Cartlann Nuachta: 10 Samhain 2021
Féile Chois Fharraige
Ar an gCéadaoin seo chugainn, 17 Samhain, cuirfear tús le Féile Chois Fharraige le ócáid liteartha i dTigh Mholly ar An Lochán Beag, ag tosú ag 8.00pm. Ceiliúradh ar litríocht Ghaeilge do dhaoine fásta i gcomhar le BARZAZ a bheas ann, le béim ar an dá leabhar úrnua MADAME LAZARE le Tadhg Mac Dhonnagáin agus KHALIL, aistrithe ón bhFraincis ag Máirín Nic Con Iomaire. Beidh an dá scríbhneoir ag comhrá le Gormfhlaith Ní Thuairisg (RnaG) agus ag léamh ó na leabhair atá scríofa acu.
Idir Dé Chéadaoin seo chugainn agus an Domhnach, 21 Samhain, beidh neart imeachtaí ar bun taobh istigh agus taobh amuigh, mar chuid de Fhéile Chois Fharraige, an chuid is mó acu saor in aisce.
I Seanscoil Sailearna a bheas an chuid eile de na mórimeachtaí ar siúl, ‘Ceolchoirm Cholmcille’ san áireamh. Beidh ‘An Cosán Draíochta’, ar bun i Stiúideo Cuan sa Spidéal. Mar go bhfuil na huimhreacha teoranta sa dá ionad, moltar do dhaoine ticéid a chur in áirithe chomh luath agus is féidir. Le ticéid a chur in áirithe don dá seó ‘I gCion ar Joe’ agus ‘Ceolchoirm Cholmcille’ is fearr dul chuig an suíomh WWW.COISFHARRAIGE.IE nó teachtaireacht a chur chuig FEILECHOISFHARRAIGE21@nullGMAIL.COM.
Is féidir ticéid le cur in áirithe le haghaidh ‘An Cosán Draíochta’ ar WWW.STIUIDEOCUAN.IE.
Beifear ag cloí go hiomlán le srianta COVID: beidh teastas vaicsíne le teaspáint ag an doras le haghaidh imeachtaí taobh istigh agus iarrfar ar dhaoine mascanna a chaitheamh ar mhaithe le sláinte an phobail. Tá clár iomlán na féile ar fáil anseo go luath.
Tá Féile Chois Fharraige á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige i gcomhar le Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, le tacaíocht maoinithe ó Ealaín na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Comhairle Chontae na Gaillimhe and Colmcille 1500.
Radharc as an scannán ARRACHT a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna le linn Féile Chois Fharraige, ar an 18 Samhain. Is féidir ticéid a chur in áirithe don scannán ach dul chuig WWW.CLUBSCANNAN.IE.
Iomáint Chois Fharraige
Tá iománaithe an Spidéil slán sa gCraobh Idirmheánach ar feadh bliana eile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha an Rí sa gCluiche Ceannais Dícháilithe ag an deireadh seachtaine, 2-15 in aghaidh 1-17.
Ar chúl: Stiofán Ó Fátharta, Pádraig Ó Conghaile, Ciarán Breathnach, Brian Mac Cathmhaoil, Antaine Ó Laoi, Tadhg Ó Caoimh, Cian Ó Conghaile, Cathal Ó Gamhnáin, Finnian Ó Laoi, Seán Ó Curraoin, Maghnus Breathnach, Éinne Ó hEochaidh, Oisín Ó Conghaile.
Chun tosaigh: Eoghan Breathnach, Iarla Breathnach, Máirtín Ó Droighneáin, Liam Ó Conghaile, Eoin Ó Droighneáin, Micheál Ó Curraoin, Séamus Ó Droighneáin, Éanna Ó Curraoin, Pádraig Eoin Ó Curraoin, Gearóid Ó Conghaile.
Cé gur throid siad go misniúil go dtí an deireadh, níor éirigh le foireann iománaíochta Chumann Micheál Breathnach in aghaidh Bhóthar na Trá i gCluiche Ceannais an Chontae sa gcomórtas Sóisear 1, ar an Domhnach seo caite. Bhí cúig chúilín idir na fóirne nuair a chríochnaigh an cluiche. Cé go raibh neart den imirt ag foireann na Gaeltachta, níor éirigh leo na scóranna a aimsiú.
Tá iománaithe an Spidéil slán sa gCraobh Idirmheánach ar feadh bliana eile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha an Rí sa gcluiche ceannais dícháilithe ag an deireadh seachtaine, 2-15 in aghaidh 1-17.
Bhí An Spidéal chun deiridh luath sa gcluiche agus cúl faighte ag Baile Átha an Rí ach scóráil Gearóid Ó Conghaile dhá chúl d’fhoireann Chois Fharraige chun iad a fhágáil chun cinn ag leath ama, 2-6 in aghaidh 1-6. Is beag a bhí idir na foirne sa dara leath, ach bhí an cúig phointe a scóráil Liam Ó Conghaile ón imirt sa dara leath sin cinniúnach i mbua an Spidéil.
