Cartlann Nuachta: 1 Iúil 2015

1 Iúil 2015


Dornálaí Óg na gCos!

Eric Norman as Cor na Rón

Eric Norman as Cor na Rón a bhuaigh bonn ag turnaimint Taekwon-do 2015 – an ‘Tribal Cup’ in Órán Mór le gairid.


Liathróid Láimhe Chumann Mícheál Breathnach

craobh chonnachta 2015
Ag Craobh Chomórtas Aon Bhalla Chonnachta ar an Domhnach seo caite, 28 Meitheamh, i mBéal Átha Ghártha, bhuaigh baill as Cumann Liathróid Láimhe Mícheál Breathnach trí bhonn óir agus bonn airgid amháin agus iad ag déanamh ionadaíocht do Chondae na Gaillimhe.

Ó chlé: Darragh O Fátharta, na hAille, Indreabhán – Craobh Buachaillí 19 agus faoi; Eimhin Ó Diollúin, Púirín, Indreabhán – Craobh Buachaillí 13 agus faoi; Mike Ó Diollúin, athair Eimhin – Craobh Fir C; Gerry Ó Fátharta, na Forbacha, a bhuaigh an darna áit i roinn na Máistrí Óir.


Traidphicnic – Féasta Ceoil sa Spidéal

TraidphicnicBeidh an fhéile ceoil tradisiúnta Traidphicnic 2015 ar bun ag an deireadh seachtaine, 3 Iúil go dtí 5 Iúil sa Spidéal. Seo an ceathrú bliain as a chéile a bhfuil an fhéile ar bun. Ábhar bróid do lucht a heagraithe go bhfuil lá sa mbreis ann i mbliana.

Tá na hócáidí ar fad saor in aisce ach iarrtar ar dhaoine an méid is féidir leo a íoc. Seo a leanas an clár.

Ceolchoirmeacha

Dé hAoine 3 Iúil

  • 3.00: Seoladh Traidphicnic ón stáitse. Seisiún ceoil le Charlie Lennon. Beidh fáilte roimh dhuine ar bith páirt a ghlacadh.
  • 5.00: Fís
  • 6.30: Tóla Custy, Laoise Kelly, Áine Ní Dhroighneáin.
  • 8.00: The Hernon Family & Mary Éinniú.

Dé Satharn 4 Iúil

  • 2.30: Ré – Liam Ó Maonlaí, Peter O’Toole, Eithne Ní Chatháin, Cormac Begley & Máitiú Ó Casaide.
  • 4.00: Liam O’Brien & Hajime Takahashi.
  • 5.30: Neansaí Ní Choisdealbha, Bríd Harper, Tom Byrne & Charlie Lennon.
  • 7.00: The Bonnymen.

Dé Domhnaigh 5 Iúil

  • 2.00: Rianú.
  • 3.30: Skippers Alley.
  • 5.00: Tap Room – Harry Bradley, Jesse Smith, Colm Gannon & John Blake.

Ceardlanna

Dé Sathairn 4 Iúil: 11.00 – 1.30

  • Clárú i Stiúideo Cuan: 10.30 (Daoine fásta €20, Gasúir €15)
  • Bosca Ceoil le Anne Conroy-Burke; Fidil le Tóla Custy agus Bríd Harper.
  • Feadóg Mhór le Harry Bradley.
  • Cláirseach le Laoise Kelly; Consairtín le Liam O Brien.

Dé Domhnaigh 5 Iúil 12.30-2.30

  • Clárú i Stiúideo Cuan 12.00
  • Máistir Rang le Johnny agus Johnny Óg Connolly. Oscailte do gach uirlis/meán go hard leibhéal.
  • Damhsa ar an Sean-nós le Seosamh Ó Neachtain

Níl anseo ach cuid de na himeachtaí a bheas ar bun. Tá an clár iomlán ar fáil mar pdf anseo: Clár Traidphicnic 2015


Ealaín Bheo i Scoil Sailearna

cogadh 017Bhí seachtain “Ealaín Bheo” ar bun i Scoil Sailearna in Indreabhán an tseachtain seo caite. Seachtain ealaíne is oidhreachta í seo a bhíonns ar bun go bliantúil sa scoil.

