Tigh Mholly

le Peadar Ó Máille

Alt é seo a foilsíodh san iris Biseach 2004

‘Tá mé ag dul síos abhaile,’ a d’fhreagraíodh mo mháthair, Winnie Mholly, gach uile uair a cheistíodh muintir an Chlocháin í faoi cén áit a raibh sí ag dul ar saoire. Ó tharla gur ar Tigh Mholly a bhíodh a n-aghaidh ní pub ná siopa, mar sin, a bhí in Tigh Mholly ar an Lochán Beag dhúinne ach baile a raibh stair, seandacht agus préamhacha ag roinnt leis, gnéithe nach raibh le n-aireachtáil againn thiar sa gClochán.

Teachín ceann tuí a bhí ann i dtús ama ach i ndeireadh na 1800adaí cuireadh urlár eile air agus cuireadh méadú freisin leis. Tógadh an pictiúr atá ag dul leis an alt seo sa mbliain 1900. Sáibhéirí ab ea na Tuairisceachaí a tháinig anuas as Uachtar Ard an chéad uair agus a raibh baint acu le Corr na Móna. De bhunadh na sáibheirí sin é Pádraig Ó Tuairisg, mo sheanathair, ach is cosúil nach raibh mianach na ceardaíochta i bPádraig, dubh ná dath.

Tigh Mholly sa mbliain 1900

Tigh Mholly sa mbliain 1900

Phós Pádraig, fear ard, crua, láidir a raibh an-dúil sa léitheoireacht aige, Molly Ní hAllmhúráin, cailín óg as Uachtar Ard a bhí timpeall’s deich mbliain níb’óige ná é féin. Mar a fheictear ón bpictiúr atá leis seo, beainín bheag bhídeach a bhí inti ach ba í Molly ba mhó a chuaigh i gcion ar mhuintir na háite. Nuair a d’oscail siad an pub agus an siopa, Tigh Mholly a thug muintir na háite air, ó tharla go mba í Molly ba mhó a bhíodh ag freastal orthu. Bhíodh an-sult go deo á bhaint acu as Molly agus í ar a mine ghéire ag plucsáil Ghaeilge chomh maith agus a bhí sí in ann.

‘Ó go wore day urn,’ an nath ba choitianta aici nuair a bheadh sí ag glacadh truaí le duine eicínt as an áit. Dá mbeadh aon achrann sa bpub ba í Molly, dá laghad í, a bheadh istigh eatarthu ag iarraidh eadarscán a dhéanamh idir na fathacha móra!

Thar éis cúpla bliain chuaigh Pádraig go Meiriceá agus is cosúil go ndearna sé go maith ann mar nuair a dhiúltaigh Molly dul anonn ann agus fanacht ann in éindí leis, dhíol sé 150 acra de Jamaica Plains a bhí ceannaithe aige thall agus d’fhill sé ar an Lochán Beag. Bhí an tuiscint ariamh acu go bhfuil saibhreas ann atá i bhfad níos tábhachtaí ná rachmas mór an tsaoil agus sin saibhreas an teaghlaigh fréamhaithe sa dúchas. Má bhí cáil an chruais ar mo sheanathair níorbh amhlaidh dó i dtólamh, mar roinn sé an gabháltas talúna a bhí aige abhus ar a dheartháir féin, Seán, tar éis teacht abhaile as Meiriceá dó.

Is léir ó leabhra na gcuntas atá againn i bpeannaireacht Mholly, agus a théann siar go dtí 1896, go raibh fíorbhaint ag Tigh Mholly le muintir na háite agus go raibh Tigh Mholly fite fuaite lena saol. Tá ainmneacha seanathaireacha agus sin-seanathaireacha na dteaghlach sin lonnaithe sna bólaí thart breactha ar na leathanaigh fré chéile agus stair shóisialta na linne ag brúchtaíl aníos ag gach uile leathanach acu.

Bhíodh na gnáthearraí siopa ar fáil ann, rudaí a bhíodh á ndíol le lucht tuaithe ag an am, earraí grósaera, earraí a bhain le cúrsaí talún, le curadóireacht, le portach agus le farraige chomh maith le beoir, pórtar agus biotáille. Díol suntais é go mbíodh oráistí agus bananas á ndíol acu sna 1890idí! An praghas a bhí ar na piontaí an t-am sin ná 2d (dhá sheanphingin)! Ach ar eagla go mbeadh caitheamh i ndiaidh an tseansaoil ort, bhí 5/- (cúig scilleacha) ar ghalún ola ag an am! Ba chosúil go ndearna Molly agus Pádraig an oiread as an ngnó agus a choinnigh a gclann beo gan anó as siopa agus as pub a bhí 16 troith fá 12 troith!

Muintir Mholly

Molly Uí Thuairisg

Naonúr muirín a bhí orthu, Nóra, May, Thomas, Delia, John, Annie, Michael agus Winnie. Bhí an phearsantacht sin a fheileann do ghnó ag Molly agus bhí muintir na haite fíormhór léi agus fíorcheanúil uirthi. Bhí bua aici daoine a chur ar a suaimhneas agus d’airigh gach uile dhuine iad féin sa mbaile Tigh Mholly dá barr. Bhí sí thar a bheith carthanach lena chois sin. Má bhí cáil an chruais ar Phádraig, a mhalairt uile a bhí fíor faoi Mholly. Níorbh fhada go raibh an oiread cairde tugtha amach aici ar an mbonn ‘go dtí arís’ agus gan aon arís ann, go mb’éigean Tigh Mholly a dhúnadh ar feadh scathaimhín. D’oscail siad arís é faoi ghéarshúil Phádraig agus ba ghearr go raibh an gnó faoi lán tseoil arís.

