Cartlann Nuachta: 10 Deireadh Fómhair 2018
Ceolchoirm Mhór sa tSeanscoil
Mar chuid d’Fhéile Leabhar Chois Fharraige beidh “Ceolchoirm na gCumadóirí” le Pádraig Jack, Róisín Seoighe agus IMLÉ (cumadóirí nua-amhráin Ghaeilge) ar siúl oíche Shathairn, 13 Deireadh Fómhair.
Is Árannach é an cumadóir amhrán Pádraig Jack. Bíonn sé ag gigeáil ina aonair timpeall na tíre agus sheinn sé roimh ghigeanna na Saw Doctors, Donal Lunny, Mick Flannery, The 4 of Us agus John Spillane. Bhuaigh sé an dara duais sa gComórtas Amhrán PanCheilteach leis an amhrán “I bhFostú sa bhFiántas”.
Is as Ros a’ Mhíl do Róisín Seoighe. Ag aois 16 bhuaigh sí an chéad duais sa mbabhta náisiúnta sa gComórtas Amhrán PREDA 2015, lena hamhrán dátheangach “Freedom Song”. Bronnadh gradam na hirise ‘Nós’ uirthi don amhrán nua-chumtha ab fhearr ag babhta ceannais Scléip Ghael Linn 2018. Ghlac sí páirt freisin sa seó “Aisling?” a bhí ar camchuairt timpeall na nGaeltachtaí, i mBleá Cliath agus i nGallimh.
Banna ceoil neamhghnách é IMLÉ atá lonnaithe i mBleá Cliath. Is as Casla do Phádraig Ó Conghaile, ball den ghrúpa. Bíonn meascán de raip, filíocht agus ceol nua-aimseartha acu, i stíl nár chualathas móran de i nGaeilge go dtí seo. Sheinn iad ag an Electric Picnic, Féile na Bealtaine, Liú Lúnasa, IMRAM agus i mbliana ag Celtic Connections i nGlaschú, áit a raibh an teach lán go doras dóíbh. Tá said ag obair ar an dara albam le Gael Linn faoi láthair.
Is €12/10 an praghas atá ar na ticéid don cheolchoirm agus iad ar díol sa Spailpín Fánach i gCeardlann an Spidéil agus in oifig Chomharchumainn Shailearna. Osclóidh na doirse ag 8.30 ar an Satharn, 13 Deireadh Fómhair.
Tá imeachtaí eile na Féíle Leabhar saor in aisce.
Tá clár na féile ar fáil mar PDF anseo: Féile Leabhar CF 2018 – Clár
An Banna Ceoil Imlé, a bheas ag seinm ag Féile Leabhar Chois Fharraige
Rang Nua Gaeilge do Bhunfhoghlaimeoirí
Ag tosaí ar an Luan seo chugainn, 15 Deireadh Fómhair, beidh rang nua Gaeilge ag tosaí sa Spidéal atá dírithe go príomha ar bhunfhoghlaimeoirí, sé sin daoine a d’fhoghlaim Gaeilge ar scoil ach nach bhfuil sí acu anois.
Tá an rang seo á eagrú ag Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige, san ionad atá ag an gclub i dTeach Hastings, Baile an tSagairt. Tá an teach ar Bhóithrín Baile an tSagairt, thar an ionad tionsclaíochta, ar thaobh na láimhe deise, bungaló bán le fógra mór Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige sa bhfuinneog.
Leanfar cúrsa TEG sa rang seo (www.teg.ie). Is cainteoir dúchais as Conamara a bhfuil ardcháilíochtaí aici agus taithí na mblianta ag múineadh daoine fásta, a bheas á mhúineadh.
Tá breis eolais le fáil ó Ann ag an uimhir 087 3553101.
Bailte Slachtmhara
Aodán Mac Donncha, Comhlacht Forbartha an Spidéil, ar dualgas le linn Paráid na Féile Pádraig. Tá Aodán lárnach san obair a bhíonn ar bun sa Spidéal leis an sráidbhaile a choinneáil néata agus leis an áit a chóiriú le haghaidh Comórtas na mBailte Slachtmhara.
Tháinig An Spidéal sa tríú áit i gContae na Gaillimhe (Catagóir B) i gComórtas na mBailte Slachtmhara 2018, le feabhas ar na marcanna ó anuraidh. Fuair An Spidéal 305 marc i mbliana, i comparáid le 300 anuraidh.
