Forbairt Pharóiste an Chnoic

le Peadar Mac an Iomaire

Aiste é seo a foilsíodh san iris Biseach 2006

Stair agus cúlra

peadar-5

Nuair a bunaíodh saorstát Éireann bhí bochtanas agus eisimirce ag cur as go mór do phobal Chois Fharraige mar a bhí ag cur as go mór do phobail ar fud na tíre. De réir mar a bhí an stat nua ag cur aidhmeanna cheannródaithe Ghluaiseacht na Gaeilge agus an stáit nua i bhfeidhm, thosaigh cuaiteoirí ag teacht chuig ceantar Chois Fharraige le barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. I measc na ndaoine a tháinig go Cois Fharraige bhí cuid de nuabhunaitheoirí an stáit agus roinnt státsheirbhíseach. Chomh maith leis sin, bhí lucht léinn ag tarraingt ar Chois Fharraige, go háirithe iad siúd a raibh fúthu cur lena gcáilíochtaí agus lena gcumas teanga. Bunaíodh Ardscoil Mhichíl Bhreathnaigh i gCois Fharraige sna tríochaidí ar mhaithe le lucht léinn ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus ó áiteanna eile ar fud na tíre aithne a chur ar a chéile agus cur lena gcumas Gaeilge. Bunaíodh Acht 1929 d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus dá thoradh sin tosaíodh ar chúrsaí léinn trí mheán na Gaeilge a thairiscint chomh maith le scoláireachtaí a thabhairt do mhic léinn le freastal ar na cúrsaí sin. Bhí cuid de na léachtóirí nuacheaptha mar Liam Ó Buachalla agus an tAthair Eric Mac Fhinn mar chairde dlúth ag pobal Chois Fharraige. Sna tríochaidí bhunaigh Gluaiseacht na gCeardchumann i mBaile Átha Cliath scéim le go bhféadfadh clann na gceardchumannach an Ghaeilge a fhoghlaim trí fhreastal ar chúrsa míosa i gceantar Chois Fharraige. Bhíodh an cúrsa sin ar siúl i mí Iúil agus i mí Lúnasa gach uile bhliain go dtí gur bunaíodh Coláiste Lurgan mar choláiste Gaeilge i lár na seascaidí den chéad seo caite. Ach bhí an fhealsúnacht sin ar fad bunaithe i súile Chois Fharraige ar lóistín a chur ar fáil do na cuairteoirí agus freagraí a thabhairt dóibh ar na ceisteanna Gaeilge a bhí acu. Ni heol dom go ndearnadh mórán le tabhairt faoi mhórfhadhbanna eacnamaíochta agus sóisialta an phobail ina theannta sin.

Ba é bunú Roinn na Gaeilge i 1956 ceann de na bearta is mó a chuidigh le forás sóisialta i gceantar Chois Fharraige chomh maith le go leor ceantair eile Gaeltachta. Idir lar na gcaogaidí agus deireadh na seascaidí is beag teach ceann tuí a bhí i ndroch-chaoi le cónaí ann a bhí fagtha sa phobal. Tá a bhuíochas sin ag dul don deontas fial a thug Roinn na Gaeltachta le cuidiú le daoine a gcuid tithe féin a thógáil ar a ngabháltais féin. Sna seascaidí freisin thionscain Roinn na Gaeltachta roinnt mhaith scéimeanna a chuidigh le forbairt na talmhaíochta agus le forbairt tithe le haghaidh turasóireachta ach freisin chuir siad fodheontais taisteal scoile ar fáil a chuidigh le mic léinn as Cois Fharraige taisteal óna gceantar féin go Gaillimh le hoideachas iarbhunscoile go leibhéal Ardteistiméarachta a fháil, rud nach raibh ar fáil do bhuachaillí i gceantar Chois Fharraige ag an am. Chuaigh na mic léinn sin ina dhiaidh sin ag freastal ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus iad ag teacht abhaile go dtí a gceantar dúchais gach uile oíche. Chinntigh sé seo go raibh na fir óga seo in ann páirt a ghlacadh i gcumainn pheile agus in eagraíochtaí eile forbartha sa cheantar agus in áit a bheith ag caitheamh a gcuid ama ar chumainn shaorga ollscoile, bhíodar ag obair go praiticiúil ina bpobal féin ar mhaithe le cur chun cinn an phobail sin.

