Cartlann Nuachta: 17 Aibreán 2019

Lugh, Lasair agus an Draoi Briste

1_Dráma Tuis na Gaeltachta

Na gasúir atá páirteach sa dráma Lugh, Lasair agus an Draoi Briste, a bheas ar bun ón Aoine seo, 19 Aibreán, go dtí an Luan, 22 Aibreán, san ‘Amharclann Speisialta’, atá cóirithe go speisialta i monarcha de chuid Údarás na Gaeltachta ar Eastát Tionsclaíochta na Ceathrún Rua (idir an Stáisiún Dóiteáin agus an tIonad Cúram Leanaí).

[Pic: Seán Ó Mainnín].

Beidh an dráma Lugh, Lasair agus an Draoi Briste ar bun ón Aoine seo 19 Aibreán – Luan 22 Aibreán san ‘Amharclann Speisialta’, atá cóirithe go speisialta i monarcha de chuid Údarás na Gaeltachta ar Eastát Tionsclaíochta na Ceathrún Rua (idir an Stáisiún Dóiteáin agus an tIonad Cúram Leanaí).

Is dráma nuascríofa é le Darach Mac Con Iomaire faoi choimisiún ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Beidh suas le 75 gasúr páirteach ann ó ranganna na heagraíochta a bhíonn ar bun i gCois Fharraige, An Cheathrú Rua, Ceantar na nOileán agus Carna.

Dráma faoi chúrsaí comhshaoil atá ann agus an scrios atá á dhéanamh ar an dúlra. Tá an téama seo le feiceáil i chuile ghné den léiriú an seit á tógáil go speisialta ag an ealaíontóir Dara McGee ag úsáid ábhar ath-chúrsáilte (sean-mheaisíní níocháin agus a leithéid) agus na cultacha á ndéanamh ag an dearthóir Breege Fahy as sean-phlaisteach.

Beidh damhsa nua-aimseartha agus ceol nua-chumtha ann freisin mar a bhfuil Ríonach Ní Néill agus Morgan Cooke ag obair leis na gasúir.

I mbun oibre leis na gasúir freisin tá Eoghan Ó Loideáin, Máire Áine Ní Chuaig, Treasa Uí Chuaig, Máirín Nic Con Iomaire, Sarah Healy, Sorcha Ní Chéide agus Úna Ní Fhlatharta. Darach Mac Con Iomaire atá á léiriú agus an obair ar fad faoi stiúr fhoireann agus bord stiúrtha Thuismitheoirí na Gaeltachta.


Darkness into Light

Beidh an tsiúlóid Darkness into Light, a eagraíonn Pieta House ag ionaid éagsúla gach bliain, ar siúl arís i mbliana ar an gCeathrú Rua maidin Shathairn, 11 Bealtaine, ag tosú ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, ag 4.15 am.

Cuireann Pieta House seirbhís tacaíochta ar fáil do dhaoine atá i mbaol ón Féin Marú nó Féin Gortú.

Más mian leat páirt a ghlacadh san ócáid shiombalach seo, is féidir clárú ar líne ach dul ag www.darknessintolight.ie. Is ar líne amháin ar féidir clárú.


Club Leabhar Chois Fharraige

Pauline Nic Chonaonaigh lena leabhar nua filíochta, Tadhall, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

Pauline Nic Chonaonaigh lena leabhar filíochta Tadhall

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag castáil le chéile ar an gCéadaoin, 8 Bealtaine, i dTigh Mholly, Indreabhán, leis an leabhar nuafhoilsithe ‘Tadhall’ a phlé.

Pauline Nic Chonaonaigh ón Spidéal an t-údar. Tá an leabhar le fáil ó Chló Iar Chonnacht sa Spidéal.

Fáilte i gcónaí roimh dhaoine nua.


Scoileanna Chois Fharraige ar Stáitse

Rang _6_Scoil_Sailearna_Scoldrámaíocht 2019

Rang a Sé, Scoil Sailearna, ar stáitse le linn Fhéile Naisiúnta Scoldrámaíocht 2019

Ag an bhFéile Náisiúnta Scoldrámaíochta an tseachtain seo caite fuair Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, an chéad áit in Éireann don dráma C.E.A.R.T.A., dráma faoi Ghluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta, a bunaíodh 50 bliain ó shin. Bhí an moltóir an-tógtha leis an amhrán a bhí ag deireadh an dráma agus beidh duais speisialta ag dul don amhrán.

Roghnaíodh Scoil Sailearna, An Spidéal, mar an Bhunscoil Ghaeltachta is Fearr. Bhí dhá dhráma ag Scoil Sailearna sa gcomórtas: ‘Cigire na Gaeilge’ agus ‘Lúithrín’.

Beidh duais ag dul chomh maith do Scoil Cholmcille, An Tulach, faoin scriopt is cliste a bhí ag an dráma ‘Bóithrín na Smaointe’.

