Cartlann Nuachta: 10 Aibreán 2024

Damhsóirí óga ar an Sean Nós

Damhsóirí Óga Cuisle Aibrean 24

Damhsóirí óga ar an Sean Nós ag ‘speáint a gcuid steipeanna ag Ceolchoirm Cuisle i Scoil Sailearna le gairid.

Is iad na daoine óga a bhíonn ag freastal ar ranganna de chuid Chlár Cuisle de chuid Ealaín na Gaeltachta a chuir an seó breá bríomhar ceolmhar ar stáitse.

Na damhsóirí, ó chlé: Elé Rós Ní Cheallaigh, Yvonne Ní Loideáin, Laoise agus Cathal Mhic Einrí.


AGM an Chumann Forbartha

Logo CFCFIs ar an Máirt, 30 Aibreán, a bheas an Cruinniú Cinn Bliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige. Tá an cruinniú oscailte do bhaill an Chumann Forbartha.

Ag an gcruinniú cinn bhliana tabharfar tuairisc ar obair na bliana 2023, chomh maith le tuairisc airgeadais. Déanfar baill nua den Choiste Stiúrtha a thoghadh chomh maith. Bíonn ar triúr den Bhord Stiúrtha ag éirí as gach bliain, ach cead acu seasamh aríst. Bíonn deis ag na baill chomh maith rún a chur síos le plé ag an gcruinniú cinn bhliana agus moltaí a dhéanamh maidir le beartais an Chumann Forbartha.

Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige ar cheann de na coistí pobail Ghaeltachta is faide ag obair sa nGaeltacht. Bunaíodh an Cumann Forbartha sa mbliain 1966 agus bhí baint lárnach ag an gCumann Forbartha le cuid mhaith den dul chun cinn i gCois Fharraige le caoga bliain anuas.

Tá fáilte roimh bhaill nua i gcónaí. Le ballraíocht a fháil sa gCumann Forbartha níl le déanamh ach foirm a líonadh aon uair amháin.

Níl aon táille ballraíochta ann agus tá an fhoirm ballraíochta le fáil ach ríomhphost a chur chuig CUMANNFORBARTHA@nullGMAIL.COM.


Folúntais ag an bhFóram Pleanála Teanga

Tá sé fógraithe ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga go bhfuil Saoirse Holic, an tOifigeach Cúnta Pleanála Teanga a bhí ag obair leis an eagraíocht ón bhFómhar seo caite, ag éirí as an bpost an deireadh seachtaine seo, rud a fhágann go bhfuil dhá fholúntas le líonadh ag an bhFóram.

Thosaigh Saoirse ag obair leis an bhFóram i mí Mheán Fhómhair seo caite, díreach roimh Fhéile Chois Fharraige, ag déanamh a cion féin i gcomhar le Katie Ní Loingsigh le Plean Teanga Chois Fharraige a chur chun cinn agus ag tabhairt tacaíochta do mhórán eagras agus daoine le linn a tréimhse linn.

Dúirt urlabhraí ón bhFóram go nguíonn an Fóram Pleanála Teanga chuile rath ar Shaoirse sa gcéad suíomh oibre eile agus go bhfuil an Fóram buíoch di as an obair a rinne sí le sé mhí anuas.


‘Darkness into Light’

Darkness Into LightBeidh an tsiúlóid bhliantúil ‘Darkness into Light’, ar mhaithe le Pieta House ar siúl arís ar an gCeathrú Rua i mbliana.

Tosóidh an tsiúlóid ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua ag 4:15, maidin Shathairn, 11 Bealtaine 2024.

Seo é an phríomhfhoinse airgid atá ag Pieta House, eagraíocht a chuireann tacaíocht saor in aisce ar fáil do dhaoine in ísle bhrí.

Tá clárú, t-léinte agus tuilleadh eolais ar fáil ach dul ar www.darknessinlight.ie nó chuig Instagram/Facebook @darknessintolightancheathrurua.


Folúntais le Líonadh i gCónaí san ITT

An ITT in Indreabhán

Tá folúntais le líonadh ag an ITT in Indreabhán agus iarratais á lorg ó dhaoine leis na cáilíochtaí riachtanacha.

Tá folúntais d’oibrithe luathbhlianta ag an ITT i láthair na huaire. Teastaíonn Gaeilge agus cáilíocht 5 nó 6 i gCúram Leanaí. Beidh scála pá ó €14.50 go €16.50 in aghaidh na huaire á íoc leis na daoine a earcófar.

