Cartlann Nuachta: 10 Meitheamh 2015

10 Meitheamh 2015


Forbairt ag Páirc an Chnoic

Forbairt an Chnoic 2015

Tá forbairt mhór ar bun faoi láthair ag Cumann Mícheál Breathnach ar an bpáirc treaneála ar thaobh an bhóthair mhóir. Nuair a bheas an obair críochnaithe beidh páirc treanála nua ag an gCumann, beidh an bóthar suas leathnaithe amach agus beidh carrchlós nua déanta chomh maith.

Ceaptar go gcosnóidh an fhorbairt os cionn €200,000 ach tá deontas de leath den chostas ar fáil ó scéim rialtais le áiseanna spóirt a fhorbairt. Is go háitiúil a bhaileofar an chuid eile den airgead agus tá bailiuchán seachtainiúil eagraithe ag an gCumann. Tá ceantar an chumainn roinnte de réir na mbailte agus ceannaire ag bailiú i chuile bhaile. Boscaí le clúdaigh litreach atá á dtabhairt amach agus €5 le íoc gach Luan. Beidh duaisanna suas le €1,000 le buachaint ar an gcéad Luan chuile mhí do na daoine a mbeidh na clúdaigh curtha ar ais acu in am.

Is féidir páirt a ghlacadh am ar bith sa tarraingt ach na síntiúis iomlán a bheith istigh roimh an tarraingt ar an chéad Luan chuile mhí.

Tá Cumann Mícheál Breathnach fíorbhuíoch do na ceannairí i chuile bhaile agus do na daoine go léir atá páirteach sa bhfeachtas bailiúcháin airgid. Mar thoradh air beidh áiseanna den scoth ar fáil do na baill amach anseo, a chuirfidh go mór leis an gCumann.


Geansaithe Nua a Bhuíochas do Cambus Medical

Geansaithe Cambus Medical

Le gairid rinne Cambus Medical, An Spidéal, urraíocht ar Chomhairle na Mac Léinn chun seit geansaithe peile a cheannach.

Sa bpictiúr tá, ó chlé, John Farragher (Cambus Medical), Dara Mac Dubhghaill (Comhairle na Mac Léinn, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal) agus Barry Comerford (Cambus Medical).


Lotó an Spidéil ag €20,000

Le roinnt seachtainí anois tá an duais mhór ag Lotó an Spidéil ag seasamh ag an uasteorainn atá leagaithe síos ag an dlí, sé sin €20,000. Ní iontas ar bith é go bhfuil an-tóir ar na ticéid dá réir. Is ar an Luan de ghnáth a bhíonn an tarraingt.


Bua Mór ag Iománaithe Mícheál Breathnach

Cumann Mícheál BreathnachIománaíocht Sóisear A: Mícheál Breathnach 0 – 18; An Liam Mellows 1-12.

Bhí bua fíorthabhachtach ag foireann iománaíochta Chlub Mícheál Breathnach i gcraobh an chontae, i gcoinne foireann Liam Mellows ar an Domhnach seo caite, i Stad an Phiarsaigh, Gaillimh.

Bhí na Breathnaigh chun cinn ag leath ama le cúilín amháin, 0 – 9 i gcoinne 0 – 8. Ach leath bealaigh tríd an dara leath ní raibh cúrsaí ag breathnú go maith do bhuachaillí Chois Fharraige nuair a d’aimsigh foireann na cathrach cúl, rud a chuir dhá chúilín chun cinn iad. Ach uaidh sin go deireadh an chluiche thaispeáin na Breathnaigh fíorchroí agud d’aimsigh cúig chúilín as a chéile chun an lá a thabhairt leo.

Foireann Mícheál Breathnach: Diarmaid Ó Ceallaigh, Séamus Ó Fátharta, Antoine Ó Finneadha, Gearóid Ó Conghaile, Jack Mac Giolla Bríde, Seán Chóil Ó Finneadha, Ruadhán Ó Béarra, Fiach Ó Béarra, Breandán Ó Conghaile, Darach Mac Con Iomaire, Oisín Ó Ceallaigh, Kevin Ó Conghaile, Maidhc Ó Conghaile, Éinde Phaidí Beag Ó Conghaile.

