Cartlann Nuachta: 11 Deireadh Fómhair 2023
Féile Chois Fharraige
Máire Ní Neachtain, Cathaoirleach ar Fhóram Chois Fharraige, ag caint leis an ngrúpa a ghlac páirt i siúlóid ar an Domhnach seo caite, ó dhealbh Uí Chadhain ar an Airdín Buí chomh fada le fothrach an tí inar rugadh agus inar tógadh an Cadhnach.
Is mar chuid de Fhéile Chois Fharraige a eagraíodh an tsiúlóid.
[Pic: John Caulfield]
Bhí neart imeachtaí idir cúrsaí litríochta, amhránaíochta agus ceoil, ceardlanna drámaíochta agus amhránaíochta, scannán agus imeachtaí faoin aer ar bun ar fud Chois Fharraige an tseachtain seo caite.
Ócáid ar leith a bhí in Áras Chois Fharraige nuair a sheol Tadhg Mac Dhonnagáin “Scéalta na gComharsan”, scéalta agus cuimhní cinn a chuir scór go leith scéalaithe as Áras Chois Fharraige agus Tearmann Éanna i dtoll a chéile i gcomhar le Bríd Treasa Ní Ghaoithín agus le Máire Ní Chualáin ón eagraíocht Fighting Words.
Pléadh cúrsaí foilsitheoireachta Tigh Chualáin agus seoladh “Deirdre”, saothar nua le Darach Ó Scolaí, Tigh Mholly.
Darach Ó Scolaí (ar chlé) agus an Dr Breandán Ó Cróinín, ag ócáid sheolta an leabhair DEIRDRE i dTigh Mholly, le linn Féile Chois Fharraige, a bhí eagraithe ag Club Leabhar Chois Fharraige.
Tá DEIRDRE scríofa ag Darach agus foilsithe ag Leabhar Breac, teach foilsitheoireachta a bhunaigh Darach i gCois Fharraige.
Caitheadh seal le Gearóid Ó Murchú, An Spailpín Fánach é féin, agus é ag cur síos ar a shaol, idir chúrsaí gnó agus ceoil sa bPota.
Bhí seisiúin sean-nóis Tigh Chualáin agus Tigh Phádraigín agus seisiún ceoil i gCois Cuain.
Spáineadh “Tarrac”, an scannán nua-eisithe a bhfuil cúrsaí rámhaíocht naomhóg lárnach sa téarma i Seanscoil Sailearna.
Bhí dhá sheisiún scéalaíochta do ghasúir i Leabharlann an Spidéil. Eagraíodh maidin caifé sa mBláth Fiáin sa Spidéal.
Chuir Ceoltóirí Óga Chois Fharraige an-choirmcheoil go deo i láthair i Seanscoil Sailearna ar oíche an tSathairn. Is údar mórtais don cheantar cumas amhránaíochta, ceoil agus teacht i láthair aos óg na dúiche.
Ghlac suas le leathchéad duine páirt i siúlóid an-taitneamhach ón Airdín Buí sa Spidéal go dtí fothracha an tí inar rugadh Máirtín Ó Cadhain, áit ar thug Seán Ó Cadhain, mac dreathára le Máirtín, an-phíosa cainte uaidh faoi stair na muintire agus faoin údar féin. Léigh baill d’Aisteoirí an Spidéil Glantachán Earraigh, scéal as an gcnuasach Cois Caoláire ag an gCéibh Nua.
Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga a dhéanann comhordú ar Fhéile Chois Fharraige.
Club Scannán Sailearna – EIGHT MOUNTAINS
Radharc ón scannán Iodáileach, Eight Mountains, a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo, 12 Deireadh Fómhair, ag tosú ag 8.15pm.
An Déardaoin seo caite bhí an teach lán i Seanscoil Sailearna nuair a taispeánadh an scannán TARRAC mar chuid de Fhéile Chois Fharraige. Deirbhile Ní Churraidhín ó TG4 a chuir an scannán i láthair. Rinneadh an scannán faoi scáth an scéim CINE4 a chuir TG4 ar bun roinnt blianta ó shin leis an aidhm scannáin den scoth a dhéanamh i nGaeilge. Thaisteal daoine ó Charna go speisialta leis an scannán a fheiceáil, scannán faoi chriú ban ag réiteach do rása mór naomhóige. Tá an scannán anois le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na tíre.
