Cartlann Nuachta: 21 Deireadh Fómhair 2015
21 Deireadh Fómhair 2015
Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal
Daltaí ó Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ar bronnadh aitheantas orthu ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, as ucht na torthaí a fuair siad i Staidéar Gnó sa Teastas Sóisearach i mbliana.
Ar chúl, ó chlé: Mairéad Uí Dhilliún (oide scoile), Ruairc Ó Murchú, Conall Ó Caoimh, Paddy Ó Curraoin, Cathal Mac an Iomaire agus Seán Ó Drisceoil.
Chun tosaigh, ó chlé: Neasa Uí Choileáin (oide scoile), Caoimhe Ní Churraoin, Ailbhe Ní Chualáin, Éabha Ní Fhearrachair agus an Dr. Michael Lang (OÉG).
Club Dornalaiochta Chonamara
Club Dornalaiochta Chonamara, atá lonnaithe ar an eastát tionsclaíoch i gCasla agus atá ag dul ó neart go neart.
Chun tosaigh, ó chlé: Adhna Nic Dhonnacha, Amy Ní Fhlatharta, Dylan Seoighe, Míchael Seoighe, Éanna Ó Gionnáin, Cian Ó Flatharta, Andy Ó Máinín, Eoin Ó Máinín, Seán Ó Flatharta, Stiofán Seoighe, Eamonn Ó Flatharta agus Mikey Breathnach.
Ar chúl, ó chlé: Maitiú Ó Gionnáin, Colman Ó Flatharta, Mary Ó Báille, Liam Ó Neasa, Cormac Ó Loideáin, Colm Ó Cualain, Eoin Ó Flatharta, Míchael Seoighe, Máirtí Mcraith, Matt Ó Niadh, Conor Mac Donnacha, Macdara Ó Conaire, Paraic Mac Taibhís, Tomas Ó Gríofa, Tomas Ó Tuathail.
Istigh sa bhfáinne, ó chlé: Íde Ní Chonaire, Adhna Nic Dhonnacha, Arianna Nic Dhonnacha, Ciara Hickey, Emma Ní Neachtain, Marcus Ó Neachtain, Georgina Ní Chualain, Tomas Mac Donnacha, Eamonn Ó Curraoin, Roisín Ní Ghionnáin, Paraic Ó Cualain, Tomas Ó Tuathail, Míchael Ó Domhnaill, Pearse Ó Braonáin, Cian Seoighe, Paraic Mac Donnacha, Alan Ó Suilleabhain, Oisín Ó Brien, Tommie Ó Ceannabhain , Keith Ó Flatharta, Eoin Ó Tuathail.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Iománaithe na mBreathnaigh sa gCluiche Ceannais
Beidh iománaithe Chumann Mícheál Breathnach ag imirt i gCluiche Ceannais an Chontae (Sóisear 1), i Staid an Phiarsaigh, Gaillimh, ar an Luan seo chugainn, ag tosaí ag 2.00. In aghaidh Shaighleán a bheas siad ag imirt. Má éiríonn leo an chraobh a thabhairt leo beidh siad ag déanamh ionadaíocht ar son Chúige Chonnacht i gComórtas na gClubanna.
Níor chaill iománaithe Mícheál Breathnach aon chluiche fós i mbliana. Ach bhain gortú do Sheán Denvir sa gcluiche leathcheannais in aghaidh Bhaile Átha Ghártha.
Tá na Breathnaigh ag súil le slua maith ó Chois Fharraige i Staid an Phiarsaigh ar an Luan le tacaíocht a thabhairt don fhoireann sa gcluiche ceannais.
Katie Ainmnithe do NHI Care Awards
Tá Katie Uí Chualáin, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, ainmnithe mar iomaitheoir sa mbabhta ceannais ‘Nursing Homes Ireland Care Awards’. Tá Katie ag obair mar chomhordaitheoir sóisialta in Áras Chois Fharraige sa Spidéal ó 2010 i leith. Tá aitheantas faighte aici de bharr roinnt tionscnaimh a bhunú in Áras Chois Fharraige. Roghnaíodh na hiomaitheoirí ó níos mó ná 300 iontráil ó thithe altranais ar fud na hÉireann.
Tugann na NHI Care Awards aitheantas dóibh siúd a léiríonn ardchaighdeán agus seirbhís dhílís i gcúram daoine scothaosta. Tá Katie ar cheann de thrí iomaitheoir sa rannóg ‘Tionscnamh Pobail do Thithe Altranais.’
Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid in Óstán Hilton, Baile Átha Cliath, ar an 12 Samhain.
Scannán ón Aetóip sa tSeanscoil
DIFRET an teideal atá ar an scannán a bheas á thaispeáint anocht (Déardaoin, 22 Deireadh Fómhair) i Seanscoil Sailearna ag tosaí ag 8.15 i.n. ‘Dúshlán a Thabhairt’ an bhrí atá leis an teideal. Scéal fíor atá ann faoi chailín a éigníodh, ach a chaitheann an fear nuair a théann sé ar a tóir. Cúisítear í ach tagann dlíodóir baineann ag an gcúirt chun í a chosaint.
Fuair an scannán seo gradam ag Féile Scannán Bheirlín anuraidh. Tá breis eolais faoin scannán, chomh maith le blaiseadh beag dhó, le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
-
Peil (Sóisear A – Craobh Bord an Iarthair): Mícheál Breathnach 1 – 9, Naomh Micheál 0 – 09.
-
Iomáint (Sóisear A): An Spidéal 1 – 19, Bearna/Na Forbacha 0 – 17.
Cumann Seanchais agus Staire
Cuirfear tús anocht (Déardaoin, 22 Deireadh Fómhair) le sraith nua léachtanna i gColáiste Chonnacht, An Spidéal, nuair a thabharfaidh an Dr. Jackie Uí Chionna (ar dheis) léacht ar Mháirtín Mór Mac Donnchadha, fear Leitir Mealláin, a bhí ina Theachta Dála de chuid Chumann na nGael sa Saorstát agus ar éirigh leis gnó mór a fhorbairt i nGaillimh ag tús an chéid seo caite.
Tosóidh an léacht, atá eagraithe ag Cumann Seanchais agus Staire Chois Fharraige, ag 8.00 i.n.
Comhlacht Forbartha an Spidéil
Bhí cruinniú cinn bhliana ag Comhlacht Forbartha an Spidéil le gairid agus bhí 22 i láthair, ina measc beirt chomhairleoirí contae, Seán Ó Tuairisg agus Seosamh Ó Cualáin. Bhí leithscéal ón gcomhairleoir Tomás Ó Curraoin nach bhféadfadh sé a bheith i láthair.
Thug an bainisteoir, Aodán Mac Donncha, tuairisc chuimsitheach ar obair na bliana. Dúirt sé gur bailíodh €10,000, mar sciar an phobail, le cosán Bhaile Ard a thógáil. Thug sé le fios go bhféadfadh deacrachtaí airgid a bheith ag an gComhlacht sa mbliain 2016, mar gur thug Údarás na Gaeltachta le fios nach mbeadh aon airgead breise le fáil an chéad bhliain eile.
Pléadh na roghnanna atá ann le Ionad Pobail a fhorbairt sa Spidéal, idir Scoil na gCailíní agus Coláiste Chonnacht. Léiríodh míshástacht leis an gComhairle Chontae faoi thograí áirithe: An tSeanchéibh fágtha gan chríochnú; an dromchla ar an gcarrchlós ó dheas de Scoil na gCailíní; Plean Tráchta an Spidéil; Athlonnú na mBancanna Athchúrsála agus an gá le seoltán bus (bus shelter). Ach dúradh gurb é an príomhéileamh a bhí ag an bpobal go ndéanfaí scéim séarachais a fháil don sráidbhaile go luath seachas go mall.
Coiste Pobail na Minna
Bhí Cruinniú Cinn Bhliana ag Coiste Pobail na Minna le gairid agus toghadh coiste láidir le leanacht leis an obair a tosaíodh anuraidh. Tá na cártaí tosaithe cheana féin agus idir seo agus an Nollaig beidh Oíche Cártaí ar bun i Seanscoil na Minna, gach oíche Chéadaoin, ag tosaí ag 8.00.
Tá grúpa cniotála tosaithe freisin agus beidh roinnt imeachtaí eile ag tosaí go gairid.
Gradam ar Luke Egan
Ar an Déardaoin seo caite bronnadh Gradam na hOllscoile ar Luke Egan ón Spidéal, de bharr chomh maith is a d’éirigh leis san Ardteist 2015. Iar-scoláire de chuid Coláiste Chroí Mhuire, an Spidéal, is ea Luke agus anois tá sé ar chúrsa innealtóireachta in Ollscoile na hÉireann, Gaillimh.