Ní mé cén fáth a dtugtaí an leasainm Captain Jones air agus, go deimhin, shíníodh sé litreacha pearsanta leis an leasainm sin. Ba nós leis culaith bhreá éadaigh agus veist a bheith á gcaitheamh i gcónaí aige agus bhí croiméal nó moustache mhór bealáilte le feiceáil go follasach air. Cá bhfios nach shin é an fáth é? Ach ba léir go raibh géarchúis an chaptaen báid go láidir ann mar choinnigh sé Tigh Mholly ar chúrsa slán ina dhiaidh sin.

Teach mór cuartaíochta a bhí ann ag an am agus ba mhinic an chistineach lán go drad ag muintir an bhaile agus a scéal/nuaíocht féin le n-inseacht ag gach uile dhuine acu do Mholly. Bhí cáil na léitheoireachta ar Phádraig agus dúil mhór aige scéalta de chuid Zane Grey a léamh. Bhí a lucht éisteachta féin ag Pádraig, a thiocfadh leis an gcéad mhír eile sa scéal a chloisteáil uaidh. Bhíodh sé chomh báite sa léitheoireacht go mbíodh cuid dá chlann ag caitheamh feaigs amach ar a aghaidh agus ag cur an deataigh suas an simléir lena thaobh agus é ag léamh. Ní thabharfadh sé tada faoi deara. Ach nuair a leagfadh sé uaidh a chuid spéacláirí agus nuair a dhúnfadh sé an leabhar bheadh an diabhal le n-íoc dá mbéarfadh sé orthu ag caitheamh gail.

Ó thaobh gnó de, bhí cúrsaí ar deil tar éis aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus ina dhiaidh, nó gur bhásaigh Pádraig in aois 64 bliain sa mbliain 1927, agus Molly an bhliain ina dhiaidh sin in aois 52 bliain. An galra damanta sin, ailse, a chniog iad, agus de réir mo mháthar, ba ghéar an bás a fuair siad. Bhí a n-aghaidh tugtha ag an gcuid ba shine den chlann ar Mheiriceá sul má bhásaigh an tseanlánúin, ach bhí rudaí chomh crua ar na gasúir óga sa mbaile gur thug gaolta leo cuid de na gasúir sin go hUachtar Ard agus go dtí an Gleann in aice le hUachtar Ard le iad a thógáil. Ba é Michael anois a bhí ina fhear an tí agus gan é ach ina sheanghasúirín. Seomra stórais a rinneadh den phub agus caitheadh fataí agus gach uile mhangarae eile a bhaineann le feilm isteach ann. Chuir sin deireadh leis an siopa agus leis an bpub i ndeireadh na bhficheadaí.

Ar nós gach uile dhuine eile ar an mbaile, ní raibh sé éasca greim a choinneáil ar an mbord agus tú ag brath ar an bhfeilméaracht amháin. I dteannta a bheith ag obair leis an gComhairle Contae, le capall agus carr, lig na ‘Mollies’ seomraí ar cíos. Bhíodh múinteoirí náisiúnta ag fanacht sa dá sheomra ba bhreaichte sa teach. Miss Hession i dtosach agus ina diaidh sin d’fhan Miss O’Connell ann ar feadh na mblianta. Choinnigh siad ‘Gaeilgeoirí’ chomh maith agus ina measc áirítear Colm agus Mary Gavan-Duffy, beirt leis an bpearsa stairiúil, Charles Gavan-Duffy; Liam Ó Buachalla, Ollamh de chuid Ollscoil na Gaillimhe agus Cathaoirleach ar an Seanad; Liam Ó Riain, deaide an tSeanadóra, an Seanadóir Brendan Ryan agus go leor eile nach n-áirítear anseo.

Chaith an tAthair Eric Mac Fhinn é féin seáirse ann. Spéisiúil go leor chaith duine de chlann Noonie, deirfiúr Mholly, as Uachtar Ard agus duine de chlann Mhic Dhonncha as an nGleann blianta fada Tigh Mholly nuair a bhí an saol crua ar a muintir féin. Ó tharla gur tógadh cuid de na ‘Mollies’ thuas ansiúd sna blianta roimhe sin, ba gheall le ‘traet’ ar shon ‘traet’ a bhí anseo. Ar eagla go gceapfaí go mba antró, anó agus cruatan amháin a roinn leis an saol an t-am sin níor mhiste a mheabhrú go mba mhór i gceist na cluichí agus na comórtais lúthchleasaíochta a d’eagraítí i ngarraí Mholly (an garraí thoir) gach uile bhliain, comórtais a sháródh na Cluichí Oilimpeacha féin, más fíor!

Athoscailt

Bhí cosamar maith de scór bliain caite sul má osclaíodh Tigh Mholly arís mar phub agus mar shiopa. Bhí Michael tar éis filleadh abhaile as Sasana agus bhí Annie, Kathleen agus Winnie ann ag an am. Osclaíodh Tigh Mholly arís mar ghnó i 1950. Ba é Joe Kenny as an gCnoc a scríobh ainm Michael sa seanchló Gaelach agus atá le feiceáil fós os cionn doras an phub, a bhuíochas sin do Mhaidhc Mháirtín Mhóir.

Beairtlín Pheatsa a rinne an cuntar ard atá fós ann. Ba é an rud ba iomráití a tharla an chéad oíche a osclaíodh é ná achrann idir beirt fhear. Ní fearacht dá mháthair é, chuaigh sé go dona do Mhichael agus gheall sé an oíche sin nach dtarlódh a leithéid arís ina theach ósta. Is cuimhin le cuid mhaith atá meánaosta go mbíodh sé géar ar aon duine a mbeadh an chosúlacht ba lú air go mb’fhéidir go raibh sé le achrann a thosaí.