Is féidir an mholtóireacht iomlán a léamh nó a íoslódáil mar PDF anseo: Moltóireacht – Comórtas na mBailte Slachtmhara 2018.
Torthaí Lotó
Ní raibh aon bhuaiteoir ar Lotó Chumann Micheál Breathnach nuair a rinneadh an tarraingt ar an Luan seo caite. Seo iad na huimhreacha a tarraingíodh: 8, 15, 22, 30.
- Breda Coyne, Na Mine, a fuair duais an díoltóra.
- Tommy Mullen, Caorán, Cor na Rón, a fuair dearbhán Tigh Dhurcáin.
- Micil Griffin, Baile na hAbhann, agus Brian Curran, Na hAille, a tarraingíodh amach an hata fuair siad €50 n duine.
Tá €5,800 anois sa bPota don chéad tharraingt eile.
Léacht faoi Ruairí Ó Flaithearta
Grúpa ag Teach Ruairí Uí Fhlaithearta
Ar an Déardaoin seo chugainn beidh an chéad léacht tar éis sos an tsamhraidh ar bun i gColáiste Chonnacht, eagraithe ag Cumann Seanchais is Staire Chois Fharraige. ‘Ruairí Ó Flaitheartaigh: Scoláire Iar Chonnacht (1629-1716) teideal na léachta a bheas á thabhairt ag Nollaig Ó Muiríle, iar léachtóir in Ollscoil an hÉireann Gaillimh agus saineolaí ar an tréimhse inar mhair Ruairí Ó Flaitheartaigh.
Ráiteas ón gComharchumann
Ag éirí as an gcruinniú poiblí a bhí ar bun seachtain ón Luan seo caite, 1 Deire Fómhair, le plé a dhéanamh faoin iarratas atá déanta ag Comharchumann Sailearna ar an sagart pharóiste, an tAthair Liam Ó Raghailligh, an talamh atá trasna ó Shéipéal an Chnoic a fháil ar mhaithe le Ionad Oidhreachta a thógáil, d’eisigh Comharchumann Sailearna an ráiteas seo:
Ag an gcruinniú poiblí a tugadh le chéile i Seanscoil Sailearna aréir (1 Deire Fómhair) faoi scáth Chumann Forbartha Chois Fharraige le plé a dhéanamh faoi shuíomh acra nó mar sin a chur ar fáil do Chomharchumann Shailearna, rinneadh plé oscailte ar an ábhar a bhí os comhair an chruinnithe, sé sin, Ionad Oidhreachta a thógáil ar an láthair seo atá faoi láthair cláraithe in ainm Iontaobhas Ard Deoise Thuama. Léirigh mórchuid na ndaoine a bhí i láthair tacaíocht don obair cheannródaíoch atá á chur chun cinn ag an gcomharchumann ón gcur i láthair spreagúil a rinne an bainisteoir, Morgan Ó Conchubhair don chruinniú. Nuair a bhí an phlé uile críochnaithe cuireadh an rún seo a leanas os comhair an chruinnithe le vótáil air:-
“Tugann an cruinniú poiblí seo de phobal an Chnoic moladh mór don chomharchumann as a bhfuil déanta aige do Chois Fharraige ó bunaíodh é ceithre bliana déag is fiche ó shin agus trustann muid é leis an talamh atá faoi láthair i seilbh Ard Deoise Thuama ar aghaidh an tSéipéil a chur ina sheilbh ar mhaithe le cur chun cinn na háite.”
Vótáil os cionn seachtó duine de mhuintir an pharóiste ar son an rúin agus triúr a vótáil ina choinne.
Scéal faoin bPost, Indreabhán
Tá litir faighte ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ón bPost maidir leis an athbhreithniú ar an gcinneadh go ndúnfaí Oifig an Phoist, Indreabhán. D’iarr an Cumann Forbartha athbhreithniú ar an gcinneadh ar an mbonn go bhfuil daonra an cheantair sách mór le Oifig an Phoist a choinneáil ann.
Deireann an litir gurb é cinneadh an Athbhreithneora go bhfuil ‘cinneadh An Post maidir le soláthar seirbhísí oifige poist in Indreabhán déanta de réir an Phrótacail, agus go háirithe de réir na bhforálacha maidir le tairsigh daonra agus achair’ agus seasann an cinneadh a rinne An Post, Oifig an Phoist in Indreabhán a dhúnadh.