Chomh maith le oibrithe luathbhlianta, tá oibrithe iarscoile á n-earcú chomh maith. Níl aon cháilíocht faoi leith riachtanach ach caighdeán maith Gaeilge a bheith ag duine. I measc na ndualgaisí don phost tá aire a thabhairt do na gasúir le obair baile agus gníomhaíochtaí a eagrú dóibh nuair is gá. Idir 12.00 agus 17.30 ó Luan go hAoine na huaireanta oibre agus €13.50 an scála pá.

Cuireann an ITT seirbhís an-tábhachtach ar fáil do thuismitheoirí i gceantar Chois Fharraige, le naíolann agus naíonra do pháistí réamhscoile, chomh maith le club bricfeasta agus seirbhís iarscoile. Breis is 120 páiste a bhíonn ag freastal ar an ITT. Is féidir iarratas a dhéanamh ach CV a sheoladh chuig ittancranntaca@nullgmail.com nó chuig an Rúnaí, An tIonad Tacaíochta Teaghlaigh, Indreabhán.


Club Scannán Sailearna

FALLEN LEAVES – Scannán Barrúil ón bhFionlainn

Cuireadh clabhsúr le Séasúr Scannán an Earraigh i Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo caite, 4 Aibreáin, leis an scannán barrúil ón bhFionlainn, FALLEN LEAVES. Bhí an séasúr scannán eagraithe ag Club Scannán Sailearna.

Beidh an club scannán ag tógáil briseadh anois go deireadh Meán Fómhair, nuair a bheas tús á chur le séasúr úr de scoth na scannán domhanda sa tSeanscoil arís.


Athchóiriú ar Scoil na Mine

Ionad Pobail na Minna. Deontas athchóirithe €351,758.

Ionad Pobail na Minna

Tá deontas suas le €351,758, nó 80% den chostas iomlán, ceadaithe ag an Aire Stáit Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD, do Choiste Pobail na Minna in Indreabhán le cur ar a gcumas athchóiriú a dhéanamh ar Ionad Pobail na Minna. Ina theannta sin, tá deontas de €66,063, nó 80% den chostas iomlán, ceadaithe ag an Aire do Chomharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua chun uasghrádú a dhéanamh ar Pháirc Spraoi na Ceathrún Rua.

Tá Ionad Pobail na Minna lárnach do raon leathan imeachtaí pobail sa cheantar, réimse leathan ranganna agus imeachtaí sóisialta san áireamh, agus is ann a bhíonn an coláiste samhraidh Gaeilge lonnaithe ó mhí an Mheithimh go dtí deireadh mhí Lúnasa. Is trí Ghaeilge a reáchtáiltear na gníomhaíochtaí ar fad san ionad. Rachaidh an maoiniú i dtreo obair athchóirithe ar an ionad.

Tá sé i gceist ag Comharchumann Mhic Dara an pháirc spraoi ar an gCeathrú Rua a fhorbairt, agus breis trealaimh a chur ar fáil ionas go mbeidh an áis seo in oiriúint don phobal ar fad.

An tAire Stáit Patrick O’Donovan TD, le baill ó Choiste Pobail na Mine, ag ócáid an tseachtain seo caite inar fhógair sé deontas le athchóiriú a dhéanamh ar Seanscoil na Mine.

Ó chlé: Peigín Uí Mhárta, Caitlín de Búrca, an tAire Stáit agus Deborah Nic Fhlanncha.

[Pic: Seán Ó Mainnín]


Bánú i dTeach Laighean

Grúpa ó BÁNÚ ag Teach Laighean

Tá ionadaithe ón eagraíocht BÁNÚ i dTeach Laighean an tseachtain seo chun cur i láthair a dhéanamh ag cruinniú den Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta, chun ‘Fadhb Thithíochta na Gaeltachta’ a phlé. Ar an toscaireacht ó Bhánú bhí Adhna Ní Bhraonáin ón dTeach Mór; Maitiú de hÁl ó Na Forbacha agus Donncha Ó hÉallaithe ó Na hAille.

Bunaíodh BÁNÚ thart ar sé mhí ó shin mar bhrúghrúpa faoi cheist na tithíochta sa nGaeltacht. Tá ceithre éileamh ag BÁNÚ maidir le réiteach a fháil ar an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht, ina measc tá éileamh á dhéanamh go mbeadh an chumhacht faoin reachtaíocht ag Údarás na Gaeltachta dul ag plé le soláthar tithíochta sa nGaeltacht do chainteoirí Gaeilge agus go mbainfí usáid as an chumhacht atá ag Roinn na Gaeltachta le deontais a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh áit chónaithe a thógáil sa nGaeltacht.

