Cartlann Nuachta: 30 Eanáir 2019

Craobh Díospóireachta ag An Spidéal

Curaidh na hÉireann! Foireann Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal a bhuaigh an comórtas díospóireachta Uí Chadhain / Gael Linn i gcraobh na sinsear. Ó chlé tá Siobhán Ní Neachtain, Aisling Ní Chonghaile agus Aoife Nic Dhonncha. Sa phictiúr chomh maith tá a múinteoir, Tríona Ní Mhurchú

Ó chlé: Siobhán Ní Neachtain, Aisling Ní Chonghaile agus Aoife Nic Dhonncha, foireann bhuacach Choláiste Chroí Mhuire, in éineacht lena múinteoir, Tríona Uí Mhurchú (ar dheis), Príomhoide na scoile, leis an gCorn a bronnadh orthu tar éis dóibh Craobhchomórtas Díospóireachta Ghael Linn a bhuachaint i rannóg na sinsear.

Foireann de thriúr cailíní ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, a d’ardaigh an corn tar éis a mbua sa gcraobh shinsearach de Chomórtas Díospóireachta Ghael Linn, a reáchtáladh i mBiorra an tseachtain seo caite. Aoife Nic Dhonncha (Na Mine), Siobhán Ní Neachtain (Baile na hAbhann) agus Aisling Ní Chonghaile (An Spidéal) an triúr scoláirí a phléigh an rún seo a leanas os comhair na moltóirí: ‘Is Córas Roghnúcháin Cothrom é Córas na bPointí!’

Tá traidisiún láidir díospóireachta ag an scoil. Bhí beirt den fhoireann, Siobhán Ní Neachtain agus Aisling Ní Chonghaile, ar an bhfoireann a bhain an duais sa gcraobhchomórtas sóisearach dhá bhliain ó shin.

Ba í Tríona Uí Mhurchú, príomhoide na scoile, a bhí i mbun réiteach na foirne le dul san iomaíocht le trí fhoireann eile: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua; Coláiste Pobail Ráth Chairn; agus Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath.

Bronnadh buanchorn agus dearbháin de luach €1,000 ar an bhfoireann bhuacach ó Choláiste Chroí Mhuire. Bronnadh dearbháin de luach €250 ar an bhfoireann shóisearach ón Spidéal a bhí páirteach sa gcraobhchomórtas chomh maith: Oisín Ó Coisdealbha, Eoin Ó Neachtain agus Ailbhe Ní Neachtain. Ba éacht ann féin é fáil tríd go dtí an craobhchomórtas.


Comórtas Scoraíochta Idir Bailte

Scoraíocht an Locháin - Lampaí Lasta

Scoraíocht an Locháin Bhig 2015 – Lampaí Lasta

Beidh cruinniú faoin gComórtas Scoraíochta Idir Bailte ar an Déardaoin seo, 31 Eanáir, ag 8.30pm san ITT (Crann Taca) ar chúl Shéipéal an Chnoic. Beidh fáilte ag an gcruinniú roimh dhuine ar bith a bhfuil spéis acu sa gcomórtas nó atá ag iarraidh breis eolais.

Tá spéis léirithe cheana féin ag roinnt bailte sa gComórtas Scoraíochta Idir Bailte atá á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige. I mbliana tá an comórtas oscailte do bhaile ar bith, nó grúpa bailte, sa gceantar idir Na Forbacha agus Ros a’ Mhíl. Beidh ar gach baile/ceantar a chuireann isteach ar an gcomórtas seó nó scoraíocht, thart ar 25 noiméad ar fhad, a chur ar an stáitse, seó ina mbeidh meascán ceoil, amhránaíocht, damhsa, scéalaíocht, greann, drámaíocht etc. faoi théama eicínt. Tá sé fágtha faoin mbaile/ceantar an téama a roghnú.

Tá go dtí an Aoine, 8 Feabhra, ag bailte lena chur in iúil an mbeidh siad páirteach sa gComórtas Scoraíochta.

Tá an Cumann Forbartha ag súil go mbeadh an comórtas críochnaithe faoi dheireadh Mhárta.

Tá níos mó eolais faoin gcomórtas le fáil ar shuíomh idirlín an Chumann Forbartha, www.coisfharraige.ie nó ó Mháirín Mhic Lochlainn ag an uimhir 086 0888578.


Anois Teacht an Earraigh

Anois teacht an earraigh, beidh an lá dul chun síneadh,

S tar éis na Féil’ Bríde a ardóidh muid seol.

Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Cuid de Cheoltóirí Óga Chois Fharraige a bheas ag casadh sa Taibhdhearc, seachtain ón Domhnach seo, 3 Feabhra ag 3.00pm, ag an gceolchoirm ‘Anois Teacht an Earraigh’.

