Cartlann Nuachta: 11 Eanáir 2017

Club Scannán Sailearna

the-idol-3

Radharc as an scannán ‘The Idol’, faoi amhránaí ón bPailistín, a éiríonn leis mar amhránaí proifisiúlta in aineoinn go leor bacanna ina aghaidh. Beidh an scannán á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, ar an Déardaoin seo chugainn, 19 Eanáir, ag tosú ag 8.15pm.

Cuirfear tús le séasúr nua de Chlub Scannán Sailearna ar an Déardaoin seo chugainn, 19 Eanáir, le THE IDOL, scannán atá bunaithe ar shaol eachtrúil an amhránaí cháiliúil Mohammad Assaf, a rugadh agus a tógadh ar Stráice Gaza. Chaith sé a óige i mbannaí éagsúla ceoil in éineacht lena dheirfiúr agus le cairde éagsúla, ach ní raibh súil ar bith aige go bhféadfadh sé a bheith ina amhránaí proifisiúnta. Shocraigh sé páirt a ghlacadh sa gcomórtas amhránaíochta ‘Arab Idol,’ ach is iomaí dris chosáin a bhí roimhe: ní raibh pas aige, bhí deacrachtaí aige an teorainn a thrasnú agus ní raibh cuireadh chun éisteachta aige, fiú. Ach d’éirigh leis an réalta ceoil seo chuile bhac a shárú.

Ón Déardaoin seo chugainn ar aghaidh go dtí an Cháisc, taispeánfar scoth na scannán nua ó thíortha éagsúla ar fud an domhain. Seanscoil Sailearna a bhíonn na scannáin ar bun, áit a bhfuil áiseanna den scoth idir fuaim, scáileán agus suiócháin. Bíonn fotheidil i mBéarla leis na scannáin.

Taispeánfar 12 scannán ar fad i gcaitheamh an tséasúir, ag tosaí mar is gnáth ag 8.15pm gach Déardaoin. Is féidir ballraíocht a fháil sa gClub Scannán ar €30, a thugann cead isteach do gach ceann de na scannáin. Bíonn ballraíochta ar fáil do lánúin ar €50 agus níl ach €25 ar dhaoine atá dífhostaithe, ar phinsean nó ar mhic léinn iad. Glacfar le ballraíocht roimh an scannán ag an doras ón 8.00pm ar aghaidh ar an Déardaoin seo chugainn.


Paróiste an Chnoic

Foilsíodh staitisticí spéisiúla don bhliain 2016 i Nuachtlitir Pharóiste an Chnoic an deireadh seachtaine seo caite. I gcaitheamh na bliana 2016 bhí 24 socraid sa bparóiste idir Séipéal an Chnoic agus Séipéal na Tulaí agus baistíodh 26 páiste idir an dá shéipéal, 14 ar an Tulach agus 12 ar an gCnoc. Ní raibh ach an t-aon phósadh amháin idir an dá shéipéal. Ghlac 40 gasúr an Chéad Chomaoineach agus chuaigh 39 faoi láimh easpaig.


Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Tá na seisiúin cheoil a bhíonn ar bun go seachtainiúl ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag tosaí ar ais an deireadh seachtaine seo. Bíonn seisiún na bpáistí bunscoile ar bun gach maidin Domhnaigh sa gCrann Taca (ITT), ar chúl Séipéal an Chnoic, ag tosaí ag 12.30.

Tráthnóna Sathairn a bhíonn an seisiún do na déagóirí ar bun sa Droighneán Donn ar an Spidéal ag tosaí ag 7.30pm.

Fáilte roimh cheoltóirí nua tíocht ag na seisiúin.


Cruinniú Chinn Bhliana an Chomhar Chreidmheasa

CCCCIs ar an Máirt dheireanach den mhí, 31 Eanáir, a bheas an Cruinniú Cinn Bhliana á reáchtáil ag Comhar Creidmheas Cholmcille. I mbliana beidh an cruinniú ar bun san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, ar an gCnoc.

Tá Comhar Creidmheas Cholmcille ag cur seirbhísí airgeadais ar fáil do cheantar Chois Fharraige, do cheantar na Ceathrún Rua agus do Cheantar na nOileán ón bhliain 1987 go dtí an lá inniu. Is ar mhaithe lena chuid ball agus sin amháin atá Comhar Creidmheasa Cholmcille Teoranta i mbun gnó – ní ar mhaithe le brabús a dhéanamh as a gcuid riachtanais. Tugtar an farasbarr ioncaim ar ais do na baill trí dhíbhinn agus/nó cuirtear an t-ioncam sin i leith seirbhísí a fheabhsú nó le seirbhísí breise a theastaíonn ó na baill a chur ar fáil.

feilire-an-chomhar-creidmheasa

An grianghraf le Mícheál Óg Ó Braonáin ón gCeathrú Rua, atá ar chlúdach féilire an Chomhar Creidmheasa i mbliana agus a bhain amach duais de €50. Tá an féilire le piocadh suas, saor in aisce, in oifig an Chomhar Creidmheasa ar an gCnoc agus ón oifig ar an gCeathrú Rua.


