Cartlann Nuachta: 1 Bealtaine 2024

AGM an Chumann Forbartha

Logo CFCFBhí a Chruinniú Cinn Bliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Máirt seo caite. Thug an Cathaoirleach, Seathrún Ó Tuairisg, tuairisc chuimsitheach ar obair an Chumann Forbartha i gcaitheamh na bliana.

Glacadh le rún ag an gcruinniú ag tacú le Bánú sna héilimh atá ag an eagraíocht maidir le soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht. Tá an Cumann Forbartha le iarraidh ar Údarás na Gaeltachta scrúdú a fháil déanta ar thalamh atá ag an Údarás i gCois Fharraige, féachaint an mbeadh sé feiliúnach le haghaidh tithíocht inacmhainne. Socraíodh go n-iarrfaí ar an Údarás comhlacht tithíochta a bhunú agus an t-aitheantas cuí a fháil le go bhféadfadh an tÚdarás dul i ngleic leis an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht.

Ag an gcruinniú athtoghadh Máire Áine Mhic Dhonncha ón Teach Mór agus Gerry Willie Ó Fátharta ó Chor na Rón ar an gcoiste go ceann 3 bhliain eile agus toghadh Saoirse Holic ó Bhaile na mBroghach mar bhall nua tofa ar an gCoiste Stiúrtha. Naonúr a bhíonn ar Coiste Stiúrtha an Chumann Forbartha agus bíonn ar triúr éirí as gach bliain ach cead dóibh seasamh aríst. Bíonn cead ag an gcoiste tofa daoine breise a chomhthoghadh.

Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige ar cheann de na coistí pobail Ghaeltachta is faide ag obair sa nGaeltacht. Bunaíodh an Cumann Forbartha sa mbliain 1966 agus bhí baint lárnach ag an gCumann Forbartha le cuid mhaith den dul chun cinn i gCois Fharraige le caoga bliain anuas.

Cumann Forbartha Chois Fharraige a dhéanann an iris BISEACH a fhoilsiú gach Samhain agus sé Cumann Forbartha Chois Fharraige a chroch na comharthaí ar Bhóthar Chois Fharraige le sean-ainmneacha na mbóithríní orthu.


Oíche Ceoil sa tSeanscoil an Déardaoin seo

Beidh oíche ceoil anspeisialta ar siúl an Déardaoin seo, 2 Bealtaine, i Seanscoil , nuair a bheas an ceoltóir cáiliúil Albanach, Brìghde Chaimbeul, agus an Déiseach, Seamus Hyland, ar stáitse. Is as Oileán Sciathánach na hAlban an ceoltóir cumasach Brìghde Chaimbeul. Tá an ceol a chasann sí ar an bpíb beag fréamhaithe sa Ghàidhlig, agus tá stíl faoi leith aici atá ag cur béim ar fhuaim shaibhir an chrónáin.

Is ceoltóir, damhsóir agus amhránaí é Séamas Hyland ó Chontae Phort Láirge atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath anois. Théis a bheith mar bhall den ghrúpa The Mary Wallopers ar feadh dhá bhliain, tá sé anois ag díriú ar a cheol féin.

Beidh na doirse ar oscailt ó 7.30i.n. agus tosóidh an ceol ag 8.00i.n. Tá ticéid ar fáil trí gliogar.ie, nó ar an doras.

Tá an cheolchoirm eagraithe ag GLIOGAR, cnuasach ealaíontóirí agus ceoltóirí, atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara, a chuireann ceolchoirmeacha ar siúl, go háirid trí mheáin na Gaeilge agus le ceoltóirí comhaimseartha Gaelacha.


‘Darkness into Light’

Darkness Into LightSeachtain ón Satharn seo chugainn beidh an tsiúlóid bhliantúil ‘Darkness into Light’, ar mhaithe le Pieta House, ar siúl arís ar an gCeathrú Rua i mbliana.

Tosóidh an tsiúlóid ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua ag 4:15, maidin Shathairn, 11 Bealtaine 2024.

Seo é an phríomhfhoinse airgid atá ag Pieta House, eagraíocht a chuireann tacaíocht saor in aisce ar fáil do dhaoine in ísle brí.

Tá clárú, t-léinte agus tuilleadh eolais ar fáil ach dul ar www.darknessintolight.ie, nó chuig Instagram/Facebook @darknessintolightancheathrurua.