I 1996 a bunaíodh Cumann Forbartha Chois Fharraige agus ba cheann de na céad bhearta a rinne an cumann sin ná cur isteach ar Chomórtas Ghlór na nGael. Is beag a bhí a fhios againn faoi Ghlór na nGael ach amháin go raibh siad ag reachtáil an chomórtais agus go dtabharfadh sé seo deis dúinn dul i bpáirt agus in iomaíocht, le chéile le pobail eile, le pobal Chois Fharraige a chur chun cinn. Thainig Pól Ó Foighil, go ndéana Dia grásta air, anoir ón Spidéal i 1996 agus bhunaigh sé Coláiste Lurgan le seomraí réamhdhéanta i nGleann an Chnoic. Lean Cumann Forbartha Chois Fharraige a bhí comhdhéanta d’ionadaíocht ó gach uile bhaile ó Abhainn Chruimlinne go dtí Abhainn an Spidéil.

Ach bhí sé an-deacair feanc a bhaint as na heagrais stáit mar go raibh an ghníomhaíocht fhorbartha fite fuaite sa chóras polaitíochta agus ní raibh sé éasca dul chun cinn taobh amuigh den chóras sin. Sin a spreag daoine le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a bhunú i 1969. I dtús na seachtóidí bunaíodh Comharchumann Chois Fharraige agus chomh maith le bheith ag reachtáil Coláistí Gaeilge, bhunaigh an Comharchumann freisin scéim uisce do cheantar Chois Fharraige mar nach raibh an Chomhairle Chontae in acmhainn sin a dhéanamh ag an am. Chuidigh forbairt na scéime uisce le tithe a réiteach, le scoláirí Coláiste Gaeilge agus cuairteoirí fásta a choinneáil, ach ina theannta sin ba chuid de bhonneagar an cheantair é le tionscail a mhealladh isteach go dtí an ceantar Gaeltachta seo.

Bhunaigh an Comharchumann freisin Cló Chois Fharraige le freastal ar an nganntanas téacsleabhar a bhí ar scoileanna na Gaeltachta agus bunaíodh Clódóirí Lurgan leis na téacsleabhair sin a chur i gcló agus obair chlódóireachta eile a fháil a chruthódh fostaíocht le scileanna sa cheantar. Lean Comharchumann Chois Fharraige air ó 1971 go dtí deireadh na bliana 1983, ach de bharr easpa tacaíocht stáit, d’éirigh an Comharchumann as an trádáil agus ba é Comharchumann Shailearna a bunaíodh le cúram a dhéanamh do chuid de na seirbhísí nach raibh eagraíocht ar bith eile le déileáil leo ag an am, mar a bhí: an tseirbhís uisce ón Spidéal go Ros a’ Mhíl, an Scéim Forbartha Portaigh agus seirbhísí innealra. Ba i dtús na seachtóidí a bunaíodh Comhchiste Ghaeltachta Chonamara le réiteach le go mbeadh coiste pobail i ngach ceantar sa Ghaeltacht agus go mbeadh sé sin mar réiteach d’Údarás na Gaeltachta. Tháinig an ceannródaíocht lena aghaidh sin ó Chumann Forbartha Chois Fharraige.

