Cartlan Nuachta: 7 Nollaig 2022

Taisce Chois Fharraige

TAISCE-Chois-Fharraige-Odi-Micheal-inionacha

Odí Ní Chéilleachair, lena fear chéile Micheál Darby Ó Fátharta agus a mbeirt iníonacha, Damhnait Ní Fhátharta ar chlé agus a deirfiúr Déithín, ag an ócáid mhór in Óstán Chois Fharraige ag a seoladh an suíomh idirlín TAISCE CHOIS FHARRAIGE.

Sí Odí a rinne comhordú ar an meitheal a d’eagraigh an ócáid.

[Pic: Seán Ó Mainnín]

Bhí ócáid an-speisialta ar bun in Óstán Chois Fharraige ar an Domhnach seo caite, nuair a cuireadh Taisce Chois Fharraige os comhair an phobail: suíomh idirlín atá ann curtha le chéile ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige, a thugann léargas don phobal ar an saibhreas cultúrtha a bhí agus atá i gCois Fharraige. Ar an suíomh tá eolas, pictiúir, píosaí físe faoi na ceoltóirí, na fonnadóirí, na scéalaithe is na scríbhneoirí ó cheantar Chois Fharraige ó Shruthán na Liberties i mBearna siar go Abhainn Chasla.

Dónall Ó Braonáin, ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a rinne an seoladh agus thug sé moladh faoi leith do Odí Ní Chéilleachair, ó Na hAille, a tháinig aníos leis an smaoineamh agus a thiomáin an tionscnamh ón tús. Ach ba iad na daoine óga i gCois Fharraige a bhailigh an t-eolas agus labhair cuid acu ón ardán faoin obair a rinne siad ag bailiú an ábhair le cur ar an suíomh.

Mar cuid den oscailt bhí ceolchoirm mhór inar ghlac breis is 80 ceoltóir óg páirt, curtha i láthair go paiteanta ag Domhnall Ó Braonáin, ón Teach Mór, agus Laoise Ní Bhéarra, ó Bhothúna. Cuireadh clabhsúr leis an ócáid speisialta nuair a chas na ceoltóirí óga ag fad le chéile in éindí leis na ceoltóirí aitheanta ón gceantar.

Tá teacht ar an ábhar atá bailithe go dtí seo ag Taisce Chois Fharraige ar an suíomh idirlín WWW.TAISCECF.IE. Beifear ag cur leis an ábhar ar an suíomh de réir a chéile agus tá sé i gceist tuilleadh forbartha a dhéanamh air.


‘An Slipéar Gloine’

Fearghas ag Léamh CIC

Fearghas Mac Lochlainn ag léamh as ‘An Slipéar Gloine’, leabhar a scríobh sé do pháistí, ag ócáid a bhí ag Cló Iar-Chonnacht le gairid.

[Pic: Johanna Ní Mháille]


An Spidéal: Seaimpíní an Chontae

Foireann Buacach An Spidéal faoi 19 (2022)

Foireann buacach ó CLG An Spidéal ag ceiliúradh tar éis dóibh an Craobh an Chontae faoi 19B a bhuachan i dTuaim, ar an Satharn seo caite.

[Pic: Pádraic Ó Ciardha]

Bhí údar ceiliúrtha ag CLG An Spidéal an deireadh seachtaine seo caite agus bua bainte amach ag an bhfoireann faoi 19 ar Chinn Mhara leis an scór 1 – 10 in aghaidh 1 – 06, chun Craobh Peile an Chontae faoi 19B a thabhairt leo.

Chuir An Spidéal tús maith leis an gcluiche: fuair Liam Ó Conghaile cúl théis ceithre nóiméad. Tháinig Cinn Mhara ar ais sa dara leath agus bhíodar pointe chun tosaigh ar bhuachaillí Chois Fharraige gan ach cúig nóiméad déag fágtha. Ach d’fheabhsaigh An Spidéal go mór idir sin agus deireadh an chluiche. Agus 60 noiméad caite ní raibh An Spidéal ach cúilín amháin chun tosaigh ach chinntigh an fhoireann Ghaeltachta an bua le trí chúilín i ndiaidh a chéile, in am cúitimh.

Bronnadh Laoch na hImeartha ar Liam Ó Conghaile, a scóráil 1 – 6. Tugadh ardmholadh chomh maith do Liam Ó Fátharta sa líne lánchúil, a thug an-spreagadh don fhoireann, nuair a theastaigh sé.

Is ceart aitheantas a thabhairt chomh maith don bheirt imreoir ó Oileáin Árann a bhí ceadaithe le imirt leis an An Spidéal: Ross Ó Dioráin ó Inis Mór agus Jack Ó Domhnaill ó Inis Oírr.


Club Iomáint na bhForbacha – Bonn Óir 2022

Club Iomáint Na Forbacha Bonn ÓIr 2022

Ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh le gairid bhronn Glór na nGael bonn óir ar an gClub Iománaíochta Bearna/Na Forbacha mar aitheantas ar an obair a dhéantar sa gclub le úsáid na Gaeilge a spreagadh is a chothú.

Sa bpictiúr ó chlé tá cúigear ball den Choiste Ghaeilge: Ruán Ó Cinnseala, Murt Ó Cualáin, Jamie Ó Coinceanainn, Pádraig Ó Gráinne agus Tim Ó Cualáin.


Róise & Frank’ sa tSeanscoil

Róise & Frank

Radharc as an scannán Gaeilge ‘Róise & Frank’ a bheidh á thaispeáint i Seanscoil Sailearna an Déardaoin seo, 8 Nollaig, ag 8.15pm.

Ticéid le fáil ach dul ag WWW.CLUBSCANNAN.IE.

