Cartlann Nuachta: 10 Lúnasa 2015

10 Lúnasa 2015


Imreoirí Liathróid Láimhe ó Chois Fharraige i gCeanada

Liathróid Láimhe - Ceanada

Tá foireann láidir ó Chois Fharraige imithe go Ceanada, le haghaidh Comórtas an Domhain sa Liathróid Láimhe, atá ar bun i gCalgary an tseachtain seo. Sula ndeachaigh siad anonn bhronn Comhar Creidmheasa Cholmcille geansaithe orthu. Sa bpictiúr thuas tá Máirín Ní Chonghaile ón gComhar Creidmheasa ag bronnadh geansaí ar Bhobbaí Uí Áinle agus taobh léi tá Sabhbh Ní Fhlaithearta. Ina seasamh ar chúl sa bpictiúr tá an chuid eile de na himreoirí atá imithe anonn: Anna Ní Ódhráin-Ní Mhurchú, Ciana Ní Churraoin, Eimear Ní Bhiadha agus Áine Ní Dhroighneáin.


Taispeántas Chois Fharraige

Tá an clár do Thaispeántas Chois Fharraige eisithe agus na foirmeacha iontrála ar fáil anois. Ceann de mhórimeachtaí na bliana, reáchtáiltear Taispeántas Chois Fharraige ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair chuile bhliain. Chomh maith le capaillíní, bíonn caoirigh á thaispeáint agus cuirtear spéis faoi leith i gcomórtais na madraí.

Tá sé suntasach le roinnt blianta anuas an méadú atá tagaithe sna iontrálaithe sa roinn ar a dtugtar ‘An Garraí Glasraí’: léiriú é ar an spéis nua atá á cur sa gcuradóireacht.

Tá roinn ann do bhláthanna, a chuireann go mór leis an taispeántas sa halla. Cócaireacht baile roinn eile a mbíonn an-spéis ann. I mbliana beidh Corn Mary Kelly á bhronnadh ar an gCáca Donn is fearr. Ar ndóigh, ba chrann taca don taispeántas chuile bhliain í Mary Kelly, a fuair bás i rith na bliana.

Ní dhéantar dearmad ar an dream óg sna comórtais. Tá Coirnéal na nGasúr ann dóibh siúd atá faoi bhun 13 bliain d’aois agus tá roinn ann do na déagóirí chomh maith, ina bhféadfaidís a gcuid talann le ealaín, grianghrafadóireacht, obair ceardaíochta agus araile a chur ar taispeáint.

Tá liosta iomlán na gcomórtas le fáil ar an nasc seo: Clár TCF 2015. Is féidir na foirmeacha iontrála a fháil ó Aodán Mac Donnacha, Comhlacht Forbartha an Spidéil. Le bheith sa gclár a eisítear ar an lá, caithfidh na foirmeacha iontrála a bheith fágtha ar ais leis an táille cuí roimh 1 Meán Fómhair.

Ríona ar chapall II

Ríona Howlin ó Chor na Rón ag glacadh páirt sa gcomórtas marcaíochta ag Taispeántas Chois Fharraige dhá bhliain ó shin. Damien Ó Curraoin atá ag treorú an chapaill.


Cailíní Chois Fharraige sa gCluiche Leathcheannais Camógaí

Cois Fharraige: 6 – 9, Baile an Doirín: 2 – 4

Sa gcamógaí faoi 16 d’éirigh le cailíní Chois Fharraige an ceann is fearr a fháil ar fhoireann láidir ó Bhaile an Doirín, ar an Satharn seo caite, ar Pháirc an Chnoic, le áit a chinntiú i gCluiche Leathcheannais an Chontae faoi 16. Bhí cóir na gaoithe ag cailíní Chois Fharraige sa gcéad leath agus bhíodar trí chúilín chun tosaigh ag leath ama. Ach le cúnamh ón ngála gaoithe aneas a bhí ag séideadh isteach ó Chuan na Gaillimhe tháinig Baile an Doirín ar ais sa darna leath agus tar éis cúig noiméad fuair siad cúl chun na foirne a fhagáil cothrom. Ach in áit luí ar na maidí, thosaigh cailíní Chois Fharraige ag imirt le díocas nua agus le fuinneamh nach bhfaca muid sa gcéad leath.

I measc na gcosantóirí, bhí Tiffany Ní Choistealbha íontach mar leathchúlaí láir. Bhris sí suas go leor ionsaithe ó Bhaile an Doirín. Ní iontas ar bith í a bheith ar fhoireann na Gaillimhe faoi 16. Ag cosaint an chúl mar lánchúlaí, ghlan Éabha Ní Chonláin aon sliotar a tháinig ina treo.

