Stair Chois Fharraige
le Lochlainn Ó Tuairisg
Aiste é seo a foilsíodh san iris Biseach sa mbliain 2000.
Is féidir linn dul chomh fada siar leis an miotaseolaíocht leis na chéad tagaírtí a aimsiú don cheantar a dtugtar Cois Fharraige air sa lá atá inniu ann. Ar ndóigh, mar a fheicfeas muid, ní Cois Fharraige a bhí ar an áit i gcónaí. De réir na miotaseolaíochta bhí mac ag Maedbh, Banríon Chonnacht (an bhean a bhí ar an nóta puint, tráth) le Fearghas Mac Róich, Rí Uladh, darbh ainm Conmhac. Thug sliocht Chonmhaic na Conmhaicne orthu féin agus chuir craobh amháin díobh fúthu i ndeisceart Iar-Chonnacht, in aice na farraige. Thugadar seo na Conmhaicne Mara orthu féin d’fhonn idirdhealú a dhéanamh, is dócha, idir iad féin agus craobhacha eile de shliocht Chonmhaic: Conmhaicne Cinél Dubain agus Conmhaicne Cúile Toladh, i dtuaisceart an chontae. Ó Cadhla a bhí ar ríthe Chonmhaicne Mara agus mhaígh James Hardiman, a bhfuil leabharlann na hOllscoile i nGaillimh ainmnithe ina onóir, gur as an ainm seo a d’eascair an logainm na hAille.
Má fhanann muid i ndorchadas na réamhstaire gheobhaidh amach gur tháinig fear darbh ainm Lughaidh Dealbhaoth de mhuintir Dhál gCais, aníos as an áit ar a dtugann muid Contae an Chláir sa lá atá inniu ann, agus ghlac sé seilbh ar dheisceart Iar-Chonnacht nó Tir Dhá Loch mar a tugadh ar an áit (an ceantar sin atá idir Loch Oirbsean, mar a tugadh ar Loch Coirib ag an am, agus Loch Lurgan nó Cuan na Gaillimhe.) Roinn sé ar a bheirt mhac, Gnó Mór agus Gnó Beag, an réimse talún seo. Fuair Gnó Mór an chuid ó thuaidh den dúiche agus Gnó Beag an chuid ó dheas. B`éigean do na Conmhaicne Mara cúlú siar go dti an áit a bhfuil barúntucht Bhaile na hlnse sa lá atá inniu ann. Dhearbhaigh an scoláire mór le rá, Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh (1629-1718) sa seachtú haois déag ina leabhar A Chorographical Description of West, or H-Iar Connaught, gurbh í Abhainn na hAille, nó Ally River mar a thug sé uirthi, an teorainn idir tailte Ghnó Mhóir agus tailte Ghnó Bhig, Gnó Mór taobh thiar agus Gnó Beag taobh thoir. Deir an dinnseanchas, a cumadh sa dara haois déag, linn gurbh iad muintir Uí Aithnidh a bhí ina ríthe ar Ghnó Beag agus gurbh iad muintir Mhic Chon Raoi ríthe Ghnó Mhóir.
Thart ar lár na tríú haoise déag b’éigean do mhuintir Uí Fhlaitheartaigh imeacht as a gceantar féin, Maigh Seola, barúntacht an Chláir sa lá atá inniu ann, de bharr ionsuithe ó mhuintir De Burgo (na Búrcaigh), cuid de na Normannaigh. Sa mbliain 1256, deir na hAnnála linn, rinne Mac Uilliam Burc ruathar agus creach mhór ar Ghnó Mór agus ar Ghnó Beag. B’éigean do mhuintir Uí Fhlaitheartaigh cúlú siar go hIar-Chonnachta agus ghlac said seilbh ar Ghnó Mór agus Gnó Beag. Cuireadh an ruaig ar mhuintir Uí Aithnidh agus muintir Mhic Chon Raoi. Ba iad máistrí an cheantair iad na Flaitheartaigh ar feadh breis agus trí chéad go leith bliain agus iad ag achrann le Búrcaigh Chathair na Gaillimhe ó thráth go chéile. D’fhágadar a lorg ar an gceantar s’againne. Thosaigh na Flaitheartaigh ar chaisleáin a thógáil ón séú haois déag ar aghaidh. Tógadh ceann acu cois na farraige in Indreabhán. Tugtar An Caisleán ar an mbaile sin inniu. Bhí bunchloch an chaisleáin le feiceáil go dtí cúpla bliain ó shin. Bhain Blácaigh na Tulaí úsáid as clocha bhallaí an chaisleáin chun an teach mór s’acu féin a thógáil. Deir an Flaitheartach linn gur tharla dúnmharú cáiliúil ann sa mbliain 1549. Tugann cáipéis ó 1585: The Compossicion of Connaught, le fios go raibh Coylroe nó Caol Rua i seilbh fir darbh ainm Gillduff Ó Flahertie.