Bhí seanchlog pub ann, agus atá fós ann, a d’fhógraíodh an t-am cúig nóiméad roimh an am agus baineadh leas fóinteach as an gclog sin. Ar ndóigh, tá an deilín a bhíodh aige le cur in iúl dá chuisliméirí go raibh sé in am baile. ‘Is gearr go mbeidh mé ag tabhairt daoine uaisle oraibh,’ gaibhte isteach sa mbéaloideas. De réir na gcuntas atá i bpeannaireacht Annie agus Khathleen, 1/10d a bhí ar an bpionta an oíche ar osclaíodh an pub.

Ba í Annie ba mhó a raibh cloigeann gnó uirthi agus ghearr sí rian a pearsantachta ar an áit. Ní raibh an tsláinte go maith riamh aici. Bhí sí thar a bheith beannaithe agus líonadh sí laimpín an Sacred Heart le hola gach uile oíche beo sa gcaoi go mbeadh solas dearg an laimpín ag soilsiú in ómós do Mhac Dé i rith na hoíche. Ní dhearna na Gardaí aon raid riamh ar Tigh Mholly ach bhí an t-ádh glan ar Annie oíche áirithe a raibh toirneach ann nár tugadh os comhair na cúirte í de bharr a cuid beannaíochta.

Las an t-aer le scail agus phleasc plump damanta toirnigh an oíche sin. Rith Annie amach sa bpóirse le buidéal uisce coisrichte a fháil, rud a bhíodh fágtha i gcónaí ar sheilf na fuinneoige. Lena chinntiú nach mbuailfí aon duine dá cuisliméirí le scail bháigh sí a raibh istigh leis an uisce coisrichte. Chuir sí tús leis an bpaidreáil ach rinne sí iontas de go raibh daoine ag bolú dá gcuid lámha agus éadaí agus ag gáirí, i leaba ómós a thabhairt don phaidreáil a bhí ar siúl.

Nuair a bhí an phaidreáil thart tháinig duine den bheirt Gardaí a bhí istigh ag ól an oíche sin agus dúirt i gcogar le Annie, ‘Maith an bhean, a Annie, ach má tá tú le muid a shábháil ar scaileanna aríst b’fhearr linn go mór fada dá ndéanfá le uisce coisricthe é!’ agus shín a mhuinchille faoina srón le go mbolódh sí di. Bhí dhá bhuidéal fágtha ar an bhfuinneog sa bpóirse an oíche sin ach bhí an oiread driopás ar Annie bhocht de bharr faitíos toirní gur rug sí ar an mbuidéal ba ghaire di. In áit breith ar bhuidéal uisce choisricthe nár rug sí ar bhuidéal poitín a bhí fágtha ag Michael ann le cur thríd an mbainne a bhí á thabhairt aige do laoi a bhí tinn!

Cóiriú

Ba í Annie a réitigh agus a chuir caoi ar Tigh Mholly sna 1950idí. Duffy as taobh thoir de Ghaillimh a rinne an obair thógala. Thuas san iothlainn a bhí an ‘priobí’ an uair sin, faoi mar a bhí gach uile áit eile. Bhí sé fíordheacair ar aon duine nach mbeadh an tsláinte aige a bheith ag crágáil amuigh san aimsir fhuar agus theastaigh leithris agus seomra folctha go géar taobh istigh. Ba é an toradh a bhí ar an tógáil seo go raibh cailleach nó lounge mar a thugadh Michael air, curtha leis an mbeár thíos faoi, i ngeall ar an tógáil thuas staighre. Ballaí leathana cloiche a bhí taobh istigh sa teach agus theastaigh pláistéaracht go géar uathu. Caitheadh an tseanphláisteireacht anuas de na ballaí taobh amuigh freisin agus de na beanna agus athpháistreáladh na beanna agus na ballaí agus cuireadh spallaí beaga dubha agus bána nó pebble dash, a bhí go mór sa bhfaisean an uair sin, ar an taobh ó dheas.

Níor gheall Dia mórán achair d’Annie bhocht le só a bhaint as a cuid tógala agus tugadh isteach go dtí Ospidéal Pháirc Mheirlinne í, áit ar chaith sí laethanta fada ar a slatracha agus í tinn go maith. Aoine an Chéasta 1959 go doimhin san oíche agus í i leaba Annie, Tigh Mholly, chonaic mo mháthair laimpín an Sacred Heart ag éirí den bhord. Ghearr an laimpín fior na croise ar an aer agus chuaigh amach glan thríd an bhfuinneog. Níor mhór a thuiscint nach raibh cúrsaí teileachumarsáide ná taistil mar atá anois. Go deimhin, ní dóigh go dtuigfeadh ná go gcreidfeadh gasúir na linne seo an tsollúntacht a bhíodh ag baint le Aoine an Chéasta an uair sin ach oiread.

D’éirigh mo mháthair luath an mhaidin sin agus dúirt le Michael nár mhór tacsaí a fháil le dhul isteach ag an ospidéal mar gur mheas sí, i bhfianaise a bhfaca sí, go bhfuair Annie bás i rith na hoíche. Bhí moill ar an tacsaí ach idir an dá linn tháinig sreangscéal aniar ó Tigh Ned, áit a raibh an posta ag an am sin, gur bhasaigh Annie Mholly ag an am díreach a bhfaca mó mháthair laimpín an Sacred Heart ag éirí den bhord ina seomra. Dá bhfuigheadh Annie saol fada agus dá dtabharfaí cead a cinn di, níl aon amhras orm ach go mbeadh dreach eile ar fad ar Tigh Mholly anois. Ní mar a shíltear mar a bhítear. Fágadh reachtáil an tsiopa agus an phub faoi Mhichael agus faoi Khathleen ina dhiaidh sin.

