Cartlann Nuachta: 1 Deireadh Fómhair 2020
Dhá Sciath Buaite ag Cailíní ó Chois Fharraige
Foireann cailíní An Spidéal ar éirigh leo an ceann is fhearr a fháil ar Bhaile Chláir na Gaillimhe Dé Sathairn seo caite agus Sciath an Chontae a thabhairt abhaile go Cois Fharraige i Roinn I, Peil na gCailíní faoi 12.
Ar chúl, ó chlé: Martin Hanley, Gearóid Ó Conghaile, Charlotte McGuire, Ailbhe Ní Chonghaile, Aisling Ní Churraoin, Gráinne Ní Fhéinne, Niamh Ní Fhátharta, Fia Ní Chonchubhair, Elva Ní Dhroighneáin, Gráinne Ní Mhárta, Sadhbh Ní Fhinneadha, Ava Hamilton, Aoibhínn Ní Neachtain, Brenda Uí Dhroighneáin.
Chun tosaigh, ó chlé: Jane Ní hAinlí, Izzy Melia, Caoimhe Ní Mhurchú, Aoibhe Ní Chonghaile, Libby Ní Loideáin, Róise Ní Dhroighneáin, Aoife Ní Fhlatharta, Alí Ní Nia.
[Pictiúr: Ina Feeney]
D’éirigh le foireann peile na gcailíní faoi 12, ó CLG An Spidéal, an ceann is fearr a fháil ar Bhaile an Chláir ar an Satharn seo caite agus Sciath an Chontae i Roinn I a bhuachan. Imríodh an cluiche i mBaile an Chláir. Ní raibh mórán idir an dá fhoireann. Comhscór a bhí ann ar séideadh na feadóige th’éis an 60 nóiméad. Imríodh am breise agus chríochnaigh An Spidéal dhá chúilín chun cinn ag an deireadh.
Chomh maith leis sin, ar an Domhnach seo caite, ag imirt ar Pháirc an Chnoic, bhí bua cuimsitheach ag cailíní ó Chumann Micheál Breathnach ar Mhaigh Chuilinn leis an Sciath faoi 12 i Roinn II a thabhairt leo: an scór 5 – 05 in aghaidh 2 – 06.
Foireann na gCailíní faoi 12 ó Chumann Micheál Breathnach a raibh an bua acu i gCluiche Ceannais an Sciath i gcoinne Mhaigh Cuilinn ar an Domhnach seo caite ar Pháirc an Chnoic.
Ar chúl, ó chlé: Éabha Ní Fhlatharta, Isobel Ní Fhátharta, Grace Diviney, Máirtín Ó Gionnáin, Aoife Ní Chonghaile, Éabha Ní Ghríofa, Teda Mary Diviney, Marie Uí Chualáin. Mailí De Cléir, Aoife Ní Chonghaile, Caoimhe Ní Ghloinn (Capt), Mar Ní Néill, Orlaith Ní Thuairisg, Laura Ní Chualáin, Donnacha Ó Conghaile, Aoibhe Ní Chualáin, Éabha Mae Riggott, Peadar Ó Conghaile.
Chun tosaigh, ó chlé: Aoibhinn Ní Mhurchú, Sadhbh Ní Ghibne, Ciara Ní Chualáin, Emma Ní Dhonnacha, Róise Ní Scanláin, Niamh Ní Ghionnáin, Clodagh Ní Neachtain. Katie Ní Thuathail.
Post leis an gComharchumann
Tá post mar Oifigeach Cúnta fógartha ag Comharchumann Sailearna Teo. Duine cruthaitheach tionscantach atá á lorg, a bheidh lonnaithe in oifig an Chomharchumainn i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.
Tá tuilleadh eolais faoin bpost le fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig sailearna@nullgmail.com.
Ní mhór litir iarratais, chomh maith le CV, a bheith seolta ag an mBainisteoir, Comharchumann Shailearna faoin Aoine 9ú Deireadh Fómhar.
Club na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige i mbun oibre cúpla bliain ó shin. Beidh na ranganna ag tosaí ar ais an tseachtain seo chugainn san Oifig Pleanáil Teanga, sa teach INIS FÁIL atá trasna ón gClochar i sráidbhaile An Spidéil.
