Seanscoil Sailearna

Le Breandán Ó Tuairisg

Foilsíodh an t-alt seo in Biseach 1998

 

DSC02047Is maith is cuimhneach liom an chéad lá ar thosaigh mé ar scoil, Seanscoil Shailearna mar a thugtar anois uirthi, nó mar a deir an leac cloch aoil a bhí ar bhalla an dá bhinn bheaga a bhí ar thosach na scoile nach bhfuil amhlaidh níos mó – Salerna National School 1885. Cheap muid ar fad agus muid ag dul isteach agus amach na ndoirse sin ar feadh roinnt blianta gur tógadh an scoil an bhliain sin ach mar atá ‘fhios againn anois bhí an scoil ann i bhfad roimhe sin.
Fuair muid amach é sin go gairid tar éis dúinn tús a chur le athógáil na scoile mar go raibh obair chloch déanta uirthi nach raibh amhlaidh ar chuid eile dhe, agus nárbh ionann an t-ábhar a húsáideadh ach oiread.
Ag an bpointe seo ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do sheanchara liom, stairí iontach, fear a d’fhág stair agus scéalta breátha faoin gceantar ina dhiaidh, ‘sé sin Seán Ó Mainnín, iar-phríomhoide Choláiste Cholm Cille, go ndéana Dia grásta air. Thug a bhean Máire an t-eolas seo dhom agus saol fada agat, a Mháire.
Bhí scoil bheag ceann tuí i gCoill Rua sa mbliain 1826. Riocard Ó Maolruadh a bhí mar mhúinteoir inti. Sa mbliain 1853 cuireadh scoil ar bun sa Lochán Beag i dteach ceann tuí. Seomra amháin 30 troigh ar fad le 14 troigh ar leithead. Ní raibh ‘fhios ag Seán cén áit ar an Lochán a raibh an scoil sin ach chuir mé cuid mhaith tuairisce agus ceaptar gur siar ó tí Ned Sheáin, nó Tí Turley mar a thugtar anois air, a bhí sí. Pádraig Robinson an múinteoir a bhí ann. Bhí os cionn trí scór scoláire, idir bhuachaillí agus chailíní, ag freastal ar an scoil. D’íoc siad £5 an duine in aghaidh na bliana. Sa mbliain 1854 nuair a bhí an Canónach Ó Liatháin ina shagart paróiste ar an gCnoc ceadaíodh tuarastal £11 do Phádraig Robinson chomh maith le leabhra do na scoláirí.

An Chéad Chuid

SeanscoilIs cosúil gur tógadh an chéad chuid de scoil Sailearna timpeall 1854 nó go gairid ina dhiaidh sin. Dhá sheomra a bhí inti agus bhí an t-eolas seo a leanas ag Seán Ó Mainnín. Bhí an scoil ann i mí Feabhra 1864, Scoil Sailearna, Uimhir Rolla 9275, agus bhí an scoil cláraithe leis an mBord Oideachais ar an 1ú Márta 1864. Bhí Pádraig Ó Donnchadha ina phríomhoide sa scoil go dtí 1869 nuair a ceapadh Tomás Mac an Ultaigh ina phríomhoide. Bhí Cáit Ní Choisdealbha ina cúntóir. Scoil mheascaithe a bhí ann. An Canónach Ó Liatháin a bhí ina shagart paróiste ar an gCnoc ag an am seo. Dhá sheomra a bhí sa scoil agus bhí na seomraí 34 troigh ar fad le 16 troigh ar leithead. Cuireadh tús le obair thógála ar an scoil sa mbliain 1884 – is dóigh liom gur seomraí breise a bhí i gceist.
Ceapaim féin gur ag an am sin a cuireadh seomra siar as an dá sheomra a bhí ann, an seomra atá le bóithrín, agus seomra eile soir ón dá sheomra. Is dóigh go raibh an obair sin déanta in 1885 agus gur cuireadh an leac cloch aoil a luaigh mé níos túisce ar bhalla na scoile. Bhí an scoil sa séipéal fad a bhí an obair thógála ar siúl.
Bhí dhá sheomra ag na buachaillí agus dhá sheomra ag na cailíní ag an am seo, seomraí a bhí 28 troigh ar fad agus 16 troigh ar leithead. Chosain an obair nua seo £459 agus fritheadh £306 mar dheontas. Chosain sé £41-19-6 balla a chur timpeall gharraí na scoile.
Ar bhord riartha na scoile sin bhí an tAth. Tomás Ó Cuirraidhn sa Spidéal, an tAth. P. Mac Girr, Conga, agus John Redington, Esq., Gaillimh. Ba é an tAth. Hosty, an sagart paróiste, a bhí mar bhainisteoir ar an scoil. Is é a tháinig i ndiaidh an Chanónaigh Uí Liatháin.
Mary Donohue, nó Máire Mhicil Hughie mar a thugtaí uirthi, a ceapadh ina príomhoide i scoil na gcailíní, agus bhí Miss Maxwell ina cúntóir aici. Is í Mary Donohue seo a phós an Máistir ó Maicín blianta ina dhiaidh sin nuair a ceapadh eisean ina phríomhoide i scoil na mbuachaillí. Is minic a chloisinn mo Dheaide ag caint ar Mhacken.
D’éirigh Tomás Mac an Ultaigh as múinteoireacht sa mbliain 1889 agus tháinig Jeremiah Ó Ríordáin mar mhúinteoir ina áit sa mbliain 1889. An tAth. Ó Mainnín a bhí ina shéiplíneach ar an gCnoc ag an am seo agus thugadh sé cuairt ar an scoil go minic.