Nuair a chas an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien TD, le toscaireacht ón eagraíocht mí Feabhra seo caite, dúirt an tAire go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta tarraingt as an gciste atá ag an Roinn Tithíochta le tithe inacmhainne a chur ar fáil dá mbeadh aitheantas ag an Údarás mar Chomhlacht Ceadaithe Tithíochta nó AHB, mar a thugtar orthu. Tá litir seolta ag BÁNÚ chuig Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin, ag iarraidh air iarratas a réiteach le aitheantas a fháil don Údarás mar AHB, sa gcaoi is go bhféadfadh an tÚdarás dul ag plé le soláthar tithíochta sa nGaeltacht do chainteoirí Gaeilge.


Derby Peile Chois Fharraige

Táthar ag súil le slua mór ó Chois Fharraige ag an gcluiche peile ar an Satharn seo chugainn nuair a bheas na peileadóirí ón dá thaobh de Abhainn Boluisce ag casadh ar a chéile i Sraithchomórtas Peile na Gaillimhe (Roinn 3A): An Spidéal in aghaidh Cumann Micheál Breathnach ar Pháirc an Athar Mhic Shuibhne (Coláiste Chonnacht) ag 6.00pm. Go dtí seo tá dhá chluiche imeartha ag an dá fhoireann sa tsraith agus an dá fhoireann buailte faoi dhó agus folamh ar tábla na bpointí.

Seo an chéad uair le roinnt blianta ó casadh an dá fhoireann ó Chois Fharraige ar a chéile. Le roinnt beag blianta anuas tá na Breathnaigh ag imirt ag an ngrád idirmheánach, nuair a bhí An Spidéal ag imirt ag grád na sinsear. Ach chaill an Spidéal a áit sna sinsir an bhliain seo caite, rud a fhágann an dá fhoireann peile i gCois Fharraige sa ngrád céanna agus sa tsraith chéanna.

I mbliana tá roinnt imreoirí ón dá fhoireann nach bhfuil ar fáil, ach iad ar imirce san Astráil. Ach tá imreoirí óga nua tagtha chun cinn leis na bearnaí a líonadh agus iad ag cruthú go maith.


Ranganna Ióga trí Ghaeilge

Cuirfear tús le téarma nua ranganna ióga trí Ghaeilge an Déardaoin beag seo, 11 Aibreán. Is í Caoilfhionn de Bhaldraithe ó Sruth Yoga a bheas ag múineadh na ranganna seo, agus beidh siad ar siúl i Súil Eile Space, i mBearna, chuile thráthnóna Déardaoin ó 6.30pm go dtí 7.45pm.

Tá lascaine ar fáil ar na ranganna seo, urraithe ag Gaeilge ABC, agus is féidir spás a chur in áirithe ar shuíomh www.sruthyoga.com, nó trí theagmháil a dhéanamh le Caoilfhionn ag 087 627 5626.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €6,400 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 7, 8, 12, 17.

 

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

 

  • Mairéad Bn. Uí Neachtain, Baile na hAbhann;
  • Sarah O’ Toole, An Lochán Beag;
  • Timmy O’ Toole, Na Minna;
  • Orlaith Ní Churraoin, An Cnocán Glas.

 

Frances Uí Churrain, An Choill Rua, Indreabhán, a fuair duais an díoltóra.

 

6,500 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Iomáint (Sóisear A): Ml Breathnach 1 – 15, Bearna/Na Forbacha 1 – 15.

Iomáint (Sóisear A): An Spidéal 0 – 14, Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach 1 – 11.

Iomáint (faoi 15A1): Ml Breathnach 5 – 04, Castlegar 1 – 10.

Peil (Roinn 17B): Ml Breathnach 0 – 04, An Cheathrú Rua 2 – 09.

Peil(faoi 15A): Ml Breathnach 4 – 19, Athenry 4 – 07.

Peil(faoi 15, Roinn III): An Spidéal 5 – 17, Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach 1 – 04.

Peil (faoi 13, Roinn IV): An Spidéal 9 – 05, Fr. Griffin’s Éire Óg 4 – 03.


10 Aibreán 2024