Cartlann Nuachta: 27 Iúil 2015

27 Iúil 2015


An Piarsach i Ros Muc

An Piarsach i Ros MucAr an Aoine seo chugainn, 31 Iúil, beidh Scoil Samhraidh an Phiarsaigh á eagrú don chéad uair riamh i Ros Muc. Tá an Scoil Samhraidh á eagrú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe mar chuid de Chomóradh Éirí Amach 1916. Is ar an 31 Iúil a d’fhág Pádraig Mac Piarais Ros Muc don uair deiridh, le aghaidh a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath leis an oráid cháiliúil a thabhairt ag uaigh an Sean Fhínín, Jeremiah O’ Donovan Rossa, a bhí á chur i nGlas Naíon.

Ar maidin ag tabhairt Aitheasc Oscailte na Scoile beidh an sár-léachtóir, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh. I measc na gcainteoirí eile ag an Scoil Samhraigh beidh Seosamh Ó Cuaig, Ciarán Ó Coigligh agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Seo thíos clár an lae:

10.00 Clárú (Tae & Caifé)

10.30 Ardú Brat na hÉireann

10.40 Fáiltiú – Páid Ó Neachtain, Comhairle Chontae na Gaillimhe

10.50 Aitheasc Oscailte na Scoile – An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh

11.20 ‘An Piarsach i Ros Muc’ – Seosamh Ó Cuaig

12.00 i.n. Fealsúnacht Oideachais an Phiarsaigh – An Dr Ciarán Ó Coigligh

12.40 Cearta Teanga: Fís don Todhchaí – Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga

1.10 Díospóireacht agus Plé Oscailte ar théamaí na Scoile

1.30 Lón

2.30 Cur síos ar Thogra Ionad Cuairteoirí an Phiarsaigh

2.45 Siamsaíocht Chultúrtha ag Teach an Phiarsaigh (ag brath ar aimsir)

• Amhráin Sean-Nóis, Damhsa ar an Sean-Nós, Filíocht

• Athchruthú ar Óráid an Phiarsaigh ar Shochraid Uí Dhonnabháin Rosa

4.00 Cumann Staire Ros Muc – Siúlóid go Cnocán na Móna agus nochtófar leacht chuimhneacháin ag an dornálaí clúiteach Seán Ó Mainnín

Más mian leat freastal ar an scoil iarrtar ort clárú roimh ré tré d’ainm is seoladh a chur ag an seoladh seo: gaeilge@nullcocogaillimh.ie.

Tá an bróisiúr le fáil mar pdf ach cliceáil ar an nasc seo a leanas: An Piarsach i Ros Muc.pdf


Cuairt an Taoisigh ar Chois Fharraige

Nuair a bhí an Taoiseach i gConamara le gairid thug sé cuairt ar an Spidéal agus chonaic sé an obair athchóirithe a rinneadh ag Trá na mBan, tar éis stoirmeacha 2014. Ghearr sé ribín leis an trá a ‘oscailt go hoifigiúil’. Thapaigh Comhlacht Forbartha an Spidéil an deis chun a inseacht dhó faoin séarachas amh atá ag dul amach sa bhfarraige ag Trá na mBan agus dúirt an Taoiseach nach raibh sé ‘inglactha a thuilleadh sa lá inniu, go mbeadh séarachas ag dul amach sa bhfarraige’ agus thug sé le fios gur chuige sin anois atá Uisce Éireann ann.

D’iarr Comhlacht Forbartha an Spidéil air chomh maith scrúdú mara a chur ar bun maidir leis an dá chéibh sa Spidéal le go mbeadh plean soiléir oibre ann leis an dá chéibh a fhorbairt.

Déanadh obair ar an tSeanchéibh le gairid agus ní mó ná sásta a bhí daoine leis an toradh: bloc mór concréiteach curtha le ceann na céibhe gan aird ar áilleacht an obair clocha a bhí sa gcéibh roimhe seo agus gan aird ach an oiread ar riachtanais na mbádóirí a bhíonn á usáid.

Tá ceisteanna Dála curtha ag an Teachta Dála Derek Nolan faoin mbealach a ndeachaigh Comhairle Contae na Gaillimhe ar aghaidh leis an obair gan an ceadúnas cuí a iarraidh ná a fháil ó Roinn na Mara.An Taoiseach sa Spidéal II

An Taoiseach Enda Kenny TD, tar éis dhó an ribín a ghearradh ag Trá na mBan ar an Spidéal le gairid ag éisteacht le Aodán Mac Donncha ó Chomhlacht Forbartha an Spidéil ag míniú dhó an chúis a theastaíonn scéim séarachais sa Spidéal. Ó chlé tá an Teachta Dála áitiúil Seán Kyne TD, Aodán Mac Donncha (Comhlacht Forbartha an Spidéil), An Taoiseach Enda Kenny TD, Steve Mac Suibhne (Comhlacht Forbartha an Spidéil). Lena gcúl sa lár tá an conraitheoir Máirtín Tim Ó Flaithearta, a rinne an obair athchóirithe ag Trá na mBan.


