Cumann Forbartha Chois Fharraige: 50 Bliain

Cumann Forbartha Chois Fharraige: 50 Bliain den Fhorbairt Phobail

le Donncha Ó hÉallaithe

DonnchaÓhÉallaitheLeathchéad bliain ó shin, ar an 6 Márta 1966, a bunaíodh Cumann Forbartha Chois Fharraige. Domhnach a bhí ann agus is i séipéal an Chnoic a bhí an cruinniú ar bun.

Ní iontas ar bith an cruinniú a bheith sa séipéal, mar ba é an sagart nua a bhí tagtha san áit, an tAthair Seán de Bláca, a thug an cruinniú le chéile. Tháinig an tAthair de Bláca go Cois Fharraige sa bhliain 1964 in áit an tsagairt paróiste, an tAthair Pádraig Ó Ruadháin, a bhí tinn ag an am. Sagart óg fuinniúil a bhí san Athair de Bláca. Bhí tréimhse gearr caite roimhe sin ag Seán de Bláca i nGaeltacht Chonamara, mar shagart i dTír an Fhia, áit ar chuir sé roimhe Halla Pobail a thógáil. Chomh maith leis sin cuireadh leis an séipéal i Leitir Mealláin le linn a thréimhse i gCeantar na nOileán.

Ag an am bhí Iarthar na hÉireann á bhánú ag an imirce agus cuid is mó den dream a bhí fágtha sa mbaile beo bocht. Ní hamháin nach raibh aon obair le fáil sa mbaile ach bhí easpa áiseanna ann chomh maith. Thuig an tAthair de Bláca go raibh an imirce ag déanamh scrios i gCois Fharraige mar bhí dhá bhliain caite aige ag obair i measc mhuintir Chonamara i Huddersfield Shasana, sular tháinig sé ar an gCnoc.

D’fhógair sé ón altóir go raibh cruinniú poiblí á thabhairt le chéile aige le coiste pobail a bhunú. Tháinig an cruinniú le chéile ar an 6 Márta, leathchéad bliain ó shin, agus toghadh an chéad choiste ar Chumann Forbartha Chois Fharraige leis an tAthair Seán de Bláca é féin ina Uachtarán, Seán Ó Mainnín ina Chathaoirleach agus an mac léinn óg ollscoile, Peadar Mac an Iomaire ina Rúnaí. Leagadh amach plean oibre dúshlánach: céibh a thógáil, scoil náisiúnta nua a fháil, an séipéal a dheisiú, uisce poiblí a chur ar fáil, monarcha a fháil don cheantar, páirc pheile etc etc.

I lár na 1960idí bhí obair den chineál céanna ag tarlú i bparóistí eile in iarthar na tíre, á thiomáint is á eagrú ag sagairt go minic. Le linn na seascaidí bhí spiorad na hathnuachana ag séideadh tríd an Eaglais Chaitliceach, cothaithe ag na smaointe faoin mbéim ar an bpobal a bhí ag tíocht ón gComhairle Vatacánach (1962 -65). Tháinig roinnt de na sagairt óga faoi ‘anáil radacacht na 60idí’ mar a thug an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh air. B’inspioráid do go leor acu, an obair chéatach a bhí déanta ag an Athair James Mc Dyer, i nGleann Cholmchille in Iardheisceart Dhún na nGall, áit nach raibh leictreachas ná uisce ag na daoine, nuair a cuireadh ann é tús na gcaogadaí.

Bhí leictreachas i gCois Fharraige, ceart go leor, ach ní raibh aon scéim uisce ann. Leag an Cumann Forbartha roimhe uisce a chur sna tithe agus eagraíodh an grúpscéim uisce ba mhó a eagraíodh riamh in Éirinn. Cuireadh Comharchumann ar bun le tabhairt faoin scéim.

Fuair an Cumann Forbartha talamh ó Choimisiún na Talún sna hAille, trasna an bhóthair ó Choláiste Cholmcille (an Tech mar a tugadh air go háitiúl) agus bronnadh an talamh ar Ghaeltarra Éireann le monarcha a thógáil ann. Is ann atá an eastáit beag tionsclaíoch ina bhfuil Cló Iar-Chonnacht lonnaithe. Chuaigh an Cumann Forbartha chun cainte le hArdeaspag Thuama, an Dr. Joseph Walsh, faoi chuid den talamh i nGleann an Chnoic a fháil, chun páirc peile a fhorbairt. Is ann atá Páirc Mícheál Breathnach agus an piniúr liathróid láimhe anois.

Cúpla bliain ó shin is beag nár thit Cumann Forbartha Chois Fharraige as a chéile. Bhí caint ann ar cheart an Cumann Forbartha a scor ach socraíodh é a athnuachan. Leagadh amach plean oibre. Eagraíodh Oireachtas Chois Fharraige 2014; foilsíodh an iris BISEACH; cuireadh suíomh idirlín ar bun; foilsítear colún nuachta ón gceantar gach seachtain ar an gCuradh Connachta agus eagraíodh comórtas scoraíochta idir bhailte, ar éirigh thar cionn leis anuraidh.

Tá go leor bainte amach le leathchéad bliain anuas, ó chuir an tAthar Seán de Bláca an síol, nuair a d’fhógair sé go raibh coiste pobail le bunú. Tá uisce agus monarcha againn, tá páirc peile agus áiseanna caitheamh aimsire eile againn, tá áiseanna maithe oideachais sa gceantar, níl an áit bánaithe ag an imirce mar a bhí sna 60idí, cé gur fadhb i gcónaí é.

Tá dúshláin nua romhainn, dúshláin atá níos deacra ar bhealach le dul i ngleic leo. Tá go leor daoine óga in ísle brí, meascaithe suas ina n-intinn faoin saol ilghnéitheach le hiliomad roghanna. Tá daoine fágtha gan dóchas tar éis blianta ag fulaingt ón gcruatan a d’eascair as córas eacnamaíochta a bhí bunaithe ar shaint agus ‘méféineachas’. Tá dushlán eile ag Cois Fharraige chomh maith. Caoga bliain ó shin ba cheantar aonteangach a bhí ann, tá sé chomh maith duit a rá. Anois is ceantar dátheangach atá ann, agus an Ghaeilge ag sleamhnú uainn glúin i ndiaidh glúine. Is dúshlán don Chumann Forbartha a chinntiú go mbeidh Gaeilge fós in usáid mar theanga pobail i gCois Fharraige i gceann 50 bliain eile.