Tá Comharchumann Shailearna a bunaíodh i mí Feabhra 1984 faoi lán seoil fós agus ag díriú níos mó i dtreo oibreacha teanga anois ná mar a bhí ag an tús. I measc na ngníomhaíochtaí teanga sin atá ar siúl ag an gComharchumann tá forbairt seirbhísí naíolainne agus naíonra agus as sin tá an fhealsúnacht oibrithe amach le hionad tacaíochta teaghlaigh teanga-bhunaithe a bheith sa gceantar le tacaíocht ón Roinn Dlí agus Cirt agus go háirithe ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Tá an Comharchumann freisin ag forbairt na hOllscolaíochta trí Ghaeilge agus le hathchóiriú déanta ar Sheanscoil Sailearna tá amharclann nua-aimseartha curtha ar fáil ina bhfuil áit inti do ghníomhaíochtaí éagsúla pobail ó cheann ceann na bliana.

I rith na mblianta sin, ó lár na seascaidí go deireadh an chéid seo, is éabhlóidiú atá ag tarlú i bpobal an Chnoic, éabhlóidiú le cumas an phobail féin. Thóg siad smaointe ar bord ó eagrais Ghaeilge mar scéim na naíonraí, rud a rinne Údarás na Gaeltachta chomh maith, ach thóg sé timpeall fiche bliain orthu a thuiscint nach raibh aon chiall scéim naíonraí do phobail Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht a úsáid le cuidiú le pobil Ghaeilge taobh istigh den Ghaeltacht. Is é an rud a bhí ag tarlú go raibh na naíonraí ag cuidiú le Gaeilge a mhúineadh do pháistí sna pobail Ghaeltachta nach raibh ag tabhairt na Gaeilge mar chéadteanga dá gcuid páistí agus na páistí a bhí tógtha le Gaeilge ón gcliabhán á n-iompú ar Bhéarla tríd an iompar teanga sna naíonraí, sin nó na tuismitheoirí ag déanamh cinneadh nach raibh siad ag cur na bpáistí chuig an naíonra mar go raibh an naíonra ann le Gaeilge a mhúineadh do na páistí agus nach raibh na naíonraí seo ann leis an iompar teanga a bhí foghlaimithe ag gasúir a chaomhnú agus ag an am céanna forbairt an linbh a chur chun cinn. Sin a thug ar an ngluaiseacht pobail seo sa Ghaeltacht a gcóras féin naíonraí a fhorbairt agus an tuairimíocht sin agus an cur chuige sin a roinnt le Údarás na Gaeltachta agus le dream ar bith eile a raibh suim acu ann. Tógadh an cinneadh faoi dhá chineál naíonra a fhorbairt ar an gCnoc ar mhaithe le feabhsú i gcleachtadh úsáidte teanga i measc na bpáistí.

Staid Reatha

Ní hamháin go raibh an obair atá luaite agam ag tarlú i gceantar Chois Fharraige, ach bhí sé freisin ag tarlú i go leor pobail Ghaeltachta agus a bhuíochas ag dul do Roinn na Gaeltachta as deontas reáchtála do chomharchumainn agus as scéimeanna eile a thabharfadh tacaíocht d’iarrachtaí pobal-bhunaithe.

Ba iad na hiarrachtaí pobal-bhunaithe sin a choinnigh an teanga beo agus murach iad bheadh an teanga i bhfad ní ba mheasa sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann, rud a chinntigh go raibh an ceart ag Máirtín Ó Cadhain agus é ag rá go raibh an Ghaeilge i mbaol sna caogaidí agus sna seascaidí den chéad seo caite ag tráth nach raibh an stát ná Gluaiseacht na Gaeilge ar aon fhocal leis. Bhí ceannródaíocht á tabhairt ag daoine a fuineadh agus a fáisceadh as an nGluaiseacht Phobail sa Ghaeltacht, ní hamháin ina bpobal féin, ach freisin in eagraíochtaí taobh amuigh den phobal a chuidigh le neartú an phobail. Orthu sin bhí: Eagrais na gComharchumann Gaeltachta, Comhchoiste na gColáistí Samhraidh agus freisin eagraíochtaí náisiúnta mar Chomhchoiste Ghaeltacht Chonamara agus eagraíochtaí ad hoc a bunaíodh ó thráth go chéile le Raidió na Gaeltachta a fháil, Teilifís na Gaeltachta a fháil agus acmhainní eile pobal-neartaithe. I measc na gceannródaithe sin bhí Éamon Ó Cuív, Pádraig Ó hAoláin, Pádraig Mac Donnacha, Máire Mhic Niallais, Pádraig Feirtéir, An tAthair Micheál Ó Flannabhra, An Monsignor Pádraig Ó Fiannachta agus go leor leor eile. Bhí an Ghluaiseacht chun cinn mar go raibh sí ag déileáil le nithe a bhí riachtanach do na pobail agus bhí forbairt phobail le ceangal Gaeilge ar siúl sa Ghaeltacht agus sin é an chaoi a bhfuair an Ghluaiseacht Phobail sa Ghaeltacht tacaíocht phobail.

