Cartlann Nuachta: 8 Feabhra 2023

Suíochán in aice le Dumhach na Leanbh

Coiste - Suíochán DnaLeanbh

Cuid den choiste a d’eagraigh athchóiriú ar Dhumhach na Leanbh, An Teach Mór.  Mar chuid den obair feistíodh an suíochán nua ag an láthair an tseachtain seo caite.

Ó chlé: Gerry Willie Ó Fátharta, Pádraig Willie Ó Fátharta, Mamie Ní Chualáin, Pádraig Phatch Ó Cualáin agus Pádraig Noone.

Is le tacaíocht airgid a fuair Cumann Forbartha Chois Fharraige ó Ghlór na nGael a cheannaíodh an suíochán agus feistíodh é le cúnamh ón Scéim Fostaíochta Tuaithe atá á reáchtál ag Comharchumann Sailearna.


Plean Cúig Bliana do Chois Fharraige

Comharchumann ShailearnaGlacfar le moltaí ón bpobal agus ó eagraíochta go dtí an Aoine beag seo, 10 Feabhra, le bheith curtha san áireamh sa bPlean Gnímh atá á réiteach do cheantar Chois Fharraige ag Comharchumann Chois Fharraige.

Údarás na Gaeltachta a d’iarr ar Chomharchumann Sailearna plean gnímh a réiteach don cheantar idir An Spidéal agus Ros a’ Mhíl. Is ag Macdara Hosty ó Bhearna a tugadh an cúram an plean a chur le chéile.

Is féidir moltaí agus smaointí a chur ar ríomhphost chuig SAILEARNA@nullGMAIL.COM, nó iad a fhágáil isteach in oifig an chomharchumainn faoin Aoine seo, 10 Feabhra. Tá súil ag an gComharchumann go mbeidh an Plean Gnímh réidh roimh dheireadh mhí na Márta.


Comórtas Saighead, Tigh Chualáin

Tigh Chualáin ar an gCoill Rua

Beidh an comórtas saighead i gcuimhne ar Pheadar O’Connor ar bun i dTigh Chualáin ar an gCoill Rua, ar an Satharn seo, 11 Feabhra, ag tosú ag 8.00pm.

Bhí an comórtas le bheith ann i dtosach idir an dá Nollaig, ach de bharr bás sa gceantar cuireadh siar é. Tá an comórtas oscailte do gach duine. Bronnfar Corn Cuimhneacháin Pheadar O’Connor ar an mbuaiteoir.


Bua Mór ag Oisín

Bhí an bua ag Oisín Ó Neachtain ar an Luan seo caite sa gComórtas Náisiúnta Liathróid Láimhe (40 x20) i gCeatharlach, nuair a bhuail sé Jake O’Neill ó Chill Chainnigh leis an scór 15 – 11, 15 – 03.

Go dtí seo tá Craobh na hÉireann Aon Bhalla buaite ag Oisín chomh maith.

Tá sé ina bhall de Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach ar an gCnoc, Indreabhán.


Grúpa Aclaíochta do Mhná

Tá grúpa aclaíochta do mhná tosaithe ag Cumann Micheál Breathnach, ag tíocht le chéile gach Máirt ag 7.00pm ar an bPáirc Astro, i nGleann an Chnoic.

Tá an grúpa feiliúnach do mhná ó sheacht mbliana déag d’aois suas. Beidh na seisiúin seo neamhfhoirmiúil agus cead ag gach duine rith/siúl ag a luas féin.

Níl aon ghá clárú roimh ré, ach beidh táille €3 an duine á bhailiú le íoc as na soilsí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Frances (086 8892180) nó le Fionnuala (086 8899566).


Ranganna Gaeilge sa Spidéal

Beidh ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, ar thosaitheoirí iad, ag tosú ar an Máirt seo chugainn, 7 Feabhra, sa Spidéal ag 7.00pm. Ar an Déardaoin, 9 Feabhra, beidh tús á chur le ranganna do thuismitheoirí. Beidh na ranganna ar bun in Inis Fáil, trasna ón gClochar (H91 X63V) ar feadh sé seachtaine.

Táille €20 atá ar an gcúrsa.

Le spéis a léiriú sna ranganna níl le déanamh ach glaoch ar an uimhir 083 0106294, nó ríomhphost a sheoladh ag optchoisfharraige@nullgmail.com.


Máirín Mhic Lochlainn ina Scéalaí Cónaithe san Ollscoil

Máirín

Máirín Mhic Lochlainn i mbun scéalaíochta i Scoil Sailearna, le linn Féile Chois Fharraige. Le gairid ceapadh Máirín mar Ealaíontóir Cónaithe Scéalaíochta in Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na Gaillimhe.

Ar an Déardaoin seo caite, 2 Feabhra, chuir Máirín Mhic Lochlainn tús lena tréimhse mar Ealaíontóir Cónaithe Scéalaíochta in Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na Gaillimhe, le ceardlann scéalaíochta. Is as Ros a’ Mhíl do Mháirín agus cónaí uirthi le fada an lá i mBaile na mBroghach. Tá cáil uirthi mar scéalaí ar fud na hÉireann. Tá ceardlanna scéalaíochta tugtha ag Máirín ní hamháin in Éirinn, ach sa mBreatain Bheag agus sa Danmhairg chomh maith. Insíonn Máirín chuile chineál scéil ó na scéalta móra Fiannaíochta go dtí scéalta áitiúla.


