Cartlann Nuachta: 18 Deireadh Fómhair 2017

Gaeilge v. Polainnis i Ros a Mhíl

Lá speisialta ar bhí ar an gCanal i Ros a’ Mhíl ar an Satharn seo caite, 14 Deireadh Fómhair, nuair a bhuail Cois Fharraige na Dynamo Blues i Sraith Chomórtas Sacair na Gaillimhe.

Bhí trí theanga le cloisteáil ar an bpáirc le linn an chluiche: Gaeilge is mó ag buachaillí Chois Fharraige, mar a bheifeá ag súil, agus Polainnis ar an gcuid is mó ag Dynamo Blues, le corr abairt Bhéarla anseo is ansiúd. Is beag súil ag an bhfear a bhaist An Canal ar an bpáirc go dtiocfaidh an lá go mbeadh Polainnais le cloisteáil ann. Bhí páirc Ros a’ Mhíl á réiteach an t-am céanna a raibh an Panama Canal á thógáil, agus baisteadh An Canal ar an bpáirc.

Bhí an bua ag lucht na Gaeilge ar lucht na Polainnise, leis an scór 3 in aghaidh 1 sa gcluiche ar an Satharn. Cluiche crua fuinniúil a bhí ann, ina raibh na leaids áitiúla i gceannas furmhór an ama. Fuair Chris Ó Biadh, ón mBóthar Buí, an trí chúl do Chois Fharraige. Fágann an bua sin go bhfuil Cois Fharraige ar bharr an tábla i Roinn 3, gan aon chluiche caillte fós i mbliana.


Báireoirí Chois Fharraige in Albain

Foireann Camógaí Chois Fharraige, a bhain an comórtas Camánaíochta (Shinty) in Albain an deireadh seachtaine seo caite, leis an scór 4 – 0.

Ar chúl ó chlé: Caitríona Ní Fhrighil, Máirtín Ó Dubhghaill, Emer Ní Mhaoileoin, Maela Ní Choistealbha, Mary Ní Fhinné, Béibhinn Ní Ghríofa, Áine Ní Chonghaile, Laura Ní Ifearnáin, Niamh Ní Mhaoileoin, Martina Ní Ghabháin, Máire Treasa Ní Dhubhghaill.

Chun tosaigh ó chlé: Dearbhail Ní Chaoimh, Becky Ní Éallaithe, Tiffany Ní Choistealbha, Áine Ní Dhubhghaill, Fionnuala Ní Gruineil, Sorcha Ní Fhrighil, Léan Breathnach, Treasa Ní Chadhain.

An deireadh seachtaine seo caite bhí báireoirí Chois Fharraige, idir fir is mná, ag lascadh an sliotair i Gearasdan (Fort William) in Iarthar na hAlban sa gcomórtas bliantúil Iomáin Cholmcille. Leagan den chamánaíocht (shinty) a bhí á imirt sa gcomórtas. Bhí cead ag na fóirne Chois Fharraige gnáthchamán a úsáid, ach ní raibh aon chead acu an sliotar a thógáil isteach ina láimh.

Bhí an bua ag na mná ó Chumann Camógaíochta Chois Fharraige ar fhoireann na hAlban, leis an scór 4 – 0, ach buaileadh na fir ó Chumann Micheál Breathnach.


Scannán ón Rómáin sa tSeanscoil Anocht

An Déardaoin seo, 19 Deireadh Fómhair, beidh scannán nua ón Rómáin, GRADUATION, á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ag an gClub Scannán. Baineann scéal an scannáin le doctúir: ionsaítear a iníon go fíochmhar agus an chéad lá eile tá sí ceapaithe scrúdú tábhachtach a dhéanamh le áit a fháil in Ollscoil sa mBreatain. Socraíonn an doctúr a ladhar a chur isteach sa scéal, lena chinntiú nach mbeidh a hiníon thíos leis, ach ní oibríonn rudaí amach mar a bhíonn sé ag súil.

Tosóidh an scannán ag 8.15pm. Fáilte roimh daoine nach baill iad ach íoc ag an doras.


Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige

Tá Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige ag dul ó neart go neart i gcónaí. Chuile Dé Máirt, ón 11.00 go dtí an 1.00 in, bíonn an gnáth-theacht le chéile ar siúl sa gCruiscín Lán, An Spidéal, faoi stiúr Mháirtín Uí Chadhain agus Mheaiti Joe Shéamuis.

Tá grúpa de na foghlaimeoirí ag réiteach dráma i gcómhair na Nollag faoi láthair. Dráma nua-scríofa le Máirín Mhic Lochlainn atá ann, agus sí an imirce téama an dráma seo. Tagann na haisteoirí le chéile Tigh Giblin ar an Spidéal chuile thráthnóna Dé Céadaoin ón 7.00 go dti 8.30 i.n. leis an dráma a chleachtadh.

Ansin ar an Satharn sa gCruiscín Lán, bíonn Club Leabhar Gaeilge de fhoghlaimeoirí ag teacht le chéile agus iad ag léamh leabhra deasa páistí. Bíonn roinnt gasúir páirteacht san imeacht seo freisin.

Chomh maith leis sin, bíonn siúlóidí cultúrtha, stairiúla agus dúlra ar siúl ag an gClub ó am go chéile.


Cailíní Chois Fharraige i nDá Chluiche Ceannais

Tá dhá fhoireann de chuid Cumann Camógaíochta Chois Fharraige faighte tríd go cluichí ceannais chontae. Bhuail cailíní Chois Fharraige faoi 15 foireann ó Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach sa gcluiche leathcheannais ar an Domhnach seo caite, leis an scór Cois Fharraige 3 – 8 in aghaidh cúilín amháin. Níl an cluiche ceannais socraithe fós.

