Cartlann Nuachta: 10 Bealtaine 2023

Bainisteoir Nua ag Comhlacht Forbartha An Spidéil

Pádraic Mac Diarmada, atá ceapaithe ina Bhainiseoir ar Chomhlacht Forbartha An Spidéil.

Tá sé fógraithe ag Comhlacht Forbartha An Spidéil go bhfuil Pádraig Mac Diarmada, ó Na hAille, Indreabhán, ceapaithe ina Bhainisteoir Ginearálta Nua ar an gcomhlacht ag na stiúrthóirí.

Le bliain anuas bhí athstruchtúrú á dhéanamh ag an gcomhlacht. Ón mbliain 2019 tá Pádraig fostaithe ag Comhar Cuigéil agus forbairt an Ionad Feamainne mar príomhchúram air. Tá tograí éagsúla curtha i gcrích aige, mar shampla na Folcadáin Feamainne, na Seirbhísí Suathaireacht, na Safaris Feamainne.

I ráiteas a d’eisigh an Comhlacht Forbartha dúirt Pádraig go bhfuil sé “ag tnúth go mór le obair i gcomhar le muintir an ceantar feidhme chun fís na stiúrthóirí don Spidéil agus don ceantar i gcoitinne a bhaint amach”.

Dúirt Stiofán Mac Suibhne, Cathaoirleach Comhlacht Forbartha an Spidéil, gur ceapachán tábhachtach é seo, ní hamháin don comhlacht ach don ceantar feidhme i gcoitinne freisin. Ghabh sé buíochas le Údarás na Gaeltachta as a dtacaíocht leis an bpróiseas earcaíochta agus as an maoiniú a thugtar don chomhlacht “mar gan é ní bheadh an ceapachán indéanta”.

Beidh Pádraic Mac Diarmada ag tosú sa ról nua sa Spidéal ar 29 Bealtaine.


Oifigigh Nua ar an gCumann Forbartha

Logo CFCFAg cruinniú a bhí ag Coiste Stiúrtha Chumann Forbartha Chois Fharraige aréir (Luan, 8 Bealtaine) roghnaíodh Seathrún Ó Tuairisg, ó Na hAille, ina Chathaoirleach nua ar an gCumann Forbartha le teacht i gcomharbacht ar Ananda Geluk.

Roghnaíodh Donncha Ó hÉallaithe ina Rúnaí don chéad bhliain eile agus Mamie Ní Chualáin ina Leas Rúnaí.  Síle Ní Scanláin a roghnaíodh ina Cisteoir le Máire Áine Mhic Dhonnacha mar Leas Chisteoir. 

Dúirt Seathrún Ó Tuairisg go raibh go leor bainte amach ag an gCumann Forbartha ón bPlean Oibre a socraíodh bliain ó shin. Dúirt sé go raibh sé mar rún aige féin brú ar aghaidh leis na tograí éagsúla atá ar an gclár oibre, ina measc siúd tá Coill Phobail a fhorbairt sa gceantar.

Beidh toscaireacht ón gCumann Forbartha ag castáil le Príomhfheidhmeannach Nua Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, ag deireadh na míosa seo le roinnt ábhar a phlé agus le tacaíocht an Údaráis a iarraidh don obair fhorbartha pobail a bhíonn ar bun ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, An Choill Phobail san áireamh.


Meaig Churraidhín RIP

Meaig Churraidhín 100 bl d'aois.

Meaig Churraidhín as na hAille.  Rugadh í sa mbliain 1921 

Bhásaigh Mairéad Uí Fhéinneadha, baintreach Steve Mhaidhc Ned as an bPáirc Láir, An Spidéal, Meaig Churraidhín as na hAille, Indreabhán ó dhúchas ar an 3 Bealtaine 2023. Maireann a clann, Máire, Áine, Nóirín agus a mac Maidhc, bean Mhaidhc Ulrike, a cliamhaineacha, John agus Michael.

Rugadh Meaig sa mbliain 1921 sna hAille breis is 100 bliain ó shin, duine d’ochtar clainne a bhí ag Pádraic Mháirtín Sheáin Mhurchadha agus Nóra Aindí Ní Choistealbha as an gCaorán. An mhí seo caite bhí 102 bliain slánaithe aici.

Bhí sí ag obair i Sasana le linn an Chogaidh, i monarcha i dtosach ach chaith sí tréimhse ag obair le Great Western Railways ag tiomáint vaigíní lastais agus ina dhiaidh sin mar stiúrthóir bus is tram.

D’fhill sí ar na hAille i 1953 le cúnamh a thabhairt sa mbaile agus casadh Steve Mhaidhc Ned Ó Finneadha uirthi ón bPáirc agus phósadar. Fuair a fear céile bás sa mbliain 1998. Thóg sí ceathrar clainne: Máire, Nóra, Áine agus Maidhc agus bhí 14 garchlann aici. Suaimhneas síoraí lena hanam.