Fir Aonaid a úsáidiú; Cian Mac Giolla Bríde, Evan Bleasdale.

Toradh Eile Iománaíochta ón Deireadh Seachtaine:

Iománaíocht Sóisear A: An Spidéal 2 – 17; Dún an Uachta 3 – 14 (Cothrom).


The Dirty Dust Bronnta ar an Uachtarán

Alan Titley agus Mícheál D. Ó hUiginn

Thug toscaireacht ó Chló Iar-Chonnacht cuairt ar Áras an Uachtaráin an tseachtain seo le cóip den leabhar The Dirty Dust (aistriúchán ar an úrscéal cailiúil Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain) a bhronnadh ar an Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn.  Sa bpictiúr thuas tá Alan Titley, a d’aistrigh an leabhar, agus an tUachtarán.


Ceardlann faoi Chomóradh 1916

Cáisc 1916Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige sásta go bhfuil aitheantas tugtha don Ghaeltacht sa bpróiséas comhairliúcháin atá ar bun faoi láthair ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin mbealach ar cheart comóradh a dhéanamh i gCo. na Gaillimhe ar Éirí Amach na Cásca, an bhliain seo chugainn.

Nuair a fógraíodh roinnt seachtainí ó shin nach mbeadh aon chruinniú chomhairliucháin sa nGaeltacht, rinne Cumann Forbartha Chois Fharraige gearán leis an gComhairle Chontae.

Tá sé fógraithe anois ag an gComhairle Chontae go mbeidh seisiún comhairliúcháin ar an Déardaoin seo, 11 Meitheamh, ag 7.30 i.n., in Óstán an Dóilín, An Cheathrú Rua.

Deireann an fógra ón gComhairle Chontae go bhfuil cuireadh á thabhairt do chuile dhuine “d’fhonn comóradh a dhéanamh ar imeachtaí Éirí Amach 1916, d’fhonn machnamh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach againn mar stát daonlathach le 100 bliain anuas agus d’fhonn breathnú amach romhainn ar thodhchaí na hÉireann.”

Ar an Déardaoin beidh cur i láthair gairid faoi “Éire 2016 – Clár Comóradh Céad Bliain”, agus faoi “Chlár Comóradh 1916 Chomhairle Chontae na Gaillimh”, agus iarrfar ar na rannpháirtithe páirt a ghlacadh i seisiún machnaimh in éineacht le héascaitheoir.

Beidh mionsonraí faoi scéim nua deontas Cuimhneacháin Pobail a bhfógairt ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, ar scéim í atá dírithe ar rannpháirtíocht pobail a spreagadh in imeachtaí cuimhneacháin Éirí Amach 1916. Beidh foirmeacha iarratais agus treoirlínte ar fáil le linn na ceardlainne seo agus cuirfear sóláistí ar fáil.


Sárscoil Drámaíochta Fíbín

cropped-sarscoil_header1

Reáchtálfar Sárscoil Drámaíochta Fíbín arís i mbliana i gConamara ón 5 – 17 Iúil agus tá cupla spás fágtha ar an gcúrsa. Bhí éisteachtaí mórthimpeall na tíre le cupla seachtain anuas ag Fíbín agus iad ar thóir an chéad ghlúin eile de réaltaí móra na teilifíse agus an stáitse ó Bhéal Feirste síos go Luimneach agus trasna na tíre go Baile Átha Cliath agus Ceatharlach. As an 500 éisteacht ar fad le scoláirí idir 15 – 17 bliain d’aois, roghnaíodh dhá scór chun tabhairt faoin gcúrsa i mbliana.

