Cartlann Nuachta: 28 Feabhra 2018

Dráma Martin McDonagh sa tSeanscoil

An deireadh seachtaine seo chugainn beidh an dráma ‘Cripil Inis Meáin’ á chur ar stáitse ag Cumann Drámaíochta Chois Fharraige i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.

Tá an dráma, a scríobh Martin McDonagh i mBéarla, aistrithe go Gaeilge ag Micheál Ó Conghaile.

Sé Eoghain Ó Riada atá i mbun léirithe.

Seo a leanas an cliar a bheas ar an stáitse: Máire Ní Mháille (Kate), Bridie Ní Churraoin (Eilín), Colm Joe Mac Donnacha (Johnny Pheaitín Mhaidhc), Ronán Ó Curraoin (Billí), Séamus Ó Scanláin (Beairtlín), Marie Bheag Breathnach (Helen), John Keane (Bobby Bhobby), Colman Seoighe (Dochtúir) agus Mairín Mhic Lochlainn (Mamaí).

Ag 8.00 i.n a bheas an dráma ag tosaí ar an Aoine seo (2 Márta).

Beidh an dráma ar an stáitse ar an Satharn (3 Marta) agus ar an Domhnach (4 Marta) chomh maith. Is féidir ticéid a chur in áirithe ach glaoch ar an uimhir 087 4656888.


Fiontraithe Óga An Spidéil

Scoláirí ó Choláiste an Chroí Mhuire, An Spidéal a ghlac páirt sa gcomórtas réigiúnach fiontraíochta a reáchtáil Údarás na Gaeltachta le gaird:

Ó chlé: Róisín Ní Dhiomsaigh, Kaliun Ní Fhloinn, Áine Ní Laoi, Aisling Ní Chonghaile, Aoibhinn Ní Dhomhnaill, Katie Mullarkey, Siobhán Ní Neachtain agus Kate Scott.

Roghnaíodh an tionscadail a bhí acu, ‘Mo Bhaile Fearann’, le dul san iomaíocht sa gcomórtas náisiúnta a bheas ar bun an tseachtain seo chugainn in Óstán Chois Fharraige, sna Forbacha.

I gCraobh Réigiúnach de Chomórtas Fionntraíochta de chuid Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo caite, eagraithe i gcomhair le Junior Achievement Ireland, d’éirigh that barr le comhlacht a bhunaigh scoláirí i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal.

Bhí 6 scoil agus 15 comhlacht páirteach sa gCraobh Réigiúnach agus is iad ‘Mo Bhaile Fearainn’ ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, agus ‘Preab Ltd.’ ó Choláiste Ghobnait, Inis Oírr, a roghnaíodh le ionadaíocht a dhéanamh ar Chontae na Gaillimhe ag an gCraobh Náisiúnta den chomórtas, a bheas ar bun ar an 15 Márta 2018 in Óstán Chois Fharraige, áit a mbeidh na buaiteoirí ó Ghaeltachtaí eile san iomaíocht don Chraobh Náisiúnta.


Torthaí ó Scoil Drámaíochta

Rang na Naíonán Móra a roghnaíodh ag Féile Scoldrámaíochta na Gaillimhe, le dul ar aghaidh go Féile Scoldrámaíochta Chonnacht, a bheas ar siúl i Seanscoil Sailearna, an tseachtain seo chugainn, leis an dráma Micilín Muc.

Ar chúl ó chlé: Emma Dwyer, Reuben Mac Donncha Ó Cionnaith, Iseut Ní Ghibne, Maia Ní Thuairisg, Diarmaid Mac Réamoinn, Cuán Canny, Seánie Moore.

Chun tosaigh ó chlé: Jamie Ó Tuathail, Laura Ní Chéidigh, Peadar Ó hAinmhire, Shannon Ní Chonghaile, Ciara Ní Chúláin, Sophia Ní Thuathail, Seán Ó Coisdealbha.

Páirteach sa dráma, ach as láthair ón bpictiúr: Aonghus Breathnach, Conall Breathnach agus Róisín Ní Fhlatharta.

Chruthaigh Coláiste Cholmcille, Indreabhán, go han-mhaith ag Féile Drámaíochta na Scoileanna, a reachtáladh an tseachtain seo caite i nDroichead an Chlairín. Bhí sé dhuais ar fad ag scoláirí Cois Fharraige agus iad ag tíocht abhaile. Chuir siad trí dhráma ar stáitse, ina raibh os cionn ceathracha scoláire páirteach.

