Cartlann Nuachta: 10 Feabhra 2021

Cuan Chasla

Chuan Chasla ó Ros a Mhíl

Radharc geimhriúil trasna Cuan Chasla ó Ros a’ Mhíl.

[Pictiúr: Caitlín Ní Shé]


Tímín Joe Tim Ó Curraidhín

Timín Ó Curraidhín

Timín Joe Tim Ó Curraidhín ón gCnocán Glas, An Spidéal, a cuireadh i Reilig an Chnoic ar an Luan seo caite, tar éis dhó bás a fháil in Oispidéal Ollscoil na Gaillimhe.

Bhí baint ag Timín le mórán gach rud a baineadh amach ar mhaithe le dul chun cinn an phobail i gCois Fharraige le breis is leathchéad bliain.

Is cinnte murach Covid go mbeadh Séipéal an Chnoic lán ar an Luan seo caite le haghaidh Aifreann socraide Timín Joe Tim Ó Curraidhín, laoch pobail a bhfuil lorg a láimhe fágtha aige ar phobal Chois Fharraige. Bhí baint ag Timín le tógáil Choláiste Lurgan, le Scéim Uisce an Chnoic, le athbhunú Chumann Micheál Breathnach, le Comharchumann Chois Fharraige, le forbairt na páirce agus an pionúr liathróid láimhe ar an gCnoc agus le traeneáil na gcéadta daoine óga thar na blianta sa liathróid láimhe. Níl ansin ach cuid de na nithe a rinne Timín ar mhaithe lena phobal a chur chun cinn.

Ghoill sé go mór ar Thimín nuair a fuair a sheanchomrádaí agus a chomharsan, Joe Steve Ó Neachtain, bás bliain ó shin. Ina fhir óga bhí an bheirt acu páirteach in Aisteoirí an Spidéil. Bhí nasc leanúnach ag Timín le Aisteoirí an Spidéil le thart ar trí scór bliain. Bhí sé ar dhuine den chliar iomráiteach a bhain cáil náisiúnta amach sna seascaidí leis An Strainséara Dubh agus Oíche na Marbh. Níor chaill sé léiriú ar bith dá gcuid thar na blianta fada sin.

Ní móide go bhfuil aon duine i gceantar an Spidéil a raibh oiread eolais aige ar stair agus ar sheanchas an cheantair. Is iomaí gné de stair an phobail a ndearna Timín taighde orthu agus chuir sé suim ar leith sna tiarnaí talún le roinnt blianta anuas. Chuireadh Timín go mór leis an bplé ag na seisiún a bhíodh á reáchtáil ag an gCumann Staire agus Béaloidis i gColáiste Chonnacht.

Threoraíodh Timín siúlóid bhliantúil thart ar cheantar an Spidéil mar chuid d’Éigse an Spidéil. Ba é Timín a chinntigh go ngreanfaí ar chloch na pointí suntais ar an gcosán breá siúlóide cois cladaigh idir an Dumhach Mhór agus an Chéibh Nua sa Spidéal. Bhí Timín ar dhuine den mheitheal a chuir Cill Éinde – Céad Bliain, ceiliúradh ar thógáil an tséipéil sa Spidéal, i dtoll a chéile agus b’iontach go deo an líon pictiúr agus léaráidí a thiomsaigh sé ina chomhair.

Bronnadh gradam Laoch an Traidisiúin de chuid Éigse an Spidéil air sa mbliain 2016 mar aitheantas ar a raibh curtha i gcrích aige go deonach in imeachtaí cultúir, spóirt agus forbartha sa gceantar.

Is méala mór a bhás dá bhean Baibín, dá chlann Deirdre, Clíodhna, Josie, Tadhg, Mac Dara agus Aonghus, dá gharchlann agus don phobal ar fad i gCois Fharraige a raibh sé de phribhléid acu aithne a chur ar fhear a bhí fial flaithiúil lena chuid ama, a chuid eolais is a chuid saothar agus é ag obair ar mhaithe le pobal Chois Fharraige. Suaimhneas síoraí lena anam uasal.


Cruinniú faoin Muileann Gaoithe ar an gCnoc

Tuirbíní Gaoithe - An Cnoc

Na muilte gaoithe ar an mBóthar Buí

Bhí breis is trí scór páirteach sa gcruinniú eolais ar Zúm a d’eagraigh Cumann Forbartha Chois Fharraige Dé hAoine seo caite le go mbeadh deis ag Natural Forces Renewable Ltd eolas a thabhairt do phobal Chois Fharraige faoin iarratas atá déanta ag an gcomhlacht le cead pleanála a fháil le muileann gaoithe nua a chur in airde ar thalamh ar an mBóthar Buí, taobh ó thuaidh de na muilte gaoithe atá ann cheana.

Muileann gaoithe 125m ar fhad atá beartaithe, 25m níos airde ná na cinn atá ann cheana, agus má ceadaítear é beifear ag súil go mbeidh an tuirbín in ann 5 Megawatt de leitreachas a ghiniúint.