Cuimhní Cinn

An chuimhne is túisce atá agam féin ar Tigh Mholly ná a bheith i mo ghasúirín sna 50idí agus muid tagtha aniar ón gClochán ar saoire. Bhí mé sa seomra codlata os cionn an bheáir ag éisteacht leis an gcraic agus an dea-chaint a bhíodh ar siúl sa mbeár thíos fúm. Níorbh fhada nó gur thuig mé go raibh an spóirt agus an chraic, an dea-chaint is an tráthúlacht, an uaisleacht is an laethúlacht, an carthanas agus an mhacántacht ag baint le húineirí an tí agus leis na cuisliméirí a thainig isteach chucu chomh maith.

Má bhí saibhreas teanga, cultúrtha agus creidimh acu uilig, ní shin le rá go raibh aon cheo farasbarr de mhaoin an tsaoil acu. Bhí an fheilméaracht ann agus bhí roinnt áirithe ag plé le farraige ach ní mórán de luach saothair a bhí le fáil astu sin ach an oiread. Bhí an imirce go láidir ann agus tharla sé go minic go mbeadh an té a bheadh ag scéalaíocht Tigh Mholly inniu ag cuimhniú ar an mBád Bán nó ar Mheiriceá an tseachtain dar gcionn.

Mura raibh súil le huaigh bhí súil, agus dhá shúil scaití, le muir mar ba ócáid mhór shóisialta a bhíodh Tigh Mholly nuair a d’fhillfeadh an té a d’imigh ar imirce. Mura mbeadh i gceist ach saoire féin, ba chuma. An t-aon mhúisiam a chuirfí ar dhaoine an t-am sin ná dá mbeadh canúint an Yeainc nó Shasana róláidir ar a gcuid Gaeilge. Bhíodh an ghráin shaolta ar I guessreally an Yeainc, nó oh my word a pint of bitter ag fear John Bull. Bhí an dole freisin ann agus deontais de chineálacha áirithe ann agus ba mhinic an dream taobh amuigh den Ghaeltacht ag caitheamh anuas ar an dá ghné sin de shaol na háite, ach le fírinne ba mhaith saothraithe a bhíodh an t-airgead céanna a d’fhaighidís.

Bhain sclábhaíocht leis an bportach agus le baint mhóna ach má bhí féin chuidigh an portach céanna le beatha a chur ar an mbord. Sheasadh tiománaithe na leoraithe móna agus lucht na móna Tigh Mholly ar an mbealach Gaillimh. Ba mhinic ceithre nó cúig leoraí móna a bheith tarraingthe isteach ar an tsráid agus gach aon dream spalpaithe leis an tart ag an dusta móna. Thart ar £12 a d’fhaigheadh fear na háite ar leoraí móna i 1959. Dhéantaí na ‘rowanna’ os cionn an chrib a chomhaireamh ar an gcúlráid agus bhí deis breathnú anuas ar na leoraithe ó na fuinneoga thuas staighre féachaint cé chomh maith is a líontaí an leoraí. Watch the hole in the middle, lads, an mana a bhíodh ag fear leoraí amháin nuair a bhíodh sé ag iarraidh a chinntiú go raibh an leoraí líonta mar ba mhaith leis féin. Ba mhór i gceist Sonny Heavey agus Johnny Brennan an t-am sin, ach ba údar mór ríméad ag na ‘Mollies’ é nuair a thosaigh daoine de bhunadh na háite ag plé le leoraithe móna, m.sh. Tommy Donoghue agus Clann Ruaidí Mór.

Deiseanna

Ní raibh sé chomh heasca pionta a líonadh an t-am sin i gcomparáid leis na bealaí nua-aimseartha atá ann anois. Bairillí adhmaid a bhíodh ag Guinness an uair údaí agus chaithfí bairille a ‘tapáil’ le iarraidh de mháiléad mór adhmaid a bhualadh díreach ar an spota ceart ar an tap lena chur go feirc isteach sa mbairille agus le go gcuirfí an corc isteach roimhe. Mura mbuailfí i gceart ar an gcéad iarraidh é, bheadh leath bairille pórtair bailithe amach as ina chúr agus bheadh tú féin, an pub agus leath de do chuid cuisliméirí báite aige. Bhíodh dhá jug ann le piontaí a líonadh, ceann agus pórtar ard ann agus ceann eile agus an pórtar ann níos ‘flatáilte.’

Dá dhonacht dá raibh rudaí sa ngeimhreadh bhí an diabhal ar an bpórtar sa samhradh de bharr a bheith ard ar an teas! Chaitheadh Michael agus Kathleen go leor leor ama ag ‘tendáil’ ar na piontaí le go mbeidís ar an gcaighdeán a theastaigh uathusan. Ba scéal é go raibh foighid ag na cuisliméirí an t-am sin ag fanacht lena bpiontaí. Bhí an t-an-cháil ar Tigh Mholly faoin bpionta maith a bhí le fáil ann agus ba iomaí píosa sacaidh a dhéantaí faoi chomh mall agus a bhí an bheirt ag líonadh na bpiontaí.

Dhéantaí freastal maith ar éilimh na bhfeilméirí agus na mban tí sna 50idí sa siopa. Ó thaobh beatha de, dhíoltaí earraí éagsúla sa siopa sna 50idí ach ba éard a bhí sa gcuid ba mhó acu ná ábhar bunata ar nós Bexitartar, sóidí, plúr le cácaí gridill/baile nó ‘tartanna’ a dhéanamh sa mbaile. Bhíodh éileamh an-mhór ag gasúir scoile ar na bon bons, bhí jam dearg agus jelly dearg ar an tseilf le punt a chéile ann, bhí snaoisín, pluganna tobac agus feaigs gan aon tip orthu agus atá imithe den mhargadh le fada, á ndíol. Bhíodh galaoireach coal tar, ‘blade-anna’ 2d Mac’s Smile agus Gillette le fáil ag an té a bhí ag iarraidh smais a chur air féin. Don té a bheadh tinn ba í Mrs. Cullens Powder, Castor Oil agus Linseed Oil a leigheasadh gach uile ghalra.

