Scéal Chailleach an Uafáis

TomPhaddy

le Tom Phaddy Mac Diarmada

Seo’d scéal a thaifead “An Ruaiteach” —Art Mac Risteáird— ó athair a mhná, Joe Shéamais Dhiarmaid, nach maireann, suas le deich mbliana fichead ó shin.

In aon teach amháin a bhí an mháthair, a mac agus a bhean siúd ina gcónaí. Bhí aois mhór ag an máthair. Ach níos measa ná sin, dheamhan créatúr a’ bith a bhí níb’ fhuaire ná í agus bhíodh goic uirthi leis an bhfuacht ar a’ gcruatan ab fhánaí. Ach faoi dheireadh fuair sí bás …. agus ba é ’tíocht go’n gheimhreadh é. Mar gheall go mbíodh sí fuar, cuireadh cúpla pluid léithi sa gcónra. Agus cuireadh í.

Ach nuair a mhéadaigh an fuacht ní raibh aon phluid eile le spárailt sa teach agus dúirt an bhean le fear a’ tí gur dona a chruthaigh siad agus na pluideanna a chur sa gcónra leis an máthair.

“M’anam gur dona,” a deir sé, “go dteastóidís uainn fhéin á mbeidís a’inn. Ach m’anam gur gearr go mbeidh,” a deir sé, “go ngabhfaidh mise,” a deir sé, “go mbainfidh mé dhaoi aríst iad!”

D’imigh sé an oíche seo, ’chuma ar bith, sa meánoí’ nuair a cheap sé nach mbeadh duine a’ bith le feiceál – ná a d’fheicfeadh é. . . is bhí sé ag imeacht leis ’s a’ déanamh ar an roilic agus casadh fear eile leis. Bhuel, bhuail siad caint ar a chéile: d’fhiafraigh an fear eile dhó cé ’raibh sé a goil.
“By dad,” a deir mo dhuine, “níl mé a goil ag inseacht duit, nach bhfuil tú fhéin amuigh chomh deireanach liomsa,” a deir sé, “cá’il tú fhéin a goil?”

“Bhuel, inseoidh mé dhuit,” a deir sé, “cá’il mé a goil,” a deir sé, “ach gan é a inseacht d’aon duine,” a deir sé, “agus tusa ’inseacht dhomsa cá’il tú fhéin a goil”.

“Bhuel sé’n áit a bhfuil mise a goil,” a deir an fear eile, “pluideanna a chuir mé ar mo mháthair sa gcónra nuair a cuireadh í,” a deir sé, “agus theastóidís uainn fhéin,” a deir sé, “agus tá mé a goil á dtóigeál aríst go mbainfidh mé dhaoi na pluideanna!”

“Muise sé’n áit a bhfuil mise a goil,” a deir an fear eile, “a goil ag goid ceann de na caoire ó fheiliméara atá thart anseo a bhfuil go leor leor caoire aige”.

“By dad,” a deir an fear a bhí ag goil ag an roilic, “inseoidh mise ort é mara dtabharfaidh tú a leath dhom fhéin!”

“M’anam go dtabharfaidh mé a leath dhuit,” a dúirt an gadaí.

“Bhuel má bhímse réidh romhat,” a deir sé, “fanfaidh mé ag geata na roilice leat nó go dtaga tú. Agus má bhíonn tusa ansin romhamsa,” a deir sé, “fanfaidh tú fhéin liomsa nó go mbeidh mé réidh”.

“Níl locht air,” a deir an gadaí.

D’imigh leo, ’chaon duine acu ina bhealach fhéin, ’chuma ar bith, agus chuaigh mo dhuine ag an roilic.

Agus bhí fear eile agus a mháthair ag maireachtáil san áit, gan sa teach ach an bheirt acu, agus bhí’n mháthair criplithe; ní raibh sí in ann siúl ’chor a’ bith ach ’léir mar thabharfadh an mac amach í. Agus bean mhór throm a bhí inti, bean mhór ramhar. Bhí’n mac ag tíocht abhaile an oíche seo nuair a d’airigh sé an rúpáil as cionn uaigh an tseanbhean a bhí thar éis a cur. Agus bhíodh an tseanbhean sin agus a mháthair fhéin an-mhór le chéile. Agus nuair a chuaigh sé abhaile bhí faitíos air agus d’inis sé an scéal don mháthair.

“Ar chuir tú aon araoid uirthi?” a d’fhiafraigh an mháthair.

“Níor chuireas,” a deir an mac, “mar ní ligeadh an faitíos dom”.

“By dad á mbeinnse ansin,” a deir an mháthair, “labhaireoinn léithi!”

“M’anam muise má’s maith leat é go dtabharfaidh mise ann thú!”

“Tá go maith,” a deir an mháthair, agus bhuail sí suas ar dhroim a mac.

Bhí siad ag imeacht leo nó go raibh siad ag tarraingt ar an roilic. Ní raibh aon choisméig siúlta ag an máthair seo le deich mbliana roimhe sin. Nuair a chuala an fear, a bhí ag cartadh leis taobh istigh, an torann taobh amuigh shíl sé gurb é an fear a raibh an chaora goidte aige a bhí ann.

“Ah,” a deir sé de bhéic, “a’ bhfuil sí a’d? Tá súil a’m go bhfuil sí breá ramhar. Caith i leith anseo a’m í go ndéanfaidh muid dhá leith dhaoi!”

Shíl an bhean, a bhí ar dhroim a mac, ar ndó’, gurb í fhéin a bhí sé a rá agus ní rinne sí ach í fhéin a chaith’ anuas de dhroim a mac agus as go brách léithi. Agus thar éis nár shiúil sí aon choisméig le deich mbliana roimhe sin, ní raibh gair a’ bith ag an mac a theacht suas léi agus an oiread siúil a bhí aici go ndeacha sí abhaile.

Agus sin é mo scéalsa!