Cartlann Nuachta: 24 Deireadh Fómhair 2018

Guth na nÓg

Gasúir a thóg páirt sa gcomórtas Phat Phádraig Tom (2018)

Gasúir a Thóg Páirt i gComórtas Phat Phádraig Tom 2018 – Tá na Torthaí le Feiceáil Thíos


Spraoi le Mata!

Seachtain Mata - Scoil Ros a' Mhíl

Na daltaí ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, a ghlac páirt i Seachtain na Mata an tseachtain seo caite. Rinne na gasúir go leor gníomhaíochtaí éagsúla lena spéis sa Mata a spreagadh


Na Breathnaigh v. An Spidéal

Foireann Idirmheánach na mBreathnaigh (071018)

Foireann Idirmheánach na mBreathnaigh

Beidh ar an dá fhoireann peile ó Chois Fharraige – Cumann Micheál Breathnach agus An Spidéal – casadh ar a chéile aríst ar an Domhnach seo chugainn i Staid an Phiarsaigh le socrú cé acu a bheas ag dul abhaile le Corn Idirmheánach an Chontae agus cé acu a bheas ag imirt sa ngrád sinsir an chéad bhliain eile.

Tá An Spidéal ag iarraidh éalú ón ngrád idirmheánach le 18 bliain agus is beag nach ndearna siad an beart ar an Satharn seo caite.

Cluiche breá spóirtiúl a bhí ann. Ní mórán scóranna ón imirt a bhí ann ach an dá fhoireann ag brath cuid mhaith ar shaorchiceanna. Ní raibh aon scliúchas gránna ar an bpáirc mar a tharlaíonn go minic na laethanta seo ag cluichí peile.

Na Breathnaigh ab fhearr sa gcéad leath agus bhí siad trí chúilín chun tosaigh ag leath ama, 0 – 7 in aghaidh 0 – 4. Sa darna leath d’éirigh le foireann Bhaile an Droichid an bhearna a laghdú agus dul dhá chúilín chun tosaigh le 58 noiméad imeartha. Laghdaigh Seán Denvir an bhearna go cúilín amháin agus in am gortaithe chothromaigh Tommy Ó Conghaile an cluiche. Is beag nach raibh cúilín eile ag Tommy ag deireadh an tréimhse gortaithe, ach chuaigh an pheil órlach nó dhó taobh amuigh de na postaí a d’fhág an scór cothrom, aon chúilín déag an taobh, nuair a séideadh an fheadóg le deireadh an chluiche a fhógairt.

Beidh an dá fhoireann ar ais i Staid an Phiarsaigh, Bóthar na Trá, ag 1.00pm ar an Domhnach seo chugainn, 28 Deireadh Fómhair, len a shocrú cén fhoireann peile ó Chois Fharraige a bheas ag imirt sa gcomórtas sinsir an chéad bhliain eile, An Spidéal nó Micheál Breathnach.


BISEACH 2018 sna Siopaí

Biseach

Tá eagrán na bliana seo den iris BISEACH ar fáil anois. Cumann Forbartha Chois Fharraige a fhoilsíonn BISEACH go bliantúil.

Tá 80 leathanach ar fad in eagrán na bliana seo den iris, agus mar is gnáth, tá meascán breá ábhair ann le neart grianghrafanna, idir sean agus nua. Tá altanna ann faoi stair na háite, idir alt scríofa ag Seán Ó Neachtain faoi Ruairí Ó Flaitheartaigh, an scoláire ó Mhaigh Chuilinn a chaith an chuid deiridh dá shaol ar an bPáirc sa Spidéal, agus alt téagartha ó Lochlainn Ó Tuairisg faoin nGorta Mór i gCois Fharraige. Tá alt eile ag Cormac Ó Comhraí faoin toghchán stairiúil sa mbliain 1918 i gConamara.