An cuimhin le aon duine agaibh Reckitts Blue? Le pluideanna a thuaradh a cuireadh ar an margadh é ach bhíodh muintir Chonamara á chur thríd an whitewash le dath gorm a chur ar na tithe ceann tuí. An té a chuirfeadh an iomarca de thríd an dath b’amhlaidh a bhíodh dath corcra aige a bhainfeadh svae de theach ar bith sna tíortha coimhthíocha. Ós ag caint ar dhathanna é, níl a fhios cén chluain a chuirtí ar Ghaeilgeoirí nuair a d’iarraidís polish agus go gcuirtí ceist orthu ‘An blackin‘ dubh nó blackin‘ buí atá uait?’

Na Seascaidí

Saol sách athraitheach a bhí sna 60idí agus ba é a fhearacht sin ag muintir na háite agus ag Tigh Mholly é. D’fhéadfaí a rá go raibh ní ba mhó den rachmas á roinnt leis an bpobal sa taobh seo tíre sna 60idí. Bhí an-tóir ar oideachas agus ar na postanna sin a thiocfadh dá bharr. B’sheod é an t-am ar thosaigh na Gaeilgeoirí ag teacht ina ngeaingeanna. Bhí éileamh ar bheatha áirithe agus gan am ag na mná tí a bheith ag caitheamh ama ag réiteach rudaí a bhí le fáil go héasca sa siopa, earraí ‘nua’ ar nós builíní bána/donna (nó sliced pan mar a thugtaí orthu), im an ‘chréamaraí,’ brioscaí nó crackers mar a thugtaí orthu de gach cineál, Corn Flakes, tineanna agus boscaí a raibh gach uile chineál beatha iontu, crúscaí marmalade, jam de chuile dhath, jelly green ar thóg sé píosa ar dhaoine a dhul i gcleachtadh air.

Bhí dhá am sa ló nuair a bhíodh brú sa siopa: ag a trí a chlog nuair a bhíodh an scoil bheag dúnta agus ag a ceathair nuair a bhíodh lucht an Tech anoir. Ba chomhartha dul chun cinn é nuair a cuireadh ‘am brú’ eile leis .i. nuair a thosaigh an mhonarca Hydro, bhíodh brú ag tosaí ag a haon a chlog. Bhíodh an-tóir ar mhilseáin, ar tineanna Coke/Fanta, ar chuile chineál rud a bhí thíos sa gcuisneoir a raibh ainmneacha aduaine orthu, ar ‘shoclate’ 3d agus ar ‘shoclate’ 6d, ar crisps nó ‘cripes’ mar a déarfadh corrdhuine a raibh sé de mhisneach ann roinnt sacaidh a dhéanamh.

Nuair a athraíodh an t-airgead bhí fadhb mhór ag baint leis an bPenny Bar. Ní ba mheasa ná sin bhí roinnt den seandream a d’iarradh ar Kathleen a mbillí a dhéanamh amach sa seanairgead le go dtuigfidís cén praghas go barainneach a bhí ar gach uile shórt. Caithfear cuimhneadh air nach raibh aon áireamhán nó calculator ann ag an am leis an méid sin a oibriú amach agus nach raibh ann ach an peann, rud a d’fhágfadh Kathleen fiachta.

Chuaigh tionchar na 60idí i bhfeidhm ar an mbeár freisin. Is cuimhin liom an chéad uair a tugadh cead Vodka a scaoileadh isteach sa bpub. Bhí cineál beag cur agus cúiteamh ann faoi gur mná a d’ólfadh Vodka go hiondúil agus ba gheall le dhul i bhfoisceacht Ámén den decadence a leithéid a dhíol. De réir a chéile bhí biotáillí eile ceadaithe agus buidéal eile beorach agus lager le feiceáil ar na seilfeanna. Tharraing Lancer caint mhór mar bhí sé in ainm’s a bheith fíorláidir agus bhí teist air go mba iad na mná amháin a d’ólfadh é. Ní dheachaigh sé chomh fada le ceist choinsiasa, ach ba faoiseamh mór don bheirt gur imigh Lancer den mhargadh gan tásc gan tuairisc. Tháinig Smithwicks i mbairillí ar an bhfód agus bhí riar áirithe a d’iarradh pionta half and halfblack and tan. Bhíodh an oiread de mhéiseáil i gceist le pionta de sin a líonadh sa samhradh gur iomaí uair a bhítí ag guibhe nach shin é a d’iarrfaí. Bhainfeadh Aspro tinneas cinn agus daitheacha díot agus chuirfeadh Germoline caoi ar chneá ar bith. Dóibh siúd a raibh spéis acu fear nó bean a fháil bhí Silvikrin ann le caoi a chur ar do stuin agus galaoireach Lux le boladh uaidh a mheallfadh Sarah Jessica Parker féin.

Bhí ‘clár na meannaí’ nó dart board amuigh sa gcailleach agus b’iontach na himreoirí a bhí i gcuid de na cuisliméirí. Rud amháin a ndearna mé suntas de, maidir le figiúirí a chur le chéile ina gcloigeann chun a dhéanamh amach cé mhéad ‘meanna’ a theastódh le go gcríochnófaí an cluiche, go raibh go leor acu sin nach ndeachaigh thar an scoil bheag i bhfad ní ba sciobtha ná an dream a raibh cáil an oideachais orthu. Mhéadaigh mo mheas go mór ar ‘scoil an bhaile’ i ngeall ar an dart board céanna. Tá an clár fós ann agus cén fáth nach mbeadh? Nár chaith sé coicís mhór fhada tumtha i bpoitín shul má crochadh ar an mballa é mar gur creideadh gur faide a mhairfeadh sé de bharr an phoitín!