Drámaí nua-chumtha, scríofa ag Máirín Uí Choileáin, a bhí sna trí cinn. Tugadh an duais don nua-dhráma ab fhearr ag an bhféile don dráma “Siúlach Scéalach”, faoi bheainín fhiosrach. Sí Doireann Ní Fhoighil, a bhíonn le feiceáil go minic ar TG4 sa sobaldráma Ros na Rún, a bhí i bpáirt an bheainín fhiosrach agus chroch sí léi an duais don aisteoir ab fhearr ina rannóg.

Chuir scoláirí na hIdirbhliana dráma faoin mbulaíocht ar stáitse, ar a bronnadh an duais don “Léiriú is Fearr” ó scoil ina raibh páistí le riachtanaisí speisialta. Chomh maith leis sin, bhuaigh an príomhaisteoir, Bláithín Ní Chonghaile, duais don “Aisteoir is Fearr” sa roinn seo.

Sa roinn sinsearach chuir rang Gaeilge, 5A1, an dráma “Athrú ag Teacht” ar stáitse, bunaithe ar an scéal “Dís” ó chúrsa na hArdteiste agus is acu a bhí an bua. Chomh maith leis sin, bhuaigh Teresa Clifford duais “Aisteoir is Fearr” sa roinn seo.

Bhí na moltóirí an-tógtha leis na seiteanna sa trí dhráma a bhí deartha ag an múinteoir ealaíne sa scoil, Máistir Ó Caoillte.

Beidh an trí dhráma ó Choláiste Cholmcille ag glacadh páirt sa bhFéile Scoldrámaíocht Réigiúnach, a bheas ar siúl i Seanscoil Sailearna an tseachtain seo chugainn.

Seo a leanas na drámaí ó Chois Fharraige a bheas ag dul ar aghaidh ag an gcomórtas réigiúnach, an tseachtain seo chugainn:

Na Trí Bhéar – Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl.

Na Cuairteoirí – Scoil Cholmcille, An Tulach.

Craobh an Chondae – Scoil Sailearna, Indreabhán.

An Chéad Dráma – Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.

Siúlach Scéalach – Colaiste Cholmcille, Indreabhán.

Bród – Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.

Athrú ag Teacht – Coláiste Chomcille, Indreabhán.

Micilín Muc – Scoil Sailearna, Indreabhán.

Meastú – Coláiste Cholmcille, Indreabhán.

Rang a 4 ó Scoil Sailearna a roghnaíodh ag Féile Scoildhrámaíochta na Gaillimhe, le dul ar aghaidh go Féile Scoldrámaíochta Chonnacht a bheas ar siúl i Seanscoil Sailearna an tseachtain seo chugainn. ‘Craoibh an Chondae’ an dráma a chuir siad ar stáitse.

Ar chúl, ó chlé: Caoimhe Ní Chuinn, Ciarán Dwyer, Jessica Ní Chonghaile, Louise Seoighe, Kayla Schmidt, Naoise Ó Máille, Jack Ó Máille, Jeaic Ó Cúláin, Ferdia Ó Braonáin, Caolite Canny

Sa lár, ó chlé: Riley Wagstaff. Lúghán Simmonds, Sarah Ní Choincheanainn, Síofra Brady, Déithín Ní Fhátharta, Sienna Ní Shúilleabháin, Katie Ní Phiotáin, Muiréad Ní Fhátharta, Fé Nic Dhonncha, Eileanoir Nic Cormaic

Chun tosaigh, ó chlé: Macdara Ó Grádaigh, Sadbh Ní Ghibne, Saise Ní Chuinn, Chloe Davy Ní Choisdealbha, Chloe Ní Chúaláin, Lorcán Ó Maoilearca, Pádraig Nesbitt, Iarla Ó Brádaigh, Conor Ó Cúláin

Páirteach sa dráma ach as láthair ón bpictiúr: Laoise de Búrca, Isabella Ní Choisdealbha, Máirtín Óg Ó Fátharta


Fochoiste Timpeallachta Bunaithe

Ag cruinniú ar an Máirt seo caite san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh bunaíodh Fochoiste Timpeallachta le tabhairt faoi fhadhb na dráimhíola sa gceantar. Pléadh go leor moltaí agus tuairimí faoi bealaí a fhéadfaí daoine óga a mhealladh i dtreo na hoibre.

Gearóid Willy Ó Fátharta (ar dheis) a rinne cathaoirleacht ar an gcruinniú, ag a raibh cúigear i láthair.

Moladh go mbeadh áit lárach sa gceantar le go bhféadfaí bruscar cosúil le cannaí péint a bhailiú ag amanna áirithe den bhliain. Chuige sin tá teagbháil le déanamh le Oifigeach Timpeallachta an Chomhairle Chontae.