Tá alt san iris chomh maith bunaithe ar agallamh a chuir Donncha Ó hÉallaithe ar Chathaoirleach ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg.

Tá liosta curtha le chéile san iris ag Ruaidhrí Ó Tuairisg de na siopaí beaga a bhíodh i gceantar Chois Fharraige, idir An Spidéal agus Ros a’ Mhíl, nach ann dóibh a thuilleadh.

Tá filíocht ann ó daltaí i gColáiste Cholmcille agus tá dánta ann chomh maith a scríobh an file áitiúil as Na hAille, Meart Curraoin.

Tá pictiúir de chuid mhaith fóirne spóirt, as ceantar Chois Fharraige, ar éirigh go maith leo i gcaitheamh na bliana, fóirne idirmheánach peile ón dá chlub atá le bheith san athimirt den chluiche ceannais idirmheánach an deireadh seachtaine seo chugainn, An Spidéal agus Cumann Micheál Breathnach.

Iris 80 leathanach atá ann agus is maith an luach airgid é ar €5. Ar an gclúdach tá pictiúr breá den scoil nua tógtha, Scoil Sailearna.

Beidh an iris le fáil an deireadh seachtaine seo sna siopaí áitiúla i gCois Fharraige. Is féidir ceann a fháil tríd an bpost ach seic nó ordú poist de luach €7.50 a chur ag BISEACH, Na hAille, Indreabhán, Co na Gaillimhe.


Comórtas Grianghrafadóireachta

Comhar CreidmheasaTá comórtas grianghrafadóireachta á reáchtáil ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille arís i mbliana.

Is é téama an chomórtais ná ‘An Nádúr’.

Sé aidhm an chomórtais dosaen grianghraif a roghnú le cur i bhféilire Chomhar Creidmheasa Cholm Cille 2019.

Le cur isteach ar an gcomórtas ní gá ach grianghraf a sheoladh chuig feilireccccteo@nullgmail.com faoin Aoine, 2 Samhain, 2018.

Roghnófar dosaen grianghraf le cur sa bhféilire as na hiontrálaithe a sheolfar isteach. Bronnfar duais €50 ar an duine a thógann an grianghraf a théann ar chlúdach an fhéilire.


Aisteoirí Chois Fharraige ag dul go Boston

Aisteoirí Chois Fharraige ag Éigse Dara Beag 2018

Aisteoirí Chois Fharraige ag Éigse Dara Beag 2018 in Inis Meáin

An chéad mhí eile beidh Cumann Drámaíochta Chois Fharraige ag dul go Meiriceá leis an dráma le Martin McDonagh, ‘Cripil Inis Meáin’, aistrithe go Gaeilge ag Micheál Ó Conghaile.

Beidh an dráma á chur ar stáitse i Halla St. Gregory’s Church, Dorchester, ar an Aoine agus ar an Satharn, 23/24 Samhain.


AN TURAS CAMINO sa tSeanscoil

Camino Voyage - scannán

Radharc as an scannán THE CAMINO VOYAGE, a bheas á thaispeáint an Déardaoin seo, 25 Deireadh Fómhair, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosaí ag 8.15pm. Scéal faoi thuras 2,500 km i gcurach trasna na farraige go Santiago de Compostela a rinne Danny Sheehy, Breandán Ó Beaglaoich, Glen Hansard agus Liam Holden

Ar an Déardaoin seo, 25 Deireadh Fómhair, beidh an scannán faisnéise faoin éacht a rinne Danny Sheehy, Breandán Ó Beaglaoich agus beirt eile i gcurach canbháis, nuair a rinne siad an camino trasna na farraige go Santiago de Compostela in Iarthuaisceart na Spáinne.

Turas 2,500 km a bhí ann, a thóg thrí shéasúr samhraidh, le neart eachtraí spéisiúla ar an mbealach. Faraíor cailleadh Danny Sheehy amach ó chósta na Portaingéile nuair a d’iompaigh an churach, de bharr tonn mhór a bhuail é.