Idir seo agus tús mhí na Nollag taispeánfar scannán gach Déardaoin san amharclann i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosnú ag 8.15pm. An Déardaoin seo beidh an scannán ón Iodáil, EIGHT MOUNTAINS, á thaispeáint. Baineann an scéal le beirt chairde a chaith blianta a n-óige ag dreapadóireacht sna sléibhte i dTuaisceart na hIodáile, a chasann ar a chéile aríst.
An tseachtain seo chugainn scannán ón Éigipt a bheas á thaispeáint, CAIRO CONSPIRACY, faoin gcoimhlint idir an Ioslamachais agus an stáit.
Tá eolas faoi na scannáin go léir ar an gclár le fáil ar an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE.
Cluichí an Deireadh Seachtaine Seo Caite
Foireann Iománaíochta faoi 12 Chumann Micheál Breathnach, ar éirigh leo comórtas iománaíochta a bhuachan ag an deireadh seachtaine, a bhí eagraithe ar an Rinn Mór ag Cumann Iománaíochta Liam Uí Mhaoilíosa.
Ar chúl, ó chlé: Tadhg Ó Neachtain, Diarmaid Mac Réamoinn, Cian Ó Maoileoin, Mártan Ó Cualáin, Aonghus Ó Direáin, Peadar Ó Máille, Sarah Ní Scanláin, Aoibhinn Mahon, Cuán Canny, Aebha Ní Fhrighil, Seán Ó Fátharta, Aaron Norman, Peadar Óg Ó Conghaile agus Cathal Mac Eochagáin.
Chun tosaigh, ó chlé: Saoirse Ní Choisdealbha, Darragh Ó Súilleabháin, Seán Ó Coisdealbha, Seoirse de Buitléir, Ultán Mac Conaill, Pádraig Ó Coisdealbha, Ruán Ó Curraoin, Liam Riggott agus Cillian Ó Neachtain. As láthair ón bpictiúr: Conor Ó Tuathail.
[Pic: Áine de Bhailís]
Chlis ar an dá fhoireann peile ó Chois Fharraige sna cluichí cinniúnacha a imríodh an deireadh seachtaine seo caite. Ar an Satharn bhí peileadóirí na mBreathnaigh chun chinn ar Monivea/Abbey sa gcluiche ceathrúcheannais den Chraobhchomórtas Idirmheánach, go dtí na nóiméid deireanacha. Bhí sé ar chomhscór agus an 60 nóiméad caite, ach in am gortaithe d’éirigh le Monivea Abbey cúilín a aimsiú, scór a chuir deireadh le séasúr na bliana do pheileadóirí idirmheánacha Micheál Breathnach agus deireadh chomh maith le seansanna fáil ar ais i ngrád na sinsear.
Bhí roinnt de réalta na mBreathnaigh gortaithe: Fiontán Ó Curraoin, Rónán Mac Donncha agus Caomhán Ó Féinneadha. Mar bharr ar an donas, gortaíodh an cúl báire Rónán Ó Beoláin go mí-ámharach roimh an gcluiche agus ba é a cholcheathar, Cian Ó Conghaile, a sheas sa mbearna agus a rinne cúpla sábhailt éachtach le linn an chluiche.
Chaill foireann sinsir peile An Spidéil chomh maith, nuair a bhuail Caherilstrane iad ar an Domhnach, rud a fhágann go bhfuil siad i mbaol an stádas sinsear a chailliúint. Idir An Spidéal, Leitir Móir, St Micheals agus Killanin beidh dhá fhoireann sinsear le dícháiliú i mbliana. Cheana féin i mbliana chaill iománaithe An Spidéil a stádas Idirmheánach agus beidh siad ag imirt sa ngrád Sóisear A an chéad bhliain eile, an grád céanna iománaíochta le Cumann Micheál Breathnach.
