Cartlann Nuachta: 11 Feabhra 2015
Club Óige Lurgan ag dul go Gaoth Dobhair
Dé hAoine seo caite i Ros a’ Mhíl bhain Club Óige Lurgan an chéad áit amach sa gcomórtas “Fachtóir Chonamara”, a bhíonn á reachtáil ag Óige na Gaeltachta go bliantúil do clubanna óige sa Ghaeltacht.
Chuir Club Óige Lurgan seó dúshlánach ar an stáitse ina raibh gach ball den chlub páirteach ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Sa seó bhí meascán de cheol, amhráin, damhsa agus agallamh beirte.
Seo liosta na ndaoine óga a ghlac páirt sa seó: Saorla Ní Ghabhláin, Róisín Ní Dhiomsaigh, Caoimhe Bolustrom, Aisling Ní Chonghaile, Siobhán Ní Neachtain, Rosanna Ní Chualáin, Kate Scott, Béibhinn Breathnach de Faoite, Aislinn Ní Fhurrghas, Aislinn Ní Choiligh, Fionnuala Ní Mhárta, Róise Nic Dhonnagáin, Aifric Ní Scolaí, Íseult Ní Fhoighil, Séamus Ó Gallachóir, Hazel Ní Chualáin, Becky Ní Eallaithe, Katie Ní Fheinneadha, Sadhbh Howlin, Domhnall Ó Braonáin, Majella Ní Dhonnacha, Ryan Ó Dioráin, Anthony Ó Gallachóir, Mac Dara Ó Duibhir, Marc Mac Giolla Choinnigh, Jason Ó Loideain, Eoin Ó Fearchair, Tomás MacDonncha, Oisín Turley, Cian Ó Fearchair, Con Ó Gibne, Eileanóir Ní Fheinneadha agus Éanna Ó Cualáin.
Beidh Club Óige Lurgan ag dul ar aghaidh ag an gcomórtas náisiúnta a bheas ar bun i nGaoth Dobhair seachtain ón Satharn, 21 Feabhra.
Scannáin sa tSeanscoil Anocht
Dhá scannán a bheas le feiceáil ar an Déardaoin seo i Seanscoil Sailearna. Chomh maith leis an bpríomhscannán ‘IDA’, taispeánfar an gearrscannán ‘RÚBAÍ’, a rinne Louise Ní Fhiannachta anuraidh agus a thóg an phríomhdhuais ag Fleadh Scannán na Gaillimhe anuraidh agus i nDoire chomh maith. Diúltaíonn Rúbaí páirt a ghlacadh san ullmhúchán don Chéad Chomaoineach, mar go ndeireann sí gur ‘atheist’ í, rud a chuireann na múinteoirí, a tuismitheoirí agus an sagart trína chéile.
Cailín as Indreabhán, Doireann Ní Fhoighil, atá i bpáirt Rúbaí sa scannán. Is iníon í le Mícheál Ó Foighil agus Máire Ní Chonaire.
Tá níos mó eolais faoi na scannáin, chomh maith le blaiseadh beag dóibh, le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Éigse an Spidéil ag Tíocht
Tá clár leathan imeachtaí curtha le chéile le haghaidh Éigse an Spidéil i mbliana, a bheas ag tosaí ar an gCéadaoin, 4 Márta, nuair a sheolfar togra atá ar bun ag an Idirbhliain sa dá scoil iarbhunoideachais sa gceantar, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, agus Coláiste Cholmcille, Indreabhán.
Leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh go dtí an Domhnach, 8 Márta, nuair a chuirfear deireadh leis an bhféile sa Droighneán Donn, áit a mbronnfar gradam ar ‘Laoch an Traidisiúin’ – amhránaí, ceoltóir, file nó laoch ar bhealach eile sa traidisiún.
Beidh Ceolchoirm Mhór na hÉigse ar siúl ar an Satharn in Óstán na Páirce, buaicphointe an deireadh seachtaine. Chomh maith leis an sárfhidléir, Liam O’ Connor, beidh taispeántas damhsa comhoibríoch ó na sárdhamhsóirí Seosamh Ó Neachtain agus Máire Áine Ní Iarnáin, curtha le ceol nua-chumtha ag Johnny Óg Connolly.
