Cartlann Nuachta: 1 Samhain 2023

BISEACH 2023

Seoladh BISEACH 2023 ar Iris Aniar

Ag ócáid sheolta BISEACH 2023, irisleabhar Chumann Forbartha Chois Fharraige, an Aoine seo caite ar an gclár Iris Aniar (RnaG).

Ina suí, ó chlé: Donncha Ó hÉallaithe, Jimí Jó Shéamuis Ó Fátharta, Seathrún Ó Tuairisg, Pádraic Ó Cearra agus Máire Ní Neachtain.

Ina seasamh, ar chúl, ó chlé: Clíodhna Ní Mhurchú agus Máirín Mhic Lochlainn.

An Aoine seo caite ar an gclár Inis Aniar (Raidió na Gaeltachta) seoladh eagrán na bliana seo den iris BISEACH, a fhoilsíonn Cumann Forbartha Chois Fharraige. Ar an gclár pléadh cuid den ábhar atá san iris.

Seo a leanas na daoine a bhí páirteach sa gclár: sa stiúideo bhí Seathrún Ó Tuairisg (Cathaoirleach an Chumann Forbartha); Donncha Ó hÉallaithe, Clíodhna Ní Mhurchú agus Máirín Mhic Lochlainn ón gCoiste Eagarthóireachta; chomh maith le Máire Ní Neachtain, Jimí Jó Shéamuis Ó Fátharta agus Pádraic Ó Cearra. Bhí Johanna Ní Mháille agus Seán Ó Neachtain ar an bhfón páirteach sa gclár chomh maith. Bhí an clár curtha i láthair ag Micheál Ó Tuathail.

Tá 96 leathanach san iris, idir altanna spéisiúla agus neart pictiúr idir sean is nua. Seo a leanas cuid de na haltanna atá i mBISEACH na bliana seo:

  • Buailtreacha ar Phortaigh Chois Fharraige le Seathrún Ó Tuairisg.
  • Seanchas faoi ghníomhartha gaisce agus misnigh sa seanchas le Pádraic Ó Cearra.
  • Sleachta as Cúirt Dúiche an Spidéil le Clíodhna Ní Mhurchú.
  • Alt faoi AGNES COTTER le Cormac Ó Comhraí.
  • Dánta le Ellen Chóil Mhóir Ní Chualáin.
  • Gearrscéal le Ciarán Ó Cualáin.
  • Mar a Dódh Teach an Spidéil céad bliain ó shin le Donncha Ó hÉallaithe.
  • Alt faoi Mhonarcha na mBréagán sa Spidéal le Máire Ní Neachtain.
  • Alt faoin Ban-Óglach Mary Malone ó Ros a’ Mhíl le Máirín Mhic Lochlainn.
  • Cur síos ag Ruaidhrí Ó Tuairisg ar Robert Clements.
  • Alt faoin Iománaíocht sa Spidéal ag tús na haoise seo caite le Seán Ó Neachtain.
  • Cur síos cuimsitheach ar na blianta luatha de Siopa Standún, scríofa ag Tommy, Dónal agus Dearbhaill Standún.

Tá pictiúir de na daltaí a chríochnaigh a gcuid scolaíochta i gColáiste Cholmcille, Indreabhán agus Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéil, chomh maith le Rang a Sé sna bunscoileanna ar an gCnoc, An Tulach agus Ros a’ Mhíl.

Níl ach €5 ar an iris, a bheas ar fáil le ceannach an deire seachtaine seo sna siopaí ó Bhearna go Cárna, chomh maith le Charlie Byrnes i gCathair na Gaillimhe, Cló Iar-Chonnacht agus an Spailpín Fánach i gCeardlann an Spidéil. Is féidir an iris a cheannach ar líne chomh maith ó Chló Iar-Chonnacht ach dul ag an suíomh WWW.CIC.IE.


Plean Gníomhaíochta An Spidéil le Seoladh

Tá Plean Gníomhaíochta An Spidéil 2024-2028 le seoladh ar an Máirt seo chugainn, 7 Samhain, i Halla Scoil Éinne, An Spidéal ag 7.30pm.

D’iarr Údarás na Gaeltachta ar an gComhlacht Forbartha sa Spidéal plean cúig bliana a ullmhú. Iarradh ar an bpobail a gcuid moltaí agus smaointí a chur ar aghaidh. Tháinig 253 smaoineamh isteach ó 91 rannpháirtithe, a ghlac páirt sa bpróiséas comhairliúcháin.