Cuirfear fáilte roimh an earrach ar an Domhach seo chugainn, 3 Feabhra, mar a mbeidh Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag cur ceolchoirm iomlán ar stáitse sa Taibhdhearc. Tá ceolchoirmeacha den scoth curtha cheana ar stáitse ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige, ach seo é an chéad uair dóibh ceolchoirm iomlán a dhéanamh i dTaibhdhearc na Gaillimhe.

Le roinnt blianta anuas tá an-bhorradh tagtha faoi chúrsaí ceoil i measc na n-óg i gConamara agus plúr na gceoltóirí á dteagasc. Beidh suas le 60 duine óg ag glacadh páirte san ócáid agus iad faoi stiúir ag na meantóirí a bhíonn ina dteannta ‘chuile dheireadh seachtaine ag na seisiúin cheoil. Beidh togha na n-amhránaithe agus na ndamhsóirí óga le feiceáil ar an ardán chomh maith.

Dar ndóigh, ní thiteann an t-úll i bhfad ón gcrann agus tá ceoltóirí agus amhránaithe aitheanta i measc thuismitheoirí na ngasúr agus is cinnte go mbainfear cúpla amhrán agus port astu sin freisin!

Is lá don teaghlach ar fad a bheidh ann agus ní ghearrfar aon airgead ar ghasúir agus táille €12 a bheidh ar an doras do dhaoine fásta. De bharr go mbeifear ag ceiliúradh na féile Bríde, beidh cead isteach saor in aisce ag aon bhean a bhfuil Bríd – nó leagan de – mar ainm uirthi!

Bríd eile, Bríd Treasa Wyndham a bheidh ina bean an tí don ócáid.


Cumann Mícheál Breathnach

Cumann Mícheál BreathnachTá ballraíocht sa gCumann ar oscailt anois.

Is ar líne a bheas an clárú ag tarlú i mbliana. Seo a leanas na táillí ballraíochta a bheas i bhfeidhm: €120 do imreoir fásta (18+); €80 do mhic léinn lánaimsire; €100 do ghasúr amháin agus tuismitheoir/caomhnóir; €130 do bhallraíocht clainne nach imreoirí iad na tuismitheoirí agus €160 do bhallraíocht clainne más imreoir duine de na tuismitheoirí.

I mbliana, de bharr rialacha cosaint leanaí, ní féidir gasúr a chlárú gan ar a laghad tuismitheoir/caomhnóir amháin a bheith cláraithe chomh maith.


Na Toghcháin Áitiúla

Seán Ó TuairisgTá sé fograithe ag Cathaoirleach an Chomhairle Chontae, Seán Ó Tuairisg (ar dheis), nach mbeidh sé ag seasamh don Chomhairle Chontae sna toghcháin áitiúla mí Bealtaine seo chugainn, Dúirt sé ar Raidió na Gaeltachta go bhfuil sé dóchasach go mbeidh duine eile ag tíocht chun cinn as ceantar Chois Fharraige le dul san iomaíocht d’Fhianna Fáil agus an suíochán a choinneáil.

Sheas Seán a chéad toghchán ar thicéad Fhianna Fáil in 1999 nuair a toghadh é ar Bhord Údarás na Gaeltachta ar an gcéad chomhaireamh. bToghadh é ar an gComhairle Chontae don chéad uair sa mblian 2004. Toghadh arís é i 2009 agus i 2014.

Tá seirbhís mhaith tugtha ag Seán Ó Tuairisg le 15 bliain anuas ar an gComhairle Chontae mar ionadaí do cheantar Chonamara, le tacaíocht láidir aige ina cheantar dúchais, Dúiche Sheoige, agus ina cheantar cónaithe, Cois Fharraige. Bhí sé sásta i gcónaí seasamh go misniúil le coinníollacha láidir teanga a bheith ar fhorbairtí tithíochta i gceantar Chois Fharraige, in ainneoin ionsaithe a bheith dhá ndéanamh air ag cruinnithe dá pháirtí féin.

Tá Seán an-ghníomhach ina phobal féin, ball é de Choiste Stiúrtha an Chumann Forbartha agus ball de Bhord Stiúrtha Chomharchumann Sailearna chomh maith.

Sa toghchán mí Bealtaine beidh Conamara roinnte idir Conamara Thuaidh agus Conamara Theas. Beidh an chuid is mó den Ghaeltacht ó Bhearna go Cárna i gConamara Theas, chomh maith le Maigh Chuilinn.