Oíche Oscailte ag Coláiste Cholmcille
An Déardaoin seo, 12 Feabhra, beidh Oíche Eolais do scoláirí nua agus a gcuid tuismitheoirí i gColáiste Cholmcille, Indreabhán, ón 7.00 trathnóna go dtí 9.00. Beidh fáilte roimh chuile dhuine.
Liathróid Láimhe na nIarbhunscoileanna
D’éirigh le scoláirí ó Choláiste Cholmcille dhá bhonn óir a thabhairt abhaile leo ó Chraobh Chonnacht de Chomórtas Liathróid Láimhe na gColáistí Dara-Leibhéal i Ros Comáin an deireadh seachtaine seo caite.
Bhí an bua ag Eimear Ní Bhiadha, An Cnoc, Indreabhán, sa gcomórtas do chailíní faoi 16 agus bhí an bua ag Eimhín Ó Diollúin i gcomórtas na mbuachaillí sa chéad bhliain.
Báireoirí na mBreathnach
Tá tús maith curtha ag báireoirí Chumann Mícheál Breathnach leis an séasúr nua iománaíochta. Sa gcomórtas Táin Chonnachta, tá dhá chluiche buaite acu sa ngrúpa: bhuail siad Flipeadóirí Longphoirt (Longford Slashers) sa gCarn Mór ar an Satharn, 31 Eanáir, agus an Satharn seo caite bhuail siad Misteálaigh Chaisleán a’ Bharraigh.
Beidh an chéad chluiche eile sa tsraith seo le imirt sa mbaile in aghaidh Bhéal Átha na Sluaí ar an Satharn, 28 Feabhra.
Seo é an chéad uair do Chumann Mícheál Breathnach páirt a thógáil sa gcomórtas seo.
Bhí mí–ádh ceart ar an bhfoireann peile faoi 21 in aghaidh Naomh Shéamais ar an Satharn seo caite. Chaill siad le cúilín amháin. Beidh siad ag dul sa tarraingt anois do na fóirne a chaill an chéad chluiche le fáil amach cén fhoireann a chasfaidh leo i mbabhta cáilithe an chúl dorais.
Scoláireachtaí Printíseachta an Údaráis
Níl mórán laethanta fanta anois do dhaltaí na hArdteiste a gcuid foirmeacha CAO a chur ar ais le rogha na gcúrsaí tríú leibhéal ar mhaith leo tabhairt faoi. Ach bíonn rogha maith eile ag daltaí chomh maith: dul le printíseachtaí i gceird éicint.
Cuireann Údarás na Gaeltachta scoláireachtaí ar fáil do chainteoirí líofa Gaeltachta i réimse leathan ceirdeanna, scoláireachtaí ar fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad. Tá go dtí 27 Feabhra na foirmeacha a chur ar ais ag an Údarás. Ní theastaíonn aon phointí san Ardteist le haghaidh na scoláireachtaí seo, ach an Teastas Sóisearach a bheith déanta. Tá breis eolais faoi na scoláireachtaí printíseachta seo, chomh maith le foirmeacha, ar fáil ar shuíomh idirlín an Údaráis nó glaoch ar 091 503139.
Cártaí sna Minna
Tá borradh nua faoi imeachtaí pobail sna Minna na laethanta seo. Tá Seanscoil na Minna faoi chúram an Choiste Pobail agus iad sásta í a chur ar fáil i gcomhair imeachtaí sóisialta, siamsaíochta, caitheamh aimsire nó le cúrsaí a eagrú. Bíonn Oíche Chártaí ar bun ann chuile Chéadaoin ag tosaí ag 8.30 tráthnóna ar €10 an duine agus slua breá ag freasal orthu. Chomh maith leis na duaiseanna agus an raifil, cuirtear tae/caifé ar fáil dóibh siúd a bhíonn i láthair.