Bronnfar na duaiseanna ar na buaiteoirí ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh ar an gCéadaoin, 8 Bealtaine.


Faoi Lámh Easpaig Ros a’ Mhíl

Comhneartú i Ros a' Mhíl 2019

Gasúir ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, a chuaigh faoi lámha an easpaig le gairid i Séipéal Cill Treasa leis an Easpag Breandán Ó Ceallaigh agus an tAthair Seán Mac Aoidh.

Sa lár, ó chlé: Síofra Nic Dhonnacha, Róise Ní Mhurchú, Caoimhe Ní Chualáin, Paul Bheilbigh, Eoin Ó Coistealbha, Éabhadh Nic Dhonnacha.

Chun tosaigh, ó chlé: Cian Breathnach, Elisha Herbert, Sheona Ní Dhonnchadha, Diarmad Ó Fátharta, Keelan Mac Donnacha, Ciarán Ó Fatharta, Seán Ó Nia.


Oíche in Omós do Mhaire Pheitir

2_Slua i dTigh Chualáin ag Oíche Mháire Pheitir

Cuid den slua mór, idir daltaí is tuismitheoirí, a bhí i láthair ag an oíche in omós do Mháire Pheitir Uí Dhroighneáin, a eagraíodh i dTigh Chualáin an Aoine seo caite, le buíochas a ghlacadh léi faoin méid atá déanta aici thar na blianta leis an amhránaíocht ar an sean nós a thabhairt do dhaoine óga i gCois Fharraige.

[Pic: Johanna Ní Mháille]

Bhí oíche den scoth Tigh Chualáin Dé hAoine seo caite, nuair a fuair pobal Chois Fharraige deis ceiliúradh a dhéanamh ar an méid a bhí déanta ag an amhránaí cliúiteach, Máire Pheitir Ní Dhroighneáin, ar son aos óg an cheantair, le linn na mblianta fada a chaith sí ag múineadh an tsean-nóis ansin.

Tháinig a cuid daltaí óga, a dtuismitheoirí, iar-dhaltaí dá cuid agus go leor de laochra móra an tsean-nóis le chéile do oíche amhránaíochta agus shiamsaíochta a bhí fíor-speisialta.

Ba í Orla Ní Fhinneadha, duine acu siúd ar mhúin Máire Pheitir í, a bhí ina bean a tí ar an ócáid, dualgas a chomhlíon sí go cumasach. Bronnadh saothar ealaíne ar Mháire, a bhí déanta ag amhránaí cumasach eile, Caitlín Pheaits Ní Chualáin, agus d’aithris Páid Ó Neachtain dán a chum Joe Steve Ó Neachtain go speisialta don ócáid. Ar ndóigh bhí Joe ina leathbhádóir ag Máire le blianta ar Ros na Rún.

Ach ba é buaicphointe na hoíche, an seisiún amhránaíochta a bhí ag a n-iar theagascóir leis na gasúir bheaga, a bhí tagtha uair amháin eile le casadh in éineacht leis an amhránaí a bhfuil siad chomh mór léi i gcónaí, Máire Pheitir Uí Dhroighneáin.

Orla Ní Fheinneadha agus Máire Pheitir (Aib 2019)

An t-amhránaí Orla Ní Fhéinneadha in éindí le Máire Pheitir Uí Dhroighneáin, ag an oíche a eagraíodh in omós do Mháire Pheitir agus mar chomhartha buíochais as an méid atá déanta aici thar na blianta leis an amhránaíocht ar an sean nós a thabhairt don ghlún óg agus iad ag fás aníos i gCois Fharraige.

[Pic: Johanna Ní Mháille].


Comóradh na Cásca

Beidh Comóradh na Cásca ag Sinn Féin ar siúl Dé Domhnach seo chugainn ag 12:00in ag Teach an Phiarsaigh, Rosmuc, agus fáilte roimh cách.


Iománaithe Chois Fharraige

Éinne Bouli Ó Conghaile Iomáint (2018)

Éinne Ó Conghaile ó fhoireann iománaíochta Micheál Breathnach a bheas ag imirt ar an Aoine seo, Aoine Céasta, in aghaidh Bearna/Na Forbacha sa gcluiche cinniúnach ar Pháirc an Chnoic ag 7.00pm.

Beidh cluiche tábhachtach iománaíochta ar Pháirc an Chnoic an Aoine seo, 19 Aibreán, idir an dá fhoireann sóisear i gCois Fharraige: Cumann Micheál Breathnach agus Bearna/Na Forbacha sa gcomóras Sóisear 1. Níl ach trí fhoireann sa ngrúpa: Ballygar, Cumann Micheál Breathnach agus Bearna/Na Forbacha. Bhuail Bearna/Na Forbacha Ballygar agus chríochnaigh an cluiche idir na Breathnaigh agus Ballygar ar chomhscór. Ar an gcaoi sin beidh buaiteoirí ón gcluiche ar an Aoine ag dul tríd ar bharr an ghrúpa. Is leor comhscór do Bhearna/Na Forbacha le dul tríd ar bharr an ghrúpa leis na Breathnaigh sa darna áit. Tosóidh an cluiche ag 7.00pm.