Rith Spraoi Chroílíne

rith-spraoi-an-spideil-2016

An slua mór ag tús an Rása Spraoi 5km, a reáchtáladh sa Spidéal ar an Máirt, 27 Nollaig, ar mhaithe leis an eagraíocht Croílíne Chois Fharraige, eagraíocht dheonach a fheistíonn dífhibrileoirí i gceantar Chois Fharraige agus a eagraíonn cúrsaí le cur ar chumas daoine iad a úsáid.

Ar an Máirt, 27 Nollaig, ghlac ós cionn 270 duine páirt i Ras 5km ar an Spidéal le airgead a bhailiú do Chroílíne Chois Fharraige. Bhí an aimsir ar fheabhas don rása agus d’éirigh leis an mbuateoir, Dan Fisher as Leeds, an t-am is sciobtha a dhéanamh: 16’56”.

Ba í Catherine Ní Dhroighnéan ón Spidéal an chéad bean abhaile agus ba iad Eoghan Jennings an chéad bhuachaill agus Aisling Ní Ainiféin an chéad chailín a chríochnaigh an rása.

Cuireadh sóláistí ar fáil i gColáiste Chroí Mhuire dóibh súid a ghlac páirt.

Tá Croílíne Chois Fharraige tar éis dífhibrileoirí a fheistiú agus a chothabháil i gceantar Chois Fharraige le cúpla bliain anuas. Cuirtear traenáil ar fáil in úsáid na ndífhibrileoirí agus i CPR do mhuintir Chois Fharraige chomh maith.


Club Foghlaimeoirí Gaeilge

ClubFoghlaimeoirí

Tá Club na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar ais i mbun oibre tar éis briseadh don Nollaig agus cuirfear fáilte roimh dhaoine nua atá ag iarraidh cur len a gcuid Gaeilge i mbealach taithneamhach.

Tá Club na bhFoghlaimeoirí imithe ó neart go neart ó bunaíodh é mí na Márta seo caite. Bíonn dhá sheisiún rialta ag an gclub gach seachtain: maidin Máirt bíonn rang le cupán caifé is soláistí sa gCrúiscín Lán ar an Spidéal. Gach tráthnóna Céadaoine bíonn seisiún eile thuas staighre Tigh Giblin sa Spidéal a thosaíonn ag 7.00.

D’fháilteodh Club na bhFoghlaimeoirí roimh níos mó tacaíochta: daoine a bheas sásta cúnamh a thabhairt ar an gcoiste nó leis na seisiuin sóisialta ina mbíonn deis ag na foghlaimeoirí a gcuid Gaeilge a chleachtadh in éindí le cainteoirí maithe Gaeilge. Is féidir dul i dteagbháil le Club na bhFoghlaimeoirí ag an seoladh ríomhphoist cfgas1@nullgmail.com.


Plean Teanga Chois Fharraige/Language Planning in Cois Fharraige

pleanteangacf2016

Plean Teanga 2016 ar fáil anois mar PDF le Léamh (cliceáil) agus le hÍoslódáil (cliceáil ar dheis).

 

Language Planning 2016 available here as a PDF to Read (click) or to Download (right click).

Ar an Déardaoin roimh an Nollaig cuireadh an dréacht críochnaithe de Phlean Teanga Chois Fharraige ar aghaidh chuig Údarás na Gaeltachta.

Thóg sé beagán le cois ar dhá bhliain leis an bplean a chur i dtoll a chéile. Bunaíodh Fóram Chois Fhrarraige um Phleanáil Teanga ar dtús le ionadaithe ó eagraíochta agus ó scoileanna sa gceantar. Roghnaíodh Coiste Stiúrtha leis an obair a bhrú chun cinn ó sheachtain go seachtain, le Máire Ní Neachtain ina cathaoirleach air. Fostaíodh Colm Ó Cinnseala agus Mait Ó Brádaigh ón gcomhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga le taighde a dhéanamh agus comhordanú a dhéanamh ar an obair.

Tá sé molta sa bplean teanga go mbunófaí comhlacht nua leis an bplean a chur i bhfeidhm, le ionadaíocht sa gcomhlacht ag go leor eagraíochtaí agus institiúid atá gníomhach i gCois Fharraige. Plean seacht mbliana atá i gceist agus deirtear sa bplean go mba cheart Oifig Pleanála Teanga a bhunú sa gceantar ina mbeadh triúr fostaithe: duine amháin ag díriú ar chúrsaí oideachais, duine eile ar chúrsaí óige agus an tríú dhuine ag obair le eagraíochtaí pobail, spóirt agus lucht gnó sa gceantar. Thart ar €250,000 in aghaidh na bliana an meastúchán atá tugtha leis an bplean a chur i bhfeidhm.

Tuigtear go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag seiceáil go bhfuil an plean ag tíocht leis na treoracha a tugadh sula gcuirfear an plean ar aghaidh chuig Roinn na Gaeltachta.

Chomh luath is a ghlacann an Roinn leis, tá sé i gceist ag an bhFóram an plean a fhoilsiú ar an idirlíon agus scaipfar leagan giorraithe ar an bpobal ina mbeidh na príomhshonraí is na moltaí.


11 Eanáir 2017