Tá sé deacair a dhéanamh amach céard a bhí ar siúl sa gceantar le linn na seachtú haoise déag toisc an tír trí chéile a bheith chomh corraithe agus chomh súite ó cheann ceann na haoise sin. Is leor a rá gur cuireadh na Flaitheartaigh de dhroimseoil. Tar éis chogaí Chromail agus an díshealbhú coiteann a lean iad, cuireadh sraith cáipéisí darbh ainm The Books of Survey and Distribution, le chéile sna 1660idí, d’fhonn inseacht cén talamh a bhí i seilbh cén duine. I seilbh Iarla Chlann Riocaird, Búrcach, a bhí Keillroe agus fear darbh ainm Walter Blake a bhí Miny agus Rossavile. Éiríonn an scéal beagáinín doiléir aríst agus muid ag féachaint ar an ochtú haois déag. Deir an béaloideas linn go raibh duine darbh ainm Éamon Mór Mac Giolla Phádraig ina chónai sa mbaile fearainn, An Teach Mór agus teach mór aige ann. Deirear freisin go raibh baint aige le Máirtinigh Bhaile na hlnse, a fuair seilbh ar fhormhór Iar-Chonnacht ag deireadh na seachtú haoise déag. Speireadh a chuid beithíoch, deirtear. Díol spéise é seo arae bhí feachtas speirthe ainmhithe ar fud Iar-Chonnacht idir 1711 agus 1712; na Houghers, mar a tugadh orthu.
Thart ar 1855 rinneadh luacháil ar thailte uile na hÉireann. Fear darbh ainm Richard Griffith a bhí ina cheannas agus má chaitear súil ar shonraí na dúiche seo feictear dúinn go raibh ceathrar tiarnaí talún sa gceantar. Ba leis an Muiríseach, an Tiarna Kilannin, an talamh ó Shaile Thúna soir; ba i seilbh Francis Comyn a bhí an talamh ó abhainn an Chnoic siar go hAbhainn Chromghlinne. Ba leis na Blácaigh, craobh de Bhlácaigh na Gaillimhe, a chuir fúthu ar an gCaisleán ó thus na naoú haoise déag ar aghaidh, an talamh ó Abhainn Chromghlinne siar chomh fada le hAbhainn Chasla agus ba leo bailte fearainn na Cathrach agus Chaol Rua chomh maith, mar aon le talamh in aice le Cloch na Rón níos faide siar. Níos faide ó thuaidh bhí Glionnán, Bó Bhrocháin, Gleann Mhic Muirinn agus Clochar na gCon i seilbh na Directors of the Law Life Assurance Company.
Níl áireamh ar dhrochghníomhartha na mBlácach, sa mbéaloideas ná sa stair cháipéiseach ach an oiread. Spliontaíocht, spídiúlacht, díshealbhú, tíorántacht agus drochíde a bhí le fáil uathu agus ba bheag eile. Oíche Chinn Bhliana 1847 agus an Gorta Mór faoi lán seoil caitheadh scata teaghlach amach as a gcuid tithe; an Blácach ag fógairt in ard a chinn: “I would rather feed goats than ye.” Cailleadh roinnt díobh nuair a chaith said an oíche amuigh sa mbáisteach agus sa bhfuacht. Tarraingíodh anuas ceisteanna i bPárlaimint Shasana dá bharr. Ní haon cháil mhaith a bhí ar an gCoimíneach ach oiread ach is in áit na mbonn a bheadh tiarna talún ar bith le hais na mBlácach. Bhí riaráistí cíosa ag an gCoimíneach ar na tionóntaí, áfach, agus d’éiligh sé obair saor in aisce uathu. Nuair a chinn ar bhreis agus fiche tionónta an cíos a íoc ag deireadh na bliana 1879 cuireadh fear darbh ainm John Tully agus a mhac amach ag dáileadh próiseanna a chuirfeadh as seilbh iad. Bhí scata, idir fhir agus mhná, ag fanacht leo agus bíodh is go raibh beirt phóilíní in éineacht le muintir Tully, fuair an bheirt agus na póilini gríosáil. De bharr Chath an Chnoic, mar a tugadh ina dhiaidh sin air, gearradh téarmaí príosúin idir deich agus dhá mhí ar naonúr den dream a bhí páirteach san ionsaí.