Ceol Bhealtaine sa Spidéal

Postaer Contempo sa Spidéal

San iarnóin ar an Luan seo chugainn, 6 Bealtaine, beidh ceolchoirm speisialta ar bun i gCill Éinde, An Spidéal, nuair a bheas an grúpa cáiliúil ón Rómáin ag cur an cheoil ar fáil. Ceol clasaiceach a sheinneann Contempo agus thug Comhlacht Forbartha an Spidéil cuireadh don ghrúpa a gcuid ceoil a chur ar fáil do phobal Cois Fharraige agus Conamara Theas.

Ag 3.00pm ar an Luan seo chugainn – an Lá Saoire Bainc – a bheas an cheolchoirm ar bun sa séipéal sa Spidéal agus níl aon chead isteach. Chomh maith le Contempo beidh filíocht ó Mhaidhc P Ó Conaola agus amhráin ó Éabha Ní Chonghaile ón Spidéal.


‘Glanadh Suas’ i gCois Fharraige

An Scip Líonta (Aibreán 24)

An ‘skip’ lán le brúscar a bailíodh an deireadh seachtaine seo caite i gceantar Chois Fharraige anoir ó Abhainn Chruimlinne.

D’éirigh go maith leis an ‘Glanadh Suas’ a bhí eagraithe ag an bhFochoiste Timpeallachta atá ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Satharn seo caite.

Ghlac thart ar 30 duine páirt agus bailíodh neart brúscair ón gcladach agus líonadh an scip a bhí eagraithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Beirt den aos óg a bhí i measc na ndaoine a bhailigh brúscar ón gcladach i gCois Fharraige ar an Satharn seo caite, mar chuid den ‘Glanadh Suas’ a bhí eagraithe ag Fochoiste Timpeallachta an Chumann Forbartha.

Ar chlé, Duilleog Murrin agus Aedín Ní Chualáin, ar dheis.


Scoileanna Chois Fharraige ag an bhFéile Scoildrámaíochta

Cathal Mac Éinrí - Aisteoir is Fearr

Cathal Mac Éinrí, ó Scoil Sailearna, leis an gcorn a bronnadh air ag an bhFéile Náisiúnta Scoldrámaíochta le gairid.

Cathal a roghnaíodh mar an t-aisteoir ab fhearr i measc na mbuachaillí ag an bhféile.

Bhí Cathal i bpáirt ‘Deaide’ sa dráma ‘Saoire na mBan’.

D’éirigh thar barr leis na scoileanna ó Chois Fharraige ag an bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta, a reáchtáladh i Muileann gCearr an tseachtain seo caite.

Bhí an bua ag an Idirbhliain ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, leis an dráma ‘Ceann Scríbe’ i gcomórtas 11, dráma a bhí léirithe ag Bróna Ní Uallacháin. Roghnaíodh Ella Nic Dhomhnaill, a bhí i bpáirt ‘Róise’ sa dráma, don ghradam Aisteoir (Cailín) ab fhearr.

B’as Cois Fharraige chomh maith Cathal Mac Éinrí, ó Scoil Sailearna, an buachaill a roghnaíodh mar aisteoir (buachaill) ab fhearr ag an bhféile. Bhí Cathal i bpáirt ‘Deaide’ sa dráma ‘Saoire na mBan’, an dráma a fuair an duais don Seit ba éifeachtaí ag an bhféile.

Tugadh duais chomh maith don Bhunscoil Bheag ab fhearr do Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, don dráma ‘An tOráiste’.

Daltaí ón Idirbhliain i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal, a chuir an dráma ‘Ceann Scríbe’ ar an stáitse ag an bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta le gairid.

B’é an dráma ‘Ceann Scríbe,’ a stiúraigh Bróna Ní Uallacháin, a roghnaíodh mar bhuaiteoir ag an bhFéile i gcomórtas 11.

Chun tosaigh, ó chlé: Ella Nic Dhomhnaill (Ban Aisteoir ab’ fhearr ag an bhféile), Oscar Farthing, Rebecca Ní Ruanaigh, Anna Ní Allurain, Muiréad Ní Fhátharta, Katie Ní Phiotáin agus Eimear Ní Dhiomsaigh.

Ar chúl, ó chlé: Jeaic Ó Cúlain, Seán Óg Ó Fátharta, Lúc Ó Tuairisg, Conor Ó Cúláin, Mac Dara ó Grádaigh.


