Cartlann Nuachta: 1 Meitheamh 2022
Cois Fharraige na Seaimpíní
Foireann sacair Chois Fharraige (faoi 17) tar éis dóibh an bua a fháil ag an gcluiche ar an Domhnach seo caite ar an gCeathrú Rua, ag imirt in aghaidh Bhleá ‘n Rí, a chinntigh gurb é an fhoireann Ghaeltachta a chríochnaíonn ar bharr an tábla i Sraithchomórtas na Gaillimhe.
Ar chúl, ó chlé: Conall De Cléir (Bainisteoir), Caomhlú Ó Fathaigh, Eoin Ó Neachtain, Oisín Mac An Ultaigh, Peadar Ó Finneadha, Feidhlim Ó Conghaile, Evan Ó Finneadha, Eoin Ó Conghaile (cúlbáire), Rian Ó Fatharta, Andy Ó Finneadha, Lúghan Mac Con Iomaire, Ailill de Cléir, Michael Fahy (Bainisteoir).
Chun tosaigh, ó chlé: Ciarán Ó Diomsaigh, Feidhlim Ó Diolúin, Aodhán Ó Coisdealbha, Eoin Ó Conghaile, Oisín Céidigh, Fionán Ó Coisdealbha, Cian Ó Cadhain, Leon Mac Lochlainn (Bainisteoir).
D’éirigh le ógánaigh ó Chois Fharraige an bua a fháil ar fhoireann ó Bhleá ‘n Rí sa gcluiche deireanach den sraithchomórtas sacair ar an Domhnach seo caite, ag críochnú ar bharr an tábla i Roinn I. Bua tábhachtach a bhí anseo do Chumann Sacair Chois Fharraige.
Chuir Aodhán Ó Coistealbha an fhoireann Ghaeltachta chun cinn tar éis deich nóiméad, nuair a thapaigh sé an deis chun an liathróid a chur san eangach tar éis botún a rinne chúlbáire Bhleá ‘n Rí. Bhí an imirt cothrom go maith sa gcuid eile den chéad leath. Ghéill Cois Fharraige go leor ciceanna coirnéil ach má ghéill, chosain siad gach ceann acu. Do réir mar a bhí an dara leath ag dul ar aghaidh bhí Cois Fharraige ag feabhsú agus ag fáil an ceann is fearr ar Bhleá ‘n Rí. Tháinig an dara cúl, scór den chéad ghrád, in am gortaithe nuair a bhuail Ciarán Ó Diomsaigh an liathróid ó 25 méadar, a chríochnaigh san eangach.
Rian Ó Fátharta, ó fhoireann sacair Chois Fharraige (faoi 17), ar an ionsaí le linn an chluiche ar an Domhnach seo caite a imríodh ar an gCeathrú Rua, in aghaidh Bhleá ‘n Rí, a chinntigh gurb é an fhoireann Ghaeltachta a chríochnaíonn ar bharr an tábla i Sraithchomórtas na Gaillimhe.
Comórtas Peile na Gaeltachta
An deireadh seachtaine seo chugainn beidh na sluaite ag tarraingt ó Ghaeltachtaí eile ar Chonamara le páirt a ghlacadh i gComórtas Peile na Gaeltachta atá eagraithe ag Naomh Anna, Leitir Móir.
Beidh foireann ban ó Chumann Micheál Breathnach ag imirt in aghaidh An Clochán Liath ó Dhún na nGall, ar an Satharn ar an gCeathrú Rua ag 5.00pm ar Pháirc an Chathánaigh sa gcluiche leath-cheannais sóisear i bPeil na mBan agus má éiríonn leo an cluiche a bhuachan beidh siad sa gCluiche Ceannais ar an Domhnach ar Pháirc an Mháimín ag 3pm.
Chomh maith leis na cluichí, beidh neart imeachtaí eile ar bun, idir siamsaíocht, ceol agus taispeántais, chomh maith le imeachtaí do ghasúir.
Oíche Airneáin Cholmcille
An Pota Café i mBaile na hAbhann
Beidh oíche airneáin faoi Naomh Colmcille ar bun ar an gCéadaoin seo chugainn, 8 Meitheamh, sa bPota Café i mBaile na hAbhann ag 8.00 i.n. Labhróidh Máirín Mhic Lochlainn, an Dr Pádraig Ó hÉalaí, an Dr Máirín Ní Dhonnchadha agus an tOllamh Lillis Ó Laoire faoi shaol agus faoi sheanchas Cholmcille, go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Beidh ceol agus amhráin ar chlár na hoíche freisin.
Tá ómós do Cholmcille an-bheo fós i gceantar Chois Fharraige: tá trí scoil tiomanta dá ainm agus sé a ainm atá luaite leis an gComhar Creidmheasa áitiúil. Tá bád agus tobar Cholmcille ar an trá, buailte ar Reilig Mhaoiris, agus is cinnte go mbeidh triall an phobail ann leis an turas traidisiúnta a dhéanamh ar an Déardaoin, 9 Meitheamh, Lá an Phatrúin. Tá os cionn 1500 bliain caite ó saolaíodh Colmcille. Tá ‘Colmcille 1500’, clár faoi stiúir Fhoras na Gaeilge le hoidhreacht Cholmcille a chomóradh, á reáchtáil ar fud Éireann agus Alban ó thús na bliana seo caite. Is cuid den chlár sin imeachtaí thráthnóna an 8ú lá. Míle fáilte roimh chách.
