Cartlann Nuachta: 20 Iúil 2016

20 Iúil 2016


Tá na hAlbanaigh ag Tíocht

IOMÁIN CHOLMCILLEAr an Domhnach seo chugainn, 31 Iúil, ar Pháirc an Chnoic anseo i gCois Fharraige beidh idir Gaidhlig is Gaeilge á labhairt ar pháirc na himeartha nuair a bheas cluichí iomána agus camógaíochta ar bun idir fóirne as Albain agus as Éirinn, le linn IOMÁIN CHOLMCILLE 9.

Ní hamháin go mbeidh fóirne ó Albain ag tíocht ann ach beidh foireann camógaíochta NA GAEIL ÓGA ag tíocht anoir le cluiche a imirt le mná Chois Fharraige.

Shinty nó Camán a thugtar ar an iománaíocht in Albain. Tá déanamh difriúil ar an gcamán agus níl aon chead ag na himreoirí breith ar an sliotar ach tá cead é a bhuaileadh san aer.

Deis íontach é seo leis an gcluiche Shinty, atá dúchasach do Ghaeltacht na hAlban, a fheiceáil á imirt. Tá an blaiseadh seo den deireadh seachtaine ar YouTube:

Cuirfear tús le himeachtaí an lae le seisiún oiliúna d’aos óg an cheantair ag meánlae agus ina dhiaidh sin a imreofar cluichí móra an lae. Beidh Mícheál Breathnach in aghaidh fhoireann as Albain sa shinty/iománaíocht, agus tabharfaidh cailíní Chois Fharraige aghaidh ar na hAlbanaigh sa gcamógaíoch/shinty na mban.

Beidh oíche mhór cheoil ansin i dTigh Chualáin oíche Dé Domhnaigh chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid.

Seo an naoiú huair a reachtáilfear an comórtas seo.  Reachtáileadh den chéad uair é in Óban na hAlban i 2006.

Tá breis eolais faoi imeachtaí an lae le fáil ó: Cárthach Bán Breathnach – 086 1764799 nó Oisín Ó Ceallaigh – 086 1011125.


Bua ag Fóirne Ban Chois Fharraige

Foireann Peil na mBan (2016)

Bhí bua maith ag foireann ban ó Chumann Micheál Breathnach ar an Satharn seo caite, nuair a bhuail siad Muine Mheá sa gcluiche ceannais do Sciath an Chontae leis an scór Cumann Micheál Breathnach 2 – 10, Muine Mheá  0 – 06.

Ar chúl ó chlé: Steve Mannion (traeneálaí), Christine Nic Ghiolla Choinnigh, Orlaith Ní Dhireáin, Ciana Ní Churraoin, Caitríona Ní Churraoin, Sinéad Ní Mhaoláin, Méala Ní Choistealbha, Aoife Nic Ghiolla Choinnigh, Eimear Ní Bhiaidh, Eleanóir Ní Fhéinneadha, Niamh Ní Chonaill, Saoirse Howlin.

Chun tosaigh ó chlé: Caoimhe Ní Choistealbha, Leán Breathnach, Áine Ní Mhaoláin, Sadhbh Ní Cheallaigh, Bernadette Ní Fhéinneadha (capt), Mary Ní Fhéinne, Emer Níc Dhonnacha, Becky Ní Éallaithe, Sadhbh Howlin, Majella Nic Dhonnacha.

Bronnadh an Sciath (Peil na mBan 2016)

Bernadette Ní Fhéinneadha ag glacadh leis an Sciath tar éis do fhoireann ban Micheál Breathnach an ceann is fearr a fháil ar mhná Muine Mheá leis an scór 2 -10 in aghaidh 0 – 6.

Agus ar an Luan seo caite i Ros a’ Mhíl fuair foireann camógaíochta Chois Fharraige an ceann is fearr ar fhoireann ó Bhaile Locha Riach, Na Seamróga, leis an scór 2 – 10 in aghaidh 2 – 08.

