Cartlann Nuachta: 1 Márta 2017

Comharthaí na mBóithríní Bailte

An Lochán BeagTá fochoiste de chuid Cumann Forbartha Chois Fharraige ag obair le leathbhliain ag bailiú ainmneacha na mboithríní bailte i bparóiste an Chnoic. Bhíodh ainmneacha ar mórán chuile bhóithrín ach tá cuid de na hainmneacha sin imithe i léig le píosa.

Tá faoin gCumann Forbartha sean-ainmneacha na mbóithríní a chur in úsáid arís, tré chomharthaí néata soléite a chur ag ceann chuile bhoithrín idir Abhainn Chruimlinne agus Abhainn an Spidéil. Tá os cionn 50 boithrín ar fad ann agus faoi láthair tá Pádraig Willy Ó Fátharta agus Breandán Mháirtín Mór Ó Tuairisg ag bailiú na n-ainmneacha. Cuireadh liosta na n-ainmneacha atá bailithe go dtí seo os comhair cruinniú poiblí an tseachtain seo caite. Tá socrú déanta le Comharchumann Sailearna go mbeidh na daoine atá fostaithe ar an Scéim Sóisialta Tuaithe in ann na comharthaí a chrochadh.

Chosnóidh sé thart ar €8,000 na bóithríní go léir a dhéanamh i bParóiste an Chnoic agus tá iarratas déanta ag an gCumann Forbartha le cuid den airgead a fháil faoi Scéim Tacaíochta Pobail, faoinar féidir leis an gComhairle Chontae deontas tacaíochta a thabhairt d’eagraíochtaí pobail le cur ar a gcumas saoráidí turasóireachta a fhorbairt.

Tá an Cumann Forbartha ag iarraidh an tionscnamh seo a chur chun cinn ar trí chúis: (i) is cuid d’oidhreacht an cheantair na hainmneacha ar na bóithríní bailte, ar cheart a chaomnú; (ii) beidh sé níos éasca treoracha a thabhairt do chuairteoirí má tá ainmneacha ar na mbóithríní agus (iii) cuirfidh sé le turasóireacht sa gceantar má eisítear léarscáil le ainmneacha na mboithríní.


Éigse an Spidéil 2017

Liam Ó Maonlaí -Éigse an Spidéil 2017

Liam Ó Maonlaí ó na Hothouse Flowers a bheas ag casadh ag an gCeolchoirm Mhór atá le bheith in Óstán Chois Fharraige (Connemara Coast Hotel) ar an Satharn seo chugainn, 4 Márta, ag tosú 8.00pm. Mar chuid d’Éigse an Spidéil atá an ceolchoirm ar bun. Ag casadh chomh maith ag an gceolchoirm beidh an sárfhidléir Frankie Gavin.

Cuirfear tús anocht (Déardaoin, 2 Márta) le Éigse an Spidéil 2017 nuair a osclófar taispeantas ealaíne le Seán Ó Flaithearta sa mBuilín Blasta, Ceardlann an Spidéil ag 8.00 tráthnóna. Beidh an taispeántas ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Seo thíos cuid de na príomhimeachtaí eile a bheas ar bun le linn na hÉigse:

  • Dé hAoine, 3 Márta: Ardán na hÉigse, Stiúideo Cuan, An Spidéal ag 8.00 i.n. le Joe Steve Ó Neachtain mar aoi-fhile agus Caitlín Nic Gabhann ann mar aoi-cheoltóir. Beidh fáilte roimh fhilí eile tíocht agus a gcuid saothair filíochta i nGaeilge a léamh. Beidh seisiún ceoil ina dhiaidh sa Droighneán Donn.
  • Dé Satharn, 4 Márta ag 12 meánlae: Tigh Cualáin ar an gCoill Rua, comórtas amhánaíochta i gcuimhne ar Pheatsaí Ó Ceannabháin do dhaoine faoi 18 mbl.
  • Dé Satharn, 4 Márta ag 8.00 i.n.: Ceolchoirm Mhór na hÉigse in Óstán Chósta Chonamara leis an bhfidléir clúiteach Frankie Gavin sa gcéad leath agus Liam Ó Maonlaí ag cur seó nua i láthair den chéad uair, bunaithe ar cheol, cumtha ag Johnny Óg Ó Conghaile, curtha le dánta le Máirtín Ó Direáin, a bheas á gcanadh ag Liam Ó Maonlaí.
  • De Domhnaigh, 5 Márta ag 12 meánlae: Siúlóid na hÉigse thart ar an Spidéal, á stiúradh ag Timín Joe Tim Ó Curraidhín.
  • De Domhnaigh, 5 Márta ag 2.00 i.n.: Clabhsúr na hÉigse – seisiún mór ceoil is amhránaíochta sa Droighneán Donn. Bronnfar Laoch an Traidisiúin ar dhuine éicint – amhránaí, ceoltóir, file nó laoch sa traidisiún ar bhealach eile – mar aitheantas ar a bhfuil déanta aige/aice, ar mhaithe le cultúr Chois Fharraige a chaomhnú is a neartú.

