Stair Chois Fharraige

Altanna Éagsúla a bhaineann le Stair Chois Fharraige


An Mine

Thug Cumann Forbartha Chois Fharraige coiste le chéile le deireadh seachtaine a eagrú i gcuimhne ar an naonúr fear a maraíodh 100 bliain ó shin, ar an 15 Meithamh 1917, nuair a phléasc mianach mara, ón gCead Chogadh Domhanda, ar chladach an Locháin Bhig.

Mar chuid de Chuimhneachán an ‘Mine’ 1917 – 2017, bhí ócáid an-speisialta ar bun ar an Aoine, 16 Meitheamh 2017, ar an Trá Mhór, Coill Rua. Léirigh an comhlacht Fíbín an dráma PLÉASC, scríofa ag Eoin Mac Diarmada..


Oireachtas Chois Fharraige

oireachtaschoisfharraige2016-0274Reachtáileadh Oireachtas na Gaeilge 1974 i gCeantar Chois Fharraige – an chéad uair ar fhág an tOireachtas Cathair Bhaile Átha Cliath.

Ceathracha bliain ina dhiaidh, chuir an Cumann Forbartha grúpa oibre le chéile le tabhairt faoi chomóradh a dhéanamh ar an Oireachtas stairiúil sin. Oireachtas Chois Fharraige: 1974 go 2014 toradh a chuid oibre.  Bhí sé seo ar siúl ón 25ú go dtí an 28ú Meán Fómhair (Déardaoin go Domhnach).  Lean an nasc chun tuilleadh a léamh faoi.


St. Enda’s, Spiddal by Lord Killanin

Cill Éinde 2015

 

” . . . The countryman returning home from market in Galway in his slow, rumbling cart, the Gaelic student arriving by bus in the West for the first time, and the holiday maker speeding along the road on the North side of Galway Bay cannot avoid observing the unusual, tall, rectangular tower, with its saddle roof and slight batter, which denotes that he is approaching the village of Spiddal . . .”

 


Céibh an Spidéil le Seán Ó Mainnín

Céibh an Spidéil_2” . . . Sa bhliain 1865 chuir sagart paróiste an Chnoic, Pádraig Ó Liatháin (Canon Lyons níos deireanaí ina shaol) litir chuig an Rialtas ag iarraidh go dtógfaí céibh. Bhí an litir sínithe ag go leor iascairí ó Chois Fharraige. Ar ndóigh is ag an Aill Fhinn i mbaile fearainn an Chnoic a bhí an chéibh le tógáil. Ach má bhí chuile dhuine ag súil gur ar an gCnoc a thógfaí an chéibh níor cuireadh san áireamh go raibh fear sa Spidéal a raibh focal sa chúirt aige – ba é sin Mícheál Muiréis a bhí ina dhiaidh sin ina Thiarna Chill Ainnín . . .”


Stair Chois Fharraige le Lochlainn Ó Tuairisg

Iar Connaught“. . . Níl áireamh ar dhrochghníomhartha na mBlácach, sa mbéaloideas ná sa stair cháipéiseach ach an oiread.  Spliontaíocht, spídiúlacht, díshealbhú, tíorántacht agus drochíde a bhí le fáil uathu agus ba bheag eile.  Oíche Chinn Bhliana 1847 agus an Gorta Mór faoi lán seoil caitheadh scata teaghlach amach as a gcuid tithe; an Blácach ag fógairt in ard a chinn: “I would rather feed goats than ye.”  Cailleadh roinnt díobh nuair a chaith said an oíche amuigh sa mbáisteach agus sa bhfuacht.  Tarraingíodh anuas ceisteanna i bPárlaimint Shasana dá bharr . . .”


