Mícheál Breathnach
le Ruaidhrí Ó Tuairisg
Alt é seo a foilsíodh san iris Biseach 2000
Nuair a bhí muide inár ngasúir bheaga ar an Lochán Beag ba laoch é Mícheál Breathnach. Rugadh ar an mbaile é, ba cara le Pádraig Mac Piarais é, bhí sé os cionn Chonradh na Gaeilge i Londain, ba scríobhnóir, file agus múinteoir é. Rud eile a bhí spéisiúil domsa gurbh é Pádraig Ruaidí, mo sheanathair, an Pádraig atá luaite ag Mícheál ina scéal “Seilg na Meán Oíche”.
Mar a dúirt mé, rugadh Mícheál Breathnach, nó Mike Mhicil Teada, ar an Lochán Beag ar an 16ú lá de Mheán Fómhair 1881. Micil Teada a bhí ar a athair agus Saile Ní Fhinneadha ar a mháthair. B’as an mbaile céanna iad.
Bhí ceathrar dearthár ag Mícheál, Peaits, Seán, Cóil agus Joe agus ceathrar deirfiúr, Saile, Máire Bríd agus Nóra. Cosúil le chuile dhuine eile san áit ba ag plé le cladach agus talamh a bhí Micil Teada cé gur chaith sé tamall beag i Meiriceá.
SCOIL
Chuaigh Mícheál ag Scoil Sailearna, áit ar chaith sé chúig bhliana déag, na chúig bhliana deireanacha mar “mhonitor” nó múinteoir cúnta. Trí bliana ina dhiaidh sin fuair sé post mar rúnaí ar Chonradh na Gaeilge i Londain. Ní raibh srian ar bith leis an méid oibre a rinne sé. Chomh maith lena obair lae, mhúin sé Gaeilge san oíche, scríobh sé píosaí don Chlaidheamh Solais, ghlac sé páirt i ndrámaí, i gcoirmeacha ceoil, agus thug sé léachtanna ar fud na cathrach. Nuair a bhíodh an méid sin ar fad déanta aige bhíodh sé ina shuí go dtí an ceathair ar maidin ag scríobh Stair na hÉireann. Sa mbliain 1905 fuair sé droch-fhliú agus chaith sé seal ag Bournemouth, “Cois Fharraige Shasana” mar a thug sé féin air.
SAOTHAR
An samhradh sin bunaíodh Coláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh agus toghadh Mícheál mar Ard-ollamh. Bhí Fraincis, Gearmáinis, Laidin agus beagán Rúisise aige faoi seo mar bhí tréimhsí caite aige i Mór-roinn na hEorpa ag staidéar ar mhodh múinte dhá theangachais. Chaith sé tamall san Eilbhéis i rith an Gheimhridh 1905/06 mar gheall ar a shláinte. Anseo a chríochnaigh sé an t-aistriúchán ar Cnoc na nGabha.
Sa mbliain 1906 fuair sé post mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Iarfhlatha i dTuaim ach chlis a shláinte air aríst agus thug sé an Eilbhéis ar féin. Chaith sé leathbhliain ann agus d’fhill sé ar Choláiste Chonnacht. I mí Deireadh Fómhair, 1908, chuaigh sé go oispidéal i gCros an Araldaigh i mBleá Cliath agus is ann a fuair an eitinn an ceann is fearr air ar an 28ú lá den mhí sin.
Tá sé curtha, mar a deir an filí Joe Shéamais Sheáin, “sa gcoirnéal thoir theas” de Roilig an Chnoic. Sé Mícheál Soirtéal a rinne an chrois atá ar an uaigh.
Nuair a bhí Mícheál ag obair mar mhonitor chuir sé fios ar leabhra go Bleá Cliath. Nuair a tháinig siad ar ais bhí páipéar timpeall orthu ar a raibh teanga aisteach mar a cheap sé. Chuir sé ceist ar an múinteoir, Mícheál Ó Maicín, an Gearmáinis, Gréigis nó Arabais a bhí ann. Dúradh leis gur Gaeilge a bhí ann. Bhí sé seacht mbliana déag.
Níor thosaigh sé ag scríobh na Gaeilge go dtí go raibh sé bliain agus fiche agus fuair se bás nuair a bhí sé seacht mbliana fichead, mar sin is iontach an méid a scríobh sé in achar gearr.
Bhain go leor scríobhnóiri úsáid an uair sin as ainmeacha cleite agus bhí Mícheál amhlaidh. Níl muid cinnte faoi go leor altanna in irisí éagsúla ach feiceann muid ainmeacha mar “Cois Fharraige”, “An Matal”, “An Sruthán Buí”, “Tulach an Leathair”, agus a leithéid, logainmeacha a bhaineann lena cheantar féin agus táimid beagnach cinnte gurbh é Mícheál a scríobh iad.
Scríobh sé Stair na hÉireann i Londain. Tá trí chuid sa leabhar agus tá foclóir leis. Cur síos ar stair na tíre ó thús aimsire go Conradh na Gaeilge. Ní féidir a rá gur obair oibiachtúil atá ann mar tá tuairimí Mhíchíl ar fud an leabhair ach tugann sé an-léargas ar Ghaeilge Chois Fharraige ag an am. D’aistrigh sé leabhar Charles Kickham, Knocknagow, go Gaeilge. Tá saibhreas Gaeilge le fáil anseo, focla nach gcloisfeá ró-mhinic anois, splíontaíocht, spreangaide, seaneire, ciomach, geampa 7rl. Lean sé an leagan Béarla go dlúth ar feadh tamaill ach ansin thosaigh sé ag cur isteach píosaí filíochta agus ghiorraigh sé an scéal ag an deireadh. Dúirt An Chlaidheamh Solais faoin leabhar ar 7ú Samhain 1908: “the vastest storehouse of untarnished Irish idiom that has been gathered together in our time.”
Sa mbliain 1905, nuair a bhí sé san Eilbhéis ar mhaithe lena shláinte, a scríobh sé Seilg i Measc na nAlp. Séard atá ann, cur síos ar lá amháin a chaith sé sna hAlpa. Scríobh sé roinnt mhaith píosaí ar An Claidheamh Solais faoi chúrsaí i Londain, faoi Chogadh na mBoer, faoi thionsclaíocht in Éirinn, faoi phoilitíocht sa tSomáil agus go leor eile. Scríobh sé faoi ábhair mar sin freisin in iris mhíosúil An Connachtach, a foilsíodh in Áth Luain ó lúil 1907 go Bealtaine 1908. Sé Mícheál a scríobh go leor de na heagarfhocail san iris seo. Deir sé go bhfuil stíl nua litríochta ag teastáil, ábhar a bhí á phlé go mór ag tús an chéid.
Scríobh sé alt in Irisleabhar na Gaeilge i mí Márta 1907 faoina cheantar féin, na daoine, obair, imirce agus mar sin. Chomh maith le prós scríobh Mícheál filíocht – píosaí bolscaireachta is mó, ag moladh na tíre – faoin nGaeilge, faoin ól, imirce, cuir i gcás An Deoraí agus píosaí éagsúla eile. Bhí feabhas ag teacht ar a chuid filíochta de réir a chéile. Tá scríobhnóireacht Mhichíl an-bhinn, an-deas, an-éadrom. Tá leaganacha cainte an-bhreá aige agus a chuid Gaeilge i bhfad níos saibhre ach níl cruas ná gearradh an scríbhneora eile as Conamara a bhí i Londain ag an am, Pádraig Ó Conaire, ann. Ach ar ndóigh níor bhain Mícheál a bhuaic amach.