Club Scannán – UTMAMA

UTAMA

 Radharc as an scannán UTAMA, a bheas á thaispeáint an Déardaoin seo, 9 Feabhra, i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.15pm.

Ar an Déardaoin seo, 9 Feabhra, beidh an scannán UTMAMA á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ag tosú ag 8.15pm, mar is gnáth. Tá scéal an scannáin suite sna sléibhte i Meiriceá Theas agus baineann sé le lánúin amach sna blianta, ag streachailt leis an saol nuair a bhuaileann triomach an talamh, a sheasann i bhfad. An mbeidh orthu an gabháltas a fhágáil nó an mbeidh siad in ann an ceann is fearr a fháil ar an triomach? Léargas álainn atá sa scannán ar shean-traidisiúin agus ar ghrá na lánúine dá chéile atá sa saothar seo.

Daoine nach baill iad, is féidir leo ticéad a fháil don scannán ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, nó is féidir íoc isteach ag an doras ar an oíche chomh maith.


Oíche Shóisialta ag Cumann Micheál Breathnach

Is in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha a bheas Oíche Shóisialta ag Cumann Micheál Breathnach ar an Aoine, 10 Márta.

Beidh dinnéar, beidh bronnadh, beidh ceol, craic agus spraoi ann.

Beidh na ticéid le ceannach ar líne an tseachtain seo chugainn, ar €45 an ceann.


Comórtas Scléip

D’éirigh le daltaí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Ceathrú Rua, duaiseanna a fháil an tseachtain seo caite ag Scléip 2023, comórtas tallainne do iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí, a reáchtálann Gael Linn.

I mBaile Átha Cliath a bhí an craobh náisiúnta ar bun. D’éirigh le Cora de Buitléir, ón gCeathrú Rua, an chéad áit a fháil san Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap le Féin-tionlacan (Sóisear) agus sa gcomórtas céanna i rannóg na Sinsear d’éirigh le Colm Seoighe ó Ros a’ Mhíl an dara áit a fháil.


Tráth na gCeist

Tá Tráth na gCeist á reáchtáil an Déardaoin seo, 9 Feabhra, in Óstán Chois Fharraige ag tosú ag 7.30pm, ar mhaithe le Club Iománaíochta Bhearna/Na Forbacha. Oíche lán le spraoi agus craic a bheas inti. Tá spás teoranta. Is féidir bord nó áit a chur in áirithe tré teachtaireacht Whats App a sheoladh ag an uimhir 083 0730656.

Táille €40 a bheas ar gach bord de cheathrar nó €10 ar dhuine aonair.


Tráth na gCeist Eile

Beidh Tráth na gCeist á reáchtáil chomh maith seachtain ón Aoine seo, 17 Feabhra, i dTigh Chualáin, ar an gCoill Rua, ar mhaithe le airgead a bhailiú do Chumann Sacair Chois Fharraige. Táille €40 a bheas ar gach bord de cheathrar. Beidh crannchur ann chomh maith ar an oíche.

Bheadh an club sacair an-bhuíoch do thacaíocht ón bpobal don ócáid.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €4,200 sa bPota Óir ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 1, 11, 18, 29.

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata le €25 ag dul do chaon duine acu:

  • Máire T. Uí Ghríofa, Gleann Trasna, Leitir Móir;
  • Michael Griffin, Baile na hAbhann;
  • Jackie Mc Intyre, Lochán Beag;
  • Agnes Lydon, Leitir Mealláin.

An Poitín Stil a fuair duais an díoltóra. €4,300 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

• Peil na gColáistí (Sinsear): Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua 0 – 12, Our Lady’s College, Beál a’ Mhuirthid 4 – 14.

• Sacar (Corn Chonnacht): Cois Fharraige 3, Ballina Town 2.

• Sacar (Roinn II): Bearna/Na Forbacha 3, Kiltullagh 2.

• Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha C 3, Cois Fharraige 1.

• Sacar (faoi 17): Mac Dara 0, St Bernard’s 3.

• Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha 3, Moyne Villa 4.

• Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha B 1, Merlin Woods 1.

• Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha C 2, Moyne Villa B 1.

• Sacar (Cailíní faoi 15): Bearna/Na Forbacha B 2, Colemanstown Utd. 3.

• Sacar (Cailíní faoi 14): Bearna/Na Forbacha 2, St. Bernard’s 5.

• Sacar (faoi 14): Mac Dara 3, Knocknacarra B 31.

• Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha B 2, West Coast Utd. 2.

• Sacar (faoi 14): Mac Dara B 5, Athenry 2

• Sacar (faoi 12): Bearna/Na Forbacha 5, Athenry 0.

• Sacar (Cailíní faoi 12): Bearna/Na Forbacha B 5, Salthill Devon B 0.


8 Feabhra 2023