Tuigtear go bhfuil spéis léirithe ag ceathrar go dtí seo in ainmniúchán a fháil ó Fhianna Fáil: Noel Thomas ó Mhaigh Chuilinn, atá ina chomhairleoir cheana féin, Macdara Hosty ó Bhearna. Máirtín Ó Laoi ó Thír an Fhia agus Daithí Ó Cualáin ó Chor na Rón. Sheas Macdara Hosty agus Máirtín Lee ar thicéad Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla i 2014. Fuair Máirtín Lee 882 vóta agus fuair MacDara Hosty 345 vóta. Sheas Daithí Ó Cualáin mar neamhspleách agus fuair sé 440 vóta.

Ag seasamh chomh maith as cheantar Chois Fharraige beidh an t-adhlacóir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire ó na Doireadha, atá roghnaithe ag Fine Gael, agus Kevin O’Hara ón Spidéal atá roghnaithe ag Sinn Féin.


AGM an Chomhar Creidmheasa

Comhar CreidmheasaAr an Máirt seo caite, 29 Eanáir, tionóladh cruinniú cinn bhliana Chomhar Creidmheasa Cholmcille, sa gCrann Taca (ITT), Indreabhán.

Tuairiscíodh go raibh tíocht isteach de bheagán faoi €1.34 milliún ag an gComhar Creidmheasa, le linn na bliana airgeadais 2018, i gcomparáid le beagán le cois €1.37 milliún don bhliain 2017. Ach de bharr laghdú de thart ar €50,000 sa gcaiteachas, tháinig méadú beag ar an bhfarasbarr den ioncam thar an gcaiteachas, ó €397,000 don bhliain 2017 go €408,000 don bhliain 2018. Roinntear an farasbarr ar chúlchistí éagsúla.

Tá timpeall 8,800 ball ar fad sa gComhar Creidmheasa, an cúigiú cuid acu faoi bhun 23 bliain d’aois. Tá €41.5 milliún de luach scaireanna ag na baill sa gComhar Creidmheasa, méadú 6% ó 2017, agus tá beagán le cois €8 milliún sna cúlchistí éagsúla. Tá beagán le cois €11 milliún ar iasachtaí tugtha amach do na baill, méadú de bheagnach €1 milliún ar an méid iasachtaí a bhí tugtha amach ag deireadh na bliana airgeadais 2017.


Scannán na Seachtaine Seo

Club Scannan 1945

Radharc ón scannán ‘1945’ a bheas á thaispeáint sa Seanscoil ar an scáileán mór, ar an Déardaoin seo, 31 Eanáir ag tosú ag 8.15pm.

Ar an Déardaoin seo, 31 Eanáir, leanfar le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, nuair a thaispeánfar ‘1945’, ag tosú ag 8.15pm.

Tá an scannán ‘1945’ lonnaithe i mbaile beag san Úngáir, mí Lúnasa 1945, ag am a bhfuil deireadh ag tíocht leis an gCogadh.

Filleann beirt abhaile, tagtha slán ón Uileloscadh, rud a chuireann an lasair sa mbarrach sa mbaile beag, atá ag ceiliúradh bainise ag an am.

Is féidir ballraíocht a fháil don séasúr i gcónaí: €35 an táille do dhuine aonair, nó €60 do bheirt. Tugann ballraíocht cead isteach ag na scannáin go léir le linn an tséasúir. Do dhaoine nach mbíonn ballraíocht acu bíonn €8 le íoc ar scannán amháin.

Tá liosta iomlán na scannán le fáil anois ar an suíomh idirlín WWW.CLUBSCANNAN.IE, mar aon le eolas fúthu.


Leabhar Nua Joe Steve le Plé

Joe Steve Ó Neachtain le Dónal Ó Braonáin a sheol leabhar nua Joe Steve, Mar a Bhí ar dTús", i dTigh Chualáín, Indreabhán, Dé Domhnaigh. Is iad Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh. Pic: Seán Ó Mainnín

Joe Steve Ó Neachtain le Dónal Ó Braonáin a sheol leabhar nua Joe Steve, “Mar a Bhí ar dTús”, i dTigh Chualáín, Indreabhán roimh an Nollaig. Is iad Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh.

[Pic: Seán Ó Mainnín]

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin, 13 Feabhra, ag a 9.00pm i dTigh Mholly leis an leabhar “Mar a bhí ar dtús: Cuimhní Seanghasúir” le Joe Steve Ó Neachtain a phlé. Beidh an t-údar, Joe Steve Ó Neachtain, ann ar an oíche. Chomh maith leis sin, beidh Club Leabhar Eachtraíochta agus Sóisialta Bhaile Locha Riach in éineacht ag tíocht ar cuairt ar an oíche. Tá an leabhar ar fáil go háitiúil ó shiopa Chló-Iar Chonnacht sa Spidéal.


