Cartlann Nuachta: 11 Deireadh Fómhair 2017

Dhá Ghradam do Futa Fata

Tá dhá ghradam leabhair bainte ag Futa Fata le seachtain anuas. Bhain ‘Ná Gabh ar Scoil!’ an gradam Leabhar na Bliana ag comhdháil Cumann Litearthachta na hÉireann. Fograíodh na buaiteoirí Déardaoin seo caite, i mBaile Átha Cliath.

Tá an leabhar ‘Ná Gabh ar Scoil!’ feiliúnach don aoisghrúpa idir 5 go 8 mbliana d’aois. Scéal faoi bhéar beag atá ar bís le dul ar scoil atá ann. Ach níl an dearcadh céanna ag Mamaí, is í trína chéile ag scaoileadh uaithi a maicín bán.

Ar an lá céanna d’fhógair Leabharlann Idirnáisiúnta na nÓg i Munich go bhfuil ‘Bliain na nAmhrán’, a d’fhoilsigh Futa Fata, roghnaithe le bheith sa mbailiúchán gradamúil idirnáisiúnta ‘The White Ravens 2017’ – tá sé roghnaithe i measc 200 leabhar as 56 tír agus 38 teanga i mbliana.

Is aitheantas iontach é ‘The White Ravens’ ar shárobair Futa Fata. Tá fiche amhrán ar fad i ‘Bliain na nAmhrán’, cumtha ag Tadhg Mac Dhonnagáin agus iad le cloisteáil á gceol ar an CD a ghabhann leis an leabhar, i dteannta páistí óga as ceantar Cois Fharraige agus buaiteoir Chorn Uí Riada 2016, Caitlín Ní Chualáin.

Tá an dá leabhar breá seo – ‘Bliain na nAmhrán’ agus ‘Ná Gabh ar Scoil!’ le ceannacht ón Spailpín Fánach i gCeardlann an Spidéil.


Báireoirí Chois Fharraige in Albain

Iomáin Cholmchille in Indreabhán Lúnasa 2016

Ar an Aoine seo beidh foireann iomána ó Chumann Micheál Breathnach agus foireann camógaí Chois Fharraige ag déanamh a mbealach go Gearasdan, nó Fort William mar a thugtar air i mBéarla, baile réasúnta mór ar chósta thiar na hAlbain, áit a mbeidh siad ag glacadh páirt ar an Satharn in Iomáin Cholmcille, comórtas idir foirne camánaíochta (shinty) ó Ghaeltacht na hAlban agus foireann iománaíochta Chumann Micheál Breathnach. Le roinnt blianta anuas tá foireann iomána ó Thuaisceart Éireann, Fir Uladh, ag glacadh páirt chomh maith.

Seo é an chéad uair do fhoireann camógaíochta ó Chois Fharraige dul go hAlban le páirt a thógáil sa gcomórtas. Bhuail mná Chois Fharraige an fhoireann ban a tháinig anonn anuraidh le páirt a thógáil sa gcomórtas. Is cinnte go mbeidh mná na hAlban ag iarraidh díoltas a bhaint amach i mbliana.


Scannán faoi Joe Heaney sa tSeanscoil Anocht

An Déardaoin seo chugainn, 12 Deireadh Fómhair, beidh an scannán nua SONG OF GRANITE faoin bhfonnadóir ó Chárna, Joe Heaney, á thaispeáint ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna. Tá an scannán, ina bhfuil Micheál Ó Conghaile ó Mhuiceannach sa bpríomhpháirt, ainmnithe ag an tír seo le bheith san iomaíocht do Oscar. Tá go leor daoine eile ó Chonamara páirteach sa scannán chomh maith: Pól Ó Ceannabháin, Caitríona Ní Cheannabháin, Colm Seoighe agus Máire Pheter Uí Dhroighneáin ina measc.

Seo é an chéad uair a bheidh an scannán á thaispeáint go poiblí i gConamara. Moltar do dhaoine a bheith ann in am le suíochán a chinntiú.


Tuismitheoirí na Gaeltachta

Tá méadú ollmhór tagtha ar an líon gasúír atá ag freastal ar na ranganna amhránaíochta i mbliana, atá curtha ar fáil sa gCeathrú Rua ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta. Tá an rang amhránaíochta ag an mbunleibhéal lán, ach tá ainmneacha eile á nglacadh le cur ar liosta feithimh. D’fhéadfaí rang breise a chur ar fáil dá dtiocfadh dóthain ainmneacha isteach.

