Cartlann Nuachta: 10 Bealtaine 2017
Craobh na hÉireann do Choláiste Chroí Mhuire
Róise Nic Dhonnagáin (Idirbhliain) agus Bróna Ní Uallacháin ó Choláiste Chroí Mhuire an Spidéil ag an bhFéile Náisiúnta Scoildhrámaíochta i Muileann gCearr, áit ar bhain dráma a scríobh Bróna an gradam don Dráma Nuascríofa ab Fhearr ag an bhféile, ‘Ceann Scríbe’. Bronnadh an gradam don Aisteoir ab Fhearr ag an bhFéile ar Róise, as a páirt sa dráma a scríobh Bróna.
D’éirigh le daltaí ó Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal trí dhuais a chrochadh leo ag an bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta, a bhí ar siúl sa Muileann gCearr an tseachtain seo caite.
D’éirgh le lucht idirbhliana na scoile Comórtas 11 a thabhairt leo leis an dráma ‘Ceann Scríbe,’ ach anuas air sin bronnadh an gradam don Léiriú is Fearr ar Nuadhráma orthu. Fuair Róise Nic Dhonnagáin an duais don Aisteoir ab Fhearr, as a páirt sa dráma ‘Ceann Scríbe,’ dráma nua as an bpíosa a chum Bróna Ní Uallacháin, múinteoir sa scoil, i dteannta lucht na hIdirbhliana.
Bronnfar na duaiseanna ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh ar an gCéadaoin seo chugainn, 17 Bealtaine.
Peil na mBan
Foireann Sóisir Chumann Micheál Breathnach (Peil na mBan) a bhuail Bóthair na Trá i gcluiche an-drámatúil ar an Domhnach seo caite leis an scór 6 – 09 in aghaidh 4 – 11.
Ar chúl ó chlé: Mary Ní Fheinneadha, Maela Ní Choistealbha, Aisling Ní Chonchubhair, Orlaith Ní Dhireáin, Caitríona Ní Churraoin, Sinéad Ní Mhaoláin, Siobhán Ní Chonghaile, Áine Ní Mhaoláin, Anna Ní Ódhráin Ní Mhurchú, Ciana Ní Churraoin, Rosie Nic Dhubhghaill, Becky Ní Éallaithe.
Chun tosaigh, ó chlé: Katie Breathnach, Sadhbh Howlin, Majella Nic Dhonnacha, Fiona Nic Dhonnacha, Sinéad Ní Chonchubhair, Ciara Ghriallais, Caoimhe Ní Choistealbha, Niamh Ní Chonaill, Sadbh Ní Cheallaigh, Fódhla Ní Bhraonáin, Aghna Nic Dhonncha.
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige atá i mbun cleachtaithe faoi láthair le haghaidh dul ar an gclár ‘Teach an Chéilí’, a bhíonn ar RTÉ Raidió a hAon gach oíche Shathairn.
Ó chlé: Damhnait Ní Fhátharta, Ríona Howlin, Sadhbh Laila Riggott, Síofra Ní Scanláin, Éabha Ní Chonghaile, Neasa Nic Dhonncha, Caitríona Ní Mhathúna, Amanda Ní Bhrádaigh, Cormac Ó Tuairisc, Éanna ó hÉanaigh, Lughán Mac An Iomaire, Séaghan Ó Braonáin, Éamonn Ó Ceallacháin, Iarfhlaith Canny, Labhaoise Ní Bhéarra.
Glanadh Suas i gCois Fharraige
Ar an Satharn seo caite bhí Glanadh Suas ar bun i ndá áit i gCois Fharraige, sna Forbacha, eagraithe ag an gCoiste Pobail, agus i bParóiste an Chnoic, eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige.
Is le tacaíocht ón gComhairle Chontae a eagraíodh an Glanadh Suas san áit agus ar an Luan thug an Comhairle Chontae leo na málaí brúscair.
Grúpa beag de dheichniúr a bhí ag bailiú i bParóiste an Chnoic agus d’éirigh leo na hAille, an Lochán Beag agus an Teach Mór a chlúdach agus cuid de Chorr na Rón. Bhí roinnt mhaith den Teach Mór déanta cheana ag grúpa as an mbaile sin roinnt seachtainí ó shin.
Tá an Cnoc agus na bailte soir uaidh le déanamh fós agus más mian le daoine ó na bailte sin iad féin a eagrú, tá málaí dubha agus láimhíní le fáil ón gCumann Forbartha.