Ba ar iarratas pobail a thainig na meáin Ghaeilge chun tosaigh, go hairithe Raidió na Gaeltachta agus ina dhiaidh sin TG4. Ba mhór an éacht a rinneadh in oiliúint daoine do na meáin nua chraolta seo agus ní raibh sé éasca ag Údarás na Gaeltachta an cheannródaíocht a thug siad a thabhairt ag an am mar gur ceapadh gurbh é gnó RTÉ seo a dhéanamh agus gur ag mealladh airgid ó RTÉ a bhí an tÚdarás tríd an Údarás a bheith i mbun oiliúna phobail Ghaeltachta sa Ghaeltacht le bheith in ann dul i mbun na meán Gaeilge. Na daoine a bhí ag déanamh ionadaíocht don Ghaeltacht sna meáin chraolta sna caogaidí agus sna seascaidí ab ea daoine mar: Proinsias Mac Aonghusa, Breandán Ó hEithir, Máirtín Ó Conghaile, Pádraig Ó Gaora, Proinsias Ó Conluain agus Míchael Ó Cuinneagáin. Fuaireadar sin éisteacht mhaith faoina raibh le rá acu ar raidió agus ar teilifís ach ní raibh iontu ach lóisteirí i bpobail Bhéarla. Nuair a bunaíodh Raidió na Gaeltachta agus TG4, bhí daoine as an bpobal ag cur fúthu sa phobal agus i dteannta le bheith ag tabhairt seirbhíse sna meáin chumarsáide a bhí ag seirbhísiú na bpobal Gaeltachta agus Gaeilge, bhíodar chomh maith páirteach, agus tá siad páirteach, in imeachtaí sna pobail Ghaeilge sin a chuireann lena gcumas agus iad ag obair sna meáin.

Tá an t-oideachas céad agus dara leibhéal Gaeltachta faoi bhrú i láthair na huaire. Tá an Ardteistiméaracht anois i ngach iar-bhunscoil Gaeltachta, ach tá gá le Coiste Gairmoideachais Gaeltachta le cúram a dhéanamh do theagasc trí Ghaeilge i scoileanna na Gaeltachta ag daoine a bhfuil ardchumas Gaeilge acu. Is fíor go bhfuil an teanga faoi bhrú i measc óige na Gaeltachta. Tá an tsiamsaíocht dírithe i dtreo an Bhéarla, tá an Ghaeltacht oscailte do na mílte mac léinn ón taobh amuigh a thagann ag foghlaim Gaeilge i rith an tsamhraidh, ach freisin tá go leor daoine ag cur fúthu sa Ghaeltachta nach í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh agus nach bhfuil an cumas cuí Gaeilge acu le bheith in ann an Ghaeilge a bheith mar theanga teaghlaigh acu. Caithfidh mé a rá go bhfuil cúnamh fial stáit ar fáil d’fhorbairt phobail faoi láthair. Murach an obair atá Cumann Peile Mhícheál Breathnach ag déanamh le hóige na Gaeltachta a choinneáil ar an nGaeilge, bheadh iompar teanga níos boichte sa taobh seo tíre.

