Cois Fharraige: An Scéal is Nuaí

29 Márta 2023


Féile Scoildrámaíochta

Scoil Ros a' Mhíl sa bhFéile Scoildrámaíochta

Páistí ó ranganna 4/5/6, Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, a ghlac páirt i bhFéile Scoildrámaíochta Chonnacht, leis an drama ‘Cè aige atá an Chumacht?’.

Ar chúl, ó chlé: Aoife Ní Nia, Éabha Ní Chèide,  Ríona Ní Fhátharta, Sorcha Ní Shúilleabháin agus Eibhlín Nic Dhonnacha.

Chun tosaigh, ó chlé: Ailbhe Ní Chadhain, Aoibhinn Ní Shé, Shane Herbert, Siobhán Nic Dhonnacha agus Méadhbh Ní Cháimhín.

Reáchtáladh Féile Scoildrámaíochta Chonnacht in Amharclann Chois Fharraige an tseachtain seo caite. D’éirigh thar barr le scoileanna ó Chois Fharraige. Pádraig Ó Coisdealbha ó Scoil Sailearna a ainmníodh mar an tAisteoir ab Fhearr (Buachaill) as a pháirt mar Chóilín an Chnoic sa dráma den ainm chéanna. Ba é an dráma Bród, curtha ar stáitse ag Rang na hIdirbhliana, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, a roghnaíodh don ghradam Scothléiriú na Féile.

Seo a leanas na drámaí a bhfuil ainmniúcháin faighte acu le bheith páirteach sa bhFéile Náisiúnta Drámaíochta i Muileann gCearr ag deireadh mí Aibreáin.

Cóilín an Chnoic, Rang 4, Scoil Sailearna, Indreabhán, Co na Gaillimhe.

Níl Cuma ná Caoi, Naíonáin (Beaga is Móra) agus Rang 1, Scoil Cholmcille, An Tulach.

Bóithrín na Smaointe, Rang 5 agus 6, Scoil Cholmcille, an Tulach.

Cochaillín Dearg, Naíonáin (Beaga is Móra), Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl.

An Chéad Dráma: Bliain 1, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.

Bród: Idirbhliain, Coláiste Chroí Mhuire, an Spidéal.


Ócáid Chuimhneacháin ag Dumhach na Leanbh

An Chrois Dumhach na Leanbh

An chrois ag Dumhach na Leanbh ar an Teach Mór, áit a mbeidh ócáid i gcuimhne ar na páistí atá curtha sa gcillín, ar Luan Cásca, 10 Aibreán ag 4.00pm.

Ar Luan Cásca, 10 Aibreán, beidh ócáid ar bun ag Dumhach na Leanbh, An Teach Mór, i gcuimhne ar na páistí atá curtha sa gcillín ar bhruach Loch Lurgan. Tosóidh an ócáid ag 4.00pm. Beidh fáilte roimh an bpobal, go speisialta roimh dhaoine a bhfuil gaolta leo curtha sa gcillín. Daoine atá in ann siúl síos ag an láthair, iarrtar orthu a gcuid carranna a fhágáil ag An bPoitín Stil, mar go bhfuil spásanna páirceála gann ag an láthair.

Ag an ócáid déarfar an Paidrín agus leagfar bláthanna ag an gcrois. Théis na hócáide beidh tíocht le chéile sa bPoitín Stil, áit a mbeidh soláistí ar fáil.

Tá an ócáid chuimhneacháin á eagrú ag Coiste Dumhach na Leanbh, fochoiste de chuid Chumann Forbartha Chois Fharraige agus tá sé i gceist ócáid bhliantúil a dhéanamh dhó.


ConTempo sna Forbacha

Séipéal na bhForbacha Nollaig 2020

Séipéal Réalt na Mara sna Forbacha

Cuirfidh Ceathairéad ConTempo ócáid cheoil agus fhilíochta i láthair i séipéal Réalt na Mara sna Forbacha ar an Domhnach seo chugainn, 2 Aibreán ag 3.30 san iarnóin. Ceol cáiliúil Cásca le Joseph Haydn atá fite le míreanna filíochta le Mark Strand a bheas sa machnamh Cásca seo.

Tá cáil mhór ar an ConTempo Quartet, ensemble cónaitheach de chuid Cónaitheacht Ceoil na Gaillimhe, as a gcuid saothair nuálacha agus iad i mbun ceoil san iarthar anois le os cionn scór bliain. D’iarr siad ar John Caulfield leagan Gaeilge a dhéanamh de shaothar Mark Strand agus thug siad cuireadh d’Aisteoirí an Spidéil a bheith i bpáirt leo don léiriú ar leith seo de NA SEACHT bhFOCAL DHEIREANACHA sna Forbacha.