Méadú

Seanscoil SailearnaAr an 24ú Iúil 1894 scríobh an tAth. Hosty chuig an mBord Oideachais a rá go raibh an scoil ró-bheag don méid scoláirí a bhí ag freastal uirthi – 137 buachaill i scoil na mbuachaillí agus 147 i scoil na gcailíní. Ba é an tUas. Welby a bhí ina chigire ag an am.
Ar an 21ú Deireadh Fómhair 1903 ceapadh Micheál Breathnach ina mhonatóir sa scoil. Sa mbliain 1913 bhí an tAth. Ó hÉanaí tagtha mar shagart paróiste ar an gCnoc. Chuir sé cófraí nua sa scoil le feabhas a chur ar rudaí agus chosain siad £2 an ceann. Fuair sé £1-6-8 de dheontas. Chomh maith leis sin chuir sé deascanna nua sna seomraí ar chostas £13, bord nua i scoil na gcailíní a chosain 12 scilling, cheithre cinn de sciatha tine, péire i scoil na mbuachaillí agus péire i scoil na gcailíní ar chostas £6.
I mí na Nollag 1912 scríobh Liam Ó Ceallaigh a rá go raibh scoil na gcailíní i bhfad ró-bheag ach scríobh an rúnaí ar ais aige a rá nach raibh sé ar intinn ag an mBord seomraí breise a chur leis an scoil ag an am seo – an seanscéal céanna i gcónaí is cosúil. Sa mbliain 1924 cuireadh dhá sheomra eile leis an scoil agus ceapadh Máire Ní Fhloinn ina dara cúntóir i scoil na gcailíní. Máire Ní Chradhford a bhí ina príomhoide ag an am.
Ceapadh Máire Ní Chlaidhimh, nó Miss Swords mar is cuimhneach linn í, ina príomhoide ar an 9ú lá do Nollaig 1929. Maireann sí fós, bail ó Dhia uirthi agus beidh sí 104 bliain d’aois i mí Feabhra na bliana seo chugainn. Saol fada go raibh aici. Thug sí cuairt orainn i mí Samhna na bliana seo caite, 1997, nuair a chuala sí go raibh an scoil á atógáil.
Is iomaí buachaill agus cailín a chuaigh trí dhoirse na scoile sin idir 1864 agus 1972 nuair a dhún sí i gcóir saoire an tsamhradh don uair dheireadh mar Salerna National School. Soir ar Shliabhán Kheane, mar a bhí aithne againn ar an áit sin, a chuaigh na gasúir tar éis an tsaoire ag freastal ar an scoil nua álainn seo nach raibh luch ná francach le feiceáil inti. D’fhág siad slán nó mallacht, cibé acu, ag an tseanscoil.
Rinne an tseanscoil freastal ar chúrsaí samhraidh ar feadh cúpla bliain ina dhiaidh sin agus ansin bhí sí ag caitheamh isteach an tuáille do réir a chéile. Ba le Údarás na Gaeltachta í ag an am seo agus tháinig Coiste Chomharchumann Shailearna Teo. agus Cumann Forbartha Chois Fharraige le chéile agus bheartaigh siad gan í a ligean i léig ach í a fháil ar ais ó Udarás na Gaeltachta agus í a chóiriú mar ionad pobail don sean is don óg.
Thóg sé na blianta é sin a dhéanamh de bhrí go raibh sé an-deacair teideal a fháil ar an áit ach d’éirigh linn faoi dheireadh tar éis cuid mhaith scríobh agus teileafón agus bagairt a dhéanamh, gan trácht ar an méid cruinnithe ar pléadh an scéal acu. Faoi dheireadh, ag cruinniú a bhí agam féin, Pádraic Willie Ó Fátharta, agus an tAth. Micheál Ó Flannabhra, S.P., le baill de bhord an Údaráis – agus tar éis margáil mhór – cheannaigh muid ar ais í ar £12,500. Ansin bhí muid saor le plean a dhéanamh dhi agus chuir muid coiste beag le chéile a réitigh plean don leagan amach a bheadh uirthi. Ní raibh mórán don tseanscoil fágtha ag an am seo, na ballaí ag titim go tréan.