Socraíodh go mbeadh an ‘Glanadh Suas’ bliantúil, a eagraíonn an Cumann Forbartha, ar bun ar an Satharn 14 Aibreán. Beidh billeogaí á scaipeadh sa gceantar níos deireannaí.

Tá cruinniú eile den bhFochoiste Timpeallachta socraithe don Máirt seo chugainn, 6 Márta ag 8.00 san ITT.

Éinne eile a mbeadh spéis acu a bheith páirteach sa bhFochoiste Timpeallachta is féidir leo teagbháil a dhéanamh le Gearóid Willy Ó Fátharta ag an uimhir 0871234415.


‘Glór na nÓg’ sa tSeanscoil

Ceoltóirí Óga Chois Fharraige i mbun cleachtadh don cheolchoirm sa tSeanscoil ar an Aoine, 9 Márta.

Ar cheann de na himeachtaí le linn Seachtain na Gaeilge beidh ‘Glór na nÓg’ ar stáitse i Seanscoil Sailearna ar an Aoine, 9 Márta, le Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag cur an cheoil, na n-amhrán agus an damhsa ar fáil.

Tá an ceolchoirm eagraithe, faoi scáth an Chumann Forbartha, le tacaíocht ó Chiste Sheachtain na Gaeilge agus tosóidh sé ag 7.30pm.


Club Óige Lurgan Tríd

An grúpa ó Chlub Óige Lurgan ar éirigh leo an chéad áit a bhaint amach sa gcraobh réigiúnach den chomórtas X Factóir le gaird.

Chun Tosaigh, ó chlé: Eadaoin Nic Dhonncha, Bróna Ní Cheallacháin, Róisin Ní Chonghaile, Aifric Ní Ghibne, Liadan Canny, Cainnear Nic Reamoinn, Síofra Ní Mhárta.

Ar Chúl, ó chlé: Emma Ní Chonghaile, Deirbhle Ní Mhárta, Fódhla Ní Bhraonáin agus Orlaith Ní Churraoin.

D’éirigh le grúpa cailíní ó Chlub Óige Lurgan an réamhbhabhta áitiúil a bhuachaint i gcomórtas X Factóir na Gaeltachta ar an Aoine seo caite leis an dráma ‘An tOthar’. Bronnadh corn agus seic €200 ar an gClub Óige agus beidh siad san iomaíocht sa gcomórtas náisiúnta, a bheas ar bun ar an Aoine, 10ú Márta.


An Spidéal v Micheál Breathnach

Tarraingíodh na comharsana béal dorais, An Spidéal agus Cumann Micheál Breathnach, sa ngrúpa céanna sa gCraobh Comórtas Peile Idirmheánach do Chontae na Gaillimhe. Chaill na Breathnaigh a áit sa nGrád Sinsir anuraidh agus is ag imirt ag an nGrád Idirmheánach a bheas siad i mbliana. Imreofar an chéad bhabhta sa gcomórtas idir An Spidéal agus Na Breathnaigh, i mí Bealtaine. Uachtar Ard agus Naomh Breandán na foirne eile atá sa ngrúpa leis An Spidéal agus Cumann Micheál Breathnach.


BACK TO BURGUNDY

Radharc as BACK TO BURGUNDY, scannán ón bhFrainc a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 1 Márta ag 8.15pm, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.

Scannán nua ón bhFrainc, ‘Back to Burgundy’, a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo, 1 Márta, ag tosú ag 8.15pm.

Baineann scéal an scannáin leis na coimhlintí a tharlaíonn taobh istigh de theaghlach, nuair a fágtar le huacht fíonghort le triúr páistí.


Scoil Ros a’ Mhíl

Daltaí ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, a ghlac páirt sa gclár Fiontraí Sóisearach le gairid.

Ó chlé: Éabhadh Níc Dhonnacha, Ciarán Ó Fátharta, Aliaya Ní Ghrianan, Róise Ní Mhurcú agus Eoin Ó Coistealbha.

I mbliana tá na hardranganna i Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, ag glacadh páirt sa gclár Fiontraí Sóisearach. Tá sé mar aidhm ag an gclár cabhrú le daltaí bunscoile fiontar agus fiontraíocht a aithint agus feasacht agus tuiscint a chothú iontu ar ról an fhiontraí sa bpobal.

Bhí na gasúir i Ros a’ Mhíl ag obair i ngrúpaí ar na smaointí éagsúla. Bhí orthu cur i láthair a dhéanamh os comhair triúr dragún! Piocadh amach grúpa amháin, a raibh an smaoineamh acu ‘slime’ a dhíol!


28 Feabhra 2018