Cartlann Nuachta: 1 Meitheamh 2016
1 Meitheamh 2016
Féile Scannán na Réabhlóide
Cathal Goan i mbun cainte ag ócáid oscailte Fhéile Scannán na Réabhlóide, ar an Aoine seo caite, sa bPoitín Stil, Indreabhán. Sa bpictiúr chomh maith tá, ó chlé: Rónán Mac an Iomaire ó RTÉ ina sheasamh; Des Geraghty ag an gcuntar; ina suí ar an stól tá Órla Ní Chomhraí ón gcoiste eagraithe; agus ina seasamh ar dheis ar fad tá Dan Dwyer, Cathaoirleach an Chlub Scannán, a d’eagraigh an fhéile. [Pictiúr: Seán Ó Mainnín]
Féile na gCurachaí sa Spidéal
Ar an Domhnach seo chugainn, 5 Meitheamh, a bheas Féile na gCurachaí ar bun sa Spidéal. Lá amháin a bheas ann i mbliana. Cuirfear tús le rásaí na gcurachaí ag 12 meánlae agus ansin ag 3.00 cuirfear tús le rásaí do na Báid Mhóra agus na Leathbháid.
Bunaíodh Aonach Ceoil agus Curachaí sa Spidéal sa mbliain 1972. Bhí an fhéile an-láidir ar feadh roinnt blianta, ag tarraingt na céadta daoine ag an Spidéal. Bhíodh ardán ag an gcéibh agus ceol agus damhsa ann, an fhad is a bhíodh na curachaí ag rásaíocht. Mar chuid lárnach den fhéile, bhíodh paráid flótanna sa sráidbhaile ar an Domhnach.
Tá athbheochan déanta ar an bhféile agus cé nach bhfuil ach lá amháin ann faoi láthair, tá an coiste nua atá ina bhun ag súil an fhéile a fhorbairt amach anseo, ach an urraíocht agus an tacaíocht áitiúil a fháil.
Bua Eile ag Micheál Breathnach
Tá foireann sinsir peile Chumann Micheál Breathnach ag déanamh go maith i mbliana!
Sa darna babhta den chomórtas bhuail peileadóirí Chois Fharraige St. Micheal’s, foireann ón gcathair, ar an Domhnach seo caite i Staid an Phiarsaigh, Bóthair na Trá, leis an scór 3 -11 in aghaidh 0 – 12.
Sa gcéad bhabhta den chomórtas coicís ó shin, bhí bua mór eile ag Cumann Micheál Breathnach in aghaidh Killererin leis an scór 5 – 10 in aghaidh 1 – 10.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
-
Peil (Sinsir): Ml Breathnach 3 – 11, St. Michaels’ 0 – 12.
-
Peil (Idirmheánach): An Spidéal 2 – 11, Muine Mheá/Mainistir 2 – 13.
-
Peil f14 (Roinn 2A): Ml. Breathnach 7 – 14, Uachtar Ard 3 – 03.
-
Iomáint f16 (Roinn 3A): An Spidéal 3 – 13, An Clochán 1 – 08.
Cluichí Pobail Chois Fharraige
Go n-éirí leis na hiontrálaithe ó Chois Fharraige a bheas ag glacadh páirt i gCluichí Pobail Chontae na Gaillimhe ar an Domhnach seo chugainn, 5 Meitheamh, i mBaile an Doirín. Seo é an chéad bhliain a mbeidh daoine óga ó Chois Fharraige páirteach i gcluichí an Chontae, ón mbliain 2013. Tá coiste nua i mbun na hoibre i mbliana. Reáchtáladh Lá Spóirt sa Spidéal ag deireadh mí Aibreáin le lúthchleasaithe a roghnú le cur ar aghaidh go comórtais Cluichí Pobail an Chontae ar an Domhnach seo chugainn.
Traidphicnic ag Tíocht
Colm Gannon ag Traidphicnic 2015
I gceann ceithre seachtaine eile beidh an Traidphicnic ar bun sa Spidéal, ag tosaí ar an Aoine, 1 Iúil, agus ag leanacht ar aghaidh ar feadh an deireadh seachtaine. Tá an coiste eagraithe ag iarraidh cúnaimh ó dhaoine ag an deireadh seachtaine. Tá duine le taithí ag teastáil le feidhmiú mar Oifigeach Sláinte & Sábháilteacht. Beidh daoine ag teastáil chomh maith le buicéid a chur thart le airgead a bhailiú.
Is amuigh faoin aer a bhíonn na ceolchoirmeacha le linn Traidphicnic. Ní ghearrtar aon táille ar dhaoine a thagann ag na ceolchoirmeacha, ach bailítear síntiúis. Beidh daoine ag teastáil le dul thart leis na buicéid le linn na gceolchoirmeacha. Má tá tú ag iarraidh cúnamh a thabhairt, nó níos mó eolais faoi a mbeadh le déanamh, is féidir dul i dteagmháil le traidphicnic ar ríomhphoist traidphicnic@nullgmail.com
An Spidéal ina Seaimpíní an Chontae Faoi 16
Foireann peile an Spidéil a bhuail An Clochán/Rinn Mhaoile i gCluiche Ceannais an Chontae faoi 16 (Roinn 3) an Aoine seo caite, leis an scór An Spidéal 3 – 13, An Clochán/Rinn Mhaoile 1 – 08.
Ar chúl, ó chlé: Gabriel Ó Fearrachóir (traenálaí), Jason Ó Tuathail, Cian Ó Conghaile, Caoimhín Ó Sé, Eamonn Ó Laoighre, Conor Ó Gamhnáin, Fionnán Ó Conchubhair, Peter Ó Donnachú, Conor Breathnach, Ryan Ó Dioráin, Eoin Ó Fearrachair, Max Mac Cárthaigh, Mick Ó Conchubhair (traenálaí).