Club Leabhar Chois Fharraige

Beidh ceann de chlasaicí móra na litríochta Gaeilge á phlé ag Club Leabhar Chois Fharraige Tigh Mholly ar an 15 Bealtaine ag 9.00 i.n. Tá leagan nua cóirithe ag Eoghan Mac Giolla Bhríde den chnuasach cáiliúil gearrscéalta An Grá agus an Ghruaim, le Seosamh Mac Grianna. Téann Eoghan ar ais go dtí an bunleagan sa leagan seo. Athraíodh an litriú go dtí an litriú comhaimseartha, ach léirítear meas ar chanúint agus ar fhoghraíocht Sheosaimh.

Ceann de na príomhathruithe a rinneadh ar an mbunleagan in imeacht na mblianta ná gur baineadh amach an scéal An Bhean Lán de Stuaim, ar fhaitíos nach raibh sé “feiliúnach” do scoláirí óga. Tá an scéal sin, agus an scéal Bíonn Súil le Muir ach Ní Bhíonn Súil le hUaigh, sin an ceann a cuireadh isteach ina áit, sa leagan nua. Is cinnte go ndéanfar mion-chíoradh agus go nochtfar neart tuairimí ag an seisiún plé Tigh Mholly.

Tá daoine sa bpobal a léigh na scéalta seo don Ardteist, mar go mbíodh an leabhar ar an liosta léitheoireachta ar feadh na mblianta. Seo seans anois mar sin dul siar ar bhóithríní na smaointe, fiú muna mbíonn tú ag freastal ar an gClub go rialta.

Tapaigh an deis, aimsigh do shean-chóip nó ceannaigh an leagan nua ón na foilsitheoirí Éabhlóid ag www.eabhloid.com, nó i siopa Charlie Byrne i nGaillimh.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €6,700 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 13, 17, 19, 24.

 

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

 

  • Kathleen Fox, Coill Rua;
  • Callum Geoghegan, Caisleán;
  • Michael Barrett, Leitir Mealláin;
  • Niall Mac Diarmada, Lochán Beag.

 

Tigh Mholly, An Lochán Beag, a fuair duais an díoltóra.

 

6,800 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Ceathrar Imreoir Rugbaí ó Chois Fharraige

Ó chlé: Jamie Ó Diollúin, Rónán Ó Neachtain, Fionnán Ó Neachtain agus Eoin Ó Gionnáin, ceathrar as ceantar Chois Fharraige a bhí ar fhoireann Corinthians a bhuaigh craobh Chonnachta faoi 15 an deire seachtaine seo caite, nuair a bhuail siad buachaillí ó Shligeach leis an scór 21-14.

Eoin Ó Gionnáin a bhí mar chaptaen ar an bhfoireann bhuacach. D’éirigh le Fionnán Ó Neachtain úd an bhua a fháil sa gcluich.

Bronnadh laoch na bliana ar Chian De Búrca ag ócáid a bhí ag an gcumann tar éis an chluiche ceannais.

Iomáint (faoi 15 A1): Ml Breathnach 2 – 17, Gort Inse Guaire 2 – 12.

Iomáint (faoi 13 C): Ml Breathnach 2 – 11, Cois Fharraige 3 – 06.

Peil (Roinn 3A): Ml Breathnach 0 – 13, Glenamaddy 1 – 07.

Peil (Roinn 3A): An Spidéal 4 – 09, Headford 0 – 08.

Peil (Sóisear D): An Spidéal 8 – 13, Na Piarsaigh 0 – 01.

Peil (faoi 15 RIII): An Spidéal 10 – 09, St Michael’s 1 – 05.

Peil (faoi 13 RII): An Spidéal 1 – 06, St Michael’s 0 – 05.

Peil (faoi 13 RII): Ml Breathnach 1 – 09, An Cheathrú Rua 5 – 09.

Peil (faoi 13 RII): Ml Breathnach 5 – 10, Salthill – Knocknacarra 7 – 10.

Peil (faoi 13 RIV): An Spidéal 0 – 03, Oranmore/Maree 10 – 12.

Sacar (faoi 14, Corn RII/III): Mac Dara 2, Loughrea B 1.

Sacar (faoi 12, Corn RII/III): Mac Dara 2, Knocknacarra 0.


1 Bealtaine 2024