Bhí an-bhéim ar chultúr Gaelach na hÉireann ar feadh na seachtaine. Sé Darach Ó Tuairisg (Fíbín) a sheol an tseachtain go hoifigiúil ar maidin Dé Luain nuair a chroch sé “An Brat Glas,” a bronnadh ar an scoil le gairid (a bhuíochas sin do Rang a 4). Bhí clár lom lán arís i mbliana. Ó cheann ceann na seachtaine bhí na múinteoirí ag babhtáil ranganna, ag roinnt a gcuid scileanna agus ag tabhairt ceardlanna ealaíne, amhránaíochta, damhsa agus ceoil.

San oíche Déardaoin ag a 7.00 bhí “Cogadh na gCeoltóirí” ar bun i Seanscoil Sailearna, áit ar thug ceoltóirí óga na scoile aghaidh ar na seancheoltóirí. Sí Neansaí Ní Choisdealbha (Raidió na Gaeltachta) a bhí ag moltóireacht! Roinneadh an chéad áit idir Bhuíon Bhrian Bóraimhe (Rang a 3 & 4) agus Ceoltóirí Uí Chearbhalláin (Rang a 5 & 6). Dé hAoine ag a 1.00 i.n. cuireadh clabhsúr leis an tseachtain le ceolchoirm mhór i halla na scoile. Bhí tuismitheoirí na scoile thar a bheith tógtha leis an méid a bhí foghlamta ag na gasúir i gcaitheamh na seachtaine.


Iománaíocht – Bua ag Mícheál Breathnach

Cumann Mícheál BreathnachBhí bua slachtmhar ag iomanaithe Mhicheál Breathnach sa gCraobh Sóisir A ar an Domhnach, 28 Meitheamh, nuair a fuaireadar an ceann is fearr ar Skehana ar Pháirc an Turlaigh Mhóir.
Bhí cóir láidir gaoithe ag buachaillí Chois Fharraige sa gcéad leath agus iad chun cinn 1 – 7 i gcoinne 0 – 2. Sa dara leath thaispeáin na Breathnaigh croí iontach agus iad ag imirt ina aghaidh gála gaoithe, ach, i ndeireadh báire, d’éirigh leo an lá a thabhairt leo.

Ba é an scór deiridh ná Micheál Breathnach 1 – 13, Skehana 0 – 6.

Foireann Mícheál Breathnach: Kevin Beag Ó Conghaile, Jack Mac Giolla Bhríde, Antoine Chóil Ó Finneadha, Gearóid Ó Conghaile, Éinde Mhanais Ó Conghaile, Seán Chóil Ó
Finneadha (0 – 3), Ruadhán Ó Béarra, Adrian Ó Tuathail (0 – 2), Cian Ó Griallais, Maidhc Antoine Ó Conghaile (0 – 3), Darach Mac Con Iomaire (0 – 1), Oisín Ó Ceallaigh (0 – 1), Cian Mac Giolla Bhríde (0 – 1), Éinde Phaidí Beag Ó Conghaile, Fiach Ó Béarra (1 -2).
Fir Aonaid a úsáidiú: Pádraig Mac Giolla Bhríde, Marc Ó Duibhir (0 – 1).


Fógra ó Chumann Naomh Uinseann de Pól

svp-logoBeidh Cumann Naomh Uinseann de Pól ag bailiú ábhair sa gcarrchlós ag Séipéal na Tulaí ar an Satharn, 4 Iúil. Cuirfear fáilte roimh éadach, troscán, bréagáin, bric-a-brac agus eile ach an t-ábhar a bheith glan agus i riocht mhaith. De bharr cúrsaí slándála, ní ghlacfar le haon earraí leictreacha.


Rang 6, Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach

Rang a 6 -Scoil na Tulaí - 2015

Rang 6, Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach, a bhfuil tréimhse ocht mbliana críochnaithe acu ag an mbunleibhéal.

Ó chlé: Ailbhe Ní Chomhghain; Laura Nic Dhonnchadha; Stephen Ó Conghaile; Clodagh McCoy; Róisín Ní Chonghaile; Aoife Ní Neachtain; Chloe Bhreathnach Nic Eoin; Fodhla Ní Bhraonáin; Christopher Ó Flatharta; Mícheál Ó Curraoin Breathnach; Declan Ó Lochlainn; Evan Ó Márta; Tomás Ó Curraoin; Patrick Ó Gaoithín; Tommy Ó Donnchadha.

As láthair: Kianna Ní Mhárta; Aobh Nic Dhubhghaill; Maidhc Mac Dubhghaill