Cartlann Nuachta: 11 Márta 2015
11 Márta 2015
Cruinniú Cinn Bhliana Chumann Forbartha Chois Fharraige
Ar an Luan, 13 Aibreáin, a bheidh an cruinniú cinn bhliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige. Anuraidh cuireadh atheagar ar an gcumann agus glacadh le bunreacht nua. Faoin mbunreacht tá sé riachtanach go mbeidh daoine, ar mian leo a bheith páirteach sa gCumann Forbartha, a bheith cláraithe roimhré. Níl aon chostas ar chlárú. Níl le déanamh ach foirm a líonadh le do shonraí teagmhála agus síniú a thabhairt go nglacann tú le aidhmeanna an Chumann Forbartha. Tuilleadh eolais, bunreacht, baill an choiste agus eile anseo.
An Idirlíon agus Úsáid na Meáin Sóisialta
Cúrsa Ríomhaireachta do Eagraíochtaí Pobail is Deonacha i gCois Fharraige
Tá cúrsa á thairiscint do ionadaithe ó eagraíochtaí pobail is eagraíochtaí deonacha i gceantar Chois Fharraige, a bhfuil sé de aidhm aige cur ar a gcumas usáid níos éifeachtaí agus níos iomláine a bhaint as suíomh idirlíon agus as na meáin sóisialta. Tá an cúrsa á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le tacaíocht airgid ó Scéim Tacaíochta Oideachais Pobail 2015, de chuid an GRETB.
Tá bunthuiscint ar úsáid ríomhairí agus ar úsáid an idirlíon riachtanach don chúrsa seo.
Ag deireadh an chúrsa ba cheart go mbeadh tuiscint agus cumas ag na rannpháirtithe sna réimsí seo a leanas:
- An structúr ar shuíomh idirlíon;
- Cén chaoi le suíomh simplí a chruthú i WordPress;
- Cén chaoi eolas a chur suas ar shuíomh nó é a leasú;
- Pictiúirí is íomhánna a chur ar an suíomh;
- Cén chaoi le suíomh a dhéanamh níos tarraingtí;
- Tíocht ar an suíomh ar an Idirlíon a dhéanamh níos éasca;
- Leathanach Facebook a chruthú do eagraíocht;
- Bainistiú an Eolais ar an Suíomh.
- Nuachtlitir a sheoladh amach,
- Úsáid áiseanna Gaeilge ar líne.
- Cartlann a chruthú.
Cé ar a bhfuil an Cúrsa Dírithe?
Go príomha tá an cúrsa seo dírithe ar eagraíochtaí pobail agus eagraíochtaí deonacha a bhfuil suíomhanna idirlíon acu cheana agus ar mhaith leo na scileanna a bheith ag duine nó beirt ar an gcoiste le uasdátú a dhéanamh ar shuíomh idirlíon na heagraíochta, comh maith le bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an eolas ar mhaith leis an eagraíocht a roinnt leis an bpobal ar an idirlíon.
Déanfaidh gach duine ar an gcúrsa suíomh idirlíon bunúsach a chruthú ag usáid WORDPRESS, ar a mbeidh cleachtadh le déanamh ar na gnéithe éagsúla den cúrsa.
An Cúrsa: Cúrsa 8 seachtaine, gach Máirt óna 7 go 9.30pm. le briseadh seachtain na Cásca.
Dáta Tosaithe: Máirt, 24 Márta agus ag críochnú ar 19 Bealtaine.
Ionad: Seanscoil Sailearna, Indreabhán.
Líon Daoine: Ní ghlacfar le níos mó ná 12 ar an gcúrsa. Beidh 8 ar a laghad ag teastáil le dul ar aghaidh leis an gcúrsa.
Teagascóir: Julianne Ní Chonchubhair, atá ag obair le Cló Iarchonnacht agus a bhfuil taithí na mblianta ag bainistiú suíomhanna idirlíon.
Teanga Teagaisc: Is tré Ghaeilge a bheas an cúrsa.
Costas: €40 an duine don 8 seachtaine.
Ní ghlacfar ach le beirt ar a mhéad ón eagraíocht chéanna ar an gcúrsa, ach sa gcás nach bhfuil an cúrsa lán.
TÁ AN CÚRSA Á CHUR AR FÁIL AG CUMANN FORBARTHA CHOIS FHARRAIGE AGUS Á MHAOINIÚ AG AN SCÉIM TACAÍOCHTA OIDEACHAIS POBAIL de chuid Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin.
Tá an Cumann Forbartha buíoch do Chomharchumann Sailearna Teo., as an seomra ríomhaireachta a chur ar fáil don chúrsa ar tháille réasúnach.
