Cumann Forbartha Chois Fharraige Plean Oibre 2022/23
Cumann Forbartha Chois Fharraige
Plean Oibre 2022/23
a socraíodh ag cruinniú den Choiste Stiúrtha
ar an 23 Bealtaine 2022
Seo leanas na míreanna éagsúla atá sa bPlean Oibre, atá glactha ar bord ag Coiste Stiúrtha an Chumann Forbartha don bhliain seo romhainn. Tá an Coiste Stiúrtha ag roinnt an Plean Oibre leis na baill agus leis an bpobal. Is breá linn i gcónaí cloisteáil ó dhaoine lena gcuid tuairimí, a gcuid aiseolais is a gcuid moltaí. Ba mhaith linn chomh maith fáilte a chur roimh daoine ón gceantar ar mhaith leo a bheith páirteach i ngrúpa oibre nó ar fhochoiste le tograí a chur i gcrích. Is féidir teagbháil a dhéanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig CUMANNFORBARTHA@nullGMAIL.COM.
Ananda Geluk (Cathaoirleach)
1. Údarás na Gaeltachta
Stocaireacht a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta, maidir le breis aitheantaisis breis tacaíochta do na eagraíochtaí pobail deonacha ar fud na Gaeltachta.
Cruinniú a iarraidh le Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach an Údaráis leis an smaoineamh a phlé is a bhrú chun cinn.
2. Coill Pobail
Leanúint ar aghaidh leis an stocaireacht maidir le Coill Pobail a fhorbairt i gceantar Chois Fharraige, i gcomhar le Údarás na Gaeltachta agus le Comharchumann Sailearna. Suíomh feiliúnach a aimsiú i dtosach agus maoiniú a lorg leis an gCoill Pobail a fhorbairt.
3. Oireachtas na Gaeilge
I gcomhar le eagraíochtaí eile i gCois Fharraige, iarratas a réiteach le chur chuig Coiste Náisiúnta Oireachtas an Gaeilge ag moladh go ndéanfaí Oireachtas na Gaeilge 2024 a reáchtáil i gCois Fharraige, caoga bliain ó reáchtáladh an chéad Oireachtas riamh sa Ghaeltacht.
4. Reilig an Chnoic
Stocaireacht a dhéanamh ar an gComhairle Chontae maidir le suíomh feiliúnach a fháil le haghaidh reilig nua i gceantar Chois Fharraige.
5. Cúrsaí Oiliúna Pobail
Fáil amach céard iad na cúrsaí oiliúna do dhaoine fásta a mbeadh éileamh orthu, mar shampla ríomhaireacht, agus iarratais a dhéanamh ar GRETB le maoiniú a fháil chun chúrsaí a chur ar fáil.
6. Toghchán Údarás na Gaeltachta
Leanúint ar aghaidh ag cur brú ar an dTaoiseach, ar Aire na Gaeltachta agus Aire Stáit na Gaeltachta maidir le chomhlíonadh na ngeallúintí a tugadh go ndéanfaí toghchán daonlathach a usáid le ionadithe ó na pobail Ghaeltachta a roghnú le dul ar Bhord Údarás na Gaeltachta.
7. Scéim Nua Labhairt na Gaeilge
An cás a dhéanamh le Roinn na Gaeltachta go mba cheart Scéim Nua Labhairt na Gaeilge a thosnú, dírithe ar theaghlaigh le páistí faoi 6 bhl. d’aois, mar a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Staid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007).
Go lorgófaí tacaíocht ó eagraíochtaí eile pobail sa Ghaeltacht do Scéim Nua.
8. Siúlóidí Oidhreachta sa gCeantar
Dhá shiúlóid oidhreachta, lúb le cladach agus lúb le portacht, a fhorbairt sa gceantar. Léarscáil a réiteach le eolas orthu faoin láthaireacha spéisiúla chomh maith le eolas faoin dúlra. É seo a dhéanamh i gcomhar le Údarás na Gaeltachta agus an Scéim Fostaíochta Tuaithe.
9. Suíomh an ‘Mine’
Breis cosaint a thabhairt do shuíomh “An Mine” ón bhfarraige.
10. Dumhach na Leanbh
Suíochán a shocrú ag Dumhach an Leanbh agus cothabháil rialta a dhéanamh ar an suíomh i gcomhar le Scéim Fostaíochta Tuaithe an Údaráis/CST.
11. Coláiste Lurgan
Brú a choinneáil ar Údarás na Gaeltachta agus ar Roinn na Gaeltachta maidir le forbairt an Ionad Óige is Oideachais ar shuíomh Coláiste Lurgan.
Fiosrú a dhéanamh leis an dá eagraíocht le fáil amach céard é an staid is deireannaí agus cén uair a mbeidh iarratar pleanála á chur os comhair an Chomhairle Chontae. Táthar le leanúint ag aghaidh ag coimeád súil ar an gceist seo.
12. Comharthaí na mBóithre Bailte
Leanúint den obair ag crocadh comharthaí le ainmneacha na mbóithríní bailte ar an chuid eile de na bóithríní nach bhfuil déanta fós idir Abhainn Cruimlinne agus Droichead An Spidéil.
13. Seid na bhFear is na mBan
Dlús a chur leis an obair in éindí leis an nGrúpa Oibre, le ionad feiliúnach a fháil chun Seid na bhFear is na mBan a chur ar fáil sa gceantar. Stocaireacht a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta maidir le ionad a chur ar fáil.
14. Timpeallacht & Bailiú Bruscair
Leanacht leis an obair maidir le brúscair a bhailiú agus an timpeallacht a chosaint i gcomhar leis an bhFochoiste Timpeallachta. Laethanta “Glanadh Suas” a eagrú ar bhóithríní an cheantair agus ar an gcladach i gcomhar leis an gComhairle Chontae.