Féile Tigh Mholly

FéileTighMholly

Beidh Féile Tigh Mholly ar siúl ar an Domhnach seo chugainn, 2 Lúnasa. Ócáid e seo atá á reachtáil le cupla bliain anuas agus tá ag éirí thar cionn leis. Beidh ceol agus siamsaíocht ar fáil, BBQ, damhsa, ealaín, scannán á thaispeáint amuigh faoin spéir agus, ar ndóigh, muic á róstadh. Bígí ann!

TighMholly2015

Cuid den ealaín le Dara McGee crochta os comhair Tigh Mholly.


Ábhar á chuartú le haghaidh BISEACH

Biseach

Beidh an iris BISEACH á foilsiú aríst i mbliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige. Tá ábhar don iris á lorg faoi láthair. Ba bhreá leis an gCoiste Eagarthóireachta ábhar a fháil ó dhaoine: míreanna béaloidis nó seanchais, míreanna staire a bhaineann leis an gceantar agus seanghrianghrafanna ar ndóigh. Seosamh Ó Braonáin ó Chor na Rón a bheas i mbun eagarthóireachta ar an iris, le tacaíocht ó Mháire Áine Ní Fhlaitheartaigh, Donncha Ó hÉallaithe agus Máirín Mhic Lochlainn. Tá súil ag an gCoiste Eagarthóireachta go mbeidh an iris sna siopaí mí Dheireadh Fómhair. Is féidir ábhar don iris a leagan isteach in Oifig an Chomharchumainn, le BISEACH scríofa ar an gclúdach. Tabharfar aire mhaith d’aon ábhar a chuirfear ar fáil.


Buachaillí Chois Fharraige ar an bhFoireann Mionúir

D’éirigh le mionúir na Gaillimhe Sligeach a bhualadh san athimirt a bhí ar bun an Aoine seo caite i dTuam. Bhí Rónán Ó Beoláin, ó Chumann Mícheál Breathnach, sa gcúl ag foireann na Gaillimhe agus rinne sé sábháil iontach sa gcéad leath. Sna tosaithe bhí Finian Ó Laoi ón Spidéal, a scóráil cúl iontach sa gcéad leath, rud a chuir na Gaillimhigh chun cinn don chéad uair. D’imir Liam Ó Ceallaigh ón Spidéal go han-mhaith mar leath-thosach láir. Ba é Paudie Mac Cormaic ón gCeathrú Rua a bhí á lua sna tuairiscí ar an gcluiche mar laoch na himeartha. Scóráil sé 1-2 sa gcéad leath. Ní raibh Paudie ag imirt sa gcéad chluiche in aghaidh Sligeach.

Beidh buachaillí na Gaillimhe ag dul isteach i gCluiche Ceathrú-Ceannais na hÉireann in aghaidh Tiobraid Árann, na caillteoirí i gCluiche Ceannais na Mumhan.


Cailíní na Gaillimhe f16 ar Pháirc an Chnoic

Ar Pháirc an Chnoic, páirc Chumann Mícheál Breathnach, a bhí an seisiún deireannach treaneála ar an Domhnach seo caite, ag cailíní na Gaillimhe, a bheas san iomaíocht i gCluiche Ceannais na hÉireann i bPeil na mBan faoi 16, cluiche a imreofar i mBrú, Co. Luimnigh, ar an gCéadaoin seo chugainn, 29 Iúil, in aghaidh Chiarraí. Bhuail cailíní na Gaillimhe foireann láidir ó Thír Eoghain coicís ó shin leis an scór 2 – 14 in aghaidh 1 – 10. Tá cúigear ó clubanna taobh thiar den Choirib ar an bhfoireann: Emma Ní Dhomhnaill ó Thír an Fhia, a imríonn le Naomh Anna, Leitir Móir; Michela Ní Chearnaigh ón gCloch Breac, Dúiche Sheoighe, a imríonn leis an bhFáirche; Becky Ní Éallaithe ó Chois Fharraige, a imríonn le Cumann Mícheál Breathnach agus tá beirt ó Mhaigh Chuilinn, is iad sin Laura Corcoran agus Jean Hynes.

Cailíní f16 na Gaillimhe ag Ól tae

Cailíní ó fhoireann peile na Gaillimhe faoi 16, ag glacadh sos tar éis seisiún dian traeneála ar an Domhnach seo caite, ar Pháirc Mhícheál Breathnach ar an gCnoc. Beidh na cailíní ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann in aghaidh Ciarraí ar an gCéadaoin seo chugainn.


Nótaí Chois Fharraige

Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a bhí ag cur Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraige ar ais aríst ar an Déardaoin, 3 Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh idirlíon www.coisfharraige.ie, áit a bheas míreanna nua á n-uaslódáil gach seachtain.