Aonach Tailteann
Fógraíodh ag ócaid i Ros Muc ar an Domhnach seo caite go bhfuil Aonach Tailteann le bheith ar bun i gCois Fharraige mí Lúnasa seo chugainn. Is comórtas úrnua idirGhaeltachta don spórt agus do na healaíona atá i gceist.
Ba í Caitlín Ní Chualáin, buaiteoir Chorn Uí Riada 2016 agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a sheol an comórtas go hoifigiúil. Ar chuid de na himeachtaí sin beidh an snámh farraige, an choraíocht Ghaelach, an lúthchleasaíocht, amhránaíocht ar an sean-nós agus lúibíní. Is comórtas do mhuintir na Gaeltachta, óg agus fásta, é Aonach Tailteann.
I dTreo an tSolais
Ghlac os cionn 350 duine de gach aoisghrúpa páirt sa tsiúlóid/rith ‘I dTreo an tSolais’, maidin Dé Sathairn seo caite sa Spidéal. Níor thóg sé ach 33 noiméad ar an gcéad bheirt an cúrsa 7km a rith. Is ag 6.45am a bhain na siúltóirí deireannacha an ceann scribe amach ag an monarcha a bhíodh ag Marsh, in aice le Ceardlann an Spidéil.
Ba é seo an chéad uair dhó a bheith ar bun sa Spidéal agus is cinnte go bhfuil an lucht eagraithe thar a bheith sásta leis an méid airgid a bailíodh don charthanacht Pieta House, a chabhraíonn le daoine in ísle brí agus a thugann tacaíocht do theaghlaigh a bhíonn ag iarraidh déileáil le duine den chlann a chuireann láimh ina bhás féin.
Bhain chuile dhuine sásamh as an ócáid a bhí go hálainn, agus bhí fáilte roimh an tae, an caifé, na ceapairí agus an t-arán tar éis na siúlóide. Ach is beag aitheantais a tugadh do theanga Chois Fharraige agus bhí díomá ar roinnt daoine ó tharla nach raibh ach dhá fhocal Gaeilge le feiceáil ar bhallaí na monarchan, cé gur Gaeilge a bhí le cloisteáil ó 90% den dream a thóg páirt sa tsiúlóid.
Cois Fharraige sa gCluiche Ceannais Sacair
Bhí slua mór bailithe isteach i bPáirc Astro na Ceathrún Rua Dé Domhnaigh seo caite, lena gcuid tacaíochta a theaspáint d’fhoireann Sacair Chois Fharraige. Ba dheas an rud é go raibh roinnt mhaith d’fhoireann Sinsir Chumann Mhicheál Breathnach i láthair le tacaíocht a thaispeáint dá gcomhleacaithe spóirt, ag imirt in aghaidh foireann ó Ros Comáin, i gcluiche leathcheannais Sciath Chonnachta.
Bhí cluiche crua géar idir buachaillí Cois Fharraige agus Ceiltigh Cam ó Ros Comáin. Ní bheadh sé ceart moladh faoi leith a thabhairt d’aon imreoir, mar bhí sár-chluiche acu ar fad mar fhoireann agus is maith mar a shaothraigh siad an bua leis an scór 2 in aghaidh 1, le áit a fháil sa gcluiche ceannais.
Seo é an fhoireann: Eoin Ó Coisdealbha; Dara Mac Dubhghaill; Cuán Mac Dughbhuil; Tommy Conneely; Declan Ó Cualáin; Ciarán Seoighe; Martin Curran; Cathal Ó Conghaile; Dónal Kelly; Leon Mac Lochlainn (Captaen); Chris Beatty; Mikey Ó Conaire; Lúc Ó Riada, Cóil Ó Coisdealbha; Eoin Ó Céidigh; Liam Mac Donnacha; Gerry Curran.
Traenálaithe: Aodán Ó Maoileoin; Niall Mac Diarmada agus John Dunworth.
Cillín sa bPoitín
Tá oíche mhór damhsa is spraoi le bheith ar bun i gCois Fharraige ar an 19 Bealtaine, seachtain ón Aoine seo, nuair a bheas Cillín ag cur an ceol ar fáil sa Lounge ar chúl an Phoitín Stil. Sé Cillín ceann de na grúpaí ceoil is mó a tharraingíonn daoine.
Le linn na hoíche beidh comórtas jiveála agus walsála ann chomh maith agus neart duaiseanna le buachaint ar an oíche.
