Máirtín Mór Ó Cadhain

le Gearóid Denvir

Alt é seo a foilsíodh san iris Biseach 2005

Image Ref. No. 3019/090Uair sa gcéad a thagas mórscríbhneoir chun cinn i dteanga ar bith, mór ná mion. Ba den mhianach sin príomhéigeas Chois Fharraige, Máirtín Ó Cadhain, gan aon cheist. Pearsa mhór mhillteach le rá a bhí ann lena linn féin, agus d’oibrigh sé tionchar thar na bearta ar réimsí éagsúla d’Éirinn a aimsire féin. Bhí sé gan amhras ar bith duine de mhórscríbhneoirí an fichiú haois sa tír seo, agus dá scríobhfadh sé i mBéarla Yeats, Joyce, Synge, Friel, Heaney agus a leithéidí, bheadh tionscal bisiúil liteartha mar chrois den ghlaschloch os a chionn, agus ollúna agus lucht adhartha ó na ceithre harda ar oilithreacht bhliantúil chuig a ionad comortha agus cuimhneacháin ar an gCnocán Glas.

An té ar mhian leis Máirtín Ó Cadhain a thuiscint níorbh fholáir dó tosú, dar liom, leis an méid seo. Fear Gaeltachta ab ea Ó Cadhain. Mar fhear Gaeltachta, nó mar Ghaeilgeoir de chuid na coismhuintire, a ghníomhaigh sé go poiblí i gcaitheamh a shaoil, ó thosaigh sé mar mhúinteoir óg i Scoil Náisiúnta Chamais i 1926 nó gur éag sé i mBaile Átha Cliath i 1970. Bhí baint lárnach aige le cumainn agus le gluaiseachtaí go leor ó Mhuintir na Gaeltachta, grúpa raidiciúil a bunaíodh i gConamara i 1933 chun talamh maith a bhaint amach do ghnáthbhunadh na Gaeltachta, agus arb é toradh a gcuid oibre bunú Ghaeltacht Rath Cairn i 1935, anuas go dtí feachtas Chearta Sibhialta na Gaeltachta i 1969 go gairid roimh a bhás. Agus an méid sin ainneoin go raibh bunáite a shaoil (ó 1936 go dtí lá a bháis) caite aige san ardchathair ar imirce óna cheantar dúchais.

Ba í an Ghaeltacht a mhúnlaigh a fhealsúnacht saoil, an chruinneshamhail sin a d’fhorbair sé i gcaitheamh a shaoil agus a nocht sé ina shaothar uilig, idir shaothar a phinn agus an saothrú a rinne sé san iliomad gluaiseachtaí, cumann, feachtas agus agóidí. Níorbh aon Tír na hÓige aige an áit Thiar, áfach, murab ionann agus dearcadh chuid de mhuintir ghluaiseacht oifigiúil na Gaeilge. Ba mhór idir Gaeltacht Uí Chadhain agus ‘saol aoibhinn na tuaithe a léiríos colúnóirí páipéir nuaíochta nár oibrigh riamh seachtain ar fheilm,’ mar a scríobh sé i léirmheas moltach ar Tarry Flynn le Patrick Kavanagh i 1949, an bhliain chéanna ar bhuail sé féin cniogbhuille ar íomhá rómánsúil sin na Gaeltachta idéalaí le foilsiú Cré na Cille.

Chreid Ó Cadhain i gcaitheamh a shaoil go raibh an Ghaeltacht ar an dé deiridh, ‘fighting­ – or rather perishing – in its last ratholes‘ mar a scríobh sé in alt san Irish Times i 1953, de dheasca toscaí eacnamaíocha agus cultúrtha nach raíbh aon neart ag muintir na Gaeltachta orthu. Leagadh sé béim i gcónaí ar dhignit agus ar fhiúntas daonna an ghnáth-dhuine thiar, an Gaeilgeoir-democrat mar a thugadh sé air, an mianach dar de é féin, rud nár lig sé i ndearmad riamh. Thagraíodh sé go rialta, go háirithe sa pháipéar sóisialach Gaeltachta, An tÉireannach, sna tríochaidí agus ina cholún ‘Caiscín’ san Irish Times sna ceathrachaidí, don imirce a bhí ag bánú na Gaeltachta, agus dhearbhaíodh nach déirc díomhaointis ach cearta bunúsacha, fearacht chuile dhuine eile ar fud na tíre, a bhí ó mhuintir na Gaeltachta lena ndroch-chás a réiteach. Níorbh fhéidir talamh a thabhairt do chuile dhuine agus ar an ábhar sin níorbh fholáir forbairt chiallmhar tionsclaíochta a dhéanamh bunaithe ar acmhainní nádúrtha agus ar dhúchas an cheantair – machnamh ceannródaíoch an uair sin a réitíos, ar ndóigh, le dearcadh an lae inniu. Buncheart eile a d’éilíodh sé go rialta do mhuintir na Gaeltachta (agus a thuigfeadh pobal Gaeltachta an lae inníu freisin) ná oideachas ar fónamh ina dteanga féin a bheadh bunaithe ar riachtanais fhírinneacha na gnáthmhuintire seachas, mar a d’áitigh sé san Irish Times i 1953, ‘fóínt, úsáideachas, eolas lena saothraíonn muid ár mbeatha’ amháin.