Ógánaigh na mBreathnaigh Buacach

Foireann Chumann Micheál Breathnach (Peil faoi 15) ar éirigh leo Corn Tommy Kelly a thabhairt go Cois Fharraige ar an Satharn seo caite, le cáiliú le bheith páirteach i bhFéile na nGael.

Ar chúl, ó chlé: Macdara Ó Grádaigh, Cian Ó Lochlainn Ó Gríofa, Jamie Ó Diollúin, Eoin Ó Gionnáin, Colm Seoighe, Eric Norman, Glaisne Mac Réamoinn, Fionnán Ó Neachtain, Séamus Óg Ó Márta, Charlie Ó Gríofa, Aaron Ó Donnachú, Dara Ó Frighíl.

Chun tosaigh, ó chlé: Evan Craughwell, Donnacha Ó Tuairisc, Oisín Ó Neachtain, Cian de Búrca, Oisín Mahon, Aaron Seoighe (Capt.), Rónán Ó Neachtain, Kian Ó Súilleabháin, Stiofán Ó Neachtain.

[Pic: Siobhán Ní Mhárta]

Is ar pheileadóirí óga de chuid Chumann Micheál Breathnach a bronnadh Corn Tommy Kelly ar an Satharn seo caite, tar éis dóibh an bua cuimsitheach a fháil sa gcluiche ceannais in aghaidh Tuaim Stars leis an scór 1 – 05 v. 0 – 01.

Comórtas speisialta é seo le haghaidh foirne faoi 15. Bhuail foireann Micheál Breathnach St Michael’s; Gaeil na Gaillimhe; Oranmore agus chríochnaigh an cluiche le Bearna ar chomhscór.

Macdara Ó Grádaigh a roghnaíodh mar laoch na himeartha.


Club Leabhar

Simon Ó Cróinín ó Rath Chairn, Co na Mí, a bheas mar aoi speisialta i dTigh Mholly ar an Lochán Beag, san oíche Dé hAoine, 12 Bealtaine, nuair a bheas a leabhar ‘Blas Meala’ á phlé.

Simon Ó Cróinín ó Ghaeltacht na Mí a bheas ag labhairt faoina leabhar ‘Blas Meala’, i dTigh Mholly ar an Aoine seo, 12 Bealtaine. Is leabhar neamhfhicsean atá ann faoina thaithí pearsanta ar an mbeachaireacht. Beidh taispeántas pictiúir aige chomh maith le caint ar na beacha, ar na plandaí ar a mbraitheann siad agus ar dhéanamh an mheá, deoch meisciúil a dhéantar as mil. Tá an oíche speisialta seo eagraithe ag Club Leabhar Chois Fharraige.

Ní hamháin go mbeidh Simon ann, ach beidh a chlann ceolmhar ag tíocht in éindí leis, le seisiún bríomhar ceoil a chur ar bun i ndiaidh na cainte: Éanna Ó Cróinín ar an bpíb uillinn, Áine Ní Chróinín ar an bhfidil agus Tadhg Ó Cróinín ar an mbainseó. Tosóidh an ócáid ag 8.00pm agus beidh fáilte roimh chách.


Féile Náisiúnta Scoildrámaíochta

Daltaí ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, ar éirigh leo an chéad áit a bhaint amach ag an bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta i Muileann gCearr le gairid, leis an dráma ‘Níl Cuma ná Caoi‘.

D’éirigh thar barr le scoileanna Chois Fharraige ag an bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta, a bhí ar bun i Muileann gCearr an tseachtain seo. Seo iad na drámaí ar éirigh leo an gradam náisiúnta a fháil ag an bhféile:

‘An Cochaillín Dearg’ – Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl.

‘Cóilín an Chnoic’ – Scoil Sailearna, Indreabhán.

‘An Chéad Dráma’ – Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.

‘Níl Cuma ná Caoi’ – Scoil na Tulaí.

‘Bóithrín na Smaointe’ – Scoil na Tulaí.

Chomh maith le sin, roghnaíodh Scoil na Tulaí leis an duais a fháil don Bhunscoil Ghaeltachta is Fearr. Is i bPáirc an Chrócaigh a bheas na duaiseanna á mbronnadh ar na buaiteoirí go léir ar an gCéadaoin seo chugainn, 17 Bealtaine.

Daltaí ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, ar éirigh leo an chéad áit a bhaint amach ag an bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta i Muileann gCearr le gairid, leis an dráma ‘An Cocaillín Dearg’.

Ó chlé: Meadhbh Ní Loideáin, Caoimhe Ní Dhiollúin, Adhna Ní Choistealbha, Lía Ní Chonghaile, Daragh Ó Céide, Alannah Ní Choistealbha agus Liam Mac Donnacha.

Bronnfar an duais orthu ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh ar an gCéadaoin seo chugainn.


