Altanna faoi Cheantar Chois Fharraige

Altanna éagsúla tógtha ó Biseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige


Biseach 2015 ar fáil mar PDF anseo
  • ClúdachBiseach2015Coláiste Cholmcille 60 Bliain
  • Na Toghcháin Áitiúla
  • Comharchumann Shailearna
  • Áit Bhreith an Chadhnaigh
  • An Spidéal 50 Bliain ó Shin
  • Comóradh an Oireachtais
  • Tomás Ó Con Cheanainn
  • Diarmuid Mac an Adhastair
  • Cois Fharraige le mo Linnse
  • An tIolar agus an Sicín
  • Fís ’74 – Céard a Tharla Di?

Agóid i gCois Fharraige le Brian Ó Baoill

Brian Gafa“. . . Tugadh os comhair na cúirte sa Spidéal mé sa mbliain 1985 agus gearradh fíneáil de £50 orm. Bhí baill Chlub Óige Lurgan ag léirsiú taobh amuigh lena dtacaíocht a thaispeáint. Ba mhór liom an tacaíocht sin. Liam Mac Oireachtaigh an dlíodóír a bhí agam agus Séamus Ó Tuathail an t-abhcóide. D’íoc Conradh na Gaeilge na costais. Reáchtáladh an chúirt trí Ghaeilge. Dhiúltaigh mé an fhíneáil a íoc . . .”

 


Tigh Mholly, Stair agus Seanchas le Peadar Ó Máille
Tigh Mholly sa mbliain 1900

Tigh Mholly sa mbliain 1900

“. . . Is léir ó leabhra na gcuntas atá againn i bpeannaireacht Mholly, agus a théann siar go dtí 1896, go raibh fíorbhaint ag Tigh Mholly le muintir na háite agus go raibh Tigh Mholly fite fuaite lena saol. Tá ainmneacha seanathaireacha agus sin-seanathaireacha na dteaghlach sin lonnaithe sna bólaí thart breactha ar na leathanaigh fré chéile agus stair shóisialta na linne ag brúchtaíl aníos ag gach uile leathanach acu . . .”

 


Forbairt Pharóiste an Chnoic le Peadar Mac an Iomaire

Peadar Mac an Iomaire“. . . Nuair a bunaíodh saorstát Éireann bhí bochtanas agus eisimirce ag cur as go mór do phobal Chois Fharraige mar a bhí ag cur as go mór do phobail ar fud na tíre. De réir mar a bhí an stat nua ag cur aidhmeanna cheannródaithe Ghluaiseacht na Gaeilge agus an stáit nua i bhfeidhm, thosaigh cuaiteoirí ag teacht chuig ceantar Chois Fharraige le barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge . . .”

 


Scéal Chailleach an Uafáis le Tom Phaddy Mac Diarmada

TomPhaddy“. . . Ach nuair a mhéadaigh an fuacht ní raibh aon phluid eile le spárailt sa teach agus dúirt an bhean le fear a’ tí gur dona a chruthaigh siad agus na pluideanna a chur sa gcónra leis an máthair . . . “

 

 

 


Mairtín Mór Ó Cadhain le Gearóid Denvir

 Image Ref. No. 3019/090“. . . Bhí sé gan amhras ar bith duine de mhórscríbhneoirí an fichiú haois sa tír seo, agus dá scríobhfadh sé i mBéarla Yeats, Joyce, Synge, Friel, Heaney agus a leithéidí, bheadh tionscal bisiúil liteartha mar chrois den ghlaschloch os a chionn, agus ollúna agus lucht adhartha ó na ceithre harda ar oilithreacht bhliantúil chuig a ionad comortha agus cuimhneacháin ar an gCnocán Glas .  .  .”

 


Stair Chois Fharraige le Lochlainn Ó Tuairisg

Iar Connaught“. . . Níl áireamh ar dhrochghníomhartha na mBlácach, sa mbéaloideas ná sa stair cháipéiseach ach an oiread.  Spliontaíocht, spídiúlacht, díshealbhú, tíorántacht agus drochíde a bhí le fáil uathu agus ba bheag eile.  Oíche Chinn Bhliana 1847 agus an Gorta Mór faoi lán seoil caitheadh scata teaghlach amach as a gcuid tithe; an Blácach ag fógairt in ard a chinn: “I would rather feed goats than ye.”  Cailleadh roinnt díobh nuair a chaith said an oíche amuigh sa mbáisteach agus sa bhfuacht.  Tarraingíodh anuas ceisteanna i bPárlaimint Shasana dá bharr . . .”


Filí Bhaile na mBroghach le Peadar Mac an Iomaire

Filí Bhaile na mBroghach“ . . . Is beag paróiste i gConamara nach bhfuil ar a laghad cúpla duine ann a chumann amhráin, dánta, nó agallaimh bheírte, agus aird na ndaoine tarraingthe orthu dá bharr. Chomh fada le mo bharúil, níor oibrigh ceachtar acu sin an oiread tionchair ar an bpobal agus a d’oibrigh Filí Bhaile na mBroghach. Is é mo bharúil go bhfuil an áit chéanna tugtha d’Fhilí Bhaile na mBroghach ag a chomharsana a d’éirigh suas lena linn agus a tugadh d’fhilí eile Gaeilge ó aimsir Chath Chionn Sáile. Tá daoine ann a chreideann go bhfuil fios ag an bhFilí de bharr cuid de na rudaí atá luaite aige ina chuid dánta. Ceapann tuilleadh go bhfuil cumhacht osnádúrtha éigin aige de bharr an chaoi a bhfuil sé in ann an chaínt atá sna dánta a chur i ndiaidh chéile . . . ”


Mícheál Breathnach le Ruaidhrí Ó Tuairisg

Mícheál Breathnach“ . . . Nuair a bhí muide inár ngasúir bheaga ar an Lochán Beag ba laoch é Mícheál Breathnach. Rugadh ar an mbaile é, ba cara le Pádraig Mac Piarais é, bhí sé os cionn Chonradh na Gaeilge i Londain, ba scríobhnóir, file agus múinteoir é. Rud eile a bhí spéisiúil domsa gurbh é Pádraig Ruaidí, mo sheanathair, an Pádraig atá luaite ag Mícheál ina scéal ‘Seilg na Meán Oíche’ . . . ”

 


Seanscoil Sailearna Le Breandán Ó Tuairisg

Seanscoil Sailearna“ . . . Is maith is cuimhneach liom an chéad lá ar thosaigh mé ar scoil, Seanscoil Shailearna mar a thugtar anois uirthi, nó mar a deir an leac cloch aoil a bhí ar bhalla an dá bhinn bheaga a bhí ar thosach na scoile nach bhfuil amhlaidh níos mó – Salerna National School 1885. Cheap muid ar fad agus muid ag dul isteach agus amach na ndoirse sin ar feadh roinnt blianta gur tógadh an scoil an bhliain sin ach mar atá ‘fhios againn anois bhí an scoil ann i bhfad roimhe sin . . . ”