air féin go dtiocfadh cogadh eile. Léirigh sé freisin saint na náisiún i gcumhacht agus a n-easpa suime sa duine. Luaigh sé go soiléir tábhacht agus buaineadas ríocht Dé. Tugann sé cur síos soiléir dúinn faoi chathracha agus faoi dhaoine neamhurchóideacha ag siúl sráide agus an chaoi a mbeadh daoine le linn an chogaidh agus ina dhiaidh.

Tugann sé eolas dá phobal féin ar thíortha agus ar chumhachtaí agus ar airm. Is iontach go deo an cumas atá ann cur síos a dhéanamh ar fhulaingt agus ar an mbás. Tá maoithneachas le léiriú sa gcaoi a gcuireann sé anó agus trioblóid inár láthair. Taispeáineann sé an-tuiscint ar nádúr na máthar. Déanann sé tairngreacht go dtiocfaidh plá i ndiaidh an chogaidh agus go mbeidh dhá dtrian den phobal faoin bhfód. Ní raibh an Dara Cogadh Mór i bhfad thart go raibh scéin i ndaoine aríst go dtiocfadh cogadh eile agus ní mba leis an bhFilí bailithe é, chum sé dán ar a dtug sé ‘An Treas Cogadh Domhanda.’

Tá sé ag léiriú an fhaitíos ar cheart a bheith roimh an Tríú Cogadh Mór agus ag iarraidh orainn ár n-anam a réiteach. Iarrann sé orainn ár muinín a chur san urnaí. Deireann sé go gcoinníonn sí uainn an námhaid agus go gceanglaíonn sí ár ngrá le Dia. Deir sé go bhfuil cathú i ndiaidh intleachta is smaointe ach nár chóir dearmad a dhéanamh ar Dhia. Feiceann sé dhá chontúirt mhóra ag

bagairt ar an domhan seo. An chéad cheann, cogadh domhanda eile, agus an dara ceann, gach creideamh ag fáil lag agus ag leá.

 

A Chríostaithe na cruinne, éistidh

Is dúisidh ó néal gan mhoill,

Is tugaidh fá deara, más léir dhaoibh,

An duifean sa spéir sin thoir.

Beidh an stoirm go láidir ag séideadh,

Is ní bheidh foscadh dá réir ag an long.

Is mura gcabhaí Muire is Flaitheas Dé linn,

Beidh muid go léir faoin tonn

An urnaí, an urnaí, a cháirde,

Níor chlis sí sa ngcábh ariamh.

Ô, ‘s í a dhéananns a n-anam a shábháil,

Is a chuireanns an t-ádh ina dtriall.

 

Fógraíonn sé go láidir orainn ár muinín a chur sa bpaidir. Tá claonadh aige tagairt a dhéanamh d’eachtraí staire anois agus aríst.

 

Scaip siar do chuid smaointe ar Lepanto

Míorúilt an achrainn is an ghleo –

Nach raibh an choinneal á múchadh san gcath sin,

Nó gur las sí le paidir is le deoir.

 

Is ar an gcath a troideadh idir na Turcaigh agus na Críostaithe in aice le Lepanto ar an 7 Deireadh Fómhair 1571 atá sé ag cur síos ansin.

 

Tá croí an dáin seo i dtrí véarsa:

 

Tá dhá chontúirt baolach ag bagairt

Ar éadan an domhain seo faoi láthair:

Cogadh ‘gus loscadh gnímh admhach

A fágfas gach aon ní ar lár.

Is an dara ní eile is measa:

Tá gach creideamh ag fáil lag is ag leámh,

Is ceannairí tíre ag ceapadh

Go gceansóidh siad aimsir is spás.

Má thosaíonn an treas cogadh domhanda

Ó! níor mhaith liom go bhfeicfinn an lá

B ‘fhearr liom a bheith sínte sa talamh

Ná i mo sheasamh i measc fianaise ann.