Más spéis le do eagraíocht duine nó beirt a chur ar an gcúrsa seo, cuir teachtaireacht ag an gCumann Forbartha ag an seoladh ríomhphoist cumannforbartha@nullgmail.com.
Is féidir an Fhoirm Iarratais a íoslódáil anseo (clic ar dheis)
Féile Drámaíochta na Scoileanna
D’éirigh thar cionn leis na drámaí a bhí ag scoileanna Chois Fharraige sa bhFéile Drámaíochta do na Scoileanna ó Chúige Chonnacht a bhí ar bun an tseachtain seo caite i Seanscoil Sailearna.
Roghnaíodh ceithre dhráma ó Scoil Sailearna, An Cnoc, agus roghnaíodh freisin dráma ó Choláiste Cholmcille le dul ar aghaidh go dtí an Fhéile Náisiúnta, i Muileann gCearr, a thosóidh ar an gCéadaoin, 22 Aibreán.
Seo a leanas na drámaí ó scoileanna Chois Fharraige a bheas páirteach sa bhFéile Náisiúnta:
‘Saoire na mBan’ ag Rang a 2 (Traolach Ó Conghaile);
‘Bean de Brún’ ag Rang a 3 (Mairéad Ní Mhocháin);
‘Luaithrín’ ag Rang a 4 (Aisling Ní Chéidigh & Fearghas Mac Lochlainn);
‘Oisín i dTír na nÓg’ ag Rang a 6 (Siobhán Seoige);
Ó Scoil Cholmcille, An Tulach beidh an dráma‘Páidín Mháire Mhuigín’ á dhéanamh ag Rang a 4 (Niamh Ní Loinsigh);
agus ‘An Chéad Fhaoistin’ á chur ar stáitse ag Coláiste Cholmcille, Indreabhán (Máirín Uí Choileáin).
Rang a Ceathair, Scoil Sailearna, An Cnoc, Indreabhán, a roghnaíodh le dul ar aghaidh go Féile Náisiúnta Drámaíochta na Scoileanna, ag Féile Chonnacht an tseachtain seo caite.
Ar chúl: Owen Ó Duibheannaigh, Fearghas Mac Lochlainn (Príomhoide), Mia Ní Dhochartaigh, Éamonn Ó Ceallacháin, Keith Ó Flaithearta, Fionn Simmonds, Ryan Ó Gionnáin, Amanda Ní Bhrádaigh, Darragh Ó Conchúir, Éanna Ó hÉanaí, Katie Bhreathnach, Kian Ó Máille, Méabh Ní Chualáin, Amy Ní Chonaire, David Ó Céidigh, Iarfhlaith Canny, Clíodhna Ní Mhárta, Marcus Ó Tuathail Robinson, Gránia Ní Fhéinneadha, Fionn Ó Ceallaigh, Aisling Ní Chéidigh (Múinteoir).
Chun tosaigh: David Ó Tuathail, Dara Ó Laoire, Cormac Ó Tuairisg, Cathal Ó Laoire, Doireann Ní Fhoighil, Ríona Howlin agus Chloe Ní Chonaire.
[Pictiúr: Donncha Ó hÉallaithe]
Rang a Cúig agus a Sé, Scoil Sailearna, An Cnoc, Indreabhán a roghnaíodh le dul ar aghaidh go Féile Náisiúnta Drámaíochta na Scoileanna, ag Féile Chonnacht an tseachtain seo caite.
Ar chúl: Keith Ó Flaithearta, Mícheál Pádraig Ó Máille, Sammie Ní Loideáin, Tommy Lee Ó Fátharta, Conall Ó Gríofa, Skylyn Ní Mháille Bhreathnach, Bróna Ní Cheallacháin, Ailbhe Ní Chualáin, Neasa Ní Chonghaile, Siobhán Seoige (Múinteoir), Jayne Ní Ghionnáin, Aifric Ní Ghibne, Deirbhle Ní Mhárta, Liadan Canny, Cainnear Nic Réamoinn, Jamie Ó Máille, Síofra Ní Mhárta, Éadaoin Nic Dhonncha.
Chun tosaigh: Yann Ó Máille Breathnach, Éanna Ó Conchúir, Alan Mac Liam, Katelyn Ní Fhlaithearta, Cormac de Bhailís, Darren Ó Flaithearta, Culann Ó Dochartaigh, Oisín Ó Coisdealbha, Jamie Ó Lionáin.
