Cartlann Nuachta: 22 Feabhra 2017

Seic Bronnta ar Chumann Naomh Uinseann de Pól

Col Cholm Cille (Bronnadh Seic)

Comhairle na Macléinn, Coláiste Cholmcille, Indreabhán, nuair a bhronn siad seic ar Chumann Naomh Uinseann de Pól, An Cheathrú Rua, ag ócáid sa scoil le deireannas.

Ar chúl ó chlé: Breandán Ó Tuathail, Evan Ó Márta, Conall Ó Cáthasaigh, Tomás Mac Diarmada.

Chun tosaigh: Deirdre Ní Churraoin, Aoife Ní Choisdealbha, Teresa Clifford, Aifric Ní Scolaí, Fiach Ó Coistealbha, Jason Ó Loideáin, Hazel Ní Chualáin, agus Treasa Ní Dhonncha, ó Chumann Uinseann De Pól, an Cheathrú Rua.


Comórtas Ghlór na nGael

Glor_na_nGael_Logo_FB_460_256An Aoine seo caite fógraíodh ar an gclár Iris Aniar (RnaG) go bhfuil Cumann Forbartha Chois Fharraige roghnaithe ag moltóirí Ghlór na nGael sa gcéad áit i mbliana i rannóg na Gaeltachta. Comharchumann Mhac Dara ar an gCeathrú Rua a bhí sa dara áit agus duais €3,000 le fáil doibh, le Comhlacht Forbatha na nDéise, Co Phort Láirge sa tríú áit. Beidh an Cumann Forbartha ag fáil duais de €4,000 as an mbua, duais ata urraithe ag Údarás na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, bhuaigh an Cumann Forbartha dearbhán de luach €1,000 ó Chló Iar-Chonnacht.

Chomh maith leis sin beidh an Cumann Forbartha san iomaíocht don phríomhdhuais, ar fiú €20,000 é, le trí eagraíocht eile: Glór na Móna, Béal Feirste; Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co Dhoire; agus Glór Cheatharlach. Fógrófar na buaiteoirí ar an bpríomhdhuais ag Oíche Bronnta na nDuaiseanna ar an 22 Aibreán. D’éirigh le Cumann Forbartha Chois Fharraige an phríomhdhuais i gcomórtas Glór na nGael a bhuachaint trí uair cheana, sa mbliain 1988, 2000 agus aríst sa mbliain 2006.

Sa gcomórtas do chlubanna Chumann Lúithchleas Gael ba é Cumann na bPiarsach i Ros Muc a ghnóthaigh an phríomhdhuais, ar fiú €1,000 é, chomh maith le duais don chlub is fearr i gCúige Chonnacht, ar fiú €500 eile é.


Albam Nua ag Mícheál Darby

Micheál Deairbe ag casadhAn Rithim Réidh’ is teideal don albam nua atá eisithe ag an gceoltóir mileoidin as na hAille, Mícheál Darby Ó Fátharta. Tá bailiúchán dhá rian déag ar an dlúthdhiosca seo a léiríonn stíl shainiúil an Fháthartaigh, stíl atá séimh, binn agus nádúrtha agus a thugann tús áite do cheol an mhileoidin féin. Tá sé seacht mbliana déag ó d’eisigh Mícheál a albam deireanach, ‘Bosca Bídeach.

Tá rogha leathan de phíosaí ceoil a chuaigh i bhfeidhm ar Mhícheál anuas tríd na blianta le cloisteáil ar an gcnuasach blasta seo, idir phoirt agus ríleanna, chomh maith le válsa, rince sciobóil, cornphíopa agus fonn mall. Tá clúdach álainn a tharraingíonn ar dhúchas Chonamara ar an dlúthdhiosca agus is é an t-ealaíontóir Dara McGee a rinne an obair ealaíne go speisialta do Mhícheál.

Aengus Ó Fátharta, fear muinteartha le Mícheál, a rinne an obair dheartha. Thíos ar an gcladach sna hAille a thóg Seán Ó Mainnín na pictiúir.

Ar na ceoltóirí atá ag coinneáil ceoil le Mícheál tá Muireann Nic Amhlaoibh ar an bhfeadóg mhór, Trevor Hutchinson ar an olldord agus Dessie Kelleher ar an mbainseó, chomh maith le Donogh Hennessy ar an ngiotár.

Is í an ceoltóir Róisín Nic Dhonncha ó Chárna a sheolfas ‘An Rithim Réidh’ i dTigh Chualáin, An Choill Rua, ar an Satharn, 11 Márta, áit a mbeidh fáilte roimh chách. Tá an dlúthdhiosca ar fáil sna siopaí áitiúla ar fud Chonamara agus i gCathair na Gaillimhe ar phraghas €15.