Bhí mí-ádh ar fhoireann iománaíochta faoi 17 na mBreathnaigh ar an Satharn ag imirt in aghaidh Abbeyknockmoy, i gcluiche leathcheannais mionúr an chontae. Ar comhscór a bhí an dá fhoireann théis an 60 nóiméad. D’imir siad am breise agus fuair Abbeyknockmoy cúl ag deireadh an dara leath den am breise leis an bua a fháil.
Corn Pheait Phádraic Tom
I mbliana beidh an comórtas do Chorn Pheait Phádraic Tom ar siúl ar an Domhnach seo chugainn, 15 Deireadh Fómhair, i Scoil Éinne, sa Spidéal.
Is i gcuimhne ar an amhránaí sean-nóis Peait Phádraic Tom Ó Conghaile as Leitir Péic, An Spidéal, a reachtáltar an comórtas. Ghnóthaigh Peait Phádraic Tom an dara háit i gComórtas na bhFear ag Oireachtas na Gaeilge in 1955 agus an chéad áit i 1956.
Mhúin sé amhráin sean-nós do ghasúir óga sa nGaelacadamh sa Spidéal idir 1980 agus 1992.
Is féidir clárú don chomórtas ar an lá. Cuirfear tús le cúrsaí ag 12.00 meánlae, i Scoil Éinne.
Tá breis eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Caitlín ag cnichonghaile@nullforasnagaeilge.ie.
An Spidéal Molta i gComórtas na mBailte Slachtmhara
Droichead Timín Joe Tim sa Spidéal
Tugadh ardmholadh don Spidéal aríst i mbliana i gComórtas na mBailte Slachtmhara. Tugadh 352 pointe don Spidéal, 11 pointe níos mó ná anuraidh.
Is sa tríú áit i gContae na Gaillimhe a tháinig An Spidéal. Sa tuairisc a thug na moltóirí moladh go hard an bealach siúil cois cladaigh agus luadh go háirithe Droichead Timín Joe Tim agus an dealbh don scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain.
Tá an-chreidiúint ag dul don fhochoiste atá ag Comhlacht Forbartha an Spidéil a bhíon ag obair go deonach le sráidbhaile an Spidéil a choinneáil glan is néata.
Foscadh Bus sa Spidéal
R336 – Bóthar Chois Fharraige
Ní mó ná sásta a bhí urlabhraí Sinn Féin i gConamara Theas, Kevin O Hara, leis an leithscéal a thug Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis an moill a bhaineann le foscadh bus a chur ar fáil sa Spidéal do na daoine a bhíonn ag fanacht ar an 424, go minic faoin mbáisteach.
Níl aon fhoscadh bus ar Bhóthar Chois Fharraige idir An Cheathrú Rua agus Na Forbacha. Le bliain nó dhó anuas tá i bhfad níos mó daoine ag úsáid an 424, ach is minic go mbíonn grúpa sa Spidéal ina seasamh sa mbáisteach ag fanacht ar an mbus.
An leithscéal atá tugtha ag an gComhairle Chontae nach féidir leo paiste talún a aimsiú sa Spidéal a bheadh feiliúnach agus nach maith leo go mbeadh an bus ag stopadh gar do fhoirgneamh.
Ní ghlacann Kevin O Hara (SF) leis an leithscéal sin.
Ag labhairt dhó an tseachtain seo ar Adhmhaidin (RnaG) dúirt sé go mba cheart an deis a thapú le breathnú ar an leagan amach atá ar shráidbhaile an Spidéil agus áit a réiteach le gur féidir leis an mbus tarraingt isteach, le nach mbeadh sé ag cur stop leis an trácht ar an R336.