Níl aon amhras faoi ach gurbh í an Ghaeilge féin ‘an fórsa diamhair a thiomáin chun cinn é’, mar a scríobh a dhlúthchara, Breandán Ó hEithir, in Thar Ghealchathair Soir. Ba í bunchloch a fhéiniúlachta, a shainiúlachta, a dhaonnachta fiú í. Dhearbhaigh sé go neamhbhalbh i 1960: ‘An Ghaeilge amháin an t-aon gheis a mhothaím orm féin mar Éireannach leis na blianta.’ Bhíodh sé anonn is anall de shíor idir dóchas agus dubh-éadóchas maidir le staid agus todhchaí na teanga ar feadh a shaoil. Deireadh sé go rialta go raibh an Ghaeilge básaithe, ach ina dhiaidh sin is uile, rinne sé troid saoil in aghaidh bhás sin na teanga le chuile smaoineamh, briathar agus gníomh dá raibh ar a chumas. Dúshlán báis a bhí ina shaothar cruthaitheach a scríobh sé i nGaeilge amháin, agus nach bhfaca domhan na Gaeilge a leithéid ina réimse ná ina chumas teanga ón uair a raibh an tír fré chéile ina Gaeltacht.

Ainneoín a chuid gníomhaíochta ar fad i gcúrsaí polaitíochta agus teanga, áfach, is mar scríbhneoir is mó atá, agus a bheas aithne ar Mháirtín Ó Cadhain. Deireadh sé féin i gcónaí go raibh sé ag scríobh ar easpa traidisiúin ar leibhéal amháin, agus gurbh í an chaint, an teanga féin, a fuair sé le hoidhreacht an uirnis liteartha ab fhearr a fuair sé óna mhuintir. Ní miste a mheabhrú gur tháinig sé i seilbh ar an oidhreacht dúchais sin i dtaobh athar agus máthar, arae bhí eolas maith ag a thuismitheoirí, Seán Ó Cadhain as an gCnocán Glas agus Bríd Óg Nic Conaola as Seanadh Gharráin, ar an traidisiún agus teach cuartaíochta agus áirneáin a bhí acu sa gCnocán Glas. Ach ní hí ‘caint na muintire’ ná ‘caint na ndaoine’ a scríobh sé. Shaothraigh sé an chaint sin i gcaitheamh a shaoil agus tharraing ar na foinsí dúchais uilíg ó litríocht na Sean-Ghaeilge anuas go dtí litríocht bhéil na Gaeltachta lena linn féin. Ina theannta sin, chuir sé de bhiseach ar oidhreacht sin an dúchais go mba Eorpach go smior é ó thaobh smaointeoireachta, dearcaidh agus cumais de, agus níor dheoranta an tsamhail í a shaothar a chur i gcomórtas le cuid de mháistrí móra nualitríocht na hEorpa – Kafka, Dosteovsky, Camus agus a leithéidí.

Tá bunáíte na léirmheastóirí ar aon intinn faoi na lochtanna atá ar shaothar luath Uí Chadhain, go háirithe sa chéad dá chnuasach gearrscéalta, Idir Shúgradh agus Dáiríre (1939) agus An Braon Broghach (1948). Déantar an reacaireacht sna cnuasaigh seo cuid mhaith de réir mhodhanna traidisiúnta Gaelacha na litríochta réigiúnaí agus litríocht na hAthbheochana a bhí faoi rath agus meas ag an am. Is geall le hachoimre ar shaol an duine sa chomhthionól fuinniúil fuinte, local organic community Eliot a dtráchtann Ó Cadhain féin air in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca (1969), cuid mhaith de na scéalta seo. Tá lorg an nua-aoiseachais, maille leis an gcumas agus an tsamhlaíocht is dual don fhíorscríbhneoir, le sonrú i gcéaduair ar Cré na Cille (1949) agus Cois Caoláire (1953), tréithe a dtiocfadh bláth chomh foirfe sin orthu sna cnuasaigh ghearrscéalta a foilsíodh ina dhiaidh sin, An tSraith ar Lár (1967), An tSraith dhá Tógáil (1970), agus An tSraith Tógtha (1977).