Mar thoradh ar an obair sin tá 43 moladh straitéiseach sa bplean. Seo a leanas an chéad mholadh atá sa bPlean Gníomaíochta: ‘Ionad Náisiúnta do na hEalaíona Gaelach in ómós do Mháirtín Ó Cadhain a lonnú ar an Spidéal, bunaithe ar an múnla atá in úsáid in Ionad Tyrone Guthrie…’ agus Clochar an Spidéil luaite mar áit fheiliúnach leis an Ionad a lonnú ann.

Ar ndóigh, díoladh an Clochar le gairid agus é ráite gur daoine áitiúla a cheannaigh é, a d’fhéadfadh a bheith báúil le Ionad Ealaíona agus Oideachais a lonnú ann.

Clochar Éinde Díolta

Clochar an Spidéil – Ionad Náisiúnta do na hEalaíona Gaelach?


Íosghrádú don Spidéal sa bPeil agus san Iomáint

Cumann Mícheál BreathnachTá an chuma ar an scéal go mbeidh an dá chlub CLG ó Chois Fharraige – Cumann Micheál Breathnach agus CLG An Spidéal – ag imirt sa ngrád céanna an chéad bhliain eile sa bpeil agus san iománaíocht. Tá sé mí ó shin ó buaileadh iománaithe An Spidéil sa gcluiche dícháilithe sa ngrád Idirmheánach le cúilín amháin: mar sin beidh foireann iománaíochta An Spidéil ag imirt sa ngrád Sóisear A, an chéad bhliain eile.

Ar an Satharn seo caite chlis ar pheileadóirí An Spidéil sa gcluiche dícháilithe in aghaidh foireann na cathrach, St. Michaels, le cúilín amháin, rud a fhágann go mbeidh An Spidéal ar cheann de na foirne a bheas dícháilithe ón grád Sinsear go Idirmheánach.

Tá cluiche amháin eile le imirt ag An Spidéal in aghaidh Naomh Anna, Leitir Mhóir, sna babhtaí dícháilithe, cluiche a imreofar ar an Satharn seo ar Pháirc an Chnoic. Ceithre fhoireann a bhí sna babhtaí díchláilithe agus beidh an péire is ísle á íosghrádú.

Tar éis dhá chluiche seo mar a sheasann siad: Killanin agus Naomh Anna ar trí phointe; St Michaels ar dhá phointe agus An Spidéal folamh. Fiú amháin dá mbeadh an bua ag An Spidéal ar an Satharn, bheadh sé fós níos ísle i bpointí ná Killanin agus Naomh Anna.


Club Scannán Sailearna – 1976

Club Scannán - 1976

 Radharc as an scannán ‘1976’ a bheas á thaispeáint an Déardaoin seo, 2 Samhain, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosú ag 8.15pm.

An Déardaoin seo, 2 Samhain, beidh an scannán ‘1976’, á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.15pm, mar is gnáth. Suite i Chile atá ‘1976’, scannán a thugann cuntas ar dhaorsmacht Pinochet agus mar a caitheadh leosan a labhair amach in aghaidh a réimeas brúidiúil. Do dhaoine nach baill iad is féidir leo íoc ag an doras. €8 ar an gcead isteach do dhaoine nach bhfuil ballraíocht acu.


ITT ag Cuartú Riarthóir Airgeadais

Tá an ITT/An Crann Taca in Indreabhán, Co. na Gaillimhe, ag lorg iarratas faoi láthair do phost an Riarthóra Airgeadais & Maoirseora Riaracháin.

Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh airgeadais agus obair oifige an ITT, faoi stiúir an Bhainisteora.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó 091-593132, ittancranntaca@nullgmail.comwww.ancranntaca.wordpress.com.


Cúrsa Podchraoltóireachta

Scoláirí ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, i bPáirc an Chrócaigh ag ócáid bronnta na nduaiseanna sa gcomórtas podchraoltóireachta agus tráchtaireachta, a bhí eagraithe ag Gael Linn.

Ó chlé: Eoin Ó Neachtain, Diarmuid Ó Gabhláin, Róise Ní Churraoin, Ferdia Ó Nuanáin Seoighe, Ciara Ní Mhainín & Síofra Ní Scanláin.

[Pic: Seán Ó Mainnín]

Tá Cúrsa Oiliúna Podchraolta Nua Spreagúil á eagrú ag Comharchumann Shailearna. Dianchúrsa atá ann a chuirfidh ar chumas na rannpháirtithe podchraoltaí dá gcuid féin a chruthú agus a thaifead ar na meáin shóisialta.

Is cúrsa 10 n-uair a chloig atá i gceist, déanta thar thréimhse dhá lá. Tá an cúrsa saor in aisce.

Tá Foirm Clárúcháin don chúrsa le fáil ach glaoch ar 091 399199 nó ríomhphost a chur chuig sailearna@nullgmail.com.


