Cartlann Nuachta: 12 Iúil 2017

Traidphicnic 2017 – Pictiúirí

Traidphicnic2017_1

Kíla i mBun Ceoil

Traidphicnic2017_3

Johnny Óg Connolly agus Cairde

Traidphicnic2017_4

Róisín Ní Mhainnín i mBun Damhsa

Traidphicnic2017_5

An Óige i mBun Ceoil

Traidphicnic2017_6

Kíla!

Traidphicnic2017_2

Cuid den Slua a Bhain Taitneamh as Traidphicnic 2017


Campaí Samhraidh

TuismitheoirínaGBeidh dhá champa á reáchtáil in ionad SPLANC! Thuismitheoirí na Gaeltachta an samhradh seo, faoi stiúr Shorcha Ní Chéide. Tá tuilleadh eolais faoi na campaí agus sonraí teagmhála thíos.

Campa Damhsa le Sorcha Ní Chéide Agus Róisín Ní Mhainín
Ionad: SPLANC! Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua.
Dátaí: 17-21 Iúil
Am: 9.30-2.30
Costas: €40
Téigh i dteagmháil le Sorcha Ní Chéide ar 086-4063478 chun áit a chur in áirithe.

Campa Dramaíochta le Phil Uí Dhubhghail & a clann
Ionad: SPLANC! Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta An Cheathrú Rua
Dátaí: 14-18 Lúnasa
Am: 9.30-2.30
Costas: €40

Téigh i dteagmháil le Sorcha Ní Chéide ar 086-4063478 chun áit a chur in áirithe!


Leabhar faoin ‘Mine’

CuireadhSeoladhAnMineIs cosúil go bhfuil an-éileamh ar an leabhar faoin mianach mara a phléasc 100 bliain ó shin ar dhuirling an Locháin Bhig. ‘An Mine: Sléacht agus Ár i gCois Fharraige,’ is teideal don leabhar atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus curtha in eagar ag Lochlainn Ó Tuairisg. Ní iontas ar bith go mbeadh tóir ar an leabhar: ní amháin go bhfuil cur síos ar a dtarla ar an lá tubaisteach sin, 15 Meitheamh 1917, ach tá go leor grianghrafanna de ghaolta na ndaoine a maraíodh sa bpléasc. Sa leabhar chomh maith tá ainmneacha na ngarrantaí sa Lochán Beag agus tá mapa lamhdhéanta a theaspánann na tithe a bhí ar an Lochán Beag ag an am.

Tá cóipeanna den leabhar ar fáil le ceannacht ón Spailpín Fánach sa Spidéal, ó Chló Iar-Chonnacht, chomh maith le siopaí áitiúla i gCois Fharraige. Is féidir an leabhar a ordú ar an idirlíon chomh maith, ach dul ag an suíomh www.cic.ie.


Aonach Tailteann

tailteann-logo-wideTá an spiocdáta a bheas mar chuid d’AONACH TAILTEANN ag teannadh linn. Tá na foirmeacha iontrála le fáil ón suíomh www.tailteann.ie. Tá go dtí an Aoine, 7 Iúil, leis na foirmeacha do na comórtais scríbhneoireachta, filíochta agus ealaíne a fháil ar ais ag an lucht eagraithe. Tá go dtí an 28 Iúil leis na foirmeacha a chur ar ais sna comórtais éagsúla eile a bheas ar bun.

Tá sé mar sprioc ag Aonach Tailteann an Ghaeilge, an cultúr agus an spórt a chur chun cinn sa nGaeltacht, nasc a chruthú idir na ceantair Ghaeltachta, agus mórtas pobail agus teanga a neartú. Beidh imeachtaí ardáin, litríochta, agus lúthchleasaíochta ann do dhaoine óga agus do dhaoine fásta, amhránaíocht, coraíocht, snámh, lúibíní, rith agus eile ina measc.

Is ar an Satharn, 5 Lúnasa, a bheas na babhtaí cáilithe do cheantar Chonamara á reachtáil ar Pháirc an Chnoic (Páirc Chumann Micheál Breathnach). Tá babhtaí cáilithe le bheith i nGaeltacht Dhún na nGall chomh maith. Is ar an Satharn, 26 Lúnasa, a reachtálfar na babhtaí ceannais ar Pháirc an Chnoic, Indreabhán.

Más spéis leat cúnamh a thabhairt leis na comórtais a reachtáil, níl le déanamh ach spéis a léiriú trí ríomhphost a sheoladh ag eolas@nulltailteann.ie.


Briseadh do Nótaí Chois Fharraige

Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraige ar ais aríst ar an Déardaoin, 14 Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh seo, áit a mbeidh míreanna nua á n-uaslódáil gach seachtain.


12 Iúil 2017