Chun tosaigh, ó chlé: Luke Crumlish, Fionn Ó hIarnáin, Cathal Ó Gamhnáin, Conall Ó Caoimh, Éanna Ó Curraoin, Cian Ó Fearrachóir.
In easnamh ón bpictiúr, ach cuid den fhoireann, tá Johnny Deasey (traenálaí), Caomhán Ó Maoláin agus Eoin Ó Domhnaill a bhí gortaithe.
[Pictiúr: Áine Ní Chonchubhair]
Chas An Spidéil ar fhoireann ón gClochán/Rinn Maoile ar Pháirc na bPiarsach, Ros Muc, i gCluiche Ceannais an Chontae (Roinn 3) an Aoine seo caite.
Bhí tús láidir ag an gClochán/Rinn Mhaoil agus ag deireadh an chéad leath bhí An Spidéal dhá chúilín chun deireadh. Shocraigh tosaithe An Spidéil síos sa dara leath agus tháinig na scóranna ó Fhionn Ó hIarnáin (1-1), Jason Ó Tuathail (1-1), Fionnán Ó Conchubhair(0-3), Max Mac Cárthaigh (0-2) agus Eoin Ó Fearrachair (0-2).
Ba iad na himreoirí ab fhearr don Spidéal ná Cathal Ó Gamhnáin (0-3), Peter Ó Donnachú (0-3), Conall Ó Caoimh (1-0) agus Cian Ó Conghaile.
An scór deiridh: An Spidéal 3-13, An Chlochán/Rinn Mhaoil 1-8.
Ghlac Captaen An Spidéil, Cathal Ó Gamhnáin, buíochas leis na traenálaithe agus le leads Árann, Jason Ó Tuathail, Peter Ó Donnachú agus Caomhán Ó Maoláin a thaisteal amach ón oileán le páirt a ghlacadh sa tsraith, ag imirt leis An Spidéal.
Fíbín ag Lorg Aisteoirí
Tá an comhlacht drámaíochta Fíbín ag lorg aisteoirí na laetheanta seo chun páirt a ghlacadh i leagan nua den seanscéal Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne. Beidh an dráma á stiúradh ag Mikel Murfi ó Shligeach agus é le bheith ar stáitse mí na Samhna seo chugainn. Aisteoirí le Gaeilge atá á lorg. Deirtear linn go mbeidh róil éagsúla ar fáil d’aisteoirí ag gach aois, idir fir agus mná, agus gur buntáiste mór é dá mbeadh duine in ann uirlis cheoil a sheinm. Níl le déanamh ach CV agus grianghraf a sheoladh ag fibinteo@nullgmail.com.
Tá cáil bainte amach ag Fíbín de bharr ardchaighdeán na léiriúchán a dhéanann an chomhlacht.
Gaelbhratach ag Coláiste Cholmcille
Duais á bhronnadh ar Rang na hIdirbhliana, Coláiste Cholmcille, Indreabhán, le gairid.
Ó chlé, ar chúl: Máirín Ní Chonghaile, Bainisteoir Oifige Comhar Creidmheasa Cholm Cille, Éabha Ní Fhearchair, Séan Ó Drisceoil, Géaróid Ó Conghaile, Fionn Mac Donnacha, Jack Ó Braonáin, Oliver Ó Cuinn, Conall Ó Cuirrín, Piaras Ó Ceannabháin, Kaylee Breathnach, Ruairí Ó Néill, Bainisteoir Comhar Creidmheasa Cholm Cille.
Chun tosaigh, ó chlé: Amber Ní Dhubháin agus Sarah Ní Ainnín.
Ar cheann de na chéad chúraimí poiblí a rinne sé ó cheapadh é ina Aire Stáit Ghaeltachta, bhí Seán Kyne TD i láthair ar an Aoine seo caite ag Coláiste Cholmcille, Indreabhán, agus d’ardaigh sé an Gaelbhratach den chéad uair. Bhailigh an scoil ar fad taobh amuigh i gcomhair na hócáide. I láthair chomh maith leis an Aire Stáit, bhí Tomás Breathnach (Timire Ghaeilge leis an GRETB), Seosamh Ó Laoi (Cathaoirleach Bhord Bainistíochta na Scoile), Seán Ó Coisdealbha (Muintearas & Foras na Gaeilge) agus Darach Ó Tuairisg (Fíbín).
Labhair an tAire ag an ócáid, chomh maith le cathaoirleach Choiste an Ghaelbhrataigh sa scoil, Teresa Clifford (Bliain 3). Tar éis don Aire Stáit an bratach a ardú, cuireadh taispeántas drámaíochta, seó puipéid, ceol, amhrán agus damhsa ar siúl. Léadh amach roinnt dánta & scéalta atá nuachumtha ag scoláirí sa scoil.
Iarscoláire é Darach Ó Tuairisg, atá ag obair le Fíbín. Chun an ócáid a cheiliúradh thug sé cuireadh do na scoláirí ar fad dul chuig Amharclann Chois Fharraige chun seó nua Fibín a fheiceáil agus bain siad an-taitneamh as.
Chaith an tAire Stáit uair a chloig sa scoil agus léirigh sé an-suim sna rudaí a bhí ar siúl i rith na bliana chun an bratach a fháil. Is aitheantas é an Gaelbhratach ar na hiarrachtaí atá ar bun sa scoil chun imeachtaí éagsúla a reáchtáil tré Ghaeilge, ní amháin sa scoil, ach i measc an phobail chomh maith, ar a bhfuil an scoil ag freastal.