Tá na naíonraí agus na naíolanna Gaeltachta ag éabhlóidiú isteach ina n-ionaid tacaíochta teaghlaigh i bparóiste an Chnoic faoi láthair. Díreach mar atá an Comhar Creidmheasa ag cur le heacnamaíocht an cheantair agus le traidisiún coigiltis airgid sa gceantar, tá na hIonaid Tacaíochta Teaghlaigh le bheith ag tabhairt comhairle do thuismitheoirí óga an bealach is fearr leis an nGaeilge a sheachadadh ó ghlúin go glúin. Tá an tAcht um Phleanáil agus Forbairt 2000 á cur i bhfeidhm ag údaráis áitiúla faoi láthair agus tabharfaidh an tAcht sin caomhnú áirithe do mhaoin na Gaeltachta le nach n-imeoidh an mhaoin sin thar acmhainn phobal óg an cheantair le bheith in ann suíomhanna tithíochta a cheannach.

Tá bealach aimsithe i gceantar Chois Fharraige le meas an phobail a thaispeáint ar oidhreacht ár muintire tré 36 teach do sheandaoine a bheith tógtha sa gceantar agus 9 gcinn de thithe do dhaoine atá as a sláinte. Tá ionaid leighis le tógail in aice le Tearmann Éinne a dhéanfas freastal ar an taobh thiar de pharóiste an Chnoic.

Mothaíonn pobal an Chnoic go bhfuil tairiscint luachmhar le déanamh acu d’fhorbairt phobail le ceangal Gaeilge a chuideoidh le pobail Ghaeilge atá ag obair faoi scath Ghlór na nGael. Is gá obair na Gaeilge a cheangal le hobair de chineál eile mar fhorbairt eacnamaíochta agus sóisialta le go gcuirfear go mór leis an tsuim a bhíonn ag an ngnáthdhuine sa bpobal san obair.

Leis an tacaíocht atá ar fáil ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ó eagraíochtaí mar Mheitheal Forbartha na Gaeltachta agus Cumas Teo., tá pobail anois in ann rudaí a dhéanamh dá bpobal nach rabhthas in ann a dhéanamh fiche, tríocha nó ceathracha bliain ó shin. Ar an gcaoi chéanna, is mór an cúnamh a thug na Scéimeanna Fostaíochta Pobail a bhí á n-eagrú ag Údarás na Gaeltachta ar son FÁS do chur chun cinn oibreacha pobail agus teanga sa Ghaeltacht. Tá an straitéis nua atá ag Údarás na Gaeltachta agus atá á stiúradh ag Príomhfheidhmeannach na heagraíochta sin, Pádraig Ó hAoláin, ina chomhartha mór dóchais do phobal Chois Fharraige. Is comhartha dóchais dúinn chomh maith iarbhainisteoir comharchumann a bheith anois mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta – eagraíocht i dtús a shaoil a bhí drogallach go maith tacaíocht fhial a thabhairt do chomharchumainn ná d’eagraíochtaí pobal-bhunaithe mar gur mhothaigh sé nárbh é sin a ról.

Todhchaí

Dá gcuirfí ceist ar dhaoine a bhfuil blianta caite acu ag plé le forbairt phobail i gceantar Chois Fharraige, cén feabhas a d’fhéadfaí a chur ar obair Ghlór na nGael sna pobail Ghaeilge, bheadh sé éasca go maith freagra a fháil uathu. Tá sé tábhachtach go bhfeidhmeoidh Gluaiseacht na Gaeilge lena chinntiú go maolófaí an bánú pobail as pobal Ghaeilge sa Ghaeltacht. Go gcinnteofaí go mbeadh níos mó agus níos mó seirbhísí ar fáil do dhaoine óga ina bpobal féin, ba bhreá an rud gur i bpobail thuaithe a bheadh an taithí sin á fáil mar cheantar a bhfuil Sabhal Mór Ostaig ann in Albain, nó Coláiste Chaisil in Oileán Leodhais, nó Ollscoil na nGleann sa Bhreatain Bheag. Ní mór go mbeadh oideachas agus oiliúint ag cur le beocht na bpobail trí óige na Gaeltachta agus óige na bpobal Gaeilge a bheith ag tarraingt ar na pobail Ghaeltachta ar mhaithe le cur le hiompar agus le buanú na Gaeilge i measc óige na Gaeltachta.

