Cartlann Nuachta: 11 Bealtaine 2016
11 Bealtaine 2016
Oíche in Ómós do Johnny Connolly
Beidh ócáid an-speisialta in Óstán na Páirce, An Spidéal, san oíche amárach, Dé hAoine, 13 Bealtaine, nuair a thiocfaidh togha na gceoltóirí, na rinceoirí agus na n-amhránaithe ó chian ‘s ó chóngar le 50 bliain de cheol Johnny Connolly a chéiliúradh ina theannta.
Beidh Máirtín O’Connor ann, chomh maith le John Carty, Marcus Ó hIarnáin & a chlann cheolmhar, Séamus Begley, Mary Shannon, Joe Burke, Don Stiffe, Liam O’ Connor, Charlie and Eilís Lennon, Liz & Yvonne Kane, Meaití Jó Shéamuis, Mick Foster, Harry Bradley, Colm & Kelly Gannon, Caitríona & Pól Ó Ceannabháin, Neansaí Ní Choistealbha, Caoimhín Ó Sé agus go leor leor eile.
Tá cáil i bhfad is i ngearr ar stíl agus ar áilleacht ceoil Johnny –an rithim ghlan agus é dílis don traidisiún as ar fáisceadh é. Ach chomh maith leis sin, bíonn Johnny fáiltiúil roimh cheoltóirí eile i gcónaí.
Rugadh Johnny Phádraic Pheter Connolly ar oileán Inis Bearachain agus i ndiaidh dó blianta a chaitheamh i Londain Shasana, d’fhill sé ar fhód a dhúchais i 1976 agus chuir sé faoi i gCorr na Rón, Cois Fharraige, lena bhean chéile, Patricia, ar as Sligeach di ó dúchas. Tá triúr clainne orthu: an sár-cheoltóir Johnny Óg, Jimmy ar eagarthóir físe é agus Mary Ellen a sheinneann an fhidil agus ar múinteoir í i nGaillimh.
Tráthnóna amárach (Dé hAoine) cuirfear tús leis an gceolchoirm speisialta ag 9.00. Tá líon na dticéad teoranta, mar a thuigfeá, agus chun áit a chinntiú b’fhearr ticéad a cheannach roimh ré. Tá siad ar díol i dTigh Ghiblin ar an Spidéal, i dTigh Taaffe agus sa Crane Bar i nGaillimh.
Roinnt Torthaí Spóirt
-
Iomáint (Sóisear 1): Bearna/Na Forbacha 2 – 08, Saighleán 2 – 15.
-
Iomáint (Idirmheánach): An Spidéal 1 – 14, Kilbeacanty 3 – 15.
-
Iomáint faoi 21 (Roinn C): Ml. Breathnach 1 – 15, Béal Átha an Ghartha 4 –10.
-
Peil (Roinn 2): Ml. Breathnach 1 – 10, St. Michaels 1 –13.
-
Peil faoi 14 (3A): An Spidéal 5 – 06, Cinn Mhara 4 – 07.
-
Iomáint faoi 16 (B1): Cois Fharraige 1 – 14, Anach Cuain 2 – 10.
-
Iomáint faoi 12 (Grúpa 3): Bearna/Na Forbacha 2 – 01, Ml. Cusacks 2 – 04.
-
Iomáint faoi 12 (Grúpa 5): Ml. Breathnach 5 – 03, An Clochán 1 – 00.
-
Camógaí faoi 16: Cois Fharraige 3 – 07, Kilconieron 0 – 02.
-
Camógaí (Mionúir): Scoileanna Chonamara 3 – 08, Col. na Trócaire, Ros Comáin 1 – 02.
Féile Scannán na Réabhlóide
Tá ticéid ar fáil anois le haghaidh Féile Scannán na Réabhlóide, a bheas ar bun i gCois Fharraige, ón Aoine, 27 Bealtaine, go dtí an Domhnach dar gcionn. Thar an deireadh seachtaine taispeánfar 18 scannán ar fad, idir scannáin cháiliúla idirnáisiúnta agus cláracha faisnéise. Beidh 3 ionad á usáid ag an am céanna leis na scannáin a thaispeáint: Seanscoil Sailearna, An Cinemobile, a bheas páirceáilte taobh leis an bPoitín Stil, agus an seomra cúl sa bPoitín Stil, atá le feistiú amach mar phictiúrlann beag 40 suíochán.
Seo a leanas an trí scannán a bheas ann an oíche oscailte:
-
‘Áille an Uafáis’ (2013), faoi Éirí Amach na Cásca, sa tSeanscoil.
-
‘Persepolis’ (2007), faoi áit na mban san Iaráin, sa Cinemobile.
-
‘The Square’ (2013), faoin éirí amach san Éigipt, sa bPoitín Stil.