Má chuaigh cultúr na 60idí i bhfeidhm ar an saol mór bhí cuid mhór den spóirt is den chraic, den dea-chaint is den tráthúlacht, a bhain leis an seansaol, fós le n-aireachtáil sa bpub. Seans gurb é an fáth a bhí leis seo ná nár cuireadh an teilifís isteach sa mbeár riamh agus dá bhíthin sin nár ligeadh don teilifís tús áite a thógáil sa gcomhluadar, rud a chuir fá ndeara do chuisliméirí agus do na húinéirí a spraoi féin a dhéanamh le go mbainfidís sásamh as a ndeoch. Cé go raibh teilifís thíos sa gcistineach, mhúchtaí í ar an toirt ach a dtagadh duine isteach ar cuairt agus chuirfeadh Kathleen binneog anuas air.

Bhíodh an chistineach lán nuair a bheadh cluiche ceannais nó rásaí iomráiteacha capall ar siúl. Thugtaí Hill 16 ar an staighre ach ba é an t-iontas ba mhó faoi ná go raibh Kathleen i bhfad ní ba eolgaisí ar chúrsaí spóirt ná fear ar bith dá fheabhas. Bhíodh muintir an bhaile ag teacht isteach sa gcistineach ón gcéad rud ar maidin. Paddy Costelloe an chéad duine a thagadh isteach an doras ó thuaidh agus é ag feadaíl dó féin le teann lúcháire. Ba mhinic leis tine a bheith coigilte don bheirt nár éirigh fós. Tamaillín gearr ina dhiaidh sin thagadh Beartla Beag agus thagadh muintir an bhaile isteach ar cuairt ar an gcaoi sin ina nduine agus ina nduine le go ríomhfaí scéalta móra an lae nó go mbeadh an tráthnóna ann. Aisteach go leor ní bhíodh aon chúlchaint ann agus thug mé faoi deara nár cheadaigh Kathleen ná Michael aon bheadán.

Ba gheall le halla damhsa an chistineach beagnach gach uile oíche, lán le daoine agus iad ar cuairt. Is cuimhin liom i ndeireadh na 60idí, nuair a bhí Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i réim, gur iomaí oíche sacaidh a bhí ann ag saghdadh faoi lucht leanúna Fianna Fáil agus iadsan ag tabhairt dúshlán lucht leanúna na ‘gcearca.’

‘Beidh gach uile shórt ceart ach a dtaga na Cearta i gcumhacht,’ a deireadh ceann agus cáir air, ‘ní bheidh tax ar bith le n-íoc ag duine ar bith as Conamara.’

‘Céard atá tú a rá? a d’abraíodh ceann eile agus cuthach air, ‘M’anam muise, a chloigis, gurb shin iad a bhfuil tóir acu ar tacks. Fiafraigh de Jack Lynch bocht é!’

Bhí bua áirithe ag baint le Tigh Mholly gur airigh gach uile dhuine sa mbaile ann agus gur airigh siad iad féin ann mar dhuine den chlann seachas mar chuisliméir.

Na Seachtóidí

Bhí na 70idí fíorchosúil leis na 60idí ach amháin gur thosaigh Michael agus Kathleen ag tarraíngt siar as cúrsaí gnó. Laghdaigh siad ar na huaireanta a mbíodh an siopa agus an beár oscailte. Ritheadh an gnó de réir a lámha, de mhaoil a mainge, ar bhealach. Ba shin an t-am a mbíodh na ‘Mollies’ a bhí thall i Meiriceá ag filleadh abhaíle lena gclann leis an seanfhód a ‘speáint dóibh.

Sna 70idí féin bhí rud éicínt osnádúrtha fós ag baint le sagart nó le bean rialta a bheith sa gclann. Tháinig Delia Mholly abhaile lena hiníon Catherine, a bhí ina bean rialta le Ord San Doiminic thall ann. Bhí Comhairle na Vatacáine II gaibhte i bhfeidhm go mór i Meiriceá ach gan ach caint faoi in Éirinn agus dá bhrí sin ní raibh sí ag caithearnh éadach an nun. Bhí sí sa bpub maidin amháin nuair a thug Padda Bán caidéis don fháinne pósta a bhí ar a méir aici.

‘Tá tú pósta théis chomh hóg leat, bail ó Dhia ort,’ a deir sé go laethúil léi.

D’aistrigh Micheal di. ‘Oh yes,’ a deir sí, ‘I am married but the man I am married to is in Heaven.’

‘Ó a dheirfiúirín, ní maith liom do thrioblóid, agus tú chomh hóg.’

Oh no!’ a deir sí agus na súile ag ‘speáint na láíochta naofa sin a bheadh i súile naoimh, ‘I am married to God.’

Agus é ag cuimilt a chorrméir dá shrón, faoi mar ba nós leis, deir sé, ‘Ó go sábhála Dia sinn, a Mhichael, a mhaicín, ach nach gann a chuaigh fear uirthi?’

Ar éigean a bhí Michael in ann tada a rá de bharr gáirí ach pé ar bith céard dúirt sé ní raibh Gaeilge Phadda Bán agus aistriúchán Mhichael Mholly i bhfoisceacht ‘mbeannaí Dia dá chéile. Tá scoláirí ollscoile ag baint céimeanna PhD amach de bharr taighde a bheith déanta ar an téama ‘An Diamhasla sa bhFiannaíocht’ agus seo é Padda Bán seo againne nach ndeachaigh thar an scoil bheag ag tíocht amach leis go nádúrtha glan oscartha.