AN TURAS CAMINO is ainm don scannán faisnéise, a rinne Dónal Ó Céilleachair ó Bhaile Bhúirne i Muscraí. Beidh sé á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna ar an Déardaoin seo chugainn i Seanscoil Sailearna ag tosaí ag 8.15pm. Airgead ar bith a thagann isteach ar an doras, tabharfar é don RNLI, an eagraíochta dheonach a chuireann na báid tarrthála ar fáil timpeall ar an gcósta.


Comórtas Amhránaíochta sa Spidéal

Cuid de na Gasúir a thóg páirt sa gcomórtas Pat Phádraig Tom (2018)

Cuid de na Gasúir a Thóg Páirt sa gComórtas Pat Phádraig Tom 2018

Reáchtáladh Comórtas Phat Phádraic Tom san amhránaíocht ar an sean-nós i Scoil Éinne, An Spidéal, ar an Domhnach seo caite. Bíonn an comórtas seo ar siúl chuile bhliain i gcuimhne ar Phat Phádraic Tom Ó Conghaile ó Leitir Péic, duine de chéad mhúinteoirí sean-nóis an Ghaelacadaimh, a bhásaigh sa mblian 2010. Johnny Mháirtín Learaí agus Caitríona Ní Cheannabháin a rinne an mholtóireacht ar an gcomórtas.

Ba í Róisín Ní Raifeartaigh a thug léi an corn. Seo a leanas na buaiteoirí sna haoisghrúpaí éagsúla:

Faoi 8:

  • 1. Oisin Ó Gionnáin, Máimín, Leitir Móir.
  • 2. Tadhg Ó Neachtain, Baile na hAbhann.
  • 3. Áine Ní Mhaoláin, An Spidéal.

Faoi 12:

  • 1. Róisín Ní Raifeartaigh, An Teach Mór.
  • 2. Roinnte idir Neasa Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl, agus Caoilte Canny, Na hAille.
  • 3. Ríóna Ní Ghríofa, Coradh Bhuí, Leitir Mealláin.

Róisín Ní Raifeartaigh le Corn Phat Phádraig Tom (2018)

Róisín Ní Raifeartaigh le Corn Phat Phádraig Tom 2018

Faoi 15:

  • 1. Éadaoin Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl.
  • 2. Roinnte idir Bróna Ní Cheallacháin, An Chré Dhubh, agus Damhnait Ní Fhátharta, Na hAille.

Faoi 18:

  • 1. Liadan Canny, Na hAille.

Seó Mór an Oireachtais

Beidh Seó Mór an Oireachtais ar bun arís i mbliana i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua, Dé Luain seo chugainn, 29 Deireadh Fómhair, ag 12.00 meán lae.

Deis a bheas anseo do na gasúir atá ag freastal ar ranganna Thuismitheorí na Gaeltachta cur i láthair a dhéanamh os comhair an phobail, sula dtugann siad aghaidh ar Chill Áirne le páirt a thógáil sna comórtais ag Oireachtas na Gaeilge.

Sa gcéad leath beidh na gasúir atá ag freastal ar ranganna Thuismitheoirí na Gaeltachta (lúbíní, agallaimh bheirte, aithriseoireacht, scéalaíocht agus damhsa).

Sa darna leath tá cuireadh á thabhairt do dhaoine eile a bheas ag dul chuig an Oireachtas a gcuid ealaíne a chur ar stáitse. Beidh fáilte roimh chuile aoisghrúpa agus chuile chineál saothair agus beidh ceoltóir ar fáil do na damhsóirí. Ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn ag 091 869571.