Tús

Seanscoil1Cuireadh tús le athógáil na seanscoile i mí Bealtaine 1997 agus mar seo atá an leagan amach dhe ag breathnú isteach uirthi ón mbóthar mór. Ó chlé, thiar le bóithrín, tá oifig C.S.T., thaobh thoir dhe sin beidh seomra ranga ríomhaireachta agus rl. Trasna uaidh sin, ó thuaidh, beidh cistineach agus leithreas; ansin tá halla mór pobail ann le haghaidh drámaí, damhsaí, scannáin, ceol, imirt chártaí agus rl. Tá sé i gceist chomh maith go mbeidh bialann i gceann thiar an halla sin. Ina cheann thoir beidh seomra, agus leithreas in aice leis, le haghaidh cruinnithe do choistí an pharóiste agus féadfar é a úsáid mar naíscoil freisin.
Ba cheart dhom a lua ag an am seo go bhfuil an tseanscoil i bhfad níos leithne anois ná mar a bhí agus tá dhá leithreas eile, fir agus mná, sa gcuid sin dhe. Chomh maith leis sin tá muid ag tóigáil stór mór ó thuaidh den scoil le haghaidh trealaimh agus le ábhar C.S.T. a choinneáil. Tá súil againn cuid den obair sin a bheith réitithe faoi Cháisc seo chugainn, le cúnamh Dé.
Ba mhaith liom a rá ag an bpointe seo go bhfuil leaids óga á dtraenáil ar an suíomh le clocha a thóigáil, le blocanna a shocrú, le rátaí a ghearradh agus a chur suas, le fuinneoga a dhéanamh, sclátaí a chur ar dhíon, agus go leor rudaí eile agus tá súil agam go mbainfidh siad leas as amach anseo.
Mar fhocal scoir ba mhaith liom an méid seo a rá – Go ndéana Dia Grásta ar na buachaillí agus ar na cailíní, nach maireann, a chuaigh thrí dhoirse na scoile sin. Mar Chathaoirleach ar Choiste C.S.T. agus mar bhall de Chumann Forbartha Chois Fharraíge ba mhaith liom míle buíochas a ghlacadh leis an dá Choiste, Coiste Chomharchumann Shailearna Teo. agus Cumann Forbartha Chois Fharraige, a d’oibrigh chomh crua le tús a chur leis an obair, agus leis an bhfochoiste a rinne an phleanáil. Tá buíochas mór ag dul don fhoireann oibre, agus do Nóirín agus Gearóid san oifig chomh maith. Míle buíochas do FÁS, An Roinn Ealaíon, Oidhreacht, Gaeltacht & Oileán, Fód Glas Teo. agus chuile dhuine eile a thug tacaíocht dúinn le tús a chur leis an obair seo.