Tá clár iomlán na féile le fáil anseo: www.eigseanspideil.ie/clar.ga.


Club Leabhar Bunaithe i gCois Fharraige

An Litir le Liam Mac CóilTá Club Leabhar Chois Fharraige bunaithe agus i mbun oibre. ‘An Litir’ le Liam Mac Cóil, an leabhar atá piocaithe le léamh do mhí na Márta seo.

Tá ‘An Litir’ ar fáil ó Leabhar Breac agus i siopa Chló Iar-Chonnachta, trasna ó Choláiste Cholmcille.

Is ar an gCéadaoin deireanach den mhí, 29 Márta, a bheas an Club Leabhar ag tíocht le chéile i dTigh Mholly, Indreabhán, ag 8.00 i.n. chun plé a dhéanamh ar an leabhar ‘An Litir’ le Liam Mac Cóil.

Beidh fáilte roimh duine ar bith le spéis acu. Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach Facebook atá cruthaithe ag Club Leabhar Chois Fharraige nó ó clubleabharcf@nullgmail.com.


Club Foghlaimeoirí an Spidéil

Tá Club Foghlaimeoirí an Spidéil ag dul ó neart go neart. Beidh an Club ag ceiliúradh a chéad lá breithe le seisiún oscailte ceoil sa Droighneán Donn, An Spidéal, ar an Déardaoin seo chugainn, 9 Márta, ag tosaí ag 9.00 i.n. Leanfar leis an gceiliúradh ar an Satharn le ceolchoirm sa gCrúiscín Lán ag a 9.00 i.n. Ar an Domhnach, an 12ú lá, beidh camchuairt stairiúil ar an gCeathrú Rua. Tá tuilleadh eolais le fáil faoin gClub agus na himeachtaí uile ar an suíomh idirlín www.gaeilge.club agus ar an leathnach straoisleabhair.


Scéal Chlann Lir ag Tíocht

logo-fibingrey1Beidh Fíbín ag cur leagan nua de scéal Chlann Lir ar an stáitse le linn Sheachtain na Gaeilge. Tá an scéal draíochtúil seo, faoi cheathrar clainne a athraíodh ina n-ealaí bána nuair a chuir Aoife, bean chéile an Rí Lir, faoi ortha dhraíochta iad, á stiúradh ag Brendan Murray, atá ina Stiúrthóir Ealaíona ar Áras Inis Gluaire, Béal a’ Mhuirthid.

Is ar Inis Gluaire a chaith Clann Lir, Finola agus a triúr deartháireacha an 300 bliain dheireanach ar an saol mar ealaí i mbun ceoil. Is seó ar leith atá ann a thugann ealaín, damhsa, scéalaíocht agus ceol le chéile.

Cruthóidh an t-ealaíontóir Dara McGee sraith íomhánna corraitheacha beo ar stáitse le linn do Mhéabh Ní Chualáin an scéalaíocht bheo a aithris agus í i mbun damhsa chomh maith. Beidh Tura Artura as an tSiombáib i mbun damhsa agus ceoil le linn an seó. Beidh nascadh idir na híomhánna seo agus an ghluaiseacht agus an draíocht a dhéanann scéal lán le grá, feall agus slánú di. Tá an seó feiliúnach do gach aoisghrúpa.