 

Tá an chaint sin chomh fíor inniu is a bhí sí an t-am ar cumadh an dán seo thart ar leathchéad bliain ó shin. Is caint í a dtiocfaidís seo léi atá páirteach sa bhfeachtas dí-armála faoi láthair.

An Bheoichte

Is sa dán ar a dtugtar ‘An Bheoichte’ atá an chruachaint is fearr ina chuid filíochta. Seo trí véarsa:

 

Tabhair aire do bheoichte na fola

Is tógfaidh sí sprid théis do bháis,

Is codlóidh sí in uaigneas na cruinne

Nó go ndúiseoidh a sholas í lá …

Smaoinigh ar do chorp mar an gcéanna;

‘S é a iompraíonns síol toradh do bháis;

Smaoinigh go ndéammn sé goineadh

Thrí ghuimhe ní féidir leis fáis.

Bronntanas síoraí é an creideamh

Níl péarla níos daoire le fáil

Má chuireann tú t-anáil ina choinne,

Ar ais léi níos glaine is níos fearr.

 

Tá dearcadh an Fhilí ar an saol léirithe sa dán seo. Is é an dán deiridh é atá cumtha aige agus is é an dán is mó den chnuasach seo ar fad é a bhfuil bród aíge as. Tá amhrán le Mícheál Breathnach, ‘An Deoraí ó Éirinn’ ar bhéal daoine i gCois Fharraige le fada an lá. Chum an Filí dán eile deoraíochta ar a dtug sé ‘An Deoraí as Baile na mBroghach.’

Cur síos atá sa dán ar an bhFilí imithe óna ghaolta, ón spórt, agus ó áiteanna a raibh luí aige leo agus é ag éirí suas. I rith cuid mhaith de shaol an Fhilí, is iomaí daoine aitheantais a raibh orthu an íobairt sin a dhéanamh ar son greim a mbéil a shaothrú do chuile dhuine ina dteaghlach.

Is deas mar a mholann an Filí baile eile atá taobh thiar den abhainn ó Bhaile na mBroghach. Leithrinn ainm an bhaile agus is é ainm an dáin freisin é. Is é an dán ar Mharcas Júidín an t-aon dán molta amháin a rinne sé faoi dhuine a bhí beo fós.

Ceithre agallamh beirte atá sa gcnuasach seo: ‘An Filí agus an Ceannaí,’ ‘Oisín agus Pádraig,’ ‘An Bhean Sí,’ agus ‘Aiséírí an Pheacaigh.’ Ní hé an leagan amach céanna atá ag Filí Bhaile na mBroghach ar an agallamh agus atá ag filí eile i gConamara. Ní thugann sé an oiread céanna deis chainte do gach aon phearsa san agallamh. Is san agallamh ‘An Filí agus an Ceannaí’ is fearr a fhaigheann gach aon duine den bheirt cothromaíocht chainte. Tá an chosúlacht ann nach bhfuil an t-agallamh ‘An Bhean Sí’ críochnaithe mar abraíonn an Filí féin go ndearna sé an píosa seo ach nár chríochnaigh sé é agus nach bhfuil faoi aon véarsa eile a chur leis. Seo an t-aon aisling amháin atá sa mbailiúchán.

Dhá dhán atá sa leabhar seo ag cur síos ar stair na hÉireann: ‘Inis Fáil’ agus ‘An Gáirdín Álainn.’ Dán eile atá againn a raibh cáil air i gCois Fharraige is ea ‘An Tarbh.’ Píosa tábhachtach é seo a thugann léargas ar an gcaoi a gceansaítí tairbh agus beithígh láidre eile a bhíodh le marú nó le coilleadh trí iad a sheoladh amach i gcíocraí go dtéidís á mbáthadh. Ceanglaítear an phraiticiúlacht agus litríocht an laochais le chéile sa dán seo ar an tarbh.

