Cartlann Nuachta: 11 Iúil 2018
Traidphicnic sa Spidéal
Coiste eagraithe Traidphicnic 2018 ar stáitse ag deireadh na féile.
Ó chlé: Bridge Barker, Sara Howlin, Steve Sweeney agus Liam Collins.
D’fhógair Bridge ón stáitse nach mbeadh an suíomh os comhair Stiúido Cuain ar fáil an chéad bhliain eile.
[Pictiúr: Seán Ó Mainnín]
D’éirigh thar barr le Traidphicnic sa Spidéal an deireadh seachtaine seo caite. Bhí féasta ceoil is amhránaíochta ar bun, ní amháin ón stáitse ar chúl na Ceardlainne, ach chomh maith leis sin bhí ceol sna tithe tábhairne nó go raibh sé deireannach san oíche.
Buaicphointe an deireadh seachtaine ab ea Dolores Keane agus an grúpa De Danann ar stáitse ar an Satharn, os comhair slua mór, agus iad ag baint sásaimh as a bheith ar ais sa Spidéal, an áit ar thosaigh De Danann os cionn dhá scór bliain ó shin.
Ba tógáil croí don lucht féachana an críoch bríomhar a chuir Ceoltóirí Óga Chois Fharraige leis an bhféile ar an Domhnach. Suas le scór déagóir ó cheantar Chois Fharraige a bhí ar an stáitse astu féin, ag ceol is ag amhránaíocht. Ba léiriú breá é ar an toradh atá ar an obair mhór atá déanta ag An Gaelacadamh le dhá scór bliain, ag eagrú ranganna ceoil is amhránaíochta sa gceantar do dhaoine óga.
Ach an mbeidh Traidphicnic ann arís an chéad bhliain eile? B’shin an cheist a bhí á cur ar an Domhnach nuair a cuireadh clabhsúr leis an bhféile, mar d’fhógair Bridge Barker ón gCoiste Eagraithe go raibh curtha in iúl dóibh nach mbeadh Stiúideo Cuain ar fáil don Traidphicnic an chéad bhliain eile.
Tá áit bainte amach ag Traidphicnic mar cheann de na féilte ceoil traidisiúnta is taitneamhaí dá bhfuil ann agus ba é an trua dá dtiocfadh deireadh leis, de bharr easpa ionaid feiliúnach.
Éisteachtaí ag Fíbín
Tá Fíbín, an comhlacht drámaíochta Gaeilge in Indreabhán, ar thóir aisteoirí proifisiúnta chun roinnt páirteanna a líonadh sa dráma ‘An Triail’, a rachaidh ar camchuairt náisiúnta amach san fhómhar. Tá Fíbín ag ullmhú don dara camchuairt dhéag den dráma atá ar churaclam na Gaeilge do lucht na hArdteiste agus beidh sé le feiceáil i 6 ionad mórthimpeall na tíre i mí Dheireadh Fómhair le linn na camchuairte náisiúnta.
Seo leagan ar leith de dhráma Mháiréad Ní Ghráda, ‘An Triail’ i stíl Fíbín! Téann Fíbín i ngleic le ceisteanna a ardaíonn múinteoirí agus scoláirí araon, trí phlota a bhreathnaíonn as dáta a thabhairt isteach i gcomhthéacs sochaí nua-aimseartha ag baint úsáid as puipéid, maisc, radhairc tharraingteacha agus léirithe daonna chun lucht féachana óg, ach go háirithe a mhealladh ar bhealach a thagann le saol na linne seo. Cé gur scríobhadh an dráma thiar sna 1960’aidí, tá go leor den ábhar agus na téamaí a phléitear ann go mór i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann, na Neachtlanna Mhaigdiléana, ginmhilleadh éigeantach agus féinmharú chun roinnt a lua.