Beidh an fhoireann mionúr camógaí ag imirt sa gcluiche ceannais (Roinn B) ar an Domhnach seo chugainn in aghaidh Bleá’n Rí. Is i gCinn Mhara a bheas an cluiche ag tosú ag 12 meán lae.


Cúrsa Ríomhaireachta le Tosaí

Ar an Luan seo chugainn, 23 Deireadh Fómhair, a thosóidh cúrsa nua ríomhaireachta I Seanscoil Sailearna, eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, le tacaíocht ón scéim oideachas pobail a riarann an GRETB. Cúrsa 6 seachtaine a bheas ann, ón a 7.00 go 9.30pm, gach tráthnóna Luain idir seo agus deireadh mhí na Samhna.

Julianne Ní Chonchubhair (ar chlé) a bheas ag stiúradh an chúrsa, a bheas an-fheiliúnach do dhaoine a bhfuil an cúrsa do thosaitheoirí déanta acu cheana, atá ag iarraidh níos mó cleachtadh agus feabhas a chur ar a gcuid scileanna.

Clúdófar ar an gcúrsa an gnáth-úsáid a bhíonn ag daoine do ríomhairí: dul ar an idirlíon, ríomhphost a sheoladh, litreacha a scríobh, Skype a úsáid etc. Is féidir clárú don chúrsa ón 6.45pm ar an Luan seo chugainn, sula thosaíonn an cúrsa agus an táille €30 a íoc. Is féidir níos mó eolais a fháil faoin gcúrsa agus d’ainm a chur síos ach glaoch nó téacs a chur ar an uimhir 086 4048881.


Cumann Staire agus Seanchais

Beidh séasúr úr Chumann Staire agus Seanchais Chois Fharraige ag tosaí ar an Déardaoin seo chugainn, 19 Deireadh Fómhair. ‘Bunú Sráidbhaile an Spidéil’ a bheas mar ábhar cainte ag Conall Ó Murchadha, ábhar ar cheart a bheith fíorspéisiúil do dhaoine de bhunú an Spidéil nó a bhfuil cónaí orthu ann. I gColáiste Chonnacht a bheas an léacht ar bun agus tosóidh sé díreach ag 8pm.


Club Leabhar Chois Fharraige

Beidh an chéad tíocht le chéile eile ag an gClub Leabhar ar an gCéadaoin, 15 Samhain, leis an leabhar ROGHA SCÉALTA le Pádraic Ó Conaire a phlé. Tá an leabhar ar fáil ó Chló Iar-Chonnachta sa Spidéal.

Mar go bhfuil leabharlanna na Gaillimhe ag déanamh comóradh ar Phádraic Ó Conaire, is i Leabharlann an Spidéil a bheas an tíocht le chéile ar an 15 Samhain ag 7.00pm agus ní ag 9.00pm mar a bhíonn go hiondúil.

Beidh an t-aisteoir, Diarmaid de Faoite, mar aoi speisialta ar an oíche. Tá seó aonair faoi shaol SheanPhádraic déanta ag Diarmaid agus an-eolas aige ar a shaothar.


Dhá Fhoireann Diospóireachta ón Spidéal Tríd

An fhoireann díospóireachta sinsir ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ar éirigh leo fáil tríd go dtí an chéad bhabhta eile i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain, a reachtálann Gael Linn.

Ó chlé: Aisling Ní Chonghaile, Siobhán Ní Neachtain agus Liadh Robertson.

Bhí an chéad bhabhta de chomórtas díospóireachta Gael Linn ar bun sa Spidéal ar an Déardaoin seo caite, 12 Deireadh Fómhair 2017. Foirne ó chathair agus ó chontae na Gaillimhe a bhí san iomaíocht. Is comórtas náisiúnta é seo a eagraíonn Gael Linn do scoileanna lán-Ghaeilge den dara leibhéal.

Ba iad na foirne sóisearacha a chur tús leis an ócáid agus iad ag plé an rún ‘Ba cheart deireadh a chur le comórtas Rós Thrá Lí’! Fóirne ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, agus Scoil Cuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, a chuaigh tríd ag an gcéad bhabhta eile.

Sa gcomórtas sinsir bhí an rún tráthúil seo a leanas á phlé: ‘Is miotas é stádas amaitéarach Chumann Lúthchleas Gael!’. Arís siad na fóirne ón Spidéal agus ón gCeathrú Rua a chuaigh tríd i rannóg na sinsir.

An fhoireann díospóireachta sóisir ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ar éirigh leo fáil tríd go dtí an chéad bhabhta eile i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain, a reachtálann Gael Linn.

Ó chlé: Skylyn Ní Mháille, Oisín Ó Coisdealbha agus Seán Ó Gallchobhair.


Torthaí Spóirt

  • Peil (faoi 14): Micheál Breathnach 6 – 11, Uachtar Ard 2 – 08.
  • Peil (Roinn 3): An Spidéal 1 – 09, Barna GAA 0 – 13.
  • Camógaí (faoi 15): Cois Fharraige 3 – 08, Bothar na Trá 0 – 01.
  • Sacar (Roinn 3): Cois Fharraige 3, Dynamo Blues, Tuam 1.
  • Peil na gCailíní (faoi 16): Micheál Breathnach 3 – 07, Cealtach 6 – 11.

18 Deireadh Fómhair 2017