Dúirt urlabhraí ón gCumann Forbartha go bhfuil an-díomá le cinneadh an Athbhreithneora, go speisialta nuair atá thart ar 1,800 duine ina gcónaí taobh istigh de 2.5km ó Shiopa an Phobail, Indreabhán. Beifear ag iarraidh ar na Teachtaí Dála áitiúla ceist a chur sa Dáil faoi.
Peil Chois Fharraige
Ar an Domhnach seo caite, is beag nach Gaeilge ar fad a bhí le cloisteál i Staid an Phiarsaigh, mar go raibh trí fhoireann Gaeltachta páirteach sna cluichí leathcheannais sa gCraobhchomórtas Idirmheánach Peile.
D’imir Cumann Micheál Breathnach in aghaidh Oileáin Árann. Deich noiméad le dul ní raibh ach aon chúilín idir na fóirne agus cóir na gaoithe ag na hÁrannaigh nuair a scóráil Dinny Ó hÉallaithe cúl do Chumann Micheál Breathnach. Ach má scóráil choinnigh na hÁrannaigh orthu agus scóráil siad trí chúilín i ndiaidh a chéile chun an bhearna a laghdú go dhá chúilín: 1 – 09 do Chois Fharraige in aghaidh 1 – 07 do Oileáin Árann.
Chuaigh sé rite leis an An Spidéal an ceann is fearr a fháil ar Áth Chinn sa darna cluiche ar an Domhnach. Ag leath ama bhí an dá fhoireann ar comhscór, le cúig chúilín an taobh. Ag tús an darna leath, cé go raigh an ghaoth ina n-aghaidh, d’éirigh le Áth Chinn trí chúilín a scóráil. Choinnigh Antaine Ó Laoi agus Mánus Breathnach buachaillí Cois Fharraige sa gcluiche le cúilíní ó shaorchiceanna. In am gortaithe bhí an dá fhoireann ar comhscór, nuair a thug An Spidéal an fear ionaid Aodán Ó Curraoin isteach ar an líne tosaigh agus bháigh sé an pheil san eangach. Fuair Mánus Breathnach cúilín breise ó chic saor leis an bua a chinntiú do bhuachaillí An Spidéil.
Beidh an dá fhoireann ó Chois Fharraige ag castáil le chéile seachtain ón Satharn seo chugainn le socrú cé acu a bheas ag filleadh ar ghrád an tsinsir an chéad bhliain eile.
Foireann Idirmheánach na mBreathnaigh
An Club Scannán
Mír as an scannán ón A CAMBODIAN SPRING, a bheas á thaispeáint anocht i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosaí ag 8.15pm. Baineann an scéal le feachtas a troideadh i Phnom Penh chun tithe cois locha a shábháilt ó na forbróirí, a bhí ag iarraidh iad a leagan.
Ar an Déardaoin seo, 11 Deireadh Fómhair, beidh an scannán faisnéise A CAMBODIAN SPRING á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, ag tosaí ag 8.15pm.
Thóg sé sé bliana ar an Éireannach, Chris Kelly, an scannán faisnéise a dhéanamh agus é ag leanacht an scéal faoin mbealach a raibh na húdaráis agus na forbróirí ag iarraidh daoine bochta i Phnom Penh a chur amach as a dtithe cois locha. Cuireann an scannán síos ar an bhfeachtas calma a throid na mná lena dtithe a shábháil ó na bulldozers, ach ní chríochnaíonn sé go maith dóibh.
Torthaí Spóirt
Peil (Idirmheánach): Spidéal 1 – 10, Headford 0 – 09.
Peil (Idirmheánach): Ml Breathnach 1 – 09, Oileáin Árann 1 – 07.
Peil (faoi 16, R1): Ml Breathnach 2 – 15, Caherlistrane 0 – 09.
Peil (faoi 16, R2): Spidéal 3 – 07, Tuam Stars 1 – 11.
Peil (Sóisear B): Spidéal 2 – 12, Oileáin Árann 1 – 13.
Iomáint (faoi 15, C): Ml Breathnach 1 – 13, Port Omna 6 – 12.
Iomáint (faoi 15, B): Cois Fharraige 2 – 13, Ard Rathain 0 – 08.
Sacar (Roinn 2): Cois Fharraige 1, Claregalway 0.
Camógaí (Sóisear A): Cois Fharraige 0 – 08, Dr. an Chláirín 2 – 12.
10 Deireadh Fómhair 2018