Bhí feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta an cheantair sna 70idí, a bhuíochas sin a deir daoine do na ‘Cearca’ a chuir fá ndeara do Fhianna Fáil rud a chur ann do mhuintir Chonamara. Mar gheall air seo bhíodh go leor gníomhairí taistil ag teacht an bealach lena n-earraí féin a dhíol. Bhíodh Tierney, Melody, Maloney, Horan, Connaughton, Walsh, Dolan, Kenny, Quinn le n-áireamh ina measc. Aisteach go leor ba é an sloinne a d’úsáidtí. Dá mbainfí úsáid as an ainm baiste chaithfí rud eicínt a chur leis mar cháilíocht: Eugene an Bhainne, Tony na mBuilíní, Máirtín an Bhus a chaitheadh nuachtán an lae, ‘Scéala Éireann,’ amach den bhus agus isteach ar an tsráid chucu gach uile lá ar feadh na mblianta, agus, ar ndóigh, Ciarán an Bheainc. Mura n-úsáidfí d’ainm ná do shloinne ní raibh buntáiste dá laghad ann dhuit. Thagadh ‘Fear na Rátaí’ uair amháin sa mbliain agus chaithfeadh gach uile úinéir tí sa toghcheantar a theacht Tigh Mholly agus a ghála féin de rátaí na bliana sin ar a theach a íoc leis. Ní dóigh liom go raibh a fhios ag aon duine cén t-ainm a bhí air, ná ar an ‘nGaugéara’ a d’aireodh a chluasa an-te uaireanta i ngeall ar na comhráite a bhíodh faoi sa bpub.

Feicthears dom gurb sheo é an tréimhse ar cailleadh cuid mhór den seandream a bhíodh ag teacht Tigh Mholly. Cailleadh cuid mhaith de na comharsana ba ghaire dóibh, an Gabha Rua, Tom Khate, Cóil Phaddy, Paddy Costelloe taobh thoir agus Seáinín Beag, Máirtín Mór, Pádraig Sheáinín, Jeaic Seoighe, Michael an Táilliúra, Mary Phadda Bán, Máire Bheartla Tom, Bid Bheartla taobh thiar. Cailleadh Michael é féin tar éis obráide ar 6 Meitheamh 1981. Ba rímhór an caillteannas do Tigh Mholly a bhás. Níl aon amhras orm ná go mbeadh deireadh le Tigh Mholly an uair sin murach pearsantacht láidir Khathleen agus chomh maith agus a bhí na comharsana di, daoine muintearacha léi ina measc.

Ó Shin

Choinnigh muintir na háite orthu ag teacht ar cuairt chuici go reigealáilte agus bhí duine éicínt i gcónaí istigh gach uile am den lá, agus go deimhin, den oíche. Dhá bhliain thar éis do Mhichael bás a fháil dhúnadh Kathleen an beár ag timpeall’s a seacht a chlog, théadh sí síos sa gcistineach ar a compóirt agus bhreathnaíodh ar chlár ar bith a mbeadh spéis aici féin ann, cláracha grinn, go háirithe. Duine ar bith a bheadh ag iarraidh pionta ina dhiaidh sin chaithfeadh sé a dhul isteach sa gcistineach, áit a gcoinnítí comhrá breá leis.

Ba iontach an cainteoir a bhí in Kathleen agus bhí stuaim agus gaois ag baint lena cuid cainte. Thagadh daoine óga chuici ag iarraidh comhairle uirthi, rud a roinneadh sí orthu go fial. Bhí bua aici an dá thaobh a fheiceáil go gléineach agus leagadh sí amach an bealach ba réidhe as an ngábh don té a raibh comhairle uaidh. Dhéanadh sí sin ar bhealach áirithe le go dtabharfadh sí léi an t-éisteoir. Chaithfeadh síceolaí proifisiúnta blianta leis an gceird ag iarraidh an bealach sin a fhoghlaim. Ní raibh spalpas ar bith uirthi tabhairt faoi dhuine dá gceapfadh sí go raibh sé ag dul dó. Thagadh sí amach le ráiteas an-tráthúil a d’fhágfadh fir dá abartha ná dá dheisbhéalaí gan focal. Ní raíbh sí in ann cur suas le sotal agus dá bhfeicfeadh sí an fhéith sin ionat d’fhéadfá a bheith ag súil le ropadh uaithi. Bhí féith an ghrinn go smior inti nár léirigh sí le mórán ach leo sin a thagadh ar cuairt chuici.

I rith an lae bhíodh na mná ag teacht isteach chuici agus nach acu a bhíodh na comhráite breátha, gealgháireacha thíos ag an tine. Nuair a thosaigh an Banc Taistil ag stopadh ar an tsráid taobh amuigh i 1968 ba éard a bhí i maidin Dé Mairt Tigh Mholly ná seisiún cuartaíochta, nó pantomine mar a thug bean amháin air. Réitíodh Kathleen an tae agus ba ghearr go mbeadh an chistineach thar maoil le mná ag fanacht leis an mBanc. Dhéantaí siopadóireacht ag an am céanna ach ba shin an ghné thánaisteach den ócáid. B’iondúil go ndéanfadh duine de na comharsana tart úllaí nó sméara. Roinntí an tart, dhéantaí scéal mór faoi chomh maith is a bhí sé bruite agus d’óltaí an tae. Ba gheall le cruinniú de Bhantracht na Tuaithe a bhíodh sa gcistineach, caint bheoúil, gach uile dhuine ag gáirí, dea-chaint, sacadh faoina chéile, páistí óga ag screadach, Kathleen ag bagairt dá bhfeicfeadh sí máthair ag déanamh an iomarca ‘pléasála’, feaigs á gcaitheamh, agus ar ndóigh, an tae á ól.

Bhí sé de theist ar Khathleen nuair a bheadh sí ag caitheamh gail nach ligeadh sí oiread agus deatach an mheaits féín amú agus go slogfadh sí gach uile dheamaide den deatach nó go gcaithfeadh sí an butt sa ngríosach. Nuair a bheadh sí i mbun an chruinnithe, ina seasamh suas a bhíodh sí agus a droim leis an tine agus, ar ndóigh, í ag cur dhi. Ba spéisiúil an ní é, ach deir Ciarán an Bheainc go dtagadh Kathleen amach chucu ar an duine deireanach i gcónaí agus ‘baranna’ chocolate agus ‘tineanna’ CokeFanta aici agus thugadh sí do lucht an bheainc iad ar an gcúlráid.