Scoileanna Chois Fharraige sa Drámaíocht

Rang a 5, Scoil Sailearna

Daltaí Rang a Ceathair, Scoil Sailearna, Indreabhán, ar éirigh leo ainmniúchán a fháil ag Féile Scoildrámaíochta na Gaillimhe, an tseachtain seo caite, le dul ar aghaidh ag Féile Scoildrámaíochta Chonnacht, a bheas ar bun in Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Sailearna, ag tosaí 7 Márta agus ag críochnú 10 Márta, lá a fhogrófar na torthaí.

Líne ar chúl (ó chlé): Amy Ní Thuathail, Sophie Nic Dhabhoc, Éabha Ní Chonghaile, Gráinne Breathnach, Darren Ó Tuathail, Pádraig Óg Ó Gionnáin, Ferdia Ó Nuadhnáin, Fionnán Ó Gríofa, Shane Ó Maoláin, Ailbhe Ní Ghionnáin, Isabella Ní Thuairisg-Noble, Tadhg Bodwell Ó Néill.

Chun tosaigh (ó chlé): Roisín Ní Raifeartaigh, Pádraig Mac Donnacha, Sadhbh-Laila Riggot, Neasa Nic Dhonncha, Muireann Ní Ghloinn, Cian Ó Cadhain, Patrick Ó Ceallaigh, Heidí Nic Chormaic, Alanna Ní Thuairisg, Fionnán Ó Coisdealbha, Aodhán Ó Coisdealbha, Ruadhán Ó Cualáin.

Roghnaíodh trí dhráma ó Scoil na Tulaí ag Féile Scoildrámaíochta na Gaillimhe an tseachtain seo caite le dul ar aghaidh ag Féile Scoildrámaíochta Chonnacht agus roghnaíodh péire ó Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua.

Ocht ndráma ar fad ó scoileanna i gConamara Theas a fuair ainmniúchán ag Féile Scoildrámaíocht na Gaillimhe a reáchtáladh an tseachtain seo caite i gCinn Mhara. Seod iad:

Scoil na Tulaí, Baile na hAbhann, le “Cleas Eile”

Scoil na Tulaí, le “An Cailín Nua”

Scoil na Tulaí, le “Feargal agus an Fear Bréige”

Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, le “Rírá i dTír na mBotún”

Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, le “Peadar Piongáin agus Cairde”

Scoil Sailearna, Indreabhán, le “Cogadh na Saoirse”

Scoil Náisiúnta na hAirde Móire, le “Cleas Eile”

Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, le “Ceann Scríbe”

Tugadh gradam speisialta do Scoil na Tulaí as ‘An Cailín Nua’ a bheith ar an mbun-dráma nua ab fhearr ag an bhFéile. Bronnadh duais don aisteoir ab fhearr i gcomórtas Roinn 3 ar Chaitríona Ní Mhathúna, as a páirt sa dráma ‘Táin Bó Cuailgne’ a rinne rang 5 ó Scoil Sailearna, Indreabhán.

Beidh na drámaí thuas ar fad á léiriú arís ag Féile Scoildrámaíochta Chonnacht a bheas ar bun i Seanscoil Sailearna, ag tosaí 7 Márta agus ag criochnú Aoine, 10 Márta nuair a fógrófar na buaiteoirí.


Éigse an Spidéil

Ar an Déardaoin seo chugainn, 2 Márta, cuirfear tús le Éigse an Spidéil 2017, le taispeantas ealaíne leis an ealaíontóir cáiliúil ó Inis Mór, Seán Ó Flaithearta. Sa mBuilín Blasta, Ceardlann an Spidéil, a bheas an taispeántas á oscailt ag 8.00 i.n.

Ar na haíonna a bheas ag glacadh páirt in Éigse na bliana seo, tá Caitlín Nic Ghabhann, Joe Steve Ó Neachtain, Liam Ó Maonlaí, Frankie Gavin agus Johnny Óg Connolly.

Tá an clár ar fad agus breis eolais le fáil anseo: www.eigseanspideil.ie/clar.ga


Deis Forbartha na Drámaíochta

ScoraíochtTá maoiniú faighte ag Ealaín na Gaeltachta chun tabhairt faoi scéim forbartha i ndrámaíochta sa nGaeltacht. Mar pháirt den scéim seo, ar a dtugtar ‘Gáirdín an Ghiorria’, tá an stiúrthóir drámaíochta ón gCeathrú Rua, Beartla Ó Flatharta, ceaptha mar dhrámadóir cónaitheach ar feadh bliana agus cúram air freastal ar riachtanais oiliúna na gcumainn drámaíochta sa nGaeltacht.