Ta an oíche á eagrú ar mhaithe le Ciste Cuimhneachán an ‘Mine’, le airgead a bhailiú don deireadh seachtaine cuimhneacháin, ar an naonúr a maraíodh leis an ‘mine’ 100 bliain ó shin.
Tá ticéid le fáil faoi láthair ó bhaill an choiste, ó Oifig an Chomharchumainn, ó Oifig an Chomhar Creidmheasa, ó Shiopa an Phobail, ón bPoitín Stil, ó Tigh Chualáin agus ó bhaill an Choiste Cuimhneacháin. Níl ach €5 ar ticéad.
Comórtas Peile Gael Linn
Beidh Féile Peile Gael Linn Chonnachta á reáchtáil in Indreabhán, ar an Máirt agus an Céadaoin 23/24 Bealtaine i mbliana. Eagraíonn Gael Linn na féilte seo i ngach cúige go bliantúil anois le cabhair ó choistí áitiúla, chun deis a thabhairt do pháistí ó bhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna teacht le chéile in atmaisféar taitneamhach agus sóisialta. Tá an oiread sin spéise á léiriú iontu le tamall de bhlianta go mbíonn ar fhoirne cáiliú trí réamhbhabhtaí le bheith páirteach!
Cuirfear tús leis an scléip nuair a chruinneoidh na hocht bhfoireann ar fad le chéile ag Páirc CLG Mícheál Breathnach ag 2.30p.m. ar an Máirt. Seo a leanas na bunscoileanna ó Chonamara a bheas páirteach sa bhFéile Peile i mbliana: Scoil Éinne, An Spidéal; Scoil Sailearna, Indreabhán; Scoil Mhuire, An Tuairín agus Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua. Beidh roinnt Gaelscoileanna páirteach sa gcomórtas chomh maith: Gaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart; Gaelscoil Raifteirí, Caisleán an Bharraigh; Scoil Iognáid, Gaillimh agus Gaelscoil Dara, An Rinn Mhór, Gaillimh.
Foirne meascaithe de naonúr imreoir a bheidh i gceist, agus de réir na rialacha, caithfidh ar a laghad ceathrar cailíní a bheith ar an bpáirc i gcónaí! Beidh trí chluiche ag gach foireann, agus rachaidh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin an Chraobh Cúige.
Ní hamháin ar an bpáirc imeartha a bheidh an spórt, ar ndóigh! Cuirfear lóistín ar fáil do na cuairteoirí go háitiúil, agus beidh deis acu cairde nua a dhéanamh i measc buachaillí agus cailíní ó scoileanna eile! Eagrófar imeachtaí ar nós tráth na gceist boird, ceolchoirm agus céilí dóibh mar chuid den ócáid le go mbeidh gach éinne a bhéas i láthair in ann sult agus tairbhe a bhaint as an bhFéile!
Seandálaíocht i gColaiste Cholmcille
Thug aoi-chainteoir, an Dr. Mags Mannion ó Roinn na Seándálaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, cuairt ar an Idirbhliain Staire i gColáiste Cholm Cille ar an Aoine seo caite. Bhain sí úsáid as sleamhnáin chun seó den scoth a chur i láthair. Labhair sí faoi obair an tseandálaí agus thug léi éagsúlacht samplaí de lear mór lámhdhéantúsáin, ar nós tuanna, claíomhanna agus seodra ó aoiseanna éagsúla anuas tríd an stair. Fuair na scoláirí ansin seans na húirlisí seo a láimhseáil iad féin. B’iontach an tairbhe agus taitneamh a bhain na scoláirí as an gcuiart seo. Chomh maith leis sin, tugann cuairt mar seo beocht agus dáiríreacht don stair mar ábhar.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
Peil na mBan (Sóisear A): Ml. Breathnach 6 – 09, Bothar na Trá 4 – 11.
Peil (Roinn 7): Ml. Breathnach (CONC), Gaeil na Gaillimhe 0 – 00.
Peil (Mionúr): Ml. Breathnach 2 – 09, An Cheathrú Rua 2 – 11.
Peil (faoi 14): Ml. Breathnach 5 – 07, Uachtar Ard 6 – 06.
Iomáint (Idirmheánach): Spidéal 0 – 10, Rathún/Caisleán Nua 0 – 20.
Iomáint (faoi 14 B): Cois Fharraige 1 – 01, Caiseal Gearr 3 – 07.
Iomáint (faoi 14 C): Ml. Breathnach 0 – 00, Pádraig Pearses (CONC).
10 Bealtaine 2017