Is dianchúrsa aisteoireachta/scileanna drámaíochta atá ann le casadh difriúil mar go gcónaíonn na rannpháirtithe le chéile i nGaeltacht Chonamara ar feadh an tréimhse coicíse agus ritear na ceardlanna uile trí mheán na Gaeilge. Gheobhaidh na haisteoirí óga taithí agus oiliúint fhíorluachmhar faoi stiúir Stephen Darcy. Foghlaimeoidh na daoine óga faoi aisteoireacht ar scáileán agus ar stáitse freisin. Tá costas €625 ar an gcúrsa coicíse, le beatha agus lóistín san áireamh, ach is féidir le daoine áitiúla nach dteastaíonn socruithe lóistín uathu an cúrsa a dhéanamh ar €325. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcúrsa téigh chuig www.sarscoilfibin.ie nó glaoigh ar Chaitlín i bhFíbín ar 091-505855


Seán Ó Coistealbha ar an LCDC

Seán Ó Coistealbha

Toghadh Seán Ó Coistealbha, Príomhfheidhmeannach Muintearas, a bhí ainmnithe ag Coiste Forbartha na bhForbacha, ar an LCDC an Chomhairle Chontae, ar an Luan seo caite.

Bhi beirt iarrthóirí eile ó Chois Fharraige ar an bpáipéar ballóide: Aodán Mac Donnacha, atá ina bhainisteoir ar Chomhlacht Forbartha an Spidéil, agus Gearóid Ó Fátharta.  Tharraing Gearóid Ó Fátharta a ainm siar le nach mbeadh vóta scoiltithe ó Chonamara. Fuair Seán Ó Coistealbha 49 vóta, an darna vóta ab airde sa gcontae, agus fuair Aodán Mac Donncha 19 vóta.

Ceaptar go mbeidh tábhacht faoi leith ag baint leis an LCDC atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, nuair a bheas an structúr faoina mbeidh an clár LEADER nua á shocrú. Ghlac Cumann Forbartha Chois Fharraige le vóta comhghairdeachais le Seán Ó Coistealbha ag cruinniú den Choiste Stiúrtha ar an Luan seo caite, á rá go raibh áthas ar an gCumann Forbartha go mbeadh guth láidir ar an LCDC ón nGaeltacht.


Comhdháil faoin LECP

Ní mó ná sásta a bhí ionadaithe na n-eagraíochtaí Gaeltachta leis an gComhairliúcháin Poiblí a bhí ar bun ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha, an tseachtain seo caite faoin bPlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail do Chontae na Gaillimhe. Cé go raibh ceardlann amháin ann ar maidin faoi Chultúr agus Teanga, is i mBéarla a reachtáladh an cheardlann agus an cur i láthair faoin Clifden Arts Festival agus faoin bhfeachtas atá ar bun le aitheantas a fháil do Ghaillimh mar European City of Culture sa mbliain 2020.

Nuair a rinneadh gearán le lucht eagraithe an chomhairliúcháin phoiblí, socraíodh go mbeadh ceardlann théis am lóin faoin nGaeltacht, le cur i láthair ó iarcheannaire RnaG, Tomás Mac an Iomaire agus, mar áisitheoir, Gearóid Ó Fátharta ó Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ag an gceardlann sin cuireadh le chéile roinnt moltaí praicticiúla le cur os comhair an Chomhairle Chontae maidir leis an nGaeltacht.


Coiste Pobail na bhForbacha

Tá Coiste Pobail na bhForbacha ag iarraidh ar na hionadaithe poiblí ar fad i gConamara a chinntiú nach scoiltfear na bailte fearainn sna Forbacha leis an mbóthar nua siar atá le tógáil. Cé go bhfuil an Coiste Pobail i bhfábhar an bhóthair a thógáil, tá siad ag impí ar na hionadaithe poiblí gan ligean don rogha a dhéanfaidh siad na Forbacha a scrios, tré na bailte fearann soir chomh fada le Sruthán na Liberties a scoilteadh agus daoine a ghearradh amach óna gcuid comharsan.