Folúntais i gCois Fharraige
Tá an an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh, ar an gCnoc, ag cuartú oibrithe faoi láthair. Tá postanna le líonadh, páirtaimseartha agus lánaimseartha, idir oibrithe luathbhlianta agus oibrithe iarscoile. Na huaireanta atá i gceist do na hoibrithe iarscoile ná idir 7.30 go 9.30 ar maidin agus idir 1.00 agus 17.30 san iarnóin, ó Luan go hAoine. Tá caighdeán maith Gaeilge riachtanach do na poist. Is féidir níos mó eolais a fháil ach glaoch ar an uimhir 091 593132, nó ríomhphost a chur chuig eolas@nullittancranntaca.ie.
Chomh maith leis sin, tá an Bogha Ceatha sa Spidéal ag iarraidh cur lena bhfoireann oibrithe iarscoile. Níl aon cháilíochtaí ag teastáil, ach tá sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge chumarsáideach ag iarrthóirí, go mbeidís cineálta, cairdiúil agus sásta a bheith ag obair le gasúir idir 4 – 12 bliain d’aois idir na huaireanta 1.30pm go 5.30pm. Tá níos mó eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le oifig@nullboghaceatha.com, nó glaoch ar 091 897 851.
AGM an Chomharchumainn
Is ar an Máirt seo chugainn, 17 Deireadh Fómhair, a thionólfar Cruinniú Ginearálta Bliantúil Chomharchumann Sailearna i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.00pm.
Le freastal ar an gCruinniú Ginearálta Bliantúil ní mhór a bheith i do scairshealbhóir den Chomharchumann. Beidh folúntais le líonadh ar an mBord Stiúrtha. Le seasamh don Bhord Stiúrtha caithfidh tú bheith i do scairshealbhóir agus bíonn foirm ainmniúcháin le líonadh.
Ceardlann do Chumadóirí Amhrán
Tá ceardlann do chumadóirí amhrán Gaeilge á eagrú ag Cló Iar-Chonnacht sa Spidéal ar an Satharn, 28 Deireadh Fómhair, i gcuimhne ar Phádraig Ó hAoláin (1944 – 2021), Tiobraid Árannach ildánach a chum an t-amhrán “Cóilín Phádraig Shéamais”. Beidh an cheardlann dírithe ar chumadóirí amhrán den uile chineál.
Tugtar cuireadh do chumadóirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa gceardlann sampla dá saothar a sheoladh chuig Cló Iar-Chonnacht roimh 21 Deireadh Fómhair. Beidh fáilte roimh ábhar ó chumadóirí nua chomh maith le cumadóirí aitheanta. Roghnófar na saothair is feiliúnaí le plé ag an gceardlann agus seolfar saothar gach cumadóra chuig gach duine a bheas ag freastal ar an gceardlann, le go mbeidh deis roimhré acu iad a léamh is a mheas.
Níl aon táille i gceist. Tá áit do dheichniúr ar an gceardlann. Le áit a chur in áirithe ar an gceardlann ní mhór do chumadóir sampla dá chuid oibre a sheoladh chuig moccic22@nulloutlook.com faoin Satharn, 21 Deireadh Fómhair.
Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht) agus Ciarán Ó Fátharta (RnaG) a bheadh i mbun na ceardlainne.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €3,800 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 7, 8, 24, 26.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
- Máirín Phaddy Beag, Cor na Rón;
- Gail Griffin, Tír an Fhia;
- Micheál Ó Fátharta, Ros a’ Mhíl;
- Tommy O Malley, Cill Chiaráin.
Tigh Durkin, a fuair duais an díoltóra.
€3,900 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
Peil (Sinsear): An Spidéal 0 – 11, Caherlistrane 2 – 08.
Peil (Idirmheánach): Ml. Breathnach 0 – 12, Monivea Abbey 0 – 13.
Iomáint (Mionúr): Ml. Breathnach 1 – 18, Abbeyknockmoy 1 – 21.
Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 1, Oughterard 2.
Sacar (Roinn I): MacDara 6, East Galway Utd. 2.
Sacar (faoi 18, RI): MacDara 7, Tuam Celtic 2.
Sacar (faoi 17): Cois Fharraige 1, Ballinasloe Town 1.
Sacar (faoi 15, RIV): MacDara 5, Tuam Celtic B 2.
Sacar (faoi 13, RII): MacDara 2, Gort Utd 2.