Rinne an cúl báire, Síofra Ní Mhárta, cupla sábháil a bhí iontach tábhachtach sa darna leath agus sna tosaithe rinne Áine Nic Dhonnchadha agus Máire Ní Fhrighil na scóranna a thógáil aon uair a fuair siad an sliotar. Mar lán tosach scóráil Máire Ní Fhéinne dhá chúl gleoite.

Cois Fharraige: Síofra Ní Mhárta, Fionnuala Ní Mhárta, Éabha Ní Chonláin, Siobhán Ní Neachtain, Blanca Ní Dhonnabháin, Tiffany Ní Choistealbha (0-1), Áine Ní Laoi, Becky Ní Éallaithe, Aoife Nic Chormaic (0-4), Róisín Ní Dhiompsaigh, Maela Ní Choistealbha (1-0), Aoife Nic Dhonnchadha (1-4), Katie Ní Fheinneadha, Mary Ní Fhéinne (2-0), Máire Ní Fhrighil (2-1)

Ionadaithe: Fionnuala Grunnell, Aisling Ní Chonghaile, Bláithín Ní Chonghaile, Beibhinn Breathnach, Ailbhe Breathnach, Sinéad Ní Chonchúir.

Máire Ní Fhrighil ar ruathar
Máire Ní Fhrighil ón gCoismeig Mór ar an ionsaí agus í ag imirt le Foireann Camógaí Chois Fharraige. D’imir Máire sár chluiche in aghaidh Baile an Doirín le gairid.


Cailíní Chois Fharraige ar Fhoireann Camógaí na Gaillimhe

Tá seisear cailíní ó Chlub Camógaí Chois Fharraige tar éis áit a fháil ar fhoireann na Gaillimhe ag aoisghrúpaí éagsúla. Ar an Satharn seo chugainn, 15 Lúnasa, beidh Tiffany Ní Choistealbha ó Chorr na Rón ag dul chun páirce i gCluiche Leathcheannais na hÉireann faoi 16, ag imirt mar lánchúlaí láir. Sa gcomórtas faoi 16 bhuail cailíní na Gaillimhe chuile fhoireann ar chas siad leo go dtí seo agus má éiríonn leo Baile Átha Cliath a chloí ar an Domhnach, i bPáirc Uí Nualláin, Cill Chainnigh, beidh siad i gCluiche Ceannais na hÉireann in aghaidh na mbuaiteoirí idir Tiobraid Árann agus Corcaigh.

I gCill Chainnigh ar an Satharn seo chugainn chomh maith beidh triúr eile ó Chlub Camógaí Chois Fharraige ar fhoireann na Gaillimhe faoi 15: Éabha Ní Chonláin ó Bhaile an tSagairt, An Spidéal, Aoife Nic Chormaic ó Sheanadh Mhóinín, An Spidéal, agus Máire Ní Fhrighil ón gCoismeig Mór, Na Forbacha.

Chomh maith leis sin tá Áine Ní Laoi ó Bhaile an tSagairt, An Spidéal, ar an bhfoireann faoi 14 agus tá Aoife Ní Dhonnchadha ón Tulach ar fhoireann na Gaillimhe faoi 13.


Ábhar á chuartú le haghaidh BISEACH

Biseach

Beidh an iris BISEACH á foilsiú aríst i mbliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige. Tá ábhar don iris á lorg faoi láthair. Ba bhreá leis an gCoiste Eagarthóireachta ábhar a fháil ó dhaoine: míreanna béaloidis nó seanchais, míreanna staire a bhaineann leis an gceantar agus seanghrianghrafanna ar ndóigh. Seosamh Ó Braonáin ó Chor na Rón a bheas i mbun eagarthóireachta ar an iris, le tacaíocht ó Mháire Áine Ní Fhlaitheartaigh, Donncha Ó hÉallaithe agus Máirín Mhic Lochlainn. Tá súil ag an gCoiste Eagarthóireachta go mbeidh an iris sna siopaí mí Dheireadh Fómhair. Is féidir ábhar don iris a leagan isteach in Oifig an Chomharchumainn, le BISEACH scríofa ar an gclúdach. Tabharfar aire mhaith d’aon ábhar a chuirfear ar fáil.


Nótaí Chois Fharraige

Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a bhí ag cur Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraige ar ais aríst ar an Déardaoin, 3 Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh idirlíon www.coisfharraige.ie/cumann-forbartha, áit a bheas míreanna nua á n-uaslódáil gach seachtain.