Tá na ranganna Damhsa ar an Sean-Nós uilig lán – 4 rang ar fad – agus liosta feithimh á chur le chéile.

Breis eolais ar fáil ach glaoch ar an uimhir oifige 091 869571.


Cailíní Chois Fharraige ag Treabhadh Leo

Foireann Chumann Micheál Breathnach, Peil na mBan, a d’imir sárchluiche ar an Domhnach seo caite, i gCluiche Leathcheannais Mionúr C an chontae, in aghaidh Cathair Lios Tráin, cluiche a chríochnaigh ar chomhscór.

Beidh seans eile ag cailíní Chois Fharraige dul chomh fada le Cluiche Ceannais an Chontae nuair a casfaidh siad aríst ar Chathair Lios Tráin.

Ar chúl ó chlé: Zoe Giles, Kianna Ní Mhárta, Adhna Nic Dhonnacha, Ailbhe Breathnach, Máire Ní Fhinneadha, Becky Ní Éallaithe, Majella Nic Dhonnacha, Aifric Ní Ghibne, Síofra Ní Mhárta, Aobh Ní Dhughbhaill, Kasey Ní Mhárta.

Chun tosaigh ó chlé: Ciara Ní Eochagáin, Clíodhna Ní Mhárta, Aoife Nic Dhonncha, Casey Ní Chreachmhaoil, Éabha Nic Dhonnacha, Fódhla Ní Bhraonáin, Dearbhla Ní Mhárta, Fíona Nic Dhonnacha, Eleanór Ní Fhéinneadha, Emma Ní Chonghaile.

Is iontach an deireadh seachtaine spóirt a bhí ag cailíní Chois Fharraige sa bpeil agus sa gcamógaí. Le áit a chinntiú an bhliain seo chugainn sa ngrád Sóisear A, d’éirigh le Cumann Camógaíochta Chois Fharraige an ceann is fearr a fháil ar An Turlach Mór ar an Satharn, leis an scór Cois Fharraige 2 – 07, Turlach Mór 2 – 05.

Ar an Domhnach bhí bua iontach ag na cailíní faoi 10 ó Chumann Micheál Breathnach, sa gCluiche Ceannais Peile do Sciath an Chontae in aghaidh Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach, agus sin ag tíocht sna sála ar an mbua a bhí ag foireann na gcailíní faoi 12 an deireadh seachtaine roimhe sin le Sciath an Chontae a bhuachaint.

Ar an Domhnach chomh maith tháinig foireann mionúr na mBreathnaigh ar ais sna noiméid deireannacha den chluiche chun an cluiche a chothromú in aghaidh Chathair Liostráin, leis an scór 1 – 13 in aghaidh 3 – 7 do fhoireann an Achréidh. Fuair Ailbhe Breathnach 1 – 05 do fhoireann Chois Fharraige; fuair Majella Nic Dhonnacha agus Becky Ní Éallaithe trí chúilín an duine agus fuair Fíona Nic Dhonnacha ceann amháin. Ach ba í Síofra Ní Mhárta an laoch, mar chothromaigh sí an cluiche le cúilín gleoite sna soicindí deireannacha den chluiche, le seans eile a thabhairt do chailíní Chois Fharraige a bheith ina seaimpíní don chontae.

Foireann cailíní (peil faoi 12) ó Chumann Micheál Breathnach a bhain Sciath an Chontae le gairid, i gcluiche in aghaidh Gráinne Mhaol, leis an scór 1 – 10 in aghaidh 2 – 04.

Ar chúl ó chlé: Katie Nic Thábhais, Ailbhe Ní Ghionnáin, Clíona Ní Mhárta, Shíofra Ní Scanláin (C), Leah Ní Mhainnín, Ailbhe Ní Neachtain, Amy Ní Thuathail, Roisín Ní Raifeartaigh, Ciara Ní Chuláin, Cliona Ní Chonghaile, Cliona Ní Chonghaile.

Chun tosaigh ó chlé: Eimear Ní Dhiomsaigh, Adhna Ní Chonghaile, Cliodhna Ní Neachtain, Muireann Ní Ghloinn, Caoimhe Ní Ghloinn, Aisling Ní Dhonnacha, Ciara Ní Fhlatharta, Niamh Ní Mhainnín.

In easnamh ón bpictiúr: Córa Ní Shlattara.