Cúpla bliain roimhe sin, go deimhin, sheas an Coimíneach an fód le muintir na dúiche seo. In 1867 bhí géarghá le hobair fóirithinte san áit. Socraíodh ar chéibh a thógáil. Bhí an Coimíneach agus an sagart paróiste ag iarraidh go dtógfaí ag an Aill Fhinn, ar an gCnoc, an chéibh. Theastaigh ó Mhuiríseach an Spidéil go dtógfaí sa Spidéal é. Ba é an Muiríseach an M.P. do Ghaillimh idir 1865 agus 1867 agus sa Spidéal a tógadh an chéibh.
Ba thubaisteach an buille an Gorta Mór sa gceantar seo cé go raibh sé ar chumas na ndaoine dul i muinín bhia na mara nuair a lobh na fataí. Mar sin féin is iomaí duine a cailleadh cheal beatha, daoine ón taobh amuigh go minic a tháinig go dtí an ceantar ag lorg greim le n-ithe. Tá scéalta sa mbéaloideas faoi dhaoine a bhain na súile as síol na bhfataí ionas go bhféadfaidís an chuid eile den fhata a ithe agus an tsúil a chur. Fritheadh corp mná ag Cnoc na hAille agus a páiste ag diúl ar a brollach fuar. Tugann sliocht as an Galway Mercury 16 Márta 1847 léargas ar an anachain: “…we are again reluctantly obliged to announce the deaths of two more victims of starvation in the village of Loughanbeg in Spiddle. So great was the state of destitution to which these wretched beings were reduced that their only food – if it can be called food – for many days before their deaths, was sea grass and seaweed.” Cuireadh obair rilífe ar fáil ó 1846 ar aghaidh ach ba mhinic an obair i bhfad ó bhaile. Thug litir in The Nation, 12 Meán Fómhair 1846, scéal fir as Cois Fharraige a bhí ag obair ar an mbóthar ó Sheana Féistín go hUachtar Ard. Ar theacht abhaile dó lá amháin: “…so exhausted was he from the effects of hunger and fatigue that he lay down and died within sight of his cabin.” B’éigean dó aistear sé mhíle a shiúl faoi dhó sa ló chun dul ag obair. Shaothraigh lucht na rilífe thart ar 6d sa ló nuair a chosain cloch den mhin bhuí thart ar 2s.l0d i gCathair na Gaillimhe. Mhionnaigh an Blácach go raibh seisean sásta idir 8d agus 9d sa ló a íoc ach go raibh drogall ar na fir áitiúla aon obair a dhéanamh. Dhearbhaigh fianaise ina dhiaidh sin nach bhfuair seisean uathu ach 2s.2d ar choicís oibre. Bhí teach ar an Lochán Beag ina raibh súp agus min bhuí le fáil agus bhí ceann eile ag na Blácaigh, dá n-athrófá do chreideamh, a dúradh.
Maidir le cúrsaí eaglasta níor tógadh aon séipéal ceart sa gceantar go dtí an naoú haois déag. Bhí seanséipéal beag sna Criogáin sna 1830idí agus é ag titim as a chéile. Tosaíodh ar cheann nua a thógáil agus bhí sé leath-thógtha nuair a cailleadh an sagart paróiste, an tAthair Ó Ceannabháin. Níor réitigh an sagart nua, an tAthair Ó Gráda, go maith leis na Blácaigh agus beartaíodh ar shéipéal nua a thógáil níos faide soir, ar shuíomh seanséipéil ar an gCnoc. Gearradh suim deich scillinge ar chuile theach sa dúiche agus méid áithrid oibre chomh maith. Friothadh airgead ón taobh amuigh freisin. Tógadh taobh istigh de bhliain an séipéal nua agus ba é an Dr. Seán Mac Éil, Ardeaspag Thuama, a choisric é in Iúil na bliana 1844. Tá sé ann ó shin.
Is iomaí scoil a bhí sa gceantar dhá chéad bliain ó shin. Bhí moill ar chóras na scoileanna náisiúnta teacht go dtí an deoise mar gheall go raibh an Dr. Mac Éil ina aghaidh. Ba é an córas ba choitianta oideachais go dtagadh múinteoir nó scoláire bocht chun cónaithe in éineacht le teaghlach. Chuireadh sé beagán oideachais ar pháistí an tí agus bhogadh sé ar aghaidh go dtí an chéad teach eile. D’fhaigheadh sé lóistín is a bhéile. In 1825 luadh go raibh scoileanna suite i gCaol Rua agus sna Mine. Bhí cinn bheaga eile mar iad scaipthe ar fud na dúiche; ceann i Ros an Mhíl, ceann sa gCaorán. Chuir an tAthair Ó Liatháin, an Canónach ina dhiaidh sin, scoil ar bun sa gCathair. Riocard Ó Maolradha a bhí ina mháistir ar scoil Chaol Rua agus fear darbh ainm Liam ó Laidhe ina dhiaidh sin. Bhí scoil bheag eile i Saile Thúna. Chloistí caint, go dtí le gairid ar Scoil Whitehall, ar an gCnoc. Ní mórán caoi a bhí ar na scoileanna seo, iad suite i bprochóga, gan bhord ná suíochán agus an braon anuas go fairsing iontu. Scoileanna sách géar a bhí iontu chomh maith – bhaintí úsáid fhorleathan as an mbata scóir i mbeagnach gach uile cheann acu. In 1853, deirtear linn, tógadh scoil ar an Lochán Beag agus tógadh an chéad chuid den tSeanscoil, a bhfuil muid ag ceiliúradh a hathoscailte i mbliana, in 1854, agus bhíothas ag cur léi le himeacht na mblianta. Faoin mbliain 1864 bhí sí cláraithe mar scoil le Coimisinéirí an Oideachais agus bhí Scoil Shailearna, mar a thuigeann muid anois í, ar an bhfód faoi 1885.
