Cartlann Nuachta: 6 Meitheamh 2018

Peil na gCailíní

Foireann Cailíní ó Scoil Éinne

Foireann peile na gcailíní ó Scoil Éinne, An Spidéal, a ghlac páirt i gComótas na mBunscoileanna le gairid.


Bua ag na Breathnaigh

Ruadhán Ó Curraoin agus Ciarán Ó Laoi

Ruadhán Ó Curraoin, a d’imir sárchluiche le Cumann Micheál Breathnach, nuair a bhuail siad Cortoon Shamrocks le cúilín amháin, ar an Satharn seo caite ar Pháirc an Chnoic.

Tá an taoille casta d’fhoireann peile na mBreathnaigh faoi dheireadh. Bhí drochbhliain ag foireann sinsir Chumann Micheál Breathnach anuraidh, nuair a chaill siad cluiche i ndiaidh cluiche. Ag deireadh an tséasúir anuraidh chaill na Breathnaigh cluiche mór cinniúnach in aghaidh Kilconly agus dícháilíodh an fhoireann ó sinsir go idirmheánach. Buile mór ab ea é don Chlub.

Ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí leis an athnuachan atá ar bun ag na Breathnaigh, más teist ar bith an cluiche a imríodh Dé Satharn seo caite le Cortoon Shamrocks, i Roinn II de Shraith Peile na Gaillimhe.

Sé Ruadhán Ó Curraoin a d’oscail an scóráil d’fhoireann Chois Fharraige. Sa gcéad leath ní raibh mórán idir na fóirne aon uair ach chríocnaigh Cortoon an leath go láidir, rud a d’fhág iad dhá chúilín chun cinn ar fhoireann Chois Fharraige.

Thosaigh na Breathnaigh an dara leath go maith, le trí chúilín i ndiaidh a chéile: péire ó bhróg Phetie Uí Chionnaith agus cic saor fada ó Ruadhán Ó Curraoin, a d’fhág na fóirne ar chomhscór. Chuaigh Cortoon chun cinn arís agus gan ach cúig noiméad le dul, ach d’éirigh le Ruadhán Ó Curraoin na fóirne a chur ar chomhscór le cúilín iontach ó uillinn ghéar.

Bhí an chuma ar an scéal go gcríochnódh an cluiche cothrom, ach rinne Maidhc Antaine Ó Conghaile a fhoireann a chur chun cinn in am gortaithe, nuair a sheol sé an pheil go gleoite thar an trasnán, leis an mbua a thabhairt do Chumann Micheál Breathnach.

Foireann na mBreathnaigh: Brian Ó Maoileoin, Keith Ó Donnachadha, Gearóid Ó Fátharta, Caoimhín Ó Maoileoin, Dara Mac Dubhghaill, Maidhc Ó Conghaile (0 – 1), Cian Griallais, Séamas Ó Maoileoin, Cian Ó Gríofa, Dinny Ó hÉallaithe, Seán Denvir, Cuán Mac Dubhghaill, Ruadhán Ó Curraoin (0 – 3), Dara Mac Gearailt, Petie Ó Cionnaith (0 – 5). Fir Ionaid a usáideadh: Tomaí Ó Conghaile, Diarmaid Ó Féinneadha agus Máirtín Ó Cualáin.


Sadhbh Ní Fhlatharta

Sadhbh Ní Fhlatharta (2018)

Sadhbh Ní Fhlatharta, An Chré Dhubh, ar éirigh leí Craobh Aon Bhalla (liathróid láimhe) na hÉireann do chailíní faoi 15, an deireadh seachtaine seo caite i Ros Comáin.

Sa bpictiúr chomh maith tá Joe Masterson, Uachtarán CLG Liathróid Láimhe, a bhronn an duais uirthi.

Imríonn Sadhbh le Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach.


Gaillimh 2020

Roghnóidh trí thionscadail ó Ghaeltacht Chonamara le airgeadú faoin scéim Bailte Beaga – Smaointe Móra, scéim maoinithe do thionscadail bheaga ar fud Chontae na Gaillimhe, mar chuid de Ghaillimh 2020.

1. Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige le €5,000 a fháil le Lóchrann Chonamara a eagrú ar Oíche Shin Sheáin 2019 ar an Teach Dóite.

2. Tá Ionad Oidhreachta Leitir Mhealláin le €6,000 a fháil le tionscadail a eagrú ar Carraig an Iolair, amach ó Cheann Gólam le linn Oireachtas na nOileán 2019.

3. Tá Traidphicnic le €3,000 a fháil le tionscadail ealaíne a eagrú le linn na féile, a bheas ar bun mí Iúil seo chugainn.