[Pictiúr: Donncha Ó hÉallaithe]
Joan Ned
An tseachtain seo caite cuireadh Joan Bean Uí Fhátharta, Na hAille, nó Joan Ned, mar ab fhearr aithne uirthi.
Ba í Joan a d’oscail an chéad ionad gruagadóireachta i gCois Fharraige sna seachtóidí, ag obair as seomra beag i dteach mhuintir a chéile, Bidín agus Joe Ned, ar thaobh an bhóthair ar an dTeach Mór. Thagadh mná i bhfad ‘s i gcéin le ‘perms’ a fháil nó dath a chur ina gcuid gruaige. Is iomaí scéal a chuala Joan agus í ag obair agus is minic a chuir sí comhairle ar a cuid custaiméirí. Bhíodh cupán tae ar fáil chomh maith leis an gcomhrá.
B’as Tiobraid Árann Joan ó thús agus shocraigh sí féin agus a fear céile Paddy Joe síos sa gceantar, áit ar thóg siad a gcuid gasúir, Siobhán, Joe agus Gearóid.
Cailleadh Joan os cionn seachtain ó shoin tar éis tinneas a bhuail síos í os cionn cheithre bliana ó shoin. Suaimhneas sioraí dá hanam uasal.
Scannán sa tSeanscoil Anocht – ‘Kon-Tiki’
‘Kon-Tiki’ an scannán i Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo, 12 Márta. Tugann an scannán muid siar go 1947, an bhliain a rinne Thor Heyerdahl turas farraige 5,000 míle, lena theoiric a chruthú gur de bhunadh Mheiriceá Theas muintir na Polainéíse. Is iomaí dúshlán atá le sárú ag an gcriú amuigh ar an domhain, idir stoirm dhearg, míol mór, ionsaí ó shiorcanna agus eile.
Tosnaíonn an scannán ag 8.15 tráthnóna, mar is gnáth. Tá blaiseadh beag de le feiceáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Paráid Lá ‘le Pádraig
Mar a bhí le roinnt blianta anuas, beidh Paráid Lá ‘le Pádraig ar bun ar shráidbhaile An Spidéil ar an Máirt seo chugainn, tar éis Aifrinn meánlae. Beidh na flótanna agus na grúpaí éagsúla sa bparáid ag tíocht le chéile sa gcarrchlós ag an gCeardlann. Roimhré beidh ceol á chur ar fáil do na daoine ag fanacht ar an bparáid, taobh amuigh de Shéipéal an Spidéil, ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige, faoi stiúir Toner Quinn.
Comhordaitheoir Pleanála Teanga á Lorg
Tá Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga ag lorg tairiscintí ó dhaoine nó ó eagrais ar mhaith leo seirbhís a sholáthar ag comhordú agus ag bainistiú an tionscadal pleanála teanga i gceantar Cois Fharraige, sé sin an ceantar ó na Forbacha siar go Ros a’ Mhíl.
Samhlaítear go mbeidh an té a cheapfar ag cur comhairle, ag comhordú taighde agus ag bainistiú an tionscadail agus á thuairisciú sin don Fhóram.
Sé Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga an ceanneagraíocht a roghnaigh Údarás na Gaeltachta le tabhairt faoi Phlean Teanga a réiteach do cheantar Chois Fharraige. Tá os cionn scór eagraíocht páirteach sa bhFóram agus Coiste Stiúrtha curtha ar bun leis an tionscadal a riaradh ó sheachtain go seachtain.
Tá pacáiste eolais agus foirm iarratais le fáil ón Rúnaí, Donncha Ó hÉallaithe, ach ríomhphost a sheoladh ag doheallaithe@nullgmail.com.
Céibh An Spidéil
Tuigtear dúinn nár tugadh aon ghealltanas do choiste na céibhe sa Spidéal i dtaobh athrú a chur ar an obair a rinneadh ar an tseanchéibh. Inniu a chas siad le feidhmeannaigh ó Chomhairle Contae na Gaillimhe. Thug na feidhmeannaigh, Evan Molloy agus Kevin Finn, le fios gur tháinig siad ag an gcruinniú le n-éisteacht leis an méid a bhí le rá ag an gcoiste, ach nach raibh aon chinneadh le déanamh ag an gcruinniú faoi obair bhreise a dhéanamh ar an gcéibh.
Seo an chéad chruinniú a bhí ag an gcoiste leis na feidhmeannaigh ó tharla an clampar faoin obair a rinneadh ar an tseanchéibh sa Spidéal.
Tá an coiste ag iarradh go gcuirfí aghaidh cloiche ar an gcuid den chéibh a réitíodh ansin le go dtiocfadh sé leis an gcuid eile den chéibh.