Iománaithe Chois Fharraige Buailte

Cumann Mícheál BreathnachCuireadh críoch le séasúr iomána an dá chlub i gCois Fharraige an deireadh seachtaine seo caite nuair a buaileadh An Spidéal i gCluiche Ceathrú-cheannais an Chontae sa ngrád idirmheánach ar an Satharn agus buaileadh foireann sóisear Chumann Micheál Breathnach ar an Domhnach i gCluiche Ceannais an Chontae sa ngrád Sóisear a hAon.

Tar éis don Spidéal an cluiche a chothromú le cúl sa noiméid deireannach den 60 noiméad, d’éirigh le Oranmore/Maree le beirt de fhoireanna sinsir na Gaillimhe ag imirt leo an Spidéal a bhualadh san am breise le dhá chúilín.

Cé go ndearna na Breathnaigh tíocht i ngoireacht cúilín amháin den fhoireann Saighleáin sa darna leath den chluiche, a imníodh i Staid an Phiarsaigh, d’éirigh le Saighleán cúl agus dhá chúilín eile a fháil le críoch a chur le séasúr iománaíochta Chumann Micheál Breathnach. An deire seachtaine seo is ag imirt Shinty a bheas iománaithe na mBreathnaigh i Fort William na hAlban.


Cló Iar-Chonnacht sa Spidéal

Tá Cló Iar-Chonnacht ag cur fáilte roimh an bpobal chuig a siopa agus oifigí nua atá suite taobh thiar de An Cheardlann sa Spidéal. Bhog an comhlacht foilsitheoireachta go dtí an t-ionad nua an tseachtain seo agus tá an siopa oscailte don phobal anois.

Bhí Cló Iar-Chonnacht suite i gceantar Indreabháin le tuairim is cúig bliana fichead agus is i bPáirc Ghnó Shailearna a bhí an siopa go deireadh. Is ar aghaidh an charrchlóis in aice leis an gCeardlann sa Spidéal atá an siopa agus na hoifigí nua. Tá réimse leathan leabhar do dhaoine óga agus do dhaoine fásta ar díol sa siopa chomh maith le áiseanna tacaíochta do mhúinteoirí agus do fhoghlaimeoirí. Bíonn siad oscailte ó Luan go hAoine.

Tá tuilleadh eolais le fáil ach cuairt a thabhairt ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht ag www.cic.ie nó glaoch orthu ag 091 593307.


Scéim Tús

Tá folúntais faoi láthair ar an scéím TÚS i gceantar Indreabhán. Ní mór a bheith 12 mhí nó níos mó ar an dól go leanúnach. Is feidir le duine atá faoi 25 bliain d’aois iarratas a dhéanamh freisin. Tuilleadh eolais ó Amanda @ 087-3770258.


Éacht Fíbín

An tseachtain seo caite rinne Fíbín éacht. Bhí 14 seó curtha ar stáitse i 3 chontae difriúil, idir léirithe de ‘An Triail’ i Luimneach agus i gCeatharlach, agus ‘Clann Lir’ ar camhchuairt i nDún na nGall. Ceaptar go raibh os cionn 2,500 duine óg i láthair ag na seónna an tseachtain seo amháin.


Torthaí Spóirt

  • Peil (faoi 14): Micheál Breathnach 5 – 10, N. Anna, Leitir Móir 0 – 09.
  • Iomáint (Idirmheánach): An Spidéal 4 – 16, Oranmore/Maree 2 – 24.
  • Iomáint (Sóisear 1): Micheál Breathnach 0 – 15, Saighleán 1 – 16.
  • Peil na mBan (Mionúr C): Micheál Breathnach 2 – 05, Caherlistrane 3 – 07.
  • Peil Cailíní (faoi 10): Micheál Breathnach 2 – 04, Bóthair na Trá 0 – 01.
  • Peil Cailíní (faoi 12): Micheál Breathnach 1 – 10, Gráinne Mhaol 2 – 04.
  • Camógaí (Sóisear): Cois Fharraige 2 – 07, Turlach Mór 2 – 05.
  • Camógaí (faoi 11): Cois Fharraige 4 – 01, Liam Mellows 4 – 03.
  • Camógaí (faoi 15): Cois Fharraige 3 – 05, Carn Mór 5 – 08.
  • Sacar (faoi 13): Cois Fharraige 4, Bearna/Na Forbacha (B) 0.

11 Deireadh Fómhair 2017