Slat Iascaireachta i gCois Fharraige

Droichead thar Abhainn, An Spidéal

Abhainn an Spidéil. Cé go bhfuil an séasúr do shlat iascaireacht bradán á oscailt ar an 1 Feabhra, tá Abhainn an Spidéil agus córas Bholuisce dúnta do iascaireacht brádán don séasúr, mar nach leor an líon bradán atá ag dul san abhainn.

Tá tús á chur le séasúr nua slatiascaireachta bradán ar an 1 Feabhra, 2019. Ansin, ar an 15 Feabhra, beidh séasúr na slatiascaireachta don bhreac donn ag tosú.

Seo mar atá cúrsaí i gceantar Chonamara Theas:

Abhainn an Chnoic (Na Forbacha): Beidh Abhainn an Chnoic, a théann chun farraige sna Forbacha, dúnta go fóill le haghaidh na slatiascaireachta bradán ós rud é nach bhfuil an teorainn chaomhnaithe an-ard – 132 iasc – á baint amach ina leith, ná íoslíon na mbradán a chaithfidh dul suas an abhainnchóras sular féidir aon iascaireacht a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh an t-abhainnchóras inbhuanaithe.

Boluisce: Is é an chéad abhainnchóras eile ná Boluisce, a théann chun farraige ag an Spidéal. Beidh an t-abhainnchóras sin dúnta le haghaidh na slatiascaireachta bradán, mar go léiríonn an t-áiritheoir éisc nach bhfuil an teorainn chaomhnaithe á comhlíonadh ina leith sin ach an oiread. Táthar fós ag triail cúrsaí sceite a fheabhsú ach tá moill ar an stoc bradán agus breac donn ag teacht ar ais chuige féin ar chúiseanna éagsúla. Léirigh taighde a rinneadh le déanaí cé leo codanna d’abhainnchóras Bholuisce faoin dlí agus cé leo na cearta iascaigh ina leith, agus cuimsíonn sé sin Loch Bholuisce, cuid de Loch an Oileáin agus an abhainn ag dul i dtreo Derryherk chomh maith le cuid de Loch Niollach.

Abhainn an Chnoic (Siopa an Phobail): Is é an chéad abhainnchóras eile ná Abhainn an Chnoic (Conamara Theas) a théann chun farraige ag Ollmhargadh na Seoighe in Indreabhán. Cé nach mar abhainnchóras bradán is fearr aithne air, bhíodh an bradán agus an breac geal ansin san am atá caite. D’fhág fadhbanna póitseála agus truaillithe gur scriosadh na báirí éisc.

Loch Niollach: Tá an breac donn i Loch Niollach agus cé go bhfuil dhá choimíneacht ann ar leo cuid den loch, is le daoine eile na cearta iascaigh. Cuirtear ticéid lae ar fáil do thurasóirí chun dul ag slatiascaireacht, agus bíonn árachas san áireamh leo. Tá socruithe ar leith i bhfeidhm do bhruachúinéirí an cheantair.

Loch Ceara: s iascach bric dhoinn é Loch an Locháin Bhig, nó Loch Ceara mar a thugtar air, agus is féidir dul ag slatiascaireacht ansin le ticéad lae. D’fhás an-chuid fiailí sa cheantar sin le himeacht na mblianta agus ní mór tabhairt faoin bhfadhb sin chun na dálaí slatiascaireachta a fheabhsú.

Abhainn Casla: Gar den cheantar seo, téann abhainnchóras Chasla agus Fhormaoil chun farraige i Ros an Mhíl agus tá sé oscailte i gcomhair na slatiascaireachta don bhradán agus don bhreac geal. Bíonn deiseanna iascaireachta don iomaí turasóir ann agus meallann sé daoine chuig na tithe lóistín sa cheantar. Bíonn deiseanna fostaíochta le tapú ansin i rith mhíonna an tsamhraidh agus is sampla é den chaoi a mbaineann pobal na háite tairbhe as an acmhainn nádúrtha seo.

Mar gheall ar na lochanna, na haibhneacha agus na cearta iascaigh i gCois Fharraige a bheith faoi úinéireacht ag daoine éagsúla, níl pobal an cheantair ag baint tairbhe ar bith as an acmhainn nádúrtha seo de cheal struchtúr bainistíochta a bheith i bhfeidhm i gceantar Chonamara Theas. D’fhéadfaí comharchumann slatiascaireachta a bhunú chun cearta iascaireachta agus/nó lochanna a cheannach agus deiseanna slatiascaireachta a chur ar fáil do mhuintir na háite agus do thurasóirí.

Tá an t-eolas seo curtha ar fáil ag Brian E. Curran, Ireland West Angling.


Torthaí Spóirt

Sacar (Corn Brennan): Cois Fharraige 1, Manulla 5.


30 Eanáir 2019