Thagadh Tony na mBuilíní cúpla uair sa tseachtain, ach maidin Dé Máirt bheadh sé féin agus lucht an bheainc ag baint na sálta dá chéíle ar an tsráid ó dheas. Chuireadh Kathleen fá ndeara do Tony bocht cáca milis a fháil do na mná a bheadh ar cuairt.

‘Beag a aireos Lydon House é, muis!’ an deilín a bhíodh ag na mná istigh.

Dhéantaí neart sacaidh faoi Tony nuair a dhéanadh sé roinnt na caillí mar is áil léi féin é ar an gcáca. Duine fíorstaidéarach a bhí in Kathleen agus do dhuine dá haois bhí smaointe fíornuaí aici faoi chúrsaí an tsaoil. Níor leasc léi tabhairt faoi lucht ceannasaíochta ná faoi lucht eaglasta. Ó thaobh na polaitíochta agus cúrsaí sóisialta de, bhí Kathleen ina feminist i bhfad shul má bhí caint ar bith ar Germaine Greer. Bhí cáil an chantail uirthi agus ba í féin ba mhó a bhaineadh spóirt as, mar thuig sí go rímhaith go raibh a fhios ag gach uile dhuine a raibh aithne cheart agus eolas acu uirthi nach raibh a leithéid ag baint léi.

Tráthnóna amháin tháinig ‘seanfhear’, mar a deir sí féin, ainneoin go raibh sí féin ní ba shine ná é, isteach sa mbeár díreach nuair a bhí sí ag dúnadh. Bhí sé socraithe aici féin agus ag mo mháthair a dhul chuig an Aifreann gach uile thráthnóna ó tharla Mí na Marbh a bheith ann.

‘Nach diabhalaí tráthúil atá tú ag tíocht chugam,’ a deir sí ‘agus mé díreach ag dúnadh suas.’

‘Tabhair dhom pionta, maith an bhean,’ a deir mo dhuine.

‘Ní thabharfad, tabharfaidh mé medium dhuit.’

Agus gothaí áirithe uirthi leag sí an medium ar an gcuntar.

‘Ná bí ag diúl air sin anois. Tá deifir ormsa, bíodh a fhios agat. Tá mé féin agus Winnie ag gabháil soir chuig an Aifreann agus níl muid ag iarraidh a bheith deireanach mar gheall ortsa.’

‘Ó sin é é, ar ndóigh,’ a deir mo dhuine agus é ag breathnú sna frathacha agus ag caint ar an gcaoi go gceapfá uaidh nach raibh duine ar bith i láthair ach é féin. ‘Go sábhála Mac dílis Dé sinn ach tá daoine ag rítheacht soir chuig Aifreann Dé chuile thráthnóna agus b’fhearr dóibh go mór fada fanacht sa mbaile agus a bheith go deas leis na daoine.’

Tháinig sí anuas ón mbeár agus í lagtha ag gáirí agus chinn sé uirthi an méid a chaith mo dhuine a inseacht do Winnie de bharr gáirí. Ach nuair a bhreathnaígh sí ar an gclog, agus nuair a chonaic sí chomh deireanach is a bhí sí, chuir sí uirthi an t-éadan poiblí agus le cáir mhór uirthi lig sí glamh aisti ó dhoras an bheáir. ‘Ná habair liom nach bhfuil an medium sin críochnaithe fós agat!’

Nuair a bhásaígh Kathleen ar 11 Nollaig 1998 b’shin deireadh ré chomh fada agus a bhain sé le Tigh Mholly.

Anois

Ach má bhíonn deireadh ré ann ní shin le rá nach féidir ré nua a bheith ann ina diaidh. Choinnigh muid Tigh Mholly oscailte san oíche Dé Céadaoin agus maidin Dé Domhnaigh ó bhásaigh Kathleen in ómós don dream a chuaigh romhainn agus in ómós don dream a thagadh isteach Tigh Mholly agus dá gclann/muintir atá anois ann.

TighMholly2004a

Ní hionann ré nua agus a rá go bhfuil snáth ceangail leis an tseanré briste. Is féidir a rá gan agó ar bith, go bhfuil an spóirt is an chraic, an dea-chaint is an tráthúlacht, an uaisleacht is an laethúlacht, an carthanas agus an mhacántacht ag baint leis na cuisliméirí a thagann isteach anois chugainn chomh maith céanna is a bhain na gnéithe sin uilig lena muintir a chuaigh rompu. Tá muid, faoi láthair, ag cur fairsinge le Tigh Mholly ar mhaithe lenar gcuisliméirí agus cé go mbeidh athruithe suntasacha thuas staighre i gceist, beidh muid ag coinneáil dreach na seanáite díreach mar a bhí. Is iad na cuisliméirí a bhí ag comhairliú dúinn gan drannadh leis an tseanáit ach é a choinneáil díreach mar a bhí sé, mar ba shin é a b’fhearr leo féin é mar go raibh dáimh acu leis an tseanáit.

Is í an aidhm is mó atá curtha romhainn ná an tseanáit a réiteach sa gcaoi go mbeadh togha an phionta agus scoth an chomhluadair le fáil Tigh Mholly i gcónaí, agus go gcaithfear le gach uile dhuine a thiocfas faoi chaolacha Tigh Mholly ar an gcaoi go n-aireoidh siad go bhfuil meas orthu agus go n-aireoidh siad go bhfuil siad sa mbaile, faoi mar a tharla Tigh Mholly ariamh.

TighMholly2014

Barr an Leathanaigh