Bhí beirt ionadaí ó Natural Forces Renenables i láthair ag an gcruinniú agus mhínigh siad gur scéim pobail a bheadh ann, sa méid is go mbeadh ar a laghad 51% de na scaranna ag an bpobal.

Céard é an pobal? B’shin an cheist nár freagraíodh go sásúil. Bhí ceisteanna eile ann, curtha ag daoine ó Leithrinn agus Baile na mBroghach agus imní orthu faoin mbealach a d’féadfadh an muileann gaoithe cur as dóibh. Labhair daoine faoin scáil ón ngrian le linn an tsamhraidh agus í ag dul faoi, nuair a bhíonn ga na gréine ag preabarnach de bharr casadh na lann ar an muileann gaoithe. Dúradh go gcuirfí uimhir gutháin ar fáil do na tithe sa gcaoi is go bhféadfaidís glaoch a dhéanamh leis na muilte a stopadh ar feadh tamaill.

Tugadh le fios ag an gcruinniú go mbeidh ról tábhachtach sa tionscnamh ag Comharchumann Sailearna Teo., sa mhéid is go bhfuil aitheantas ag an gcomharchumann mar SEC (Sustainable Energy Community). Tá an t-iarratas pleanála anois leis an gComhairle Chontae (Uimh 21/83) agus beidh deis ag daoine go dtí deireadh na míosa seo aighneachtaí a chur isteach ag rannóg pleanála an Chomhairle Chontae faoin iarratas.


Gearrscéalta Uí Chadhain

mairtin_o_cadhain_rogha_scealtaFIOS an chéad ghearrscéal eile de chuid Mháirtín Uí Chadhain a bheas á phlé ar an gcóras Zúm, an Domhnach seo chugainn, 14 Feabhra.

Tá an scéal le fáil sa leabhar Cois Caoláire. Sé Séan Ó Cadhain ón gCnocán Glas, nia le Máirtín Ó Cadhain, a roghnaigh an scéal agus a bheas i gceannas ar an seisiún.

Is scéal barrúil atá ann bunaithe ar chomhrá idir triúr fear ar an gcladach agus iad ag coinneáil súil ghéar ar dhuine de na comharsana. Rinne Aisteoirí an Spidéil cúpla léiriú den scéal thar na blianta.

Foilsíodh an gearrscéal sa leabhar Cois Caoláire ar dtús, ach tá sé ar fáil chomh maith sa mbailiúchán Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta.

Níl le déanamh le páirt a ghlacadh sa bplé ach an scéal a léamh agus an nasc Zúm a fháil ó Khatie Ní Loingsigh ag optchoisfharraige@nullgmail.com.


Cruinniú an Chumann Camógaí

Camógaí 2019

Cumann Chamógaíochta Chois Fharraige ag glacadh páirt i bParáid Lá ‘le Pádraig ar An Spidéal 2019.

Bhí an cruinniú cinn bhliana ag Cumann Camógaíochta Chois Fharraige an tseachtain seo caite agus roghnaíodh an coiste seo a leanas leis an gcumann a reáchtáil don bhliain seo.

Cathaoirleach: Máirtín Ó Dubhbhaill.

LeasChathaoirleach: Martina Ní Ghabháin.

Rúnaí: Caitríona Ní Chonchubhair.

LeasRúnaí: Síle Bhreathnach.

Cisteoir: Máirín Ní Chonghaile.

LeasChisteoirí: Esther Ní Chonghaile, Síle Bhreathnach, Hannah Ní Dhoimhín.

Oifigeach Cúram Leanaí: Áine Ní Chonchubhair.

Oifigigh Caidreamh Poiblí: Treasa Ní Chadhain agus Áine Ní Dhubhghaill.

Bainisteoirí: Caitríona Ní Ghriallais (faoi 8); Martina Ní Ghabháin (9-10); Síle Bhreathnach (11-12); Micheál Darby Ó Fátharta (13-14); Martina Ní Ghabháin agus Máirín Ní Chonghaile (15-16); Máirtín Ó Dubhghaill, Philip Ó Márta, Máirín Ní Chonghaile (17-18).

An Fhoireann Shóisearach: Máirtín Ó Dubhghaill, Máirín Ní Chonghaile, Martina Ní Ghabháin agus Caitríona Ní Chonchubhair.


Ceoltóirí Óga Chois Fharraige Ar Ais

Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag casadh i Seanscoil Sailearna 2018.

Beidh Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag tíocht le chéile ar an Domhnach seo chugainn, 14 Feabhra, ar an gcóras Zúm. Chomh maith leis sin, beidh seisiún i gceann coicíse, ar an Domhnach, 28 Feabhra, do thosaitheoirí.

Tá níos mó eolais le fáil faoi na seisiúin agus cén bealach ar féidir a bheith páirteach iontu ach ríomhphost a sheoladh chuig: ceoltoiriogachoisfharraige@nullgmail.com.