Camógaí (CF v Seamróga)

Siobhán Ní Mhaoileoin ó Chumann Camógaí Chois Fharraige ag piocadh suas an sliotair sa gcluiche in aghaidh Na Seamróga (Baile Locha Riach), cluiche ina raibh an bua ag cailíní Chois Fharraige leis an scór 2 – 10 in aghaidh 2 – 08. 


Ealaín na bhForbacha sa Teach Baisteach

Beidh taispeántas ealaíne ar siúl sna Forbacha ón Satharn 23 Iúil go dtí 6 Lúnasa sa Teach Baisteach, Carraig na Gréine. Tá an halla cruinnithe sa Teach Baisteach cóirithe mar ghailearaí don ócáid seo. Beidh 17 ealaíontóirí ón gcomhluadar Baisteach agus ó cheantar na bhForbacha á dtaispeáint. Tá an ócáid seo eagraithe chun deis a thabhairt do mhuintir na h-áite agus do chuairteoirí blaiseadh a fháil den saibhreas ealaíne seo ins an láthair aoibhinn seo cois farraige.

Searmanas Oscailte: Beidh an ócáid dá oscailt ag Teachta Dála Hildergarde Naughton ar an Aoine an 22ú Iúil 2016 ag 6 i.n.

Beidh sóláistí ar fáil agus tionlacan ceoil cláirsigh ó Úna Ní Fhlanagáin.

Ealaín na bhForbacha 2016


Scoil Samhraidh an Phiarsaigh i Ros Muc

ScoilSPBeidh roinnt ocáidí móra ar bun i nGaeltacht Chonamara le linn an deireadh seachtaine fada, atá ag teannadh linn.

I Ros Muc beidh Scoil Samhraidh an Phiarsaigh ar bun idir an Déardaoin, 28 Iúil go dtí an Satharn, 30 Iúil, eagraithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. Clár spéisiúl atá leagaithe amach don ocáid. Seo cuid de na himeachtaí is tábhachtaí a bheas ar bun le linn na scoile:

  • Déardaoin, 28 Iúil ag 8.00 i.n: Dúnmharú Mhám Treasna mar chás staidéir ar ‘Riaradh an Dlí agus an Chirt san am roimh Éirí Amach 1916’ le Seán Ó Cuirreáin.
  • Déardaoin, 28 Iúil ag 8.45 i.n: An Piarsach i bPictiúr á chur i láthair ag Fíbín.
  • Aoine, 29 Iúil ag 10.00 i.n: ‘Éire Saor agus Gaelach – Brionglóid an Phiarsaigh’ leis an Dr. Mary Harris.
  • Aoine, 29 Iúil ag 20.00 i.n: Díospóireacht Mhór na Gaeltachta leis an Aire Stáit Seán Kyne T.D., Éamon Ó Cuív T.D., An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, faoi chathaoirleacht Páidí Ó Lionáird.
  • Satharn, 30 Iúil ag 10.30 i.n: Turas ar Shlí Oidhreachta an Phiarsaigh le Seosamh Ó Cuaig.

Tá na himeachtaí saor in aisce ach iarrtar ar dhaoine ar spéis leo freastal ar an Scoil Samhraidh réamhchlárú roimh an Luan seo chugainn, 25 Iúil, tré d’ainm a chur ag gaeilge@nullcocogaillimh.ie.

Tá breis eolais faoi Scoil Samhraidh an Phiarsaigh le fáil ó Oifigeach Gaeilge an Chomhairle Chontae, Páid Ó Neachtain ag an uimhir 091 509325.