Tá oiread sin carachtar sa dráma agus níl ach ceathrar aisteoirí sa chliar mar sin beidh ceithre nó cúig pháirt ag gach aisteoir seachas an té a mbeidh an phríomhpháirt aici i ról Mháire Ní Chathasaigh, an mháthair óg shingil. Cuirtear cruachás Mháire i gcomhthéacs shochaí an lae inniu agus in áit ceacht a mhúineadh don lucht féachana déantar iad a spreagadh le léiriú úr tuisceanach.
Beidh na héisteachtaí ar siúl in Amharclann Áras na nGael, 45 Sráid Dhoiminic i nGaillimh ar an Aoine 27 Iúil ón 10r.n-2i.n. Tá roinnt róil le líonadh, idir fir agus mná agus ní mór Gaeilge líofa agus taithí aisteoireachta a bheith ag gach duine a chuireann isteach ar na héisteachtaí. Cé gur éisteachtaí oscailte iad, ní mór duit do shuim a léiriú chun freastal orthu trí ríomhphost le do CV agus grianghraf ceangailte leis a sheoladh chuig fibinteo@nullgmail.com roimh an Aoine 20 Iúil. Tiocfaidh muid ar ais chugat ansin le am do d’éisteacht. Cuirfear cliar le chéile tar éis na héisteachtaí agus ní mór dóibh siúd a roghnaítear a bheith ar fáil ar feadh tréimhse leanúnach 6 seachtainí le haghaidh na cleachtaí agus an chamchuairt náisiúnta ón 17 Meán Fómhair – 26 Deireadh Fómhair 2018.
Tá tacaíocht faighte ag Fíbín ón gComhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge chun dul i mbun camchuairte.
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le
Caitlín Nic Dhonnacha
Bainisteoir Margaíochta
Fíbín
Na hAille
Indreabhán
Co. na Gaillimhe.
Teil: +353 91 505855
Suíomh: www.fibin.com
Facebook: https://www.facebook.com/fibin.fibin/
Twitter: @FibinTeo
Instagram: fibinteo
Snapchat: fibinteo
Cuid de na caraictéirí sa dráma An Triail
Ionad Séarachais an Spidéil
Tá cuid mhaith aighneachtaí curtha isteach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis an iarratas pleanála (18/766) atá déanta ag Uisce Éireann, leis an gcóras séarachais sa Spidéal a uasghrádú. Le fada is cúis gearáin é go bhfuil séarachais an tsráidbhaile, nach bhfuil cóirithe in aon bhealach, ag dul amach sa bhfarraige trasna ó Scoil Éinne. Dá bharr, chaill an dá thrá ar an Spidéal an bratach gorm.
Faoin iarratas pleanála atá déanta ag Uisce Éireann bheadh an ionad nua séarachais á thógáil ar shuíomh ó thuaidh den Cheardlann, ar le Údarás na Gaeltachta é, agus taobh leis an bpáirc spraoi atá ag Scoil Éinne. Beidh stáistiún pumpála le cur faoin talamh sa bpaiste glas os comhair na Ceardlainne. Beidh píobán nua ag tíocht anuas ón ionad cóiriúla, taobh le Cló Iar-Chonnacht, agus síos ó dheas ar an mbóthar isteach ag an gCeardlann chomh fada leis an ionad pumpála. Beidh píblíne eile ag dul ón stáisiún pumpála trasna an bhóthair le ceangail leis an bpíobán atá ag dul amach sa bhfarraige taobh le Trá na mBan.
Bhí go dtí Dé Máirt seo caite ag daoine aighneachtaí a sheoladh isteach ag an gComhairle Chontae. Tá 14 aighneacht ar fad liostáilte ag an gComhairle Chontae, a mhór fhormhór ag cur in aghaidh an láthair atá roghnaithe ag Uisce Éireann.
I measc na n-aighneachtaí tá ceann ó Dheoise na Gaillimhe, ar leo an talamh taobh leis an suíomh atá beartaithe agus tá ceann chomh maith ó Bhord Bainistíochta Scoil Éinne, a léiríonn an imní atá ann go mbeadh baol sláinte do na daltaí sa scoil dá dtógfaí an ionad san áit atá beartaithe.