Cois Fharraige 2066’

Iseult Ní Fhoighil ag léamh

Iseult Ní Fhoighil ag léamh píosa filíochta a chum sí don chomórtas liteartha a eagraíodh mar chuid de Oireachtas Chois Fharraige 2016, agus atá foilsithe anois sa leabhrán ‘Cois Fharraige 2066’.

Sula chríochnaigh an scoilbhliain foilsíodh an leabhrán ‘Cois Fharraige 2066’, ina bhfuil bailiúchán filíochta agus próis ón gcomórtas liteartha a eagraíodh mar chuid d’Oireachtas Chois Fharraige 2016, scríofa ag daltaí ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, agus Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.

Tá an leabhrán le ceannach i Siopa an Phobail, Indreabhán; Tigh Mhic Phroinnsias agus Tigh Mháirtín O Donnell, An Spidéal, agus Tigh Dhurcáin ar an Tulach.


CÉILÍ HOUSE ón gCoill Rua ar an Satharn

Banna Ceoil COGAR (Céilí House 2018)

An banna ceoil COGAR a bheas le cloisteál ar an gclár CÉILÍ HOUSE, Dé Satharn seo chugainn, 9 Meitheamh, ar RTÉ Raidió a hAon, ag tosaí ag 9.00pm.

Ar an Satharn seo chugainn, 9 Bealtaine, a chraolfar an clár CÉILÍ HOUSE, a taifeadadh cúpla seachtain ó shin i dTigh Chualáin, An Choill Rua.

Beidh an clár ag dul amach ar RTÉ Raidió a hAon, ag tos ag 9.00pm.


Féile Chois Fharraige 2018

oireachta schois fharraige 2016

Pádraig Ó hIbicín ag Damhsa ag Oireachtas Chois Fharraige 2016

Ag cruinniú ar an Máirt seo caite, socraíodh go mbeadh Féile Chois Fharraige á eagrú le linn an deireadh seachtaine fada mí Deireadh Fómhair, ag tosar an Déardaoin, 25 Deireadh Fómhair, agus ag dul ar aghaidh go dtí an Lá Saoire Bainc ar an Luan, 29 Deireadh Fómhair.

Roghnaíodh Ríonach Ní Néill mar chathaoirleach ar an bhFéile agus tá dréachtchlár curtha le chéile, a bheas á dheimhniú ag an gcéad chruinniú eile den choiste i gceann coicíse.

Is faoi scáth Cumann Forbartha Chois Fharraige a bheas an fhéile á heagrú, le cúnamh ó Ealaín na Gaeltachta.


Gradam do Thuismitheoirí na Gaeltachta

An Déardaoin seo caite bhronn Cathaoirleach an Chomhairle Chontae, Eileen Mannion, duais €500 ar Thuismitheoirí na Gaeltachta, mar aitheantas ar an méid oibre a dhéanann an eagraíocht ar mhaithe leis an nGaeilge sa nGaeltacht.

Bhí Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige ainmnithe don duais chéanna, ‘Gradam don Rannchuidiú is Fearr sa nGaeilge’.

Sé bunaitheoir Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin, John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, a roghnaíodh don ghradam mar Oibrí Deonach na Bliana agus fuair Pádraig Ó Biadha, ó Leitir Mealláin, Gradam Foilseachán Oidhreachta as a leabhar faoi Cheantar na nOileán, a foilsíodh anuraidh.


Dumhach na Leanbh

Breandan ag breathnú ar Chros - Dumhach na Leanbh 2018

Breandán Ó Tuairisg, an cathaoirleach ar fhochoiste athchóirithe Dumhach na Leanbh, ag breathnú ar an gcrois a shocraigh sé ann beagnach dhá scór bliain ó shin, i gcuimhne ar na daoine atá curtha ann.

Dé Satharn seo caite, bailíodh €1,220 taobh amuigh de Shiopa an Phobail (Tigh Joyce), ar mhaithe le Ciste Athchóirithe Dumhach na Leanbh.

Tá Fochoiste Athchóirithe Dumhach na Leanbh ansásta leis an méid a bailíodh agus anbhuíoch do gach duine a thug airgead ar an lá.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Peil (Sraith II): Ml Breathnach 0 – 09, Cortoon Shamrocks 0 – 08.

Iomáint (Sóisear A): Bearna-Na Forbacha 1 – 15, St Thomas’s 2 – 24.

Sacar (cailíní 12): Bearna-Na Forbacha 3, Cinn Mhara 1.

Sacar (cailíní 15): Bearna-Na Forbacha 2, Maree-Oranmore 5.