Tá dán sa leabhar seo nach bhfuil gach uile véarsa ann

cumtha ag an bhFilí. ‘Turcaí na Céibhe’ a baisteadh air. I dteach cuarta ar an gCéibh Nua a cumadh an dán seo faoi thurcaí a cuireadh ar imirt chártaí agus a ghnóthaigh triúr as Cor na Rón.

Bhí an Filí ina chomhairleoir ag an ngrúpa daoine óga a chuaigh i mbun filíochta faoín turcaí. Nuair a bhíodh cúpla véarsa cumtha acu thagaidís chuig an bhFilí lena bharúíl a fháil agus nuair a bhíodh sé sásta lena n-iarracht leanaidís orthu. Sin sampla den Fhilí i mbun scoil filíochta.

An Filí agus a Ghairm

Nuair a d’fhiafraítí den Fhilí cén fáth a ndeachaigh sé ag cumadh filíochta, is é an freagra a bhíodh le fáil uaidh: ‘Bhí sé istigh ionam agus níor bheo mé go bhfaighinn de mo chroí é. Mar a bheadh duine eile ag portaireacht nó ag gabháil fhoinn, bhínnse ag cumadh filíochta sa ngarraí, ar an leaba, ar an

bportach, nó ag siúl an bhóthair. Níl aon aimhreas nach raibh meas ag an bhFilí ar a ghairm. Ba léir dó gurbh oidhre é féin ar

Fhilí na Gaeilge. Chreid sé go raibh féith na filíochta ann. Ní hé amháin go bhfuil a fhios ag a phobal féith na filíochta a bheith ann ach tá a fhios acu go bhfuil na tréithe éagsúla aige a ceanglaítear le filí sa mbéaloideas.

Tá nuafhilíocht mhaith á foilsiú i leabhair agus in

irisí Gaeilge faoi láthair. Is minic a d’fhiafródh duine de féín cén tsuim atá ag an ngnáthphobal sa bhfilíocht sin nó cé mhéid di a léitear. Is é mo bharúil féin gur fearr dán a aithris agus éisteacht á fháil lena aghaidh ó chomhluadar ar bith atá bailithe le chéile ná a bheith ag caint faoi go ceann seachtaine.

Níl aon aimhreas nár chreid an Filí gur tábhachtaí an fhilíocht le n-éisteacht léi ná í a bheith fágtha i leataobh ar pháipéar. Níor scríobh sé aon cheann dá dhánta riamh ach chuir an chruachaint a bhí iontu daoine á bhfoghlaim de ghlanmheabhair uaidh le nach ndéanfaí dearmad orthu go héasca.

Rinne an Filí iarracht maireachtáil mar a mhair filí an amhráin nó filí an dáin dhírigh. Tharraing sé chuige aon eolas a bhí oiriúnach dá ghairm as leabhair éagsúla ag cur síos ar litríocht na Gaeilge agus freisin as irisí Gaeilge agus as páipéir nuachta a bhí ar fáil. Is cuma cén tógáil atá faighte ag file, nó is cuma cén oidhreacht atá taobh thiar de, is é an craiceann a chuireann sé ar a smaointe nuair atá sé ag cumadh filíochta a tharraingíonn aird an phobail air.

Chuir an Filí níos mó suime sa tsamhlaíocht ná sa réasún ina chuid dánta. Ní fhéadfaí a rá go bhfuil réasún ag baint le roinnt mhaith den bhéaloideas. Ní de réir réasúin a cuireadh ‘An Gráinneach Mór’ le chéile ná ‘Bóthar an Locháin’ ach oiread. Bhí aird ag an bpobal ar na dánta sin mar gur bhain an Filí úsáid as leaganacha

agus stór focal fhilí na seanaimsire ach, freisin, d’úsáid sé an sciolladh agus an moladh atá i gcaint na ndaoine agus i bhfilíocht an amhráin agus an dáin dhírigh.