Tá aighneacht chomh maith seolta isteach ag Údarás na Gaeltachta, atá ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas don Ghaeilge ‘i ngach gné de fhorbairt an ghnó’ agus go mbeadh ‘coiníoll teanga le cur i bhfeidhm’.
Sé an lá deireannach den mhí seo, 31 Iúil, atá tugtha ag an gComhairle Chontae le haghaidh cinneadh.
An Crann Taca Ag Lorg Iarratais
Tá an t-Ionad Tacaíochta Teaghlaigh., ag lorg iarratais do phostanna páirt–aimseartha.
Post uimhir 1: Post mar Phríomh Stiúrthóir Naíonra
Tá cáilíochtaí QQI FETAC leibhéal 6 i gcúram leanaí riachtanach chomh maith le taithí ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois. Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost.
Post uimhir 2: Post mar Stiúrthóir cúnta Naíonra
Tá cáilíochtaí QQI FETAC leibhéal 5 i gcúram leanaí riachtanach chomh maith le taithí ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois. Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost.
Tuilleadh eolas le fáil ach glaoch ar 091-593132 nó ríomhphost a sheoladh ag ittt@nulleircom.net.
Seoltar litir iarratais mar aon le CV isteach roimh an Aoine 27ú Iúil 2018
An Bainisteoir
An Ionad Tacaíochta Teaghlaigh
An Cnoc, Indreabhan, Co. na Gaillimhe
Dumhach na Leanbh
Tá ceolchoirm mhór á eagrú ar mhaithe le Ciste Athchóirithe Dumhach na Leanbh, ar an Satharn 4 Lúnasa, sa bPoitín Stil, Indreabhán. Beidh éagsúlacht mhór ceoltóirí agus amhránaithe ag dul ar stáitse agus beidh neart spotduaiseanna le buachaint ar an oíche chomh maith.
Tá cuntas oscailte leis an gComhar Creidmheasa faoin ainm ‘Fochoiste Dumhach na Leanbh’ agus is féidir le duine ar bith, ar mian leo síntiús a thabhairt, é sin a dhéanamh in oifig an Chomhar Creidmheasa, nó is féidir airgead a chur isteach sa gcuntas go leictreonach ach úsáid a bhaint as an IBAN seo a leanas: IE03CCHC99218194742425. Cuirfear admháil amach ar aon síntiús a fhaightear.
Torthaí Spóirt an Deireadh Seachtaine
Iománaíocht Faoi 12 – Roinn 3: Gort Inse Guaire 6-5, Bearna-Na Forbacha 0-2.
Iománaíocht Faoi 12 – Roinn 6: Clg Mícheál Breathnach 0-8, Pádraig Pearses 6-5.
Iománaíocht Faoi 13 B: Maigh Cuilinn 3-9, Cois Fharraige 2-6.
Iománaíocht Faoi 13 C: Killimor 4-5, Clg Mícheál Breathnach 1-5.
Iománaíocht C1 – Roinn 1: An Spidéal 1-16, Kilnadeema-Leitrim 2-14.
–
Peil Faoi 16 – Roinn 2 (Iarthar): Carna-Caiseal/Na Piarsaigh 1-10, An Spidéal 2-14.
Peil Faoi 12 – Roinn 7: St Michael’s 3-9, Clg Mícheál Breathnach 1-6.
Peil – Roinn 2: Clg Mícheál Breathnach 0-10, St Michael’s 1-15.
Peil Car Parts Warehouse Roinn 8 (Iarthar): An Fhairche-Clonbur 2-7, Clg Mícheál Breathnach 5-12.
Peil Faoi 13 – Roinn 2 B: Clg Mícheál Breathnach 6-10, St. James’ GAA 3-4.
Peil na mBan (Sóisear): Clg Mícheál Breathnach 4-6, Kilconly 5-18.
Briseadh do Nótaí Chois Fharraige
Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraire ar ais aríst tús Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh idirlíon seo, áit a mbeidh míreanna nua á n-uaslódáil gach seachtain.
11 Iúil 2018