Bíodh is go raibh riar mhaith foilsithe roimhe aige, agus gur fhoilsigh sé go leor ina dhiaidh, ba Cré na Cille a d’fhógair go raibh mórthalann scríbhneora ag an gCadhnach agus a chinntigh go gcaithfí é a áireamh feasta i measc rí-éigis na tíre riamh anall. Insíonn an leabhar scéal Chaitríona Pháidín trí chomhráite idir coirp éagsúla i gcill éigin thiar, agus í féin nuachurtha ina measc i dtús an leabhair. Cuireann chuile chorp nua-adhlactha leis an scéal a shoilsíos an ghráin shíoraí sheasta a bhí ag Caitríona ar a deirfiúr, Neil, agus an choimhlint saoil a bhí aici léi d’fhonn a bheith cab os a cionn. Amharc grinn géar ar an taobh míthaitneamhach de shaol ‘chomhthionól fuinniúil fuinte’ Uí Chadhain agus ar a ‘mionchúrsaí suaracha’ atá san úrscéal neamhchoitianta seo. Is mór idir léargas Uí Chadhain ann agus an cineál saoil a gcuirtear síos air sa litríocht réigiúnach – i leithéidí An t-Oileánach agus Peig, mar shampla, gan trácht ar shaothar scríbhneoirí aniar mar Thomás Bairéad agus Pádraic Óg Ó Conaire. Is mór idir Caitríona Pháidín agus mná fadfhulangacha An Braon Broghach, agus is féidir forás Uí Chadhain mar scríbhneoir idir an saothar luath agus Cré na Cille a fheiceáil sa difríocht eatarthu. Aoir shóisialta ar mhóiréis agus ar ghailemaisíocht an duine atá sa leabhar agus is é a theachtaireacht, b’fhéidir, go bhfuil an duine suarach gan mhaith, gur mar sin atá agus gur mar sin a bheas. Ní athrófar a nádúr agus leanfaidh an saol mar atá. Má tá léargas Uí Chadhain géar, áfach, ní fhágann sin nach bhfuil an leabhar thar a bheith barrúil, agus go deimhin féin, is iad an sainghreann Cadhnach agus caint chréúil chraicneach an údair príomhbhuanna an tsaothair.

Ubh cuaiche ar bhealaí go leor é Cré na Cille, éacht aon uaire, curadhmhír nach ndrannfar leis arís, nach mbeidh a leithéid arís ann, i gcead don nathán seanchaite. Fearacht Ulysses le James Joyce, nó saothar ealaíne Phaul Henry, nó fuinneoga eaglasta Harry Clarke, nó ceol an Chearbhallánaigh, nó Leabhar Cheanannais, is icon cultúrtha náisiúnta Éireannach é Cré na Cille. Ní bhaineann sé le haois ná le ré ná fiú leis an gConamara a ndéantar cur síos air sa scéal. Is mó é ná é féin, ar bhealach. Is ráiteas fúinn ar fad é, faoin gcaoi a dtuigimid agus a samhlaímid muid féin mar dhaoine daonna faoi choinníoll áirithe sin na daonnachta is Éireannachas/Gaelachas ann. Déantar gaisce go minic as, agus cuid de sin go haineolach gan dabht. Fearacht Ulysses, deir daoine gur léigh siad é agus níor leag siad súil riamh ar shiolla de ach ba mhaith leo go ndéanfaí talamh slán de gur léigh agus gur thuig siad é. Is cuid é dár gcomhfhios daonna mar Éireannaigh ar cás linn an Ghaeilge agus is údar ceiliúrtha dúinn go bhféadfadh a leithéid a bheith ann ar chor ar bith i mionteanga ar imeall thiar na hEorpa i saol seo na haonfhoirmeachta cultúir agus teanga. Trasnaíonn sé teorainneacha na seánraí liteartha agus na gcruthúnas cultúrtha arae níl a acmhainn chruthaitheach teoranta don fhocal ar an leathanach. Fearacht na lámhscríbhinní fadó, léití amach os ard é i dtithe i gConamara tar éis a fhoilsithe. Craoladh ina dhráma raidió den scoth é ar Raidió na Gaeltachta, meán a d’fheil thar na bearta dó i ngeall ar a chuid fréamhacha sa litríocht bhéil, is dóigh. Léiríodh ina dhráma stáitse é nárbh fhéidir suíochán a fháil dó ar ór ná ar airgead faoi dhó féin i dTaibhdhearc na Gaillimhe. Agus d’athchruthaigh sraith pictiúr a rinne an t-ealaíontóir Pádraig Ó Mathúna, agus atá ar crochadh in Áras na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, domhan dorcha na cille gona cholainneacha neamhaí nach fuil ná feoil iad, ach guthanna scréachacha ar geall le glór sí gaoithe iad.