Tháinig bua na n-iománaithe seachtain tar éis do pheileadóirí an chumainn a n-áit i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe a choinneáil tar éis dóibh Seamróga Chortúin a bhualadh i gcluiche leathcheannais dícháilithe. Farasbarr dhá phointe a bhí ag An Spidéal sa gcluiche sin, 0-14 in aghaidh 1-9. Ciallaíonn an dá bhua go mbeidh CLG An Spidéal ag fanacht sa ngrád Sinsir sa bpeil agus sa ngrád Idirmheánach san Iomáint an chéad bhliain eile.
Cruinniú Cinn Bhliana an Chomharchumainn
Is ar an Déardaoin, 2 Nollaig, a thionólfar Cruinniú Cinn Bhliana Chomharchumann Sailearna Teo. Ach is ar líne, ag úsáid ZOOM, a bheas an cruinniú a reáchtáil arís i mbliana. Is do scairshealbhóirí amháin an cruinniú agus le páirt a ghlacadh sa gcruinniú ní mhór ríomhphost a sheoladh chuig sailearna@nullgmail.com faoin 5pm ar an Déardaoin seo chugainn, 25 Samhain agus do ainm a thabhairt.
Is féidir rún a chur síos don chruinniú ach é a bheith curtha chuig an Rúnaí faoin 25 Samhain. Glacfar le páipéir ainmniúcháin ó scarthóirí ar mian leo folúntais ar an gCoiste Stiúrtha a líonadh suas go dtí an 25 Samhain chomh maith.
Galf Chois Fharraige
Beidh an chéad imeacht eile ag Cumann Galf Chois Fharraige ar ghalfchúrsa Uachtar Ard ar an Satharn seo chugainn,13 Samhain, ag tosú ag an 10.00am.
Tá fáilte i gcónaí roimh baill nua.
Tá tuilleadh éolas le fáil ach teangmháil a dhéanamh le Pádraig ag 087 2525465
Éisteachtaí don Gheamaireacht
Beidh éisteachtaí ar bun an Satharn seo chugainn sa Taibhdhearc le haghaidh páistí ó 5 go 10 mbliana d’aois, ar mhaith leo a bheith páirteach sa nGeamaireacht ‘Jeacaí agus an Fathach Mór’, a bheas á chur ar stáitse sa Taibhdhearc i mbliana, an chéad uair don chomhlacht FÍBÍN a bheith ag plé le Geamaireacht na Nollag sa Taibhdhearc.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó 091 505855 nó 087 7124548.
Cúrsaí Bus
Ag cruinniú a bhí ag Coiste Stiúrtha Chumann Forbartha Chois Fharraige an tseachtain seo caite, fáiltíodh roimh an tuairisc go bhfuil sé i gceist ag an rialtas cur go mór leis an seirbhís bus atá ar fáil i gceantair tuaithe. Cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar líon na mbusanna atá ag freastal ar cheantar Chois Fharraige le dhá bhliain anuas, dúradh ag an gcruinniú go bhféadfaí feabhas a chur ar an seirbhís le go bhfeilfeadh sé níos fearr do mhic léinn ag freastal ar an Ollscoil agus ar an GMIT, chomh maith le daoine a úsáideann seirbhísí traenach, le dul nó tíocht ó Bhleá Cliath.
Dúradh ag an gcruinniú chomh maith go raibh na táillí ar an 424 a fhreastalaíonn ar Chois Fharraige i bhfad níos daoire ná na táillí ar an mbus a théann go Uachtar Ard agus go Gort.
Tá sé i gceist ag an gCumann Forbartha aighneacht a chur ag an NTA faoi na bealaí a d’fhéadfaí an tseirbhís bus a fheabhsú i gConamara Theas le go mbeadh níos mó daoine sásta é a úsáid.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
- Iomáint (Idirmheánach): An Spidéal 2 – 15, Athenry 1 – 17.
- Iomáint (Sóisear 1): Ml Breathnach 0 – 14, Salthill/Knocknacarra 1 – 16.
- Camógaí (Sóisear A): Cois Fharraige 0 – 06, Abbeyknockmoy 0 – 17.
- Sacar (Roinn 1): Cois Fharraige 3, Mac Dara 0.
- Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha 5, Knocknacarra 0
- Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha 2, Claremorris 0
- Sacar (faoi 16): Macdara 2, Mervue Utd. B 2.
- Sacar (Cailíní faoi 15): Bearna/Na Forbacha 4, Colga 1.
- Sacar (faoi 12): Macdara 1, St. Bernards 6.