Torthaí Spóirt na Seachtaine Seo

  • Peil na nBan: Ml. Breathnach 2 – 10, Muine Mheá 0 – 06.
  • Peil (Sinsir): Ml. Breathnach 1 – 09, Barna GAA 3 – 13.
  • Peil (Roinn 3): An Spidéal 1 – 10, Monivea-Abbey 2 – 14.
  • Peil (Mionúr A): An Spidéal 1 – 11, Barna GAA 4 – 14.
  • Peil (Mionúr B): Ml. Breathnach 1 – 13, St Michael’s 1 – 14.
  • Camógaí (Sóisir): Cois Fharraige 2 – 10, Na Seamróga 2 – 08.
  • Iomáint f13: Cois Fharraige 4 – 05, Ath Eascrach/Fothaine 2 – 04
  • Iomáint f12: An Spidéal 0 – 05, Bearna/Na Forbacha 6 – 0

Taispeántas Ealaíne sa Spidéal

TspElnLisa

Tá taispeántas ealaíne leis an ealaíontóir áitiúil Lisa Uí Choistealbha ar bun faoi láthair sa Spidéal thuas staighre Tigh Ghiblin. Is as an Ísiltír do Lisa agus cónaí uirthi le píosa ar an bPáirc. Pictiúirí tírdhreacha is mó atá sa taispeántas, a osclaíodh ar an Déardaoin, 21 Iúil.


Campaí Samhraidh 2016

Seo a leanas liosta na gcampaí samhraidh a bheas á reáchtáil as seo go ceann cúpla seachtaine:

  • Bogha Ceatha, An Spidéal; 3 – 6 bliain. Campaí seachtaine mí Iúil ar fad.  Eolas: Anne Marie, 091 -897851.
  • Scoil Éinne, An Spidéal; 5 – 12 bl. Campa Neam Neam, 25 Iúil.  Eolas: Norita, 087 – 6675584.
  • Páirc An Spidéil; 7 – 12 bl. Cúl Camp Peile, 1 Lúnasa.  Eolas: Liam, 086 3062401.
  • ITT, An Cnoc; 3 – 6 & 7 – 12 bl. Campaí Spraoi, gach seachtain mí Iúil.  Eolas: Morgan, 091 593017.
  • An Piniúr, An Cnoc; 7 – 15 bl. Campa Liathróid Láimhe, 1 Lúnasa.  Eolas: Jimmy, 0877794274.
  • Coláiste Cholmcille, Indreabhán; 4 – 16 bl. Drámaíocht is Ealaín, gach Luan mí Iúil. Eolas: Liam, 091 593195.

Comórtas Pobail an Chomhar Creidmheasa

CCCC

Tá do dtí an Domhnach, 31 Iúil le vótaí a chaitheamh do na hiarratais ar an gcomórtas do eagraíochtaí pobail atá eagraithe ag Comhar Creidmheas Cholmcille. Níl le déanamh ach dul go leathanach Facebook an Chomhar Chreidmheasa agus ‘like’ a bhrú le pé acu den sé iarratas a thaithníonn leat.

Trí dhuais atá ann: €3,500 mar chéad dhuais, €1000 mar tarna dhuais agus €500 don tríú dhuais.

Seo a leanas cur síos gearr ar an 6 iarratas atá istigh ar an gcomórtas:

  1. TRAIDPHICNIC: Coiste Pobail deonach muid atá ag cur chun cinn na n-ealaíona agus an traidisiún ceoil áitiúil i measc an phobail agus an aos óg, ag cur le h-eacnamaíocht an cheantair tré féile spraoiúil deireadh seachtaine mar aon le himeachtaí eile i gcaitheamh na bliana i nGaeilge nó go dhátheangach.
  1. COMHARTHAÍ BÓITHRÍNÍ: Ag ceann chuile bhóithrín, ó Droichead Chroimlinne aniar go Droichead an Spidéil, ba mhaith le Cumann Forbartha Chois Fharraige comhartha a chrocadh ar a mbeadh ainm traidisiúnta an bhóithrín scríofa, ach dul i gcomhairle le muintir an bhaile faoi roimhré. Ní hamháin go mbeadh sé níos éasca daoine a threorú is a aimsiú, ach dhéanfaí na sean-ainmneacha a chaomhnú is a choinneál in usáid.
  1. GASÓGA MARA: Treallaimh a cheannach ar nós seaiceáid tárthála, wetsuits, kayaks agus pubail do Ghasóga Mara na Gaeltachta, an t-aon ghrúpa lán-ghaelach sa tír, atá bunaithe ó 2015, chun gasúir na háite, idir 6 agus 12 bliain d’aois a thabhairt le chéile ar bhealach spraoiúil, le imeachtaí tíre agus farraige.
  1. GÁIRDÍN POBAIL: Spás sóisialta agus sláinte glas a sholáthar don phobal, tré forbairt a dhéanamh ar phíosa talamh idir an dá pháirc imeartha ar an Máimín i Leitir Móir, le buntáistí sláinte, sóisialta agus timpeallachta a thabhairt don phobal. Theadh polytunnel agus plandlann mar chuid den tionscadail.
  1. PÁIRC na hÓIGE: Áis a fhorbairt amuigh faoi aer ag Scoil Sailearna, Indreabhán le go bhféadfaí áit lárnach a chruthú don aclaíocht agus don chleachtadh coirp i saol an ghasúir óig. Thabharfadh sé deis d’fhoireann na scoile gníomhaíochtaí oideachasúla, spóirtiúla, cluichí agus cleachtadh coirp a eagrú ag amanta feiliúnacha, gan réamhdhualgas áirithinte.
  1. SEISIÚN CEOIL na nÓG: Bíonn dhá sheisiún ceoil sa tseachtain ar bun i gCois Fharraige – ceann sa gCrann Taca ar an Domhnach do na gasúir bunscoile agus ceann sa Droighneán Donn do na déagóirí.  Tá thart ar 70 ceoltóir óg cláraithe agus bíonn suas le 40 idir an dá sheisiún chuile sheachtain.  Is deis iontach é seo do cheoltóirí óga idir 6 is 16 bliain d’aois teacht le chéile ag casadh ceoil taobh amuigh den rang ceoil nó den scoil, meallta ag comhluadar, ag craic agus ag sóláistí a chuirtear ar fáil.

Siopa Glasraí Aonghusa

Is fiú go mór stopadh ag an siopa beag glasraí atá oscailte i mbliana ag Aonghus Ó Coistealbha in Indreabhán.  Tá réimse breá na nglasraí úra orgánacha á dhíol ann, idir fataí nua, píseanna, cabáiste, biatais, oiniúin agus leitís.

Le roinnt blianta anuas tá forbairt déanta ag Aonghus ar an talamh timpeall ar an teach inar tógadh é. Tá an siopa ar an taobh ó thuaidh den phríomhbhóthair, díreach taobh thiar den teach tábhairne, Tír na nÓg.

Garraí Aengus

Triúr lucht woofála ó Mheiriceá a bhí ag obair le mí anuas sa nGarraí Glasraí, atá ag Aengus Ó Coistealbha, ar thaobh an bhóthair in aice le Tír na nÓg.

Ó chlé: Sarah Maher, Mississippi, Brigid Cruser, New York, agus Molly Bernstein, Pennsylvania.


Club Foghlaimeoirí an Spidéil

Ciorcal Chomhrá i mbun oibre sa Spidéal (2)

Tá an ciorcal comhrá a thagann le chéile gach maidin Máirt ag 11 sa gCrúiscín Lán ag dul ó neart go neart. Club Foghlaimeoirí an Spidéil a chuir tús leis an gciorcal comhrá le freastal ar an éileamh ó dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa gceantar cur lena gcuid Ghaeilge. An rud is fearr faoi Chlub na bhFoghlaimeoirí ná gurb iad na foghlaimeoirí iad féin atá á eagrú.

Tá cúnamh airgid curtha ar fáil ag Cumann Forbartha Chois Fharraige don chlub ach d’fháilteoidís roimh breis airgid le gur féidir leo an obair a choinneáil ar bun. Tá feachtas bailiú airgid ar bun faoi láthair trén láithreán Fundit. Más mian leat cúpla euro a chur ina threo níl le déanamh ach dul go http://fundit.ie/project/club-foghlaimeoiri-gaeilge-an-spideal.


Briseadh do Nótaí Chois Fharraige

Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin.  Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraire ar ais aríst ar an Déardaoin, 1 Meán Fómhair.  Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh idirlíon www.coisfharraige.ie, áit a mbheidh míreanna nua á uaslódáil gach seachtain.