Níl aon chostas ar an imeacht seo, ach moltar ticéid a chur in áirithe roimh ré ar shuíomh Eventbrite, nó ar shuíomh Galway Music Residency.


Ag Bun na Croise

Ardchrois an Spidéil

Beidh ócáid shollúnta, mhachnamhach ar bun i gCill Éinde sa Spidéal ar Dhomhnach an Iúir, 2 Aibreán ag 7.30 i.n. Le roinnt blianta anuas tagann Cór na Croise Naofa, sin cór an tséipéil sa Spidéal, le chéile ag bun Ardchrois an Spidéil leis na hamhráin dhúchasacha a bhaineann le tréimhse na Cásca a chasadh. Cé go mbíonn neart searmanas eaglasta ar siúl ó Dhéardaoin Naofa go Domhnach Cásca ní minic a bhíonn deis ar fáil leis na hiomainn thraidisiúnta a chasadh ina n-iomláine agus ní bhíonn deis ag an bpobal dá réir sin na seoda ceoil, filíochta agus urnaí a seachadadh chugainn thar na glúnta a chloisteáil i suíomh socair, ciúin.

An pobal féin a eagraíonn an ócáid seo agus cuirfear na múrtha fáilte roimh mhuintir na Gaeltachta, an pobal ó Bhearna go Carna go háirithe, chuig an ócáid ar leith seo. Sa mbliain 2015 a cuireadh Ardchrois an Spidéil ina seasamh le taobh na haltóra i gCill Éinde. Seo an saothar ealaíne is deireanaí a cuireadh isteach i gCill Éinde, séipéal a bhfuil cáil náisiúnta air de bharr feabhas a dheartha agus ilghnéitheacht na healaíne atá suite ann. Crois snoite as cloch eibhir í an Ardchrois a dhear an dealbhóir cáiliúil, Imogen Stuart.


‘Féasta Ceoil’ an Deireadh Seachtaine

Stiúidió Chois Chuain

Stiúideo Cuan sa Spidéal

Beidh Féasta Ceoil An Spidéil ag leanacht ar aghaidh an deireadh seachtaine seo, nuair a bheas na sár-cheoltóirí Mike McGoldrick, Dezi Donnelly agus Ed Boyd ag casadh ag ceolchoirm i Stiúideo Cuan, ar chúl na Ceardlainne sa Spidéal ar an Aoine agus ar an Satharn, 31 Márta agus 1 Aibreán. Is lárionad ceoil agus ealaíne den scoth é Stiúideo Cuan atá ag breathnú amach ar Chuan na Gaillimhe agus ar Cheann Boirne i gCo an Chláir. Tá an t-ionad álainn, athchóirithe seo ag cur baile an Spidéil chun cinn arís mar thobar fíoruisce de scoth an cheoil traidisiúnta.

Gan ach 65 suíochán sa seomra ceoil, moltar ticéid a chur in áirithe trí dul chuig www.stiuideocuan.ie, nó glaoch ar 091 553838.


Scannán ón gCatalóin sa tSeanscoil

Club Scannán - ALCARRAS

Radharc as an scannán ALCARRAS ón gCatalóin, a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 30 Márta, ag 8.15pm i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.

An Déardaoin seo, 30 Márta, ag 8.15pm beidh an scannán ALCARRÁS ón gCatalóin á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, scannán a fuair an gradam is airde ag Féile Scannán Berlin anuraidh. Baineann scéal an scannáin le clann atá ag saothrú slí bheatha ón talamh leis na glúnta, ach nuair a fhaigheann an t-úinéir bás, cinneann an té a fhaigheann an talamh le uacht an sealúchas a dhíol. Is scéal tochtmhar é faoin gcaoi a dtagann deireadh le sean-traidisiúin na talmhaíochta.

An tseachtain seo chugainn beidh an scannán ón Bheilg Tori agus Lokita á thaispeáint le clabhsúr a chur le Séasúr an Earraigh de Chlub Scannán Sailearna.

Daoine nach baill iad, is féidir leo ticéad a fháil don scannán ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, nó is féidir íoc isteach ag an doras ar an oíche chomh maith.


Gradaim Spóirt na nÓg

Gradam Óg Peil na mBan CMB (2023)

Triúr cailíní ó Chumann Micheál Breathnach ar bronnadh gradam orthu as a gcuid imeartha i 2022 ag ócáid Gradam na nÓg, an Satharn seo caite, le Captaen foireann peile na Gaillimhe, Seán Ó Ceallaigh.