Oíche Oscair An Spidéil

Ar an Satharn, 10 Samhain, beidh Oíche na nOscars ar bun in Óstán na Páirce, ar mhaithe le Páistí Chernobyl, atá ag fulaingt mar thoradh ar an timpist sa staisiún núicléach sa mbliain 1986. Beidh oscair le fáil ar an oíche don té is fearr gléasta, don fheisteas is fearr agus go leor eile. Is féidir gléasadh go foirmiúil, go neamhfhoirmiúil nó i gculaith bhréige. Tá €30 ar na ticéid, agus beidh fíon agus cáis, suipéar agus damhsa ann go maidin. Tá na ticéid ar fáil ó Tigh Mháirtín O’ Donnell (Texaco) agus ó Tigh Mhic Phroinnsias (Spar). Tosóidh an oíche spraoi ag 7.30pm.


Cailíní Chois Fharraige ina Seaimpíní

Foireann Peile na gCailíní ó Chumann Micheál Breathnach faoi 16, ar éirigh leo Maigh Chuilinn a bhualadh i gcluiche ceannais an chontae ar an Domhnach seo caite in Anach Chuain.

Chun tosaigh, ó chlé: Aoife Ní Neachtain, Orlaith Ní Churraoin, Cliodhna Ní Mhárta, Deirbhle Ní Mhárta, Síofra Ní Mhárta, Aoife Ní Dhonncha, Cassie Craughwell, Niamh Ní Churraoin.

Ar chúl, ó chlé: Kate Ni Dhomhnaill, Meadhbh Ní Dhireáin, Ailbhe Bheathnach, Aifric Ni Ghibne, Emma Ní Chonghaile, Kianna Ní Mhárta, Clodagh Ní Dhioráin, Róisín Ní Chonghaile, Fódhla Ní Bhraonáin, Éabha Nic Dhonncha, Aobh Ní Dhubhghaill.

D’éirigh le foireann cailíní ó Chumann Micheál Breathnach an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Chuilinn ar an Domhnach seo caite, le Craobhchomórtas an Chontae faoi 16 (Roinn II) a bhuachaint. Bhí seacht gcuilín le spáráil ag cailíní Chois Fharraige ag deireadh an chluiche.

Níos túisce i mbliana d’éirigh leis an bhfoireann chéanna an Sraithchomórtas faoi 16 a bhuachaint.

An Corn á bhronnadh ar Chaiptín na gCailíní faoi 16 (2018)

An Corn á Bhronnadh ar Chaiptín na gCailíní faoi 16


Club Leabhar Chois Fharraige

mac na mná déirceD’éirigh thar cionn leis an gcéad Fhéile Leabhar Chois Fharraige agus ba mhaith le Club Leabhar Chois Fharraige buíochas ó chroí a ghabháil le muintir Chois Fharraige a thug an oiread tacaíochta dúinn le linn na féile. Bhí sárfhéile ann agus thug sé an-mhisneach dúinn tabhairt faoi arís an chéad bhliain eile.

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ar an mbóthar go Baile Locha Riach ar an Déardaoin, 8 Samhain, do sheoladh agus léamh drámata ar Mhac na Mná Déirce le Séamus Ó Ceallaigh. Níl ach 5 euro ar an leabhar agus ní gá ach dul i dteagmháil linn ar clubleabharcf@nullgmail.com chun cóip a fháil agus le háit a chur in áirithe ar an mbus.

Tá muid ag súil le sároíche in éineacht le Club Leabhar Eachraíochta agus Sóisialta Bhaile Locha Riach agus is í Bláthnaid Ní Chofaigh atá ag seoladh an leabhair.


Torthaí Spóirt

Peil (Idirmheánach): Spidéal 0 – 11, Ml Breathnach 0 – 11.

Peil (faoi 16, R 1): Ml Breathnach 5 – 08, St James 1 – 13.

Peil (Sóisear C): Ml Breathnach 0 – 10, Oranmore/Maree 1 – 15.

Peil na gCailíní (faoi 16, R2): Ml. Breathnach 6 – 09, Maigh Chuilinn 4 – 08.


24 Deireadh Fómhair 2018