15. Biseach
An Irisleabhar Biseach2022 a fhoilsiú mí Dheireadh Fómhair 2022. Iarratas a dhéanamh ar dheontas ó Roinn na Gaeltachta. Ábhar feiliúnach le bailiú ag an gCoiste Eagarthóireachta, le linn an tsamhraidh.
16. Nótaí Chois Fharraige
Leanúint ar aghaidh leis ag soláthar an colún Nótaí Chois Fharraige don Churadh Connacht gach seachtain, ach amháin mí Iúil agus mí Lúnasa. Nótaí Chois Fharraige a chur ar an suíomh idirlín WWW.COISFHARRAIGE.IE go seachtainiúil.
17. Poiblíocht
Usáis a bhaint as Raidió na Gaeltachta agus na meáin chumarsáide eile ar nós Tuairisc.ie le fógraíocht agus poiblíocht a dhéanamh faoi obair an Chumann Forbartha.
18. An Suíomh Idirlín
Aithbhreithniú a dhéanamh ar an socrú faoin Suíomh Idirlín a roinnt leis an bhFóram Pleanála Teanga. Uasdátú a dhéanamh ar an eolas ar an suíomh faoin gCumann Forbartha.
19. Cáipéisíocht an Chumann Forbartha
Tá sé i gceist breathnú ar bhealaí a fhéadfaí cáipéisíocht a bhaineann leis an gCumann Forbartha a chur ar fáil i mbealach digiteach, ar “Google Drive” mar shampla.
20. Cothabháil ag an Séipéal
Féachaint le deisiú a fháil déanta ar an mbealach isteach ag an Séipéal len é a dhéanamh níos sábháilte.
21. App Eolais faoin gCeantar
Táthar le fiosrú faoi app fóin a fhorbairt ar a mbeadh eolas digiteach faoi Oidhreacht/Stair/Cultúr/Dúlra an cheantair.
22. Scathlán Bus
Féachaint le scathlán bus a fhorbairt sa cheantar. Fiosraithe le déanamh leis na Comhairleoirí Contae Áitiúla faoin gceist.
23. Comhfhreagras ón gComhairle Contae
Litir a chur chuig Bainisteoir Chomhairle Contae na Gaillimhe faoi nósmhaireacht an Chomhairle Chontae, litreacha i nGaeilge a fhreagairt i mBéarla agus eolas a roinnt ar eagraíochtaí Gaeltachta i mBéarla amháin.
24. Tuirbíní Gaoithe
Súil a choinneáil ar iarratais pleanála sa gceantar maidir le forbairt tuirbíní gaoithe a bheadh ró ghar do thithe cónaithe sa gceantar.
25. Tearmann Ainnín
Cruinniú a fháil le Bainisteoir Thearmann Éanna Teo maidir le ceisteanna a bhaineann le cothabháil na dtithe i dTearmann Ainnín, ar an gCnoc.
26. Cúrsaí pleanála sa gCeantar
Súil a choinneáil ar cheisteanna pleanála sa gceantar agus a bheith airdeallach faoi iarratais phleanála i gceantar Chois Fharraige a fhéadfadh dochar a dhéanamh don timpeallacht, don chultúr nó do staid na Gaeilge sa gceantar.
27. Stocaireacht ar an gComhairle Contae
Cruinniú a eagrú leis na Comhairleoirí Contae áitiúla, faoi chuid de na míreanna ar an bPlean OIbre a bhaineann leis an gComhairle Chontae.
28. Coláiste Cholm Cille
Stocaireacht a dhéanamh, más gá, le go ndéanfar an fhorbairt atá geallta ar Choláiste Cholm Cille, agus a bhfuil maoiniú ceadaithe lena aghaidh.
29. Comhoibriú le Eagraíochtaí Eile
Chomhoibriú le eagraíochtaí eile ar nós Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga agus le
Comharchumann Sailearna le seirbhísí trí Ghaeilge a fháil ón státchóras sa gceantar agus leis an teanga a neartú mar theanga pobail sa gceantar.
30. Ionad Athchúrsála
Fiosrú a dhéanamh le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus le Údarás na Gaeltachta maidir le soláthar Ionad Athchúrsála ar an Eastáit Tionsclaíoch i gCasla.
Brú a chur ar na comhairleoirí áitiúla agus ar an gComhairle Chontae faoin gceist.
31. Bealach Sábhailte do Dhaltaí Scoile
Stocaireacht a dhéanamh ar an gComhairle Chontae le go ndéanfar an obair a theastódh le bealach sábháilte a chur ar fáil do dhaltaí scoile sa gceantar dul ar scoil, ag rothaíocht nó ag siúl.
32. Bithéagsúlacht
Grupa Oibre a bhunú le Plean Bitheagsúlacht a chur le chéile don cheantar agus tabhairt faoi thionscadail a eagrú i gcomhar le eagraíochtaí eile sa gceantar, idir eagraíochtaí pobail, eagraíochtaí spóirt agus na scoileanna.
33. Freastal ar Charanna Leictreacha
Dul i dteagbháil le Comharchumann Shailearna faoi áis a fhorbairt ag Seanscoil Sailearna ag a bhféadfaí carrannaí leictreacha a luchtú go héasca agus go sciopthaidh.
34. Córas Fón Póca
Eolas a bhailiú agus fiosrú a dhéanamh faoin droch-chaighdeán atá ag an gcomhartha fón póca agus faoin soláthar leathanbhanda i gceantar an Chumann Forbartha.
Gearán a dhéanamh leis na gcomhlachtaí fón póca agus le ComReg faoin gceist.