An Club Leabhar

Leabhar nua, FANACHT FADA, le Seán Ó Cadhain ón gCnocán Glas, a bheas á phlé ag an gcéad ócáid eile a bheas ag Club Leabhar Chois Fharraige, nuair a thagann siad le chéile ar an gCéadaoin seo chugainn, 8 Samhain, i dTigh Mholly, An Lochán Beag. Seo é an chéad leabhair ó pheann Sheáin.

Is mac é Seán le Pádraic Ó Cadhain agus a bhean Bríd. Uncail leis ab ea an scríbhneoir, Máirtín Ó Cadhain.

Leabhar gearrscéalta atá scríofa ag Seán atá sa leabhar.


Meitheal PV Gréine le Bunú

An tSeanscoil 2021

Seanscoil Sailearna

Beidh ócáid ar bun i Seanscoil Sailearna ar an Luan seo chugainn, 6 Samhain, eagraithe ag Comharchumann Sailearna chun eolas a scaipeadh faoin ‘Meitheal PV Gréine’ atá á bhunú sa gceantar.

Ag an ócáid beidh Bainisteoir CST, Peigí Uí Chéidigh, ag tabhairt míniú ar an smaoineamh faoi ‘Meitheal PV Gréine’. Tabharfaidh an Dr. Orla Nic Suibhne eolas faoi na buntáistí a bhaineann leis na painéil gréine. Déanfaidh Páraic Barrett cur i láthair faoi Ghníomhaíocht Fuinnimh an Iarthair, dream nua lena bhfuil sé ag obair.

Tosóidh an ócáid ag 7.00pm tráthnóna agus tá sé oscailte do dhaoine a bhfuil spéis acu i bpainéil gréine a chur in airde.


Margadh na Nollag

Margadh na Nollag

Tá Comharchumann Sailearna ag eagrú Margadh na Nollag i mbliana i Seanscoil Sailearna. Beidh an Margadh ann ar an Domhnach, 10 Nollaig.

Faoi láthair tá an Comharchumann ag glacadh le iarratais ó cheardaithe agus trádálaithe ar mhaith leo a bheith páirteach sa margadh ag díol a gcuid earraí.

Tá foirmeacha iarratais le fáil ach ríomhphost a chur chuig sailerna@nullgmail.com, é sin nó glaoch a chur ar cheachtar de na huimhreacha seo a leanas: 091 399199/ 089 4169602.


AGM an Chomharchumainn

Comharchumann ShailearnaSeachtain ón gCéadaoin seo chugainn, 15 Samhain, a bheas an Cruinniú Ginearálta Bliantúil (AGM) ag Comharchumann Sailearna Teo. Bhí sé ceaptha le bheith ann mí ó shin ach cuireadh siar an cruinniú. I Seanscoil Sailearna a bheas an cruinniú ar bun ag tosú ag 8.00pm.

Le freastal ar an gCruinniú Ginearálta Bliantúil ní mhór a bheith i do scairshealbhóir den Chomharchumann. Beidh folúntais le líonadh ar an mBord Stiúrtha, deirtear. Le seasamh don Bhord Stiúrtha caithfidh tú bheith i do scairshealbhóir agus bíonn foirm ainmniúcháin le líonadh. Tá na foirmeacha ainmniúcháin agus na foirmeacha le rún a chur síos le fáil ó oifig an Chomharchumainn, nó tré glaoch a chur ar 091 399199.

Is gá na foirmeacha líonta a bheith curtha ar ais faoin gCéadaoin seo chugainn, 8 Samhain.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €4,100 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 12, 22, 26, 31.

 

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

 

John Keady, Baile na mBrabhach;

Peggy Frances Ní Eidhin, f/ch Tigh Mholly;

Martha Quinn, An Bóthar Buí;

Seán Kelly Ó Curraoin, Chelmsford, London.

 

Jimmy Ó Conghaile, An Teach Mór, a fuair duais an díoltóra.

 

€4,200 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Peil (Sinsear): An Spidéal 0 – 07, St. Michael’s 0 – 08.

Peil (Scoileanna): Coláiste Chroí Mhuire 7 – 19, Seamount, Kinvara 7 – 05.

Sacar (Sóisear R1): Cois Fharraige 5, Cregmore/Claregalway 0.

Sacar (faoi 18, R1): MacDara 3, Kiltullagh 0.

Sacar (faoi 16, R1): MacDara 6, Salthill Devon B 0.

Sacar (faoi 14, R2): MacDara 0, Kilshanvey Utd. 2.

Sacar (faoi 12, R3): MacDara 3, Oranmore/Maree 1.


1 Samhain 2023