Ceantar fíorbhocht a bhí i gCois Fharraige ag deireadh na naoú haoise déag. Nuair a bunaíodh Bord na gCeantar Cúng (Congested Districts Board) in 1891 cuireadh cigire thart chuig chuile cheantar go scríobhfadh sé tuairisc faoi. “It is impossible to watch the daily lives of the people without being deeply impressed by the hardship which they and their animals endure…,” a scríobh an cigire, Major Gaskell agus é ag trácht ar an gceantar agus is é an ganntan, an t-anró agus an cruatan na nithe is suntasaí faoin tuairisc seo. Bhí an Coimíneach glanta leis faoin am seo agus bhí an Blácach deiridh san ospidéal meabharghalair i mBéal Átha na Slua. Ba í Cúirt na Seansaireachta a bhailíodh an cíos agus dar leis an gcigire: “The tenants are hopelessly in arrears…” agus ní mórán dóchais a bhí aigesean go bhféadfaidís é a íoc sul i bhfad. Rinneadh amach gurbh é £15.6s gnáth-theacht isteach bliantúil teaghlaigh sa gceantar ach gur chaitheadar £20.4s.6d. Dhioltaí lao, b’fhéidir, leis an bhfuílleach a íoc nó bhítí ag fanacht ar airgead ó Mheiriceá. Bhí na sluaite ag fágáil na tíre ó 1880 ar aghaidh. Bhí an oiread sin iomaíochta idir na comhlachtaí loinge go bhféadfaí ticéad go Meiriceá a cheannacht ar thrí phunt. Luaigh an cigire gur beithígh den dara, den tríú agus den cheathrú grád a bhí san áit agus tríd is tríd, go raibh géarghá le cabhair de chineál eicínt. Tugann daonáireamh na bliana 1901 le fios dúinn go raibh cúrsaí mórán mar an gcéanna deich mbliana ina dhiaidh sin. Tithe den tríú grád ba mhó a bhí ar an Lochán Beag, cé is moite den teach ósta, teach den dara grád. Is iondúil gur Gaeilge amháin a bhíodh ag an nglúin ba shine, gan léamh ná scríobh acu. Bhíodh an dá theanga ag an gceann tí, ach aríst gan léamh ná scríobh a bheith aige agus bhíodh an dá theanga móide léamh agus scríobh ag na páistí. Ní raibh cúrsaí sláinte go ró-mhaith ach an oiread. D’imir an eitinn slad ar chuid mhór teaghlach ar fud na dúiche. Ní nach ionadh, bhí rátaí arda báis ann do naíonáin. Cailleadh 38 naíonán as 42 teaghlach ar an Lochán Beag sa mbliain 1911.
Scéal duairc, scéal gruama í cuid mhaith de stair an phobail seo ach mar is léir dúinn d’éirigh leis an bpobal teacht as. Cúis bhróid is áthais dúinn inniu sracfhéachaint a thabhairt ar an bpobal bisiúil Gaelach seo ar éirigh leis teacht as na céadta bliain de chruatan is d’anró, pobal ar éirigh leis cur faoi go seasmhach sa gceantar, pobal ar éirigh leis an teanga Ghaeilge a chothú is a choinneáil. Pobal é atá láidir agus féin-mhuiníneach agus aghaidh á tabhairt aige ar an mílaois nua. Gura fada buan é.
Tá mé go mór faoi chomaoin ag scríbhinní Sheáin Uí Mhainnín, nach maireann, san iris seo agus in irisí eile nach í, agus ag tráchtas neamhfhoilsithe Thomáis Uí Chonaola: The Great Famine in Conamara: Impact and Assessment (M.A., Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, 1995) agus mé ag ullmhú na haiste seo.