Cartlann Nuachta: 1 Eanáir 2020
Johnny Imithe Uainn
Johnny Pháraic Pheitir, an boscadóir cumasach ó Inis Bearachain, a bhásaigh Dé hAoine seo caite, théis tréimhse fada tinnis.
Chuir sé a chuid ceoil ar fáil go flaithiúil ar feadh na mblianta ar fud Chonamara agus ar fud an domhain. Suaimhneas síoraí lena anam uasal.
Thit scamall an bhróin ar Chonamara an deireadh seachtaine seo caite, nuair a chualathas an scéal go raibh an laoch Johnny Connolly, Johnny Pháraic Peitir, ó Inis Bearachain, théis géilleadh don bhás, tar éis dhó bheith tinn le tamall anuas. Duine speisialta ab ea Johnny agus ceoltóir den scoth a bhí fáiltiúil i gcónaí roimh cheoltóirí eile, bíodh siad ina dtosaitheoirí nó ina sárcheoltóirí cosúil leis féin.
Is breá mar a chuir Joe Steve Ó Neachtain síos air sa dán a scríobh sé dar teideal dhó ‘Johnny Pháraic Pheitir’ tar éis don bheirt acu turas thar lear a dhéanamh go Lorient le chéile.
Ealaíonta do mhéaracha, ag rince ar na cnaipí.
Cion ag gaoth an Atlantaigh ort
ag slíocadh do chúl catach.
Nádúr Inis Bearachain
go smior i ndoimhin do chnámha
áit ba dlúth agus inneach duit
baint ceol as maidí rámha.
Níl le cur leis sin ach gur fada a bheas ainm Johnny Connolly in airde i measc na laochra a chuir go mór le cultúr agus siamsaíocht i gConamara.
Cuireadh Johnny i Reilig an Chnoic ar an Máirt seo caite, a uaigh ag breathnú amach ar an Atlantach, a mba chuid dá chúlra é. Ba teistiméireacht dá cháil na sluaite a bhí tagtha ó chuile choirneál in Éirinn le slán a fhágáil le laoch agus fear uasal.
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige
Mar geall ar bhás an bhoscadóra Johnny Connolly, cuireadh siar an t-ollseisiún ceoil agus cóisir a bhí le bheith ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige i dTigh Chualáin ar an Domhnach seo caite. Beidh an t-ollseisiún bliantúil ar bun anois ar an Déardaoin seo, 2 Eanáir, idir 5.00 agus 7.00pm. Fáilte roimh cheoltóirí, dhamhsóirí agus amhránaithe na háite, idir óg agus aosta, ag an ócáid, chomh maith le éisteoirí.
Cluiche Leathcheannais na mBreathnaigh
Cuid de na himreoirí ó Chumann Micheál Breathnach a ghlac páirt sa snámh urraithe ag An Trá Mhór, Coill Rua, ar Lá Nollag. Is ar mhaithe le airgead a bhailiú don fhoireann iomána atá ag imirt i gCluiche Leathcheannais na gClubanna Sóiséar ar an Domhnach seo chugainn i gCill Mealóg, Co. Luimnigh, a eagraíodh an snámh urraithe.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Is in aghaidh Russell Rovers as Corcaigh a bheas foireann iomána Chumann Micheál Breathnach ag imirt i gCluiche Leathcheannais na gClubanna Sóisear ar an Domhnach seo chugainn, 5 Eanáir, i gCill Mocheallóg, Co Luimnigh ag 1.30pm. Tá Cill Mocheallóg gar do 30 míle taobh ó dheas de Chathair Luimnigh.
Tá bus á eagrú don lucht leanúna a bheas ag iarraidh taisteal go dtí an cluiche. Is féidir suíochán a chinntiú ar an mbus ach an t-airgead a íoc roimh ré, i dTigh Chualáin, an Déardaoin seo, idir 4.00 is 6.00pm.
Má éiríonn le báireoirí Chois Fharraige an Russell Rovers a bhualadh, beidh siad i gCluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn, 18 Eanáir, in aghaidh buaiteoirí an chluiche leathcheannais eile.
Lá Nollag ghlac cuid mhaith de na himreoirí páirt i snámh urraithe ag an Trá Mhór, Coill Rua, le airgead a bhailiú chun íoc as na costaisí a bhaineann leis an gcluiche leathcheannais.