Díol spéise é, dar liom, gur beag a scríobhadh i nGaeilge, agus go háirithe i gcúrsaí próis, in Iarthar Éireann le linn don Chadhnach a bheith i mbarr a ré, ó dheireadh na gceathrachadaí, abraimis, go dtí a bhás i 1970. Is iomaí cúis a d’fhéadfaí a lua leis an nganntan seo: córas oideachais a phlúch idir Ghaeilge agus chruthaitheacht; faillí i dteagasc na Gaeilge féin sa Ghaeltacht; easpa na forbartha sóisialta agus eacnamaíochta is gá le saol forásach a chur ar fáil do dhaoine d’fhonn a chur ar a gcumas dul i mbun pinn; an imirce agus cúlú na teanga féin; nó go deimhin éadóchas lucht na Gaeilge faoina dteanga mar fhriotal feiliúnach don 20ú haois. Cúiseanna seachliteartha iad seo uilig agus b’fhurasta an díospóireacht a chur sa siúl.

D’fhéadfadh siocair eile ar fad a bheith leis an ngorta liteartha seo, mar atá, an tuiscint fho-chomhfhiosach go raibh gach a raibh le rá ráite chomh cumasach sin ag an gCadhnach nárbh fhiú agus nárbh fhéidir teacht aniar ina dhiaidh. Díol suntais sa chomhthéacs seo an bláthú atá faoi chúrsaí litríochta de mhianach Ghaeltacht an Iarthair le tríocha bliain anuas agus Ó Cadhain ar lár. Is liosta le háireamh na húdair a chuir saothar próis ar fónamh ar fáil sa tréimhse iarChadhnach sin: Seán Ó Curraoin (mac deirfíre leis an gCadhnach), Pádraig Breathnach, Dara Ó Conaola, Mícheál Ó Conghaile, Joe Steve Ó Neachtain le cuid an bheagáin a lua.

Forás suntasach eile le blianta beaga anuas is ea an borradh atá tagtha faoin tionscal Cadhnach le foilsiú leithéídí Caiscín: Altanna san Irish Times 1953-56, Ó Cadhain i bhFeasta agus Caithfear Éisteacht: Aistí Mháirtín Uí Chadhain in Comhar, bailiúcháin luachmhara d’aistí agus d’altanna a chonaic solas an lae cheana in irisí agus i nuachtáin ach nárbh fhurasta teacht orthu. Cuir leis an méid sin foilsiú na mbunsaothar dioscúrsúil faoi chúrsaí staire, polaitíochta agus teanga, Tone Inné agus Inniu agus An Ghaeílge Bheo – Destined to Pass, maille le foilsiú an dá úrscéal iomráiteacha, Athnuachan agus Barbed Wire, a raibh béaloideas déanta le blianta acu agus gan iad faoi shúil an phobail beag ná mór, agus tá ar ár gcumas anois breithiúnas i bhfad níos cuimsithí agus níos meáite a thabhairt ar an bhfear agus ar shaothar a shaoil. Tá beathaisnéis shubstaintiúil, dhúshlánach againn freisin ó láimh Aindriais Uí Chathasaigh, Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905-1970.

Agus muid ag cur tús le comóradh céid bhreith Uí Chadhain, ní foláir an méid seo a rá: pé ar bith céard eile a déarfar faoi, bhí creideamh láidir dá chuid féin aige, aisling shlán iomlán inti féin a nocht sé go paiseanta gan fuacht gan faitíos i saothar a phinn agus a bhéil. Má chreid sé, mar a dhearbhaigh sé ina phaimfléad faoi chomóradh 1916, An Aisling, go raibh ‘an ghrian ag gabháil siar, ionann’s gaibhte siar’ ar an Éirinn b’ansa leis féin a fheiceáil i réim, ghin an creideamh sin beagán dóchais, ainneoin na n-ainneoin. ‘Níor dhúirt muide, muide Éireannaigh, gur throid muid riamh an cath deireanach’, a dúirt sé leis an Albanach ar pháirc Chath Chúl Odair. Cá bhfios nach iomaí briatharchath a throidfear fós san Ionad Cuimhneacháin ba cheart a thógáil ina onóir ar a fhód dúchais sa Chnocán Glas?