Faoin scéim beidh ceardlanna drámaíochta á gcur ar fáil aige saor in aisce idir Mí Márta agus Mí na Samhna. Seo thíos samplaí don tacaíocht go bhféadfaí a chur ar fáil faoin scéim ‘Gáirdín an Ghiorria’:

  • Ceardlanna le léiritheoirí agus stiúrthóirí.
  • Deis chun ábhar a fhorbairt is a thástáil ón script go stáitse.
  • Ceardlanna aisteoireachta.
  • Oiliúint theicniúil, mar shampla, soilsiú agus fuaim.
  • Comhairliúcháin ar ghrúpaí nó ar dhaoine aonair.

Má tá suim ag do chumann drámaíochta a bheith páirteach sa deis seo, níl le déanamh ach dul i dteagbháil le Muireann Ní Dhroighneáin, ó Ealaín na Gaeltachta, le foirm iarratais a lorg agus breis eolais a fháil faoin scéim. Sonraí teagmhála na hÁisitheoirí Ealaíne Réigiúnach le fáil ar an suíomh www.ealain.ie


Cúrsa Ríomhaireachta do Thosaitheoirí

julianne-ni-chonchobhairAr an Máirt seo caite, 21 Feabhra, a thosaigh cúrsa ríomhaireachta do thosaitheoirí sa seomra ríomhaireachta i Seanscoil Sailearna, Indreabhán. Tá an cúrsa eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le tacaíocht airgid ón GRETB. Idir seo agus an Cháisc beidh an cúrsa ag bun gach Máirt ó 7.00 go 9.30pm ar feadh ocht seachtaine, ag críochnú ar an 11ú Aibreán. Sí Julianne Ní Chonchubhair (ar dheis), a oibríonn le Cló Iar Chonnacht, atá ag teagasc ar an gcúrsa, atá dírithe ar thosaitheoirí go príomha. Tá airgead ceadaithe ag an GRETB don Chumann Forbartha chomh maith, le cúrsa i gcruinneas Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine a bheadh ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge scríofa, le go mbeidís muiníneach as í a usáid. Beidh an cúrsa sin á eagrú sa bhFómhar.


Liathróid Láimhe

Cúigear faoi aois ó Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach a d’éirigh leo Craobh an Chontae sa Liathróid Láimhe do Dheagóirí (grád B) a bhuachaint ag an deireadh seachtaine, ag ionaid éagsúla ar fud an chontae.

Cailiní faoi 12 singil: Cliona Ní Chonghaile, Cor na Rón, Indreabhán.

Cailiní faoi 13 singil: Clodagh Ní Dhioráin, Cnocán Glas, An Spidéal.

Cailiní faoi14 dúbailte: Bróna Ní Cheallacháin, Cré Dhubh, agus Orlaith Ní Churraoin, Cnocán Glas.

Buachaillí faoi 13 dúbailte: Yann Ó Máille-Breathnach, Cor na Rón, agus Cathal Mac Donncha, Na Minna.

Buachaillí faoi 15 dúbailte: Éamonn Ó Laoire, Saile Chuana, agus Ruairí Ó Curraoin, Cnocán Glas.


Scoláireachtaí Printíseachta an Údaráis

udaras-logoTá Údarás na Gaeltachta ag glacadh le hiarratais faoi láthair ó dhaoine óga Gaeltachta, buachaillí agus cailíní, a bhfuil spéis acu sna scoláireachtaí printíseachta. Is scéim é seo ina chuireann an tÚdarás scoláireachtaí ar fáil do chainteoirí líofa ón nGaeltacht, i réimse leathan ceirdeanna.

Tá breis eolais faoi na scoláireachtaí printíseachta, chomh maith le foirmeacha, le fáil ach glaoch ar cheachtar den dá uimhir 091 503139 nó 503121. Tá go dtí 3 Márta le foirmeacha iarratais a chur ar ais ag Údarás na Gaeltachta.


Scannán sa Seanscoil Déardaoin

francofonia

Radharc as an scannán FRANCOFONIA, a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 23 Feabhra, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosú ag 8.15pm.

FRANCOFONIA is teideal don scannán a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, anocht ag 8.15pm. Sa scannán insítear scéal an LOUVRE, an iarsmalann cháiliúil i bPáras, ó aimsir Napoleon go dtí an tréimhse le linn WWII, nuair a ghlac na Naitsithe seilbh ar Pháras agus plean acu na píosaí ealaíne a a sheoladh ar ais ag an nGearmáin. Bronnadh dhá ghradam ar an scannán seo ag an bhFéile Scannán Idirnáisiúnta i Venice anuraidh.


Léacht sa gCeathrú Rua

Beidh an chéad ocáid eile ag Cumann Béaloidis Chonamara ar an Máirt seo chugainn, 28 Feabhra, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge @ 8.00 i.n. nuair a tabharfaidh Deirdre Ní Chonghaile léacht ar ‘Sagart Gan Iomrádh: An tAthair Domhnall Ó Morchadha (1858-1935) agus amhráin Pennsylvania; Amhráin as Árainn & as Conamara ina measc’.


22 Feabhra 2017