Beidh Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige ag cur ranganna agus imeachtaí eile ar bun do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge atá acu a fheabhsú go nádúrtha trí comhrá, béaloideas, filíocht, amhránaíocht agus drámaíocht. Bíonn atmaisféar an Chlub neamhfhoirmeálta, agus bíonn fáilte roimh bhaill nua i gcónaí. I dTeach Inis Fáil, atá suite sa Spidéal díreach trasna ón gClochar, a bheas na himeachtaí ar bun: tá seomra mór fairsing ag an bhFóram Pleanála Teanga thuas staighre sa teach, inar féidir ranganna a reáchtáil le scaradh sóisialta i bhfeidhm.
Seo leanas na ranganna a bheas ar bun ag tosaí ar an Luan seo chugainn, 5 Deireadh Fómhair:
Luan (tráthnóna) ón 8.00 go 9.30 i.n. – rang sa nGaeilge (Bunleibhéal & Meánleibhéal).
Máirt (maidin) ón 11.00 r.n. go 1.00i.n. – rang meánleibhéil le meascán de chomhrá, foghraíocht Chois Fharraige, filíocht, prós agus gramadach.
Déardaoin (tráthnóna) ón 8.00 go 9.30i.n.- rang sa Ghaeilge do ghlantosaitheoirí amháin (daoine nach ndearna staidéar ar an nGaeilge ar scoil).
Costas €40 atá ar na ranganna don téarma, ina mbeidh 10 rang idir seo agus an Nollaig.
Ós rud é go mbeidh uimhir na bhfoghlaimeoirí teoranta de bharr an scaradh sóisialta, caitear clarú roimh ré do na ranganna oíche, ach is féidir le daoine bualadh isteach chuig an rang maidin Máirt gan clárú roimh ré. Tá eolas ar fáil faoi na ranganna ach ríomhphost a chur chuig spiddal.gaeilge@nullgmail.com nó glaoch ar an uimhir 087 3553101.
Club Scannán Sailearna
Radharc as PORTRAIT OF A LADY ON FIRE, an scannán ón bhFrainc a bheas ag cur tús le seasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin, 8 Deireadh Fómhair, eagraithe ag Club Scannán Sailearna.
Seachtain ón Déardaoin seo, 8 Deireadh Fómhair, cuirfear tús leis an séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, leis an scannán iomráiteach ón bhFrainc PORTRAIT OF A LADY ON FIRE, atá suite sa mBriotáin le linn deireadh an 18ú aois.
Beidh scannán le feiceáil gach oíche Déardaoin ag tosaí ag 8.15pm ar an scáileán mór san Amharclann i Seanscoil Sailearna. Taispeánfar 10 scannán ar fad i dteangacha éagsúla, le fotheidil Béarla.
Mar geall ar rialacháin sláinte a bhaineann le Covid-19, ní ghlacfar ach le 30 ball sa gClub Scannán an séasúr seo, le go mbeifear in ann scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm san amharclann. Is ar líne amháin atá ballraíocht ar fáil sa gClub Scannán.
Tá níos mó eolais ar fáil faoi na scannáin a bheas á dtaispeáint idir seo agus an Nollaig, agus faoin mbealach le ballraíocht ar líne a fháil, trí dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE nó ríomhphost a sheoladh chuig clubscannan@nullgmail.com.
Cois Fharraige v. Mac Dara
Dónal Ó Ceallaigh ó Chlub Sacair Cois Fharraige ag tógáil an cic pionóis sa gcluiche le Mac Dara (Cheathrú Rua) le Cois Fharraige a chur chun cinn. Chríochnaigh an cluiche idir an dá fhoireann Gaeltachta ar chomhscór.