Tá ceisteanna curtha acu freisin faoi mbealach isteach ag an tseanchéibh a bheith cúngaithe go mór ar na báid thraidisiúnta.
An Cuarbhóthar
Chuir Comhlacht Forbartha an Spidéil aighneacht isteach ag an gComhairle Contae le gairid i dtaobh roghnú bealaigh don chuarbhóthar nua, bóthar atá ceapaithe a chur thart ar Chathair na Gaillimhe le go mbeidh daoine in ann an chathair a thrasnú níos éasca.
Deireann Comhlacht Forbartha an Spidéil go dteastaíonn an cuarbhóthar ‘go práinneach’, go mór mhór do na pobail taobh thiar den chathair, ar chúiseanna eacnamaíochta agus sóisialta. Moltar san aighneacht go mba cheart breathnú arís ar an tSlí a roghnaíodh don bhóthair nua in 2007, ach leasaithe a dhéanamh air le go mbeidh cosaint ag an talamh i dTóin an Bhocaigh agus sa Mhionlach. Sa gcás nach bhfuil an tSlí sin inghlactha, moltar go mba cheart an tSlí Uaine a roghnú, a chuirfeadh an trácht timpeall ar Bhearna agus, freisin, nach mbeadh an oiread céanna tithe le leagan.
‘Laoch an Traidisiúin’ bronnta ar Joe Steve Ó Neachtain
Mar chuid de Éigse an Spidéil an deireadh seachtaine seo caite bronnadh an gradam ‘Laoch an Traidisiúin’ ar Joe Steve Ó Neachtain ag ócáid sa Droighneán Donn ar an Domhnach seo caite. Ba í Máire Pheter Uí Dhroighneáin, an t-amhránaí agus an t-aisteoir a rinne an bronnadh agus labhair sí ar na buanna iomadúla atá ag Joe, ar a chuid scríbhneoireachta agus ar a chuid aisteoireachta go háirid. Chuir Máire Ní Neachtain, cathaoirleach Éigse an Spidéil, lenar dhúirt Máire agus thagair sise go sonrach don chinnearacht pobail agus don urlabhraíocht thar cheann an phobail Ghaeltachta a dhéanann Joe ina bhealach fuinniúil, fírinneach féin.
Thacaigh Mike P Ó Conaola, thar cheann Aisteoirí an Spidéil, leis an méid sin ar fad agus rinne sé cur síos ar an gcéad uair a bhfaca sé féin Joe ar stáitse sa Spidéal sna seascaidí sa dráma ‘An Strainséara Dubh’ agus ar an gcaoi a ndeachaigh láithriú Joe i gcionn air. Ba léir gur aniar aduaidh ar Joe a tháinig an gradam seo: shíl sé go raibh sé ann le gradam a bhronnadh ar Mháire Phetair, agus bhí fíor-ríméad air glacadh leis ós rud é gur óna mhuintir agus óna phobal féin a tháinig an t-aitheantas seo.
‘Fios’ Cois Caoláire ag an Éigse
Is cuid lárnach de chlár Éigse an Spidéil siúlóid threoirithe faoi stiúir Thimín Joe Tim Uí Churraidhín. Siúlóid cois mara ón tSean-chéibh siar go dtí an Chéibh Nua, siar ar an duirling go dtí an Cnocán Glas an bealach a roghnaíodh i mbliana. Cuireadh iontas agus an-áthas ar lucht na siúlóide nuair a léirigh Aisteoirí an Spidéil dráma gan choinne os a gcomhair ar na carraigeacha ag an gcladach ag bun an Chnocáin Ghlais. Leagan drámata den ghearrscéal ‘Fios’ as an gcnuasach Cois Caoláire le Máirtín Ó Cadhain a chuir Peadar Ó Cualáin, Peadar Ó Treasaigh, Seán Ó Coistealbha agus Tomás Ó Neachtain i láthair an tslua. Scéal é seo bunaithe ar chomhrá triúir agus iad ag ligean scíthe lá a bhfuil siad ag baint fheamainne.
Ní raibh aimhreas ar aon duine ach gurbh é an áit ar léiríodh ar an Domhnach seo caite é an láthair a bhí ar intinn ag an gCadhnach agus an scéal á scríobh aige. Chuir feabhas na haimsire, idir ghrian agus ghaoth go mór leis an taitneamh a baineadh as; bhí draíocht agus ceol na bhfocal san aer Cois Caoláire ag an ócáid stairiúil seo: ba bhreá dá ndéanfaí arís é.