Tá sé tábhachtach go mbeidh na pobail níos féinchothaithe agus go mbeidh an spórt, an tsiamsaíocht, an t-oideachas agus an oiliúint ag cumasú na bpobal le bheith níos forásaí ná mar a bhí pobail thuaithe ná pobail chathrach go dtí seo. Moltar an cheannródaíocht atá tugtha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D., le bonneagar do chaomhnú na bpobal Gaeilge sa Ghaeltacht le cúnamh ó na pobail féin a chur chun cinn. Tá sé tábhachtacht go n-aithneofaí an Ghaeilge ar fud na bpobal Gaeltachta mar shlánchuid de bhonneagar na Gaeltachta. Tá moltaí déanta i bpobal an Chnoic le go dtabharfadh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cúnamh stáit do phleanáil teanga ón mbonn aníos i bpobal Ghaeltachta. Tá an cúnamh sin tugtha ag an stát i gceantar an Chnoic agus i roinnt ceantar eile sa Ghaeltacht. Tá sé an-spéisiúil go bhfuil ag éirí leis an scéim sin an tairbhe agus an tábhacht a bhaineann le pleanáil teanga ón mbonn aníos a chur ina luí ar an bpobal Gaeltachta féin.

Tá seo ag athrú na nósmhaireachta a bhí ann ó lár na gcaogaidí i leith, tráth a mbíodh oifigigh de chuid na Roinne ag scrúdú staid Gaeilge teaghlaigh agus páistí Gaeltachta. Níor chuidigh an cleachtas sin le freagracht chaomhnaithe na teanga a chur ar an bpobal a bhí i seilbh na teanga, ach thug sé le fios dóibh go raibh cigireacht á déanamh orthu ag an stát, cigireacht nach raibh siad róthógtha leis amanna. Ar an taobh eile den scéal, d’éirigh leis an bpobal féin sa chás seo scéim a mholadh a chuidigh leis an stát úinéaracht a thabhairt don phobal ar phleanáil na teanga ar leibhéal an phobail, rud a fhágfaidh níos mó measa ag an bpobal ar an acmhainn seo ina mbeidh siad féin rannpháirteach ina caomhnú. Is cinnte go bhfuil an tuairimíocht forleathan i gceantar Chois Fharraige go bhfuil an t-oideachas agus an oiliúint trí Ghaeilge mar eochair leis an nGaeilge a aithneachtáil mar acmhainn fhostaíochta agus mar dheis do chur chun cinn an phobail. Léiríodh é sin go soiléir le linn d’uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a bheith ag bronnadh gradam ar bheirt laoch de chuid Chois Fharraige, Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha agus Joe Steve Ó Neachtain. Thug an tUachtarán le fios ag an ócáid sin gurb í aidhm Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an ollscolaíocht a thabhairt go dtí na pobail agus thréaslaigh sé le pobal Chois Fharraige as a raibh déanta acu ag iarraidh na hollscolaíochta trí Ghaeilge agus a cur i bhfeidhm i bpáirtíocht leis an ollscoil. Is féidir breathnú ar Údarás na Gaeltachta nó ar an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta mar uirlis le cuidiú le ranna rialtais agus eagraíochtaí státbhunaithe a chinntiú gur trí Ghaeilge a gheobhaidh cainteoirí Gaeilge seirbhísí an stáit gan cheist. Díreach mar a chuidigh Údarás na Gaeltachta le FÁS a gcuid Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta a reachtáil trí Ghaeilge sna pobail Ghaeltachta, tá ar chumas an Údaráis agus ar Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an cúnamh céanna a thabhairt ag feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla sa Ghaeltacht agus i measc na bpobal Gaeilge ar fud na tíre. Cruthóidh an cleachtas seo