Cuisle Chois Fharraige

Tá tús curtha le togra suimiúil ‘Cuisle Chois Fharraige’ ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige i gcomhar le Cumann Forbartha Chois Fharraige. Taisce eolais a bheas ann faoi cheoltóirí, amhránaithe, damhsóirí, scríbhneoirí, scéalaithe agus ealaíontóirí Chois Fharraige, beo agus marbh. Crochfar na saothair seo ar fad ar an suíomh www.coisfharraige.ie, áit a mbeidh an pobal áitiúil agus lucht suime an chultúir Ghaelaigh in ann teacht air, áit ar bith ar fud an domhain.

Is in ómós don dream a choinnigh an cultúr beo san am atá thart, a thug misneach agus sólás dúinn le linn na dianghlasála agus a choinneoidh siamsaíocht arís linn nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse ghránna seo i saol na tíre, atá na daoine óga i mbun na hoibre. Dála go leor eile, b’uafásach mar a bhuail an phaindéim na healaíontóirí seo agus tuigimid anois níos mó ná riamh mar a saibhríonn siad ár saol agus táimid an-bhuíoch díobh”, a dúirt Odí Ní Chéilleachair ó Cheoltóirí Óga Chois Fharraige.

Is togra é seo atá dírithe ar an teaghlach ar fad agus iad ag obair sa mbaile faoi shrianta Covid 19. Cé go bhfuil tús curtha ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige leis an togra seo, le cúnamh ón gCumann Forbartha, níl sé teoranta in aon bhealach ach oscailte don phobal. Is féidir le daoine cúnamh a thabhairt trí eolas a bhailiú agus ailt a scríobh ar a rogha amhránaí, ceoltóir, scríbhneoir etc.

Tá súil amach anseo, ábhar físe agus fuaime a bhailiú agus go mbeidh bunachar sonraí úrnua agus tarraingteach ann don phobal. Tá plé ar bun le Traidphicnic freisin faoin togra seo, len é a fhorbairt tuilleadh. Is cinnte go mbeidh an-tóir ar an taisce a chuirfear le chéile amach seo.

Tá tuilleadh eolais le fáil ach dul i dteagmháil le Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag: ceoltoiriogachoisfharraige@nullgmail.com


Comóradh Ceathrar Chárna

Chárna

An leac a nochtaíodh ar an Satharn seo caite don cheathrar óglach ó Charna, a báthadh agus iad i mbun dualgais don IRA, ar an 6 Feabhra 1921.

Dé Sathairn seo chaite, in ócáid ar líne a d’eagraigh Sinn Féin, rinne an staraí Cormac Ó Comhraí cur síos cuimsitheach ar na heachtraí a thit amach i gConamara in Earrach agus Samhradh na bliana 1921, mar chuid de Chogadh na Saoirse sa gceantar. Bhí an ócáid eagraithe mar cuid den chomóradh a bhí ar siúl i gcuimhne ar cheathrar ball den IRA ó Carna: Seosamh Ó Caola, Seosamh Ó hUaithnín, Séamas Ó Fearráin agus Páraic Ó Cualáin a báthadh céad bliain ó shin, 6 Feabhra 1921, nuair a briseadh an bád ar na carraigeacha agus iad ag déanamh a mbealach ó Chárna go Cloch na Rón. Leagadh bláthfhleasc ag an leac ag Céibh an Choradáin, i Maíros i gcuimhne orthu.

Bhí botún sa mír a bhí againn an tseachtain seo caite faoin gcomóradh ar na baill den IRA ó Charna a báthadh. Tugadh le fios nár báthadh ach triúr. Fágadh ainm Seosamh Ó Caola ar lár sa mír an tseachtain seo caite.


Printíseachtaí

udaras-logoTá scoláireachtaí á dtairiscint arís i mbliana ag an Údarás do chainteoirí líofa Gaeilge ón nGaeltacht, do dhaoine óga a mbeadh fonn orthu traeneáil a fháil agus cailíocht a bhaint amach i réimse leathan ceirdeanna.

Is fiú €2,000 na scoláireachtaí seo. Glacfar le iarratais faoin Scéim Scoláireachtaí Printíseachta an Údaráis suas go dtí an 5 Márta. Tá an scéim scoláireachta oscailte do dhaoine óga, 16 bliain d’aois ar a laghad agus an scoil fágtha acu. Is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ar líne ag www.udaras.ie.

Tá Scéim na bPrintíseachtaí ar cheann de na scéimeanna is fearr a reáchtálann Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le óige na Gaeltachta agus is iomaí duine a bhfuil post maith acu a bhuíochas sin don scéim iontach seo.


Síneadh le Láithreacht HID Global i nGaeltacht Chonamara go 2022

Tugadh le fios do Bhord Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo caite go raibh sé dearbhaithe ag HID Global go mbeidh siad dhá bhliain eile ar an Tulach i gConamara. Tá sé beagnach dhá bhliain ó fógraíodh go raibh oibrithe HID Global le bogadh go Cathair na Gaillimhe, áit a bhfuil ionad nua á fhorbairt ag an gcomhlacht.

De bharr srianta COVID-19 cuireadh moill ar an bhforbairt i nGaillimh agus tá síneadh ama dhá bhliain faighe ag oibrithe an chomhlachta ar Eastát Gnó na Tulaí. Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin.


10 Feabhra 2021