An Mine

Roinnt alt faoin mianach mara a phléasc ar an gcladach i gCois Fharraige in 1917


PLÉASC – Dráma ar an Trá le FÍBÍN

PLÉASC_3Thug Cumann Forbartha Chois Fharraige coiste le chéile le deireadh seachtaine a eagrú i gcuimhne ar an naonúr fear a maraíodh 100 bliain ó shin, ar an 15 Meithamh 1917, nuair a phléasc mianach mara, ón gCead Chogadh Domhanda, ar chladach an Locháin Bhig.

Mar chuid de Chuimhneachán an ‘Mine’ 1917 – 2017, bhí ócáid an-speisialta ar bun ar an Aoine, 16 Meitheamh 2017, ar an Trá Mhór, Coill Rua. Léirigh an comhlacht Fíbín an dráma PLÉASC, scríofa ag Eoin Mac Diarmada..


Cuimhneachán an ‘Mine’ 1917 – 2017 – Bróisiúr mar PDF

An Trá Shalach (Cros an Mine)” . . . Déardaoin 15 Meitheamh
Aifreann Cuimhneacháin
18.00 Bailiú le chéile ag an bPoitín Stil.
18.30 Mórshiúl le píobaire ón bPoitín Stil síos chomh
fada leis an gcladach.
19.00 Aifreann á cheiliúradh ar an gcladach
20.00 Tae/Caife agus sólaistí sa bPoitín Stil . . . “


Blown To Pieces  – GALWAY EXPRESS

AnMineGalExp1917

” . . . When the find was hauled on shore one of the men started to investigate, and must have touched a vital part of the mine, when a terrific explosion took place. The nine men who stood about the mine were blown to pieces and a horrible scene of carnage was disclosed. Everyone of the unfortunate men was blown into fragments, and in one case a boot belonging to one of the killed was found one mile from the scene. Several houses in the village were wrecked, and the windows in the police barracks at Spiddal, four miles away, were shattered . . .”


Sleacht agus Ár i gCois Fharraige le Seán Ó Conghaile

AnMineSOC” . . . Chuir an méid a bhí i láthair cúirt ar an scéal.  Céard ab fhearr a dhéanamh le nach ligfeadh siad a leas ar cairde?  Dúirt cuid acu go bhféadfadh go mba rud an-luachmhar é arae bhreathnaigh sé trom téagarach dóibh ón gcladach.  Scaití théadh sé idir dhá uisce agus ba bheag amharc a bhíodh air agus b’shin cruthú go raibh sé trom.  Bairille feola b’fhéidir, ach bhí a scéal féin ag chuile dhuine acu faoin téagar seo nó céard a bheadh ann . . .”