Comhscór a bhí sa gcluiche sacair idir an dá fhoireann ó Chonamara Theas – Cois Fharraige agus Mac Dara (Ceathrú Rua), a imríodh ar an Satharn seo caite ar an gCanal, Ros a’ Mhíl. Tá an dá fhoireann Gaeltachta i Roinn I de Shraith Sacair na Gaillimhe i mbliana. Bronnadh cic pionóis ar Chois Fharraige tar éis 30 nóiméad agus bháigh Dónal Ó Ceallaigh an liathróid san eangach. Ach cúig nóiméad ina dhiaidh sin d’éirigh le Eamon Ó Loinsigh liathróid a tháinig ar ais ó chúl báire Chois Fharraige a chur thar an líne do fhoireann na Ceathrú Rua leis an cluiche a chothromú. Ní raibh aon scór eile sa gcluiche, a d’éirigh teasaí idir an dá fhoireann sa dara leath agus bhí ar an réiteoir labhairt leis an dá chaptaen.
An deireadh seachtaine seo chugainn beidh Mac Dara ag imirt as baile in aghaidh Tuam Celtic tráthnóna Dé hAoine agus beidh Cois Fharraige as baile in aghaidh Colemanstown United ar an Domhnach.
Cluichí Dícháilithe ar an Satharn
Is ar an Satharn seo chugainn a imreofar an cluiche leathcheannais dícháilithe idir An Spidéal agus Monivea-Abbey ag 3.30pm i Staid an Phiarsaigh. Níor éirigh leis an achomharc a rinne CLG An Spidéal ar Chomhairle Chonnacht CLG, ag éirí as an gcluiche idir An Spidéal agus Bóthair na Trá. Má éiríonn leis An Spidéal an cluiche ar an Satharn a bhuachan beidh siad slán i nGrád na Sinsear don chéad bhliain eile, ach má cailleann siad beidh siad san iomaíocht leis an bhfoireann eile as Cois Fharraige, ar an dtaobh thiar den droichead, Cumann Micheál Breathnach, féachaint cé acu a bheas dícháilithe agus ag filleadh ar an ngrád idirmheánach.
Ceist na mBóithre Ardaithe sa Dáil
Rinne an Teachta Dála nua do Ghaillimh Thiar, Mairéad Farrell, Sinn Féin (ar dheis), ceist na mbóithre i gConamara a ardú sa Dáil an tseachtain seo caite agus dúirt sí gurb é seo an tseans agus tionsnaimh chaipitil á phlé caoi a chur ar bhóithre Chonamara.
Dúirt sí gur tháinig ‘deacrachtaí timpeallachta’ sa mbealach ar Chomhairle Contae na Gaillimhe agus iad ag iarraidh bóthair nua as Gaillimh go Scríb a dhéanamh. “Dá mbeadh an bóthar nua sin ann bheadh lánaí rothair ann chomh maith le páirceáil & taisteal.”
D’ardaigh sí chomh maith an fhadhb nach bhfuil córas iompar poiblí sásúil le fáil i gConamara. “Tá an costas céanna – €13 – ar bhus ón gCeathrú Rua go Gaillimh (90km) is atá ar bhus as Gaillimh go Baile Átha Cliath (220km)” a dúirt sí.
“Níl sé ceart ná cothrom go mbeadh muintir Chonamara fágtha ar an gcaoi seo agus ba cheart na deacrachtaí seo a réiteach mar chuid de phleananna tionscnaimh chaipitil an rialtais.”
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
- Iomáint (faoi 15B): Cois Fharraige 2 – 07, Maigh Chuilinn 3 – 11.
- Peil na gCailíní (Roinn II f 12): Ml. Breathnach 5 – 05, Maigh Chuilinn 2 – 06.
- Peil na gCailíní (Roinn I f 12): An Spidéal 3 – 10, Claregalway 3 – 08.
- Peil na gCailíní (f 16): Ml. Breathnach 7 – 11, Maigh Chuilinn 9 – 06.
- Peil (faoi 13): Ml. Breathnach 0 – 01, St. Michaels 8 – 11.
- Peil (faoi 13): Ml. Breathnach B 3 – 11, Renvyle 6 – 3.
- Sacar (Sóisear, Roinn I): Cois Fharraige 1, Mac Dara 1.
- Sacar (faoi 16): Cois Fharraige 0, Uachtar Ard 3
- Sacar (faoi 14): Mac Dara 4, Salthill Devon B 0.