Tá níos mó eolais faoin bhféile ar fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie nó tré glaoch ar Dhonncha ag (086) 4048881 nó ar Dan ag (087) 8168629. Tá ticéid don deireadh seachtaine le fáil ón Spailpín Fánach, i gCeardlann an Spidéil.
Céilí House sa Spidéal
Bhí an-oíche ceoil sa Droighneán Donn ar an Satharn seo caite nuair a tháinig Ciarán Hanrahan agus a chriú chomh fada leis an Spidéal, ar chuireadh ó Traidphicnic, leis an gclár raidió CÉILÍ HOUSE a thaifeadadh.
Bhí scoth na gceoltóirí áitiúla tagaithe le chéile mar ‘House Band’ don ocáid agus ceol den scoth á chasadh acu. Chas Charlie Lennon agus a iníon Eilís cuid den cheol a chum Charlie mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca. Bhí daoine faoi dhraíocht ag an waltz álainn a chas Johnny Óg Connolly, píosa ceoil a chum sé féin. Rinneadh neart eile a thaifeadadh comh maith, amhrán ó Mhairéad Ní Fhlaithearta san áireamh.
Deirtear linn go mbeidh an clár ag dul amach seachtain ón Satharn seo chugainn, 21 Bealtaine, ar RTÉ Radio a hAon.
Uisce ó Ghaillimh don Spidéal?
Ní mó ná sásta atá Comhlacht Forbartha an Spidéil leis an moladh atá déanta go n-úsáidfí uisce ó Scéim Réigiúnda an Spidéil leis na fadhbanna uisce sa gCeathrú Rua agus i gceantar na nOileán a réiteach.
Ní hé nach maith le muintir an Spidéil tíocht i gcabhair ar na pobail thiar a bhfuil truailliú déanta ar a gcóras uisce poiblí. An imní atá ar Comhlacht Forbartha an Spidéil ná seo: go mbeadh uisce na cathrach ag tíocht chomh fada leis an Spidéal mar chuid den réiteach.
Tá litir curtha ag an gComhlacht Forbartha chuig Jim Cullen, atá ina stiúrthóir ar sheirbhísí uisce, ag cur in iúl nach bhfuil aon fhadhb acu uisce a chur siar sa ngearrthéarma le tíocht i gcabhair ar phobail sa gCeathrú Rua agus sna hOileáin. Ach deireann an litir chomh maith nach bhfuil ‘city supply of lime based water’ ag teastáil ón Spidéal sa ngearrthéarma ná sa bhfadthéarma, de bharr na bhfadhbanna a chruthaíonn aolchloch san uisce.
Foireann Iomána na Gaillimhe sa Celtic Challenge
Bhí tús maith ag báireoirí óga Chois Fharraige sa Celtic Challenge, a thosaigh an tseachtain seo caite. Comórtas náisúnta iománaíochta nua atá ann le 38 foireann ar fad, do bhuachaillí atá 17 bliain i mbliana. Tá dhá fhoireann as Co na Gaillimhe sa gcomórtas, Iarthar na Gaillimhe agus Oirthear na Gaillimhe. Tá Cathair na Gaillimhe i bhfoireann an Iarthair, ar a bhfuil ceathrar imreoirí ó Chois Fharraige: Joe O Conghaile agus Michael de Burca as Cumann Micheál Breathnach agus Gearóid Ó Conghaile agus Oisín Ó Neachtain ó CLG an Spidéil.
Bhí a gcéad chluiche acu ag an deireadh seachtaine in aghaidh Tuaisceart an Chláir agus bhí an bua ag leaids Iarthar na Gaillimhe leis an scór 3 – 12 in aghaidh 3 – 11, th’éis iad a bheith 4 chúilín chun deiridh ag leath ama. Tús maith leath na hoibre.
Siúlóid/Rith 5km i Ros a Mhíl
Beidh siúl/rith 5km ar bun i Ros a’ Mhíl ar an Domhnach seo chugainn, 15 Bealtaine, ag tosaí 12 meánlae, ó Áras Pobail Chois Chuain.
Is ar mhaithe le airgead a bhailiú ar son Ciste Athchóirithe Chill Treasa, an séipéal a fhreastalaíonn ar phobal Ros a’ Mhíl. Tá go leor oibre le déanamh ar an séipéal agus tá coiste ag bailiú airgid le píosa anois chun an costas a ghlanadh agus ag éirí go maith leo.
€5 atá ar gasúir atá ag iarraidh a bheith páirteach sa siúlóid/rith agus €10 ar dhaoine fásta.
Má tá clann ann ní bheidh le íoc acu ach €20 ar gach duine sa gclann.
Gradam Aisteoireachta do Jacinta Ní Chonghaile
Gradam Aisteoireachta á bhronnadh ar Jacinta Ní Chonghaile ag Pól Ó Gallchóir, CeannasaI TG4, don pháirt a rinne Jacinta sa dráma”Págánaigh” le Tomás Mac Donnchadha, á léiriú ag Scoil Éigse Chamais.