Seanscoil Sailearna le Breandán Ó Tuairisg

Seanscoil Sailearna“ . . . Is maith is cuimhneach liom an chéad lá ar thosaigh mé ar scoil, Seanscoil Shailearna mar a thugtar anois uirthi, nó mar a deir an leac cloch aoil a bhí ar bhalla an dá bhinn bheaga a bhí ar thosach na scoile nach bhfuil amhlaidh níos mó – Salerna National School 1885. Cheap muid ar fad agus muid ag dul isteach agus amach na ndoirse sin ar feadh roinnt blianta gur tógadh an scoil an bhliain sin ach mar atá ‘fhios againn anois bhí an scoil ann i bhfad roimhe sin . . . ”


 1969 – Bliain na gCearta Sibhialta i gConamara le Donncha Ó hÉallaithe

CSnaG2” . . . Ar an Domhnach bhí an seomra ba mhó sa tSeanscoil ag cur thar maoil. Peadar Mac an Iomaire a bhí sa gcathaoir. Pléadh go leor fadhbanna a bhí ag pobal na Gaeltachta i gConamara, idir cúrsaí teangan, easpa seirbhísí bunúsacha ar nós uisce agus easpa fostaíochta. Léadh litir ó Dheasún Fennell, fear a bhí tagaithe chun cónaí go Maighinis lena bhean Mary tamall roimhe sin, ag moladh “Údarás Áitiúil don Ghaeltacht” a bheith mar chéad chloch ar a páidrín ag aon eagraíocht nua a bhunófaí. Socraíodh dul ar aghaidh le bunú Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus toghadh coiste . . . “


An t-Éireannach 1934-37 le Éamon Ó Cíosáin

An t-Éir_3” . . . Deir údair mhóra gurb é Inniu an chéad nuachtán seachtainiúil Gaeilge a dhírigh ar chúrsaí nuachta seachas ar ghnóthaí na Gaeilge. Ach bhí páipéar eile ann roimhe, a foilsíodh i mBaile Átha Cliath gach uile Shatharn ó Mheitheamh 1934 go Feabhra 1937. Rinne an nuachtán An t-Éireannach léirmheas géar ar imeachtaí Hitler, Mussolini agus deachtóirí eile. Ba mhar a chéile an pholaitíocht a bhí le brath taobh thiar de agus an pholaitíocht a chleacht an Chomhdháil Phoblachtach (Republican Congress), comhdháil de ghrúpaí ceardchumann, de shóisialaithe agus de Phoblachtóirí sóisialacha (1934-36) . . . “

 


Tigh Pheadair Mhóir ar an mBánrainn le Gearóid Ó Murchú

Tigh Pheadair Mhóir_1” . . .  An lá is mó sa mbliain a bhíodh ag Tigh Pheadair Dick ná lá an Phátrúin, 9ú Meitheamh, Lá Thobar Cholm Cille. Bhíodh daoine ag teacht ó chéin is ó chongar ann. Thagadh daoine aniar as na hoileáin le báid, le turas an tobair a dhéanamh. Thagadh daoine de shiúl na gcos aniar as Carna, Ros Muc, Leitir Mealláin agus chuile áit eile i gConamara. D’fhágaidís sin an oíche roimhe. D’fhanaidís sa teach ósta ina gcodladh sa lochta ar mhálaí bran, sin dá gcodlaídís ar chor ar bith . . . “


Seán Mac Giollarnáth (1880 – 1970) le Dónall Ó Colchúin

Seán Mac Giollarnáth” . . . Le linn dhó bheith i Londain, chuir sé an-suim sa nGaeilge, agus thosaigh sé ag freastal ar na ranganna Gaeilge a bhí dhá reachtáil ansin ag Conradh na Gaeilge. Ba dá bharr sin, a chuir sé aithne don chéad uair ar Mhicheál Breathnach, agus ar Phádraic Ó Conaire. Thagadh siad le chéile go minic, i dteach bia in Adelphi Terrace, agus mar gheall gurbh as Condae na Gaillimhe don triúr acu, agus go raibh suim acu sa scríbhneoireacht, is cinnte gur iomaí oíche fhada a chaith siad le chéile, ag caint ‘s ag comhrá faoi nua-litríocht na Gaeilge . . . “