Buaiteoirí Liathróid Láimhe, Scoil Sailearna
Emma Dwyer ó Scoil Sailearna, Indreabhán, leis an bonn airgid, a fuair sí ag Comórtas Liathróid Láimhe na mBunscoileanna, a imríodh i gCor an Dola, an deireadh seachtaine seo caite.
Bhí cluichí ceannais an chontae de chomórtas Liathróide Láimhe Chumann na mBunscol (An Challenger One) ar bun i gCor an Dola, Déardaoin seo caite, 26 Bealtaine 2022, agus d’éirigh thar barr le daltaí ó Scoil Sailearna, Indreabhán. Seo leanas liosta na mbuaiteoirí ó Scoil Sailearan:
- Cailíní faoi 11 Singil: An dara háit: Emma Dwyer.
- Buachaillí faoi 11 Singil: An chéad áit: Cillian Ó Neachtain.
- Buachaillí faoi 11 Dúbailte: An dara háit: Liam Riggott agus Diarmaid Mac Réamoinn.
- Cailíní faoi 13 Singil: An chéad áit: Aoibhe Ní Ghríofa.
- Cailíní faoi 13 Dúbailte: An chéad áit: Aoibhe Ní Chúláin agus Laura Ní Chúláin.
- Buachaillí faoi 13 Singil: An chéad áit: Shane Ó Neachtain.
- Buachaillí faoi 13 Dúbailte: An chéad áit: Micheal Mac Niocaill agus Cormac Ó Braonáin.
Plean Oibre an Chumann Forbartha
Ag labhairt di le Fionnuala Ní Neachtain ar an Luan seo caite in agallamh ar an gclár Iris Aniar (RnaG), thug Ananda Geluk, an cathaoirleach nua ar Chumann Forbartha Chois Fharraige, le fios go bhfuil Plean Oibre nua socraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige don chéad bhliain eile.
Seo cuid den obair a bheas ar bun ag an gCumann Forbartha i gcaitheamh na bliana.
Coill Pobail: Tá an Cumann Forbartha ag iarraidh Coill Phoiblí a fhorbairt i gceantar Chois Fharraige, ag obair as láimh a chéile le Comharchumann Sailearna agus le Údarás na Gaeltachta, le tíocht ar thalamh a bheadh feiliúnach.
BISEACH: Beidh Coiste Eagarthóireachta ag tosú go gairid le ábhar a bhailiú le haghaidh BISEACH 2022.
Toghcháin an Údaráis: Tá an Cumann Forbartha ag iarraidh ar an Taoiseach agus ar Aire na Gaeltachta an reachtaíocht a réiteach le go mbeifear in ann na toghcháin a reáchtáil roimh dheireadh na bliana.
Aitheantas ón Údarás: Tá an Cumann Forbartha ag iarraidh ar Údarás na Gaeltachta níos mó aitheantais agus níos mó tacaíochta a thabhairt do na heagraíochtaí forbartha pobail sna ceantair Ghaeltachta, cosúil leis an gCumann Forbartha, a oibríonn go deonach ar mhaithe leis an bpobal.
Tá an Plean Oibre ina iomlán le fáil anseo: Plean Oibre 2022/3.
Féile Bád An Spidéil
Seachtain ón Domhnach seo chugainn, 12 Meitheamh, beidh báid mhóra faoi lán seol le feiceáil amach ón Spidéal, an chéad uair le 3 bhliain anuas, nuair a bheas rása ag Húicéirí na Gaillimhe – an chéad gheall den tséasúr nua – á eagrú don chéad uair le 3 bhlian anuas. Tosóidh an geall ag 2pm ach beidh na báid faoi sheol le feiceáil roimhe sin ag déanamh ar an gCéibh Nua, ag tíocht anoir ó Ghaillimh agus aniar ó Chonamara.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
• Iomáint (Roinn III): An Spidéal 0 – 21, Clarinbridge 3 – 22.
• Iomáint (faoi 15B1): Cois Fharraige 1 – 07, Killimordaly 5 – 12.
• Iomáint (faoi 15C): Ml. Breathnach 4 – 08, Kilndeema/Leitrim 2 – 12.
• Iomáint (faoi 13B): Ml. Breathnach 2 – 05, Cappataggle 5 – 11.
• Peil (Roinn III): Ml. Breathnach 1 – 07, Oranmore/Maree 3 – 15.
• Peil (faoi 19B): Micheál Breathnach 2 – 12, Oughterard 2 – 11.
• Peil (faoi 13): Micheál Breathnach 1 – 06, Oranmore/Maree 1 – 10.
• Sacar ( faoi 17): Cois Fharraige 2, Athenry B 0.
• Sacar ( Cailíní faoi 15): Bearna/Na Forbacha B 3, Athenry B 0.
• Sacar ( faoi 13, Premier): Bearna/Na Forbacha 1, Maree/Oranmore 1.
• Sacar ( faoi 13): Mac Dara 0, Corrib Celtic 2.
• Sacar ( faoi 13): Bearna/Na Forbacha 2, Corrib Celtic 7.
• Sacar ( faoi 12): Mac Dara 0, Kinvara Utd. 5.