Aifreann Cuimhneacháin ag Dumhach na Leanbh

Dumhach na Leanbh Athchóirithe 2019

Dumhach na Leanbh Athchóirithe

An Déardaoin seo chugainn (25 Aibreán) beidh Aifreann Chuimreacháin á cheiliúradh ag 7.30pm thíos ag ‘Dumhach na Leanbh’ an tseanreilig athchóirithe ar an Teach Mór.

Tá obair mhór déanta ag an tseanreilig ag an bhfochoiste den Chumann Forbartha atá ag obair le bliain anuas ar an athchóiriú. Tá an chrois glanta agus pláistéaracht bhán curtha air. Cuireadh an chrois in airde den chéad uair i 1984. Tá leacht á socrú chomh maith a mhíneoidh do chuairteoirí faoin reilig agus tá bileog eolais réitithe ag an gcoiste.

Le nach mbeidh fadhbanna tráchta ann, ní bheidh aon charrannaí á scaoileadh síos Bóthair Clansa an tráthnóna sin, ach amháin do dhaoine a bhfuil cónaí acu ar an mbóithrín. Iarrtar ar dhaoine a gcuid carrannaí a pháirceáil ag an bPoitín Stil roimh 7.00pm agus siúl síos ag Dumhach na Leanbh. Beidh mionbhus curtha ar fáil ón bPoitín Stil do dhaoine a mbeadh deacracht acu siúl chomh fada sin, ag tosaí ag 6.45pm.

Beidh Cór Shéipéal an Chnoic, faoi stiúr Caitríona Uí Bhéarra, ag cur ceoil ar fáil le linn an Aifrinn. Sé an tAthair Stiofán Mac Donnacha a bheas ag ceiliúradh an Aifrinn.

Sa gcás go mbeidh an aimsir go dona, tá socrú déanta an tAifreann a bheith i Séipéal an Chnoic. Sa gcás go mbeidh an tAifreann á aistriú ag an séipéal de bharr drochaimsire, fógrófar é sin ar an lá ar Nuacht an Iarthair (RnaG) ag 5.00pm is 6.00pm.


AGM an Chumann Forbartha

Glór na nGael

Baill Chumann Forbartha Chois Fharraige nuair a bronnadh duais Ghlór na nGael anuraidh

Seachtain ón Máirt seo chugainn, 30 Aibreán, a bheas an cruinniú cinn bhliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ag tosaí ag 8.00pm sa gCrann Taca (ITT).

Faoi láthair tá naonúr ar an gCoiste Stiúrtha: Gearóid Willy Ó Fáthartha (Cathaoirleach), Kate Fennell (Rúnaí), Mamie Ní Chualáin (Cisteoir), Pádraig Mac Diarmada (Leaschathaoirleach), Donncha Ó hÉallaithe, Máirín Mhic Lochlainn, Ríonach Ní Néill, Seán Ó Tuairisg agus Máire Áine Ní Dhonnacha.

Glacfar le baill nua roimh an gcruinniú ó 7.30 ar aghaidh, ach foirm ballraíochta a bheith líonta. Tá na foirmeacha ar fáil ag doras Shéipeál an Chnoic, san ITT, in Oifig an Chomharchumainn agus sa gComhar Creidmheasa, Indreabhán. Is féidir foirm a fháil chomh maith ach ríomhphost a chur ag cumannforbartha@nullgmail.com. Is gá a bheith cláraithe mar bhall den Chumann Forbartha le bheith i dteideal freastal ar an AGM. Daoine a bhfuil foirmeacha líonta acu cheana ní ghá dóibh foirmeacha nua a líonadh.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Peil (f14): Ml. Breathnach 1 04, Killanin 3 03.

Peil (f14): Ml. Breathnach 2 02, Moycullen 2 03.

Peil (f14): Ml. Breathnach 1 06, Cliften 3 05.

Peil(Roinn 6): An Spidéal 0 09, Ml. Breathnach 2 12.

Peil(Roinn 1): An Spidéal 1 07, Annaghdown 2 04.

Peil (Roinn 3): Ml. Breathnach 0 09, Dunmore Mc Hales 1 12.

Iomáint (Mionúr): Micheál Breathnach 0 00, Craughwell 21 20.

Camógaí (f12): Cois Fharraige 3 00, Abbeyknockmoy 1 02.

Sacar (Connaught Shield f18): Bearna/Na Forbacha 2, Maree-Oranmore 4.


17 Aibreán 2019