Bhraith feabhas na ndánta sin ar an gceangal atá acu le saol agus le bealach maireachtála na ndaoine. Bhí an Filí in ann craiceann maith a chur ar na samhlacha a chruthaigh sé sna dánta sin mar gurbh aon bhunadh amháin é féín agus a phobal.

I gcás an chuid is mó dá chuid filíochta, bhain an Filí úsáid as oidhreacht liteartha atá na céadta bliain d’aois. Rinne sé fíochán idir sin agus an saol sóisialta ina áit chónaithe féin. Le go dtuigfí an cnuasach dánta seo i gceart níor mhór dúinn staidéar a dhéanamh ar stair shóisialta Chonamara sa bhfichiú aois sula bhfaighfí léargas ceart ar an intinn a bhí taobh thíar den chumadh sna dánta.

Phioc an Filí pointí samhlaíochta a bhí in intinn na ndaoine. D’úsáid sé a theanga aclaí orthu agus chuir sé i bhfocail iad. D’éirigh leis suim a phobail i seanleaganacha filíochta a mhúscailt mar gur ainmnigh sé daoine agus áiteacha a bhí ar eolas na ndaoine a bheadh ag éisteacht lena dhánta. D’úsáid sé sean-nathanna cainte ach cor nua curtha iontu agus iad i gcaint na háite.

Focal Scoir

Tá iarracht déanta sa réamhrá seo eolas agus smaointe atá ag snámh in intinn phobal Chois Fharraige faoi Fhilí Bhaile na mBroghach a chur ar pháipéar. Tá na dánta sa leabhar seo ar bharr a mbéil ag roinnt mhaith san áit, rud a chruthaíonn a meas ar a shaothar.

Tagann athruithe ar phíosaí filíochta a bhíonn ag imeacht ó bhéal go béal. Chuireadh an Filí féin athruithe ar na píosaí, mar caithfidh sé go dtéadh sé tríd an gcuid is mó acu gach uile sheachtain sa mbliain lena gcoinneáil i gcuimhne. Fágann seo leaganacha éagsúla ar véarsaí áirithe le fáil i ngach uile thaifeadadh a rinneadh de na dánta fada.

Tá sé suntasach ón saothar seo go dtáinig Filí Bhaile na mBroghach faoi thíonchar fhilí na hathbheochana, ach chuir sé cor sa gcumadóireacht a dhírigh aird an phobail i gCois Fharraige ar a raibh ina chuid dánta.

Buíochas

Tá mo bhuíochas ag dul don Fhilí as chomh foighdeach, tuisceanach is a bhí sé liom nuair a bhí mé ag tógáil an tsaothair seo ar pháipéar uaidh. Bhí a chomrádaithe thar a bheith sásta na dánta a bhí imithe ó chuimhne air féin a chur ar fáil dom agus fáilte. Ar na comrádaithe sin bhí Peadar Mháirtín Tom Ó Donnchadha, Peadar Mhicilín Ó Cualáin, agus Tom Bán Breathnach. Tá buíochas ag dul do Thadhg Ó Séaghdha, go ndéana Dia grásta air, as ucht cuid den saothar seo a fhoilsiú in irisí Gaeilge agus cuid de na dánta a mhúineadh dá chuid scoláirí i scoil Sailearna.

Is mór an chomaoin atá curtha ag an Mon. Eric Mac Fhinn ar Chois Fharraige leis an obair a rinne sé ar Ar Aghaidh ar feadh dhá scór bliain. B’éascaíocht mhór cuid de dhánta an Fhilí a bheith ar fáil san iris seo – iris ar stair shóisialta Choís Fharraige. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh freisin le Máire Ní Chearra, Bord na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, as ucht an obair chlóscríbhneoireachta a dhéanamh, agus le Gearóidín Ní Ailpín, Roinn na Tíreolaíochta, as ucht an léarscáil a dhéanamh. Mé féin amháin atá freagrach as aon easpa nó locht atá ar an leabhar.

Barr an Leathanaigh