Ar an Déardaoin seo, 8 Nollaig, taispeánfar an scannán gleoite, ‘Róise & Frank’ i Seanscoil Sailearna ag tosú ag 8.15pm. I nGaeilge atá an scannán, lonnaithe i nGaeltacht na Rinne. Bean as Ros Muc, Bríd Ní Neachtain, atá sa bpríomhpháirt. Beidh Bríd i láthair ag an taispeántas ar an Déardaoin sa tSeanscoil.

Is baintreach í Róise, a cheapann go bhfuil a fear céile tagtha ar ais ar an saol mar mhada! Tá roinnt gradam idirnáisiúnta agus léirmheasanna atá thar a bheith moltach faighte ag an scannán seo, a rinneadh le tacaíocht ó Cine 4, scéim atá ag TG4 le maoiniú a chur ar fáil chun déantús scannán den scoth i nGaeilge a chothú.

Is féidir ticéad a fháil do na scannáin ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, agus na treoracha a leanacht.


Club Leabhar Chois Fharraige

Seacht-dTír-Seacht-dTeanga•clúdach

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile Tigh Mholly ar an gCéadaoin, 14 Nollaig, ag 9.00pm leis an leabhar ‘Seacht dTír, Seacht dTeanga’ le Diarmuid Johnson a phlé.

Is féidir cóip den leabhar a cheannach díreach ón bhfoilsitheoir ach dul ag an suíomh www.leabharbreac.com, nó is féidir cóip a cheannach ón Spailpín Fánach, atá lonnaithe i gCeardlann an Spidéil.

Tuillead eolais faoin leabhar: Seacht dTír, Seacht dTeanga


Dráma Tigh Chualáin

Tigh Chualáin

Tigh Chualáin ar an gCoill Rua

Beidh Teacht le Chéile na Nollag ag Cumann Drámaíochta de chuid Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige ar an Satharn beag seo, 10 Nollaig, ag 8.30pm i dTigh Chualáin ar an gCoill Rua.

Léireofar ar an oíche gearrdhráma nua ‘Gaeil an Lae Inniu’ le Máirín Mhic Lochlainn. Ina dhiaidh beidh ceolchoirm na Nollag ann le neart ceoil agus amhránaíochta, comhluadar agus sólaistí.

Saorchead isteach agus fáilte roimh chách ag an ócáid.


Murdar’ ar an Lochán Beag

Beidh leabhar an-spéisiúil á sheoladh ar an Aoine seo chugainn, 9 Nollaig, faoi eachtra a tharla ar an Lochán Beag i 1920, nuair a ionsaíodh beirt dheartháir de mhuintir Dhroighneáin ar an mbóthar gar do Tigh Mholly.

Scaoileadh urchair, lámhachadh duine acu, Patrick, agus fuair sé bás go gairid ina dhiaidh. Ciontaíodh beirt agus cuireadh i bpríosún iad.

Sa leabhar nua, ‘Murdar’ ar an Lochán Beag, tá an eachtra cíortha ag Peadar Ó Máille. Sé Seosamh Ó Cuaig a dhéanfaidh an leabhar a sheoladh ar an Aoine seo chugainn, 9 Nollaig, ag 8.00pm, i dTigh Mholly, gar don áit inar tharla an eachtra.


An Spidéal faoi Shoilse

Ar an Domhnach seo caite lasadh Soilse na Nollag sa Spidéal agus bhí slua maith bailithe ag an gcrosbhóthar don ócáid. Seo an dara bliain as a chéile ar socraíodh soilse Nollag sa sráidbhaile. Fuair an coiste áitiúil tacaíocht i mbliana ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, chomh maith le gnóanna áitiúla ar an mbaile beag.


Crannchur Mór na Nollag

Cumann Mícheál BreathnachBeidh os cionn 100 duais le buachan i gCrannchur Mór na Nollag, a bheas ag Cumann Micheál Breathnach seachtain ón Domhnach seo chugainn, 18 Nollaig. Dearbhán ola, ar fiú €1,000 é, atá urraithe ag Mylan agus ag Sweeney Oil, an phríomhdhuais ach tá neart duaiseanna breátha eile le buachan. Ní foláir ticéid a bheith ceannaithe faoin deireadh seachtaine seo.

Is cuid é den Chrannchur Náisiúnta Bliantúil, a reáchtálann Chumann Lúthchleas Gael agus beidh gach ticéad a cheannaítear go háitiúil sa gcrannchur á chur sa droma mór don tarraingt náisiúnta a bheas ar bun mí na Márta, le carr nua Dacia Duster mar phríomhdhuais.

10 atá ar ticéad. Aon airgead a bhailítear go háitiúil as díol na dticéad is ag an gclub a fhanann sé.


Pota Óir na mBreathnaigh Buaite

Sé Dylan Seoighe ón gCeathrú Rua a chroch leis an pota óir – €11,800 – i Lotó Chumann Micheál Breathnach, a tarraingíodh ar an Máirt, 6 Nollaig.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Peil (faoi 19B): An Spidéal 1 – 10, Kinvara 1 – 06.

Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 1, Athenry B 0.

Sacar (Roinn II): Bearna/Na Forbacha 3, Maree/Oranmore C 3.

Sacar (f21): Bearna/Na Forbacha 4, Dynamo Blues 2.

Sacar (f17): Bearna/Na Forbacha 7, Kiltullagh 1.

Sacar (f17): Mac Dara 6, Oughterard 1.

Sacar (f15): Mac Dara 2, Kinvara Utd 4.

Sacar (f13 Cailíní): Bearna/Na Forbacha 6, Corrib Celtic 0.


7 Nollaig 2022