Foireann iomána ó Chumann Micheál Breathnach agus lucht tacaíochta ag ceiliúradh tar éis dóibh Cluiche Ceannais Chonnacht a bhuachaint, mí na Samhna seo caite. Beidh an fhoireann iomána agus an lucht tacaíochta ag triall ar Chill Mealóg i gCo. Luimnigh an Domhnach seo chugainn, le haghaidh Cluiche Leathcheannais na gClubanna Sóisear.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Ar an Dreoilín i gCois Fharraige
Máirtín Ó Dubhghaill agus a Chomhluadar in Áras Mhic Dara
Lá ‘le Stiofáin mar is gnáth bhí grúpa mór ceoltóirí agus amhránaithe, faoi stiúr ag Máirtín Ó Dubhghaill, ag dul thart ar an dreoilín i gCois Fharraige. Thosaigh siad in Áras Chois Fharraige ag ceol is ag amhránaíocht agus siar leo ansin go Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua. Ar an mbealach aniar thug siad cuairt ar na tithe tábhairne agus bailíodh €765 don charthannacht ‘To Children with Love’.
Úsáidfear an t-airgead san obair a bhíonn ar bun ag an gcarthannacht ‘To Children with Love’ le dílleachtaí i mBryansk, cathair sa Rúis atá thart ar 200 míle ó Mhoscú.
Plean Teanga Chois Fharraige
Is gearr go mbeidh Plean Teanga Chois Fharraige faoi lán seol. Cheana féin tá os cionn 15 eagras áitiúla, idir clubanna spóirt, scoileanna, coistí pobail agus eagras forbartha pobail, tar éis clárú le bheith páirteach i bhFóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, an cheanneagraíocht nuabhunaithe a bheas freagrach as an bpleanáil teanga i gCois Fharraige, an ceantar a shíneann ó Ros a’ Mhíl chomh fada soir leis na Forbacha.
Beidh an chéad chruinniú ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga do na comhaltaí ar an 15 Eanáir, 2020. Ag an gcruinniú sin déanfar Bord Stiúrtha na heagraíochta a roghnú.
Tá an post mar Oifigeach Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige fógartha ar TUAIRISC.IE. Is féidir níos mó eolais faoin bpost a fháil ach glaoch ar an uimhir 086 2732279 nó ríomhphost a chur ag ptchoisfharraige@nullgmail.com.
Sacar Chois Fharraige
Cumann Sacair Chois Fharraige 2019
Bliain iontach a bhí ag Cumann Sacair Chois Fharraige, ar éirigh leo Roinn II i Sraith na Gaillimhe a bhuachan agus ardú céime a fháil go Roinn I. Ba é an dara bliain as a chéile le ardú céime a fháil don Chlub, atá ag dul ó neart go neart.
Leath bealaigh tríd an sraithchomórtas an tséasúir seo, tá Cois Fharraige ar na pointí céanna i Roinn I le Tuam Celtic agus le Knocknacarra, ach tá cluiche sa mbreis le imirt ag Cois Fharraige agus ag foireann Thuama. Tá Tuam Celtic faoi láthair ar bharr an tábla de bharr ‘goal difference’ níos fearr a bheith acu. Chomh maith leis sin, tá Cois Fharraige fós san iomaíocht i gcomórtas Corn Brennan do chlubanna sóisear i gCúige Chonnacht.
Is ar an Satharn seo chugainn, 4 Eanáir 2020, ag 2.00pm, a bheas an chéad chluiche eile ag Cois Fharraige, sa mbaile in aghaidh Merlin Woods FC/Medtronic, foireann atá ar bhun an tábla.
Scathlán Bus ar an Spidéal
Tá Comhlacht Forbartha an Spidéil ag iarraidh go gcuirfí scathlán bus ar fáil sa Spidéal do dhaoine a bhíonn ag fanacht leis an mbus ag an droichead. Níl foscadh ar bith ag an stad bus agus tá an Comhlacht Forbartha ag iarraidh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe breathnú isteach sa scéal.
Is faoin NTA atá sé scathlán bus a chur in airde agus is cosúil go bhfuil siad ag tabhairt faoi 13 scathlán nua a chur suas i gCathair na Gaillimhe.
Tá sé i gceist ag an gComhlacht Forbartha brú a choinneáil ar an gComhairle Chontae agus ar an NTA faoin ngá atá le scathlán bus sa sráidbhaile, anois agus breis seirbhísí bus ag freastal ar an gceantar ó thús mí na Nollag.