Beidh Clann Lir á léiriú i gCorr na Móna ar an Aoine beag seo, 3 Márta, i Seanscoil Sailearna in Indreabhán ar an gCéadaoin, 15 Márta, ag 8 i.n. Tá na seónna scoile i Seanscoil Sailearna ar 13 & 14 Márta díolta amach cheana féin. Tuilleadh eolais faoi thicéid ar www.fibin.com nó trí ghlaoch ar Fíbín ar 091-505855.


Aisteoirí Óga á Lorg

Tá aisteoirí óga á lorg do dhráma a bheidh ar siúl sa Taibhdhearc ar an 13ú Aibreáin. Páistí agus daoine óga idir 11-14 bliain d’aois atá ag teastáil. Chun breis eolais a fháil is féidir teagmháil le Elaine Scahill ag 087 0623010.


Liathróid Láimhe

Liathróid Láimhe Feabhra 2017

Imreoirí óga faoi 11 Cumann Micheál Breathnach a bhí ag déanamh ionadaíocht do Scoileanna Chonnachta i nDún na Rí, Co. Cábháin ag Lá Náisiúnta Liathróid Láimhe a bhí eagraithe ag Cumann na mBunscol ar an deireadh seachtaine.

Ó chlé: Lúc Mac Aodha, Scoil Éinne, An Spidéal; Grace Ní Ainlí, Scoil Éinne, An Spidéal; Mike Dillon, an traeneálaí; Feidhlim Ó Diollúin, Scoil Sailearna, Indreabhán agus Eoin Ó Conghaile, Scoil Éinne, An Spidéal.

Bhuaigh Cian Ó Conghaile agus Óisín Ó Cualáin ó Chumann Liathróid Láimhe Mhicheál Breathnach craobh dúbailte na Gaillimhe sa ngrád mionúir i bPinniúr an Chnoic ag an deireadh seachtaine. Ag imirt i gcoinne Diarmaid Ó Maolchiaráin as Maigh Chuilinn agus Peadar Ó Donnchú ó Inis Mór sa gcluiche cheannais, bhain buachaillí Cois Fharraige an chéad chluiche leis an scór 21 – 20, ach chaill siad an darna cluiche leis an scór 16 – 21. Bhí gach rud ag brath ar an tríú cluiche. ach tháinig an fhoireann baile amach chun tosaigh, leis an scór 21 – 15. Bhí caighdeán íontach ard ins na trí cluichí, a mhair beagnach dhá uair a’ chloig go leith.


Scoláireachtaí Printíseachta an Údaráis

udaras-logoTá Údarás na Gaeltachta ag glacadh le hiarratais faoi láthair ó dhaoine óga Gaeltachta, buachaillí agus cailíní, a bhfuil spéis acu sna scoláireachtaí printíseachta. Is scéim é seo ina chuireann an tÚdarás scoláireachtaí ar fáil do chainteoirí líofa ón nGaeltacht, i réimse leathan ceirdeanna.

Tá breis eolais faoi na scoláireachtaí printíseachta, chomh maith le foirmeacha, le fáil ach glaoch ar cheachtar den dá uimhir 091 503139 nó 503121. Tá go dtí 3 Márta le foirmeacha iarratais a chur ar ais ag Údarás na Gaeltachta.


Scannán Cumhachtach sa tSeanscoil Anocht

The Innocents 2

Radharc as an scannán THE INNOCENTS, a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 2 Márta, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosú ag 8.15pm.

Scannán cumhachtach atá le taispeáint ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna anocht, Déardaoin, 2 Marta, ag tosú ag 8.15pm. THE INNOCENTS is teideal don scannán agus é bunaithe ar eachtra a tharla le linn an darna cogadh domhanda. Tá an Máthairab i gclochar sa bPólainn ag iarraidh a gcuid ban rialta a chosaint ó scannal, mar tá cuid acu torach tar éis a éignithe ag saighdiúirí ón Rúis. Baineann an scannán leis na hiarrachtaí a dheánann an máthairab an scéal a choinneáil faoi rún agus ag an am céanna a chinntiú go bhfaigheann mná rialta cúram dochtúra leis na páistí a thabhairt ar an saol.


1 Márta 2017