fostaíocht do Ghaeilgeoirí. Beidh an fhostaíocht sin níos buaine ná an fhostaíocht ó thionscail déantúsaíocht ón iasacht. Tá sé riachtanach go mbeidh fís na bpobal Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di dírithe ar shamhlaíocht agus ar fhealsúnacht atá ceannródaíoch do chruthú agus d’fhorbairt phobail le ceangal Gaeilge. Tá sé riachtanach go bhfeidhmeoidh Glór na nGael amach anseo mar réalt eolais do na pobail Gaeilge seo, réalt eolais a chuideoidh leo imeacht ón gcuimhne ar bhlianta tragóideacha mheath na Gaeilge tar éis an ghorta agus mheath na bpobal Gaeltachta ó bhunú an stáit go dtí an lá atá inniu ann. Trí oideachas agus trí oiliúint, tá eochair againn le heolas a chur ar a bhfuil tarlaithe agus muid féin a réiteach don am atá láithreach agus féachaint le dóchas ar na blianta atá romhainn. Is dúshlán dúinn an teanga a thabhairt ó ghlúin go glúin. Tá an struchtúr sóisialta ag athrú go sciobtha agus sin an fáth go bhfuil ionad tacaíochta teaghlaigh riachtanach lena chinntiú, agus an bheirt tuismitheoir go minic ag obair óna hocht go dtí a sé gach uile lá, go mbeidh a gcuid gasúr i lámha cainteoirí líofa Gaeilge lena chinntiú faoin am a shroichfidh siad aois bunscoile go mbeidh an teanga ar a dtoil acu. Tá sé tábhachtach go mbeidh institiúidí tríú leibhéal lonnaithe sa Ghaeltacht a dhéanfadh oiliúint ar mhúinteoirí bunscoile agus ar mhúinteoirí iar-bhunscoile i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Ghaeilge agus freisin do scoileanna eile más féidir. Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeidh múinteoirí Gaeilge le B.A. nó B.Ed ag fáil tréimhse bliana i bpobal Ghaeilge lena chinntiú nach é amháin go mbeidh an Ghaeilge sealbhaithe acu ach go mbeidh iompar, buanú agus pleanáil Ghaeilge mar shlánchuid dá gcúrsa léinn. Tá sé de thoradh ar an gcóras scolaíochta faoi láthair gur féidir le céimí óg dul le múinteoireacht le beagán os cionn 40 marc sroichte aige i scrúdú na Gaeilge. Má bhíonn sé de mhí-adh air féin agus ar a chuid custaiméirí go bhfuil sé i gceantar nach bhfuil deis aige an Ghaeilge atá foghlamtha aige a chleachtadh tá an baol go mbeidh an Ghaeilge labhartha caillte aige taobh istigh de chúig nó seacht de bhlianta. Tá an duine sin fós fostaithe ag an stát le Gaeilge a mhúineadh ar feadh beagnach dhá scór bliain eile.

Tá sé riachtanach an cleachtas sin a stopadh trí bhliain sa Ghaeltacht a thabhairt do chéimithe óga Gaeilge lena chinntiú go mbeidh an buntáiste céanna ag céimithe Gaeilge agus atá ag céimithe teangacha Eorpacha a bhfuil deis acu úsáid a bhaint as clár Erasmus.

Tá fáilte roimh phobail Ghaeilge Ghlór na nGael ar fud na tíre samplaí a thógáil den fhorás pobail a tharla i gCois Fharraige le dhá scór bliain agus oibriú i gcomhar linn ar mhaithe lena chinntiú faoi cheann dhá scór bliain eile gur chun tosaigh le chéile a bheidh pobail uile na Gaeilge ar an oileán seo ag dul agus freisin go mbeidh siad ag cinntiú go mbeidh an teanga á seachadadh ó ghlúin go glúin. Ní linne ná le haon ghlúin againn an Ghaeilge. Is linn ár gcuid féin a dhéanamh di agus cinntímis go bhfágfadh muid ag an gcéad ghlúin eile í le cead acusan rogha a dhéanamh an bhfuil siad á harraidh mar shnáth ceangail leo siúd a chuaigh rompu.