Ó chlé: Muireann Ní Ghloinn, Isobel Ní Fhlatharta agus Niamh Ní Ghionnáin.

[Pic: Máirín Uí Chongaile]

Ar an Satharn seo caite bhí Amharclann Chois Fharraige lán le imreoirí óga ó Chumann Micheál Breathnach agus a dtuismitheoirí, le haghaidh bronnadh na ngradam faoi aois don bhliain 2022, san iománaíocht agus i bpeil na gcailíní is na mbuachaillí.

An peileadóir Seán Kelly a rinne na gradaim a bhronnadh ar na himreoirí óga agus Cóilín Ó Neachtain ó Raidió na Gaeltachta a bhí ina fhear a’ tí don ócáid.

Iománaithe óga de chuid Chumann Micheál Breathnach ar bronnadh gradam orthu as a gcuid imeartha i 2022 ag ócáid Gradam na nÓg, an Satharn seo caite.

Ó chlé: Seán Ó Ceallaigh (Captaen ar fhoireann peile na Gaillimhe), Cian Ó Maoileoin, Cillian Ó Ceallaigh, Oisín Ó Neachtain, Aodhán Ó Coisdealbha, agus Rian Ó Fátharta.

[Pic: Máirín Uí Chongaile]

Peileadóirí óga de chuid Chumann Micheál Breathnach ar bronnadh gradam orthu as a gcuid imeartha i 2022 ag ócáid Gradam na nÓg, an Satharn seo caite.

Ó chlé: Seán Ó Ceallaigh (Captaen ar fhoireann peile na Gaillimhe), Lúc Mac Aodha, Feidhlim Ó Diollúin, Learaí Ó Grádaigh, Oisín Mahon, Evan Creachmhaoil agus Ciarán Ó Fátharta.

[Pic: Máirín Uí Chongaile]

Na torthaí uile anseo:

Peil na mban:

Faoi 12: Niamh Ní Ghionnáin;

Faoi 14: Isobel Ní Fhlátharta;

Faoi 16: Muireann Ní Ghloinn;

Iománaíocht:

Faoi 11: Cian Ó Maoileoin;

Faoi 12: Cillian Ó Ceallaigh;

Faoi 13: Oisín Ó Neachtain;

Faoi 14: Caomhán Mac Con Iomaire;

Faoi 15: Ferdia Ó Braonáin;

Faoi 16: Aodhán Ó Coisdealbha;

Faoi 17: Rian Ó Fátharta;

Peil na mBuachaillí:

Faoi 12: Learaí Ó Grádaigh;

Faoi 13: Oisín Mahon;

Faoi 14: Evan Creachmhaoil;

Faoi 15: Ciarán Ó Fátharta;

Faoi 16: Feidhlim Ó Diollúin;

Faoi 17: Lúc Mac Aodha;


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €5,000 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 1,2,10,18.

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

Éamonn Éinniú, Lochán Beag;

Eileen Curran, Coill Rua;

Jude Geoghegan, Caisleán;

Peggy Frances Ní Eidhin, f/ch Tigh Mholly.

Éamonn Ó Feinneadha, Tuar Beag, a fuair duais an díoltóra.

€5,100 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

• Peil (Roinn 3A): Ml. Breathnach 0 – 10, Oughterard 1 – 12.

• Iomáint (faoi 16C): Ml. Breathnach 5 – 15, Ballinaderreen 1 – 09.

• Iomáint (faoi 16C): Cois Fharraige 5 – 14, Sylane

• Sacar (faoi 17): Bearna/Na Forbacha 2, Salthill Devon 4.

• Sacar (Cailíní f15): Bearna/Na Forbacha 2, Colga 0.

• Sacar (faoi 13): Bearna/Na Forbacha B 7, Kiltullagh B 3.

• Sacar (faoi 13): Mac Dara 1, Knocknacarra C 3.

• Sacar (Cailíní f12): Bearna/Na Forbacha 5, Mervue Utd.0.


Nótaí Chois Fharraige

Cumann Forbartha Chois Fharraige a cuireann Nótaí Chois Fharraige le chéile chuile sheachtain don Churadh Chonnachta, a thagann amach gach Déardaoin. Fáilteofar roimh mhíreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, le foilsiú sa gcolún ach iad a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com ar an Luan roimhré faoi 2.30pm. Is féidir an colún a léamh chomh maith ar an suíomh seo le ábhar breise.