Féasta Ceoil an Spidéil

Cherish the Ladies - Hearth

CHERISH THE LADIES

Aoine na seachtaine seo chugainn, 19 Bealtaine, beidh an grúpa cáiliúil CHERISH THE LADIES leis an bhfliúiteadóir chumasach Joanie Madden ar an stáitse i Stiúideo Cuan, An Spidéal. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an ngrúpa ban seo.

Deireadh seachtaine na Cincíse, 2 agus 3 Meitheamh, tiocfaidh deireadh le Féasta Ceoil An Spidéil, nuair a bheas triúr ceoltóirí cumasacha ag casadh: Edel Fox (Concertina), Neill Byrne (Fidil) agus Macdara Ó Faoláin (giotár agus banjo).

Is lárionad ceoil agus ealaíne den scoth é Stiúideo Cuan, atá ag breathnú amach ar Chuan na Gaillimhe agus ar Cheann Boirne. Le ceithre mhí anuas tá scoth na gceoltóirí meallta ag Stiúideo Cuan go Cois Fharraige le casadh san ionad álainn atá réitithe amach go speisialta le haghaidh ceoil.


Taispeántas Grianghrafadóireachta

Máire Phait Ní ChualáinTá taispeántas nua grianghrafadóireachta leis na healaíontóirí Siobhán Ní Dhuinnín agus Dervla Baker ar bun faoi láthair in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc. Is ar gCéadaoin seo caite, 3 Bealtaine, a osclaíodh an taispeántas.

Thug Ríonach Ní Néill, stiúrthóir an togra BAINT AN AEIR, cuireadh don rinceoir Siobhán Ní Dhuinnín agus don ghrianghrafadóir agus scannánaí Dervla Baker plé a dhéanamh le daoine áitiúla ar an cheist “cad a shamhlófá don phortach?”

Thosaigh Siobhán agus Dervla an comhrá seo in éineacht le Mike Breathnach, Máire Ní Chualáin agus Ada Ní Thuairisg. Chaith Siobhán agus Dervla am ar phortaigh Fhionnáin, ar phortach Sheanadh Mhach agus ar phortaigh Chois Fharraige ag cur agallamh ar Mhike, ar Mháire agus ar Ada, agus thug siad dearcadh na nglúnta éagsúla dóibh. D’eascair na grianghrafanna as na comhráití seo; as na scéalta a d’inis na rannpháirtithe agus as na smaointe a bhí acu maidir leis an bportach.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €5,600 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 7, 10, 16, 19.

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

Tríona Breathnach, Baile na hAbhann;

Margaret Hernon, Bánrach;

Gerry Mullarky, f/ch Cois Cuain;

Séamus Mac an Rí, An Lochán Beag.

Comhar Creidmheasa Cholmcille, a fuair duais an díoltóra.

5,700 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Iomáint (faoi 13C): Cois Fharraige 102, Tommy Larkins 805.

Iomáint (faoi 13C): Ml. Breathnach 103, Annaghdown 5 – 11.

Peil (Roinn 3A): Ml. Breathnach 0 – 12, Glenamaddy 1 – 19.

Peil (Sóisear A): An Spidéal 3 – 09, Ml. Breathnach 107.

Peil (Roinn 2): An Spidéal 2 – 04, Caherlistrane 011.

Peil (Sóisear D): An Spidéal 313, Rnvyle 109.

Peil (faoi 16): Ml. Breathnach 106, Claregalway B 206.

Peil (faoi 16): An Spidéal 516, Killannin 204.

Peil (faoi 15): Ml. Breathnach 105, Tuam Stars 001.

Peil na mBan (Sóisear A): Ml. Breathnach 214, Oughterard 210

Camógaí (Sóisear): Cois Fharraige 115, Creachmhaoil 111.

Sacar (Corn Jack Lillis): Bearna/Na Forbacha 1, Galway Bohs 2.

Sacar (Cailíní f17): Bearna/Na Forbacha 0, Knocknacarra 5.

Sacar (faoi 17): Mac Dara 2, Oughterard 1.

Sacar (faoi 17): Bearna/Na Forbacha 1, Corrib Celtic 3.

Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha 1, Maree/Oranmore 1.

Sacar (Cailíní f16): Bearna/Na Forbacha 1, Colga 1.

Sacar (Cailíní f15): Bearna/Na Forbacha B 1, West Utd. 6.

Sacar (faoi 13): Bearna/Na Forbacha 3, Kinvara Utd. 1.

Sacar (faoi 13): Mac Dara 1, Kilshanvey Utd. 5.

Sacar (Cailíní f13): Bearna/Na Forbacha 5, Knocknacarra B 0.

Sacar (Cailíní f13): Bearna/Na Forbacha B 1, Oughterard 4.

Sacar (faoi 